#113292
Is ionann é ar bhealach agus bheith ag faire ar chiteal ag fiuchadh.
Is ionann é ar bhealach agus bheith ag faire ar chiteal ag fiuchadh.
Bhí mná ag fiuchadh uisce is fir ag réiteach sleánna.
Tá an seomra breá te, prátaí ar fiuchadh os cionn tine craosaí.
Cén tairseach atá le baint amach go dtosóidh an coire ag fiuchadh arís?
Bhí mé féin ag fiuchadh le cantal ag éisteacht léi.
Bhí mé spadhartha faoi seo, mo chuid fola ag fiuchadh mar a thosódh pota cnag fataí ag fiuchadh nuair a d’fhadófaí an tine faoi.
Bhí citeal agus soláthairtí eile sa seomra agus chuir Trevor féin an t-uisce ag fiuchadh.
Bhí sé seasta i leataobh ón gcur i gcéill agus fiuchadh feirge air.
An fhuil ag fiuchadh ina chuisleacha.
Dar leis, bhí pobal na cathrach ag fiuchadh mar gheall ar iompar fhórsaí na Corónach.
Bhí Réamonn ar fiuchadh le fearg agus le náire.
Bhí Ruairí ar fiuchadh.
Seift a bhí ar fiuchadh ina hintinn le cur aici faoina bráid.
‘Tá a fhios go maith agam nach mbíonn an t-uisce ar fiuchadh agat.
Tuilleadh smaointe sneachtúla ar fiuchadh.
Faoi láthair, tá Nua Eabhrac ar fiuchadh; tá teas ag éirí ó na cosáin.
Coirí ar fiuchadh de dhroim na tine.
‘Tá a fhios go maith agam nach mbíonn an t-uisce ar fiuchadh agat.
Chuir sí pota uisce ar an tine agus bhain sí fiuchadh as.
Chuir sí an tae isteach sa phota agus bhain sí fiuchadh as arís.
Ní raibh i mbun an choire ach uisce ar fiuchadh.
Bhí sé ag fiuchadh le fearg nó bhí sé ar mire.
Chuaigh sí síos an staighre go dtí an chistin is chuir sí an citeal ar fiuchadh.
Áthas orthu faoin toradh, mar dhea, ach fiuchadh feirge orthu.
Bhí an t-uisce ar fiuchadh aici le haghaidh deochanna teo.
Ghlan an solas leictreach bíogadh scáileanna a thí féin chun siúil, agus chuir an chumhacht an t-uisce ag fiuchadh i gciteal.
Binn i ndiaidh binne ag guailleáil ó thuaidh, an fharraige ar fiuchadh na céadta méadar laistíos, macalla toll na dtonn ag fógairt go raibh an léibheann ina chlár mór tumtha.
Chlaon an chíle, an t-uisce ag fiuchadh…agus b'in chucu í ag iomrascáil san uisce mar a bheadh rón sáite, dar le Brian, an chéasla ina muirgha.
Le piobair dhearga, oinniúin agus fiuchadh fada bhí mná gorma na linne in ann blas éigin a thabhairt don fheoil a chaith an fear geal i leataobh.
Cuireann an eachtra seo mo chuid fola féin ag fiuchadh, ach drochsmaoineamh ceart a bheadh ann do gringo a ladar a chur isteach sa scéal.
Ní chleachtaimis feoil amh, na prátaí nach raibh ar fiuchadh le fada, ná glasraí crua a bhrisfeadh na fiacla id dhrandal.
Is é bainisteoir Thiobraid Árannba thúisce ag gearán, agus é ag fiuchadh le fearg le taispeántas David Coldrick.
Leathlíon sé an citeal agus chuir ar an tine é agus ní fada go raibh sé ar fiuchadh aige.
Ní raibh de chuimhne agam ach go gcaithfinn a seachaint, Na súile beaga sin aici ina caora ruamanta a chuirfeadh Fiuchadh san uisce i gcorp an gheimhridh istigh.
"Beidh brú mór ar mhná tí an cheantair" a deir sí, má chaitear a bheith ag fiuchadh an uisce sa Samhradh.
Ba é seo Éirí Amach na Cásca an athuair ag cur na fola ag fiuchadh trí mo chuisleacha.
Bhí leigheas ar scornach tinn sa mbláthach ach an gruth agus meadhg a dhealú óna chéile tar éis fiuchadh sa sáspan.
Ní túisce a thóin ar an splanc ná bhain teas na tine giúin cheolmhar as nó go raibh sé ina stealladh fiuchadh.
D’fhadaigh sí greallach agus chroch sí an citeal agus ní i bhfad nó go raibh sé ag gleáradh fiuchadh.
Bhí an citeal ag bruithínteacht fiuchadh, an taephota ag fanacht agus crúib tae caite ar a thóin ag Biddy agus í réitithe le streall as a ghob a thabhairt dhó.
Má bhí, d’fhág sí pota ag fiuchadh ar an tine agus dinnéar do Mhuiris istigh ann.
Má bhí, d’fhág sí pota ag fiuchadh ar an tine agus dinnéar do Mhuiris istigh ann.
Thosaigh olc is éad ag coipeadh is ag fiuchadh istigh ina chuid fola, ina chuislí, ina chroí.
Leis sin d’at an gléas mór suas, a chuid fola ag téamh, ag fiuchadh is ag coipeadh a chuid féitheacha.
Cineál fiuchadh a fuair sé mar fhreagra mar a bheadh streall as an gciteal tar éis titim sa ngríosach.
Sa deireadh, cuireadh amach é. Troigh cantail air, shuigh Seán ar bhalla íseal a bhí trasna an bhóthair, a chuid fola ag fiuchadh.
Tá ceo na maidine ag scaipeadh anois, agus teas na gréine ag fiuchadh an drúchta de dhuilleoga na gcrann.
Ní raibh ina fhocail seisean ach clúdach ar phota a phearsantachta, na huiscí ag beiriú laistíos, an fíorscéal ar fiuchadh laistigh.
Ní gá a rá go raibh an sceimhle ar fiuchadh sa tseomra, is an t-uafás ag siúl na slí.
Ach sa bheagán atá againn uaidh “bhí an Spiorad ar fiuchadh” ann, mar a scríobh sé féin.