Gaois

Search mode

Filter results

Collections

Word forms

craiceann

ainmhí

15 results in 15 documents

  1. #795185

    • ainmfhocal aonsiollach agus ainmfhocal aonsiollach – an t-ainmfhocal ar ball nó cuid den ainmhí nó den éan é a chur chun tosaigh agus -(e)ach a chur leis an gceann eile: ceannstríocach (< ceann + stríoc), céirchraicneach (< céir + craiceann), cíorfheanach (< cíor + fean), earrdhingeach (< earr + ding), píbstríocach (< píb + stríoc), srónbhiorach;

  2. #865023

    Dar ndóigh, dubh ag an dtine fioghuail a bheadh an craiceann, pé scéal é, tóin is ceann uirthi, cheithre cinn is daichead d’fhiacla (mura mbeadh sí tar éis aon chuid acu a chailliúint), na cosa gearra crúbscoilte, an t-eireabaillín mar a bheadh comhartha ceiste, feoil ar sileadh léi de chionn gurbh ainmhí uiliteach í ina beo – í á róstadh ina hiomláine de réir na tuairimíochta san, fé mar nár mhaith leis na hiteoirí caitheamh go heasonórach lena foirfeacht.

  3. #1088153

    Tugann sé ómós dá chomhfhilí sa chéad dán ‘Aesthetics’ agus codanna den dán ag tagairt do na filí Gaeilge comhaimsearthacha a bhfuil dúil aige ina saothar: Liam Ó Muirthile (sníonn an fhuil síos amach/ tré mhin sáibh na bhfocal); Nuala Ní Dhomhnaill (pónaire fé hocht/ dtocht leapan/ in aigne banphrionsa); Michael Davitt (fáinní toite i bhfoirm focal); Biddy Jenkinson (Tá pár speisialta ag Biddy,/ déanta de chraiceann ainmhí/ ná feiceann éinne ach í féin); agus Colm Breathnach (bíonn Colm ag scríobh/ lena sheanpheann tobair/ ar an gcraiceann amh/ ar chúl a dhá shúil).

  4. #1781814

    Baintear úsáid as suimint le PH íseal sa dóigh is nach gcuirfear isteach ar an timpeallacht agus críochnaítear an saothar le craiceann uigeach a chur ar an dealbh sa dóigh is go meallfar crústaigh agus ainmhithe eile an choiréil chuige.

  5. #724141

    Thír Chonaill, rinne sé comhrádh na colapaighe, agus an míniú seo leis ‘bhí sé ag cúl-chaint fá dhuine a bhí muinteartha don té a raibh sé ag caint fá dtaobh de’; scéal a’ mhadaidh ruaidh - scéal scéil nó glagaireacht ar fad atá ann; ná déan paidir chapaill de - scéal gan craiceann na fírinne air; scéal an iolraigh ar an gcrann, nuair a d’imigh sé ní raibh sé ann 9 - raiméis de scéal; scéal an róin a dhéanamh de - fad a bhaint as scéal; ná bain ionlaos pocaide as - ná bí ró-fhada leis – scéal gan deireadh é seo (ionlaos, ‘bó inlao’, pocaid, ‘pocán gabhair’) Ós ar ainmhithe agus scéalta leadránacha a bhíomar ag trácht is fiú a lua go dtugadh muintir na Fraince(histoire du) coq à l’âne ar scéal scaipthe den tsórt a imíonn ó ábhar go hábhar agus gan bun ná barr air.