Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

oidhreachtúil

73 toradh in 46 doiciméad

  1. #977657

    Níl pálás aici, ná teideal amaideach oidhreachtúil, ná giollaí agus cóistí faoi shíoda is faoi shróill.

    Ar n-uachtaran – Alan Titley

  2. #986116

    Sin é, gan amhras, an buntáiste mór a bhaineann le huachtarán, seachas le neach a thagann aníos go hoidhreachtúil trí líne fola amhrastúil nár mhaith leat an iomad taighde a dhéanamh inti.

    Ábhar mórtais iad Uachtaráin na hÉireann – Pomuiri

  3. #1117374

    Chaith sé tamall mar almsóir le Madame de Bignon i 1736; ba de mhuintir leabharlannaithe oidhreachtúla na ríthe í agus meastar gur thug sin cead oibre dó i leabharlanna móra na Fraince.

  4. #1117745

    Bhí triúr mac aige agus tar éis do mhac díobh, James, a bheith ina mharascal i bhfórsaí Chomhchomhairle Chill Chainnigh chaill an chlann a n-eastát oidhreachtúil.

  5. #1980257

    Ghaibh luach oidhreachtúil ar leith, dar leis, le pé ní a bhailigh sé ó fhaisnéiseoirí fiú dá mba 'blúireacha' fáin féin a d'aithris siad ó bhéal.

    Béarrach fir ag caint ar imeall na litríochta

  6. #1623668

    Bhí tionchar mór ag an seal a chaith sí sa Tuirc ar rogha teanga Nuala Ní Dhomhnaill, de réir a tuairisce féin: Ba le linn dó a bheith ar imirce san Astráil is ea a cuireadh ar a shúile do Louis de Paor (1961- ) gur bhain roghanna teanga le ceart slí agus cead siúil agus ní le teideal oidhreachtúil: Bhíos san Astráil nuair a tuigeadh dom nár cheart go mbeadh aon chuid de chultúr sinseartha na hÉireann, i nGaeilge ná i mBéarla, ná beadh ceart slí agus cead siúil agam tríd, fiú is gur le daoine eile teideal oidhreachtúil na talún ar a rabhas ag siúl (de Paor 2008: 62).

  7. #721519

    Lena chois sin meastar go bhfuil siad muinteartha do Mhac Dhuinnshléibhe, lianna oidhreachtúla do Dhálaigh Thír Chonaill, nó gur ghlac cuid de mhuintir Dhuinn Shléibhe le Mac a’ Leagha mar shloinne ceirde.21 Sa 15ú haois bhí cáil ar Uilliam Mac an Leagha mar scríobhaí dúthrachtach a sholáthraigh dhá lámhscríbhinn ar chúrsaí leighis atá anois i leabharlann an British Museum.

  8. #721524

    De bhunadh Dál gCais iad agus is mar lianna oidhreachtúla na mBrianach agus do Mhac Conmhara i dTuathmhumhain a tharraing siad clú orthu féin sa mheánaois.24 Ba hiad Nicol Ó hÍceadha agus Aonghus Ó Callanáin a rinne an t-aistriúchán ar shaothar de chuid Hippocrates i 1403, agus Tomás Ó hÍceadha a scríobh lámhscríbhinn leighis do Mhaeleachlainn Ó hÍceadha i 1589.

  9. #722489

    I ndiaidh ionradh na Normannach tháinig claochlú ar an chóras dlí maidir le cúrsaí riaracháin; laghdaigh lámh na cléire sa chóras agus thit riarachán an dlí ar thuataí, go mórmhór ar theaghlaigh áirithe a chuaigh i mbun dlíodóireachta mar chúram oidhreachtúil.

  10. #722537

    Bhí an córas dlí céanna i bhfeidhm in Albain agus in Oileán Mhanann sa Mheánaois nuair a bhí an Ghàidhlig in uachtar nó bhí dlúthcheangal idir an dá thír lena linn sin agus bhí teaghlaigh áirithe ann fosta a chuaigh leis an dlíodóireacht mar ghairm oidhreachtúil.

  11. #723809

    De bhunadh Dhál gCais iad agus is mar lianna oidhreachtúla na mBrianach agus do Mhac Conmhara i d Tuathmhumhain a tharraing siad clú orthu féin sa mheán-aois.24 Ba iad Nicol Ó hÍceadha agus Aonghus Ó Callanáin a rinne an t-aistriúchán ar shaothar de chuid Hippocrates i 1403, agus Tomás Ó hÍceadha a scríobh lámhscríbhinn leighis do Mhaeleachlainn Ó hÍceadha i 1589.

  12. #1065251

    Is den Ghaeltacht sa bhrí is doimhne den fhocal gach duine againn mar Éireannaigh, is é sin den Ghaelachas sinn, den saol Gaelach oidhreachtúil, ach is sa Ghalltacht, sna ceantair ina bhfuil an Béarla in uachtar le fada, a bheidh an iarracht is práinní agus is déine le déanamh chun ár n-íocsláinte indibhidiúil agus ár n-oidhreacht choiteann a ghabháil chugainn feasta.

  13. #1115268

    Ba le muintir Mhic Craith, ollúna agus filí oidhreachtúla Bhuitléaraigh na Cathrach, an talamh san áit sin agus b’​fhéidir gurbh iad a chuir oideachas ar Sheathrún; tá tuairimithe ag an staraí Kenneth Nicholls gur Chrathach ba ea a mháthair.

  14. #1120441

    Ba dhóigh le hÉadbhard Ó Raghallaigh[B6] (A Chronological Account of nearly four hundred Irish Writers..., 1820) gur anuas ó Chontae an Chabháin, d’​fhonn dul le sagartacht i gCill Airne, a tháinig a athair agus gur bhean de mhuintir Mhic Aogáin, ollúna oidhreachtúla na gCárthach, a mháthair agus gurbh in an fáth ar tugadh Aogán air.

  15. #1408553

    Tá cosúlacht áirithe idir seo agus tábhacht an ghrianghraif sa lá atá inniu ann mar íomhá bheo an scríbhneora a mhairfidh ó ghlúin go glúin agus a dhéanann cinnte de go mbeidh leanúnachas oidhreachtúil ann i gcónaí.

  16. #1428005

    Bhí fhios ag Éinrí VIII nach gcuirfeadh an teideal “Rí” ar Éirinn puinn lena chumhacht, pé ní i dtaobh an choimirce oidhreachtúil ón bPápa a chealú, agus ba sárú ar an sean-náisiún eitníoch ag coilínigh Átha Cliath an teideal a thairiscint do Rí Shasana.Comhartha a ba ea é “Rí” na hÉireann a ghlaoch ar Éinrí go raibh na coilínigh tagaithe in aois; ba dhual sinsear dóibh a bheith dílis dá dTiarna saeclárach, Rí Shasana, ach bhí éileamh dá gcuid féin acu: comhchéim agus cothroime le Ríocht Shasana.