Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

ar

10,000+ toradh in 5,256 doiciméad

  1. #1008370

    Gan amhras, beidh sí in ann taisteal ar fud an domhain in Hair Force One.

    Ceisteanna le cíoradh – Alan Titley

  2. #810916

    Ní chuireann siad gléas orthu féin beachtú a dhéanamh ar fhilíocht nó ar fhealsúnacht, ar eitic nó ar eolaíocht, ar ealaín nó ar cheol; ar innealltóireacht nó ar ailtireacht, ar stair nó ar thíreolas, ar cheimic nó ar leigheas; ar thionscal nó ar thráchtáil, ar dhaonlaitheas nó ar dheachtóireacht, ar oideachas nó ar bhitheolas, ar shanas nó ar dhlí.

  3. #1038587

    Is féachaim le súile glé ar an ród seo romhainn, ar shúile lonracha an linbh, ar an tslat nár bhuail, ar an ngáire a bhriseann an gramhas, ar scrimh ingne na gealaí, ar an neantóg aníos sa choincréit, ar an gcoincréit anuas ar an ngairdín, ar an maoithe sa chloch, ar an seangán a smaoinigh dó féin, ar iontas na maidne amárach, ar na haingil foighdeacha, ar an gcasadh sa bhóthar, ar an gclampar a cloíadh, ar na healtain ealaíonta, ar bhainne geal na bó duibhe, ar dhá dtrian den damhsa, ar an éadromluí trom, ar an mothall i lár na loighice, ar an mbeach a thug bronntanas dá cealg don cholúr bán, ar an sruthláil nach bhfeadair aon duine cad í, ar an tachtadh nach ndéantar bíodh an fonn sin go fíochmhar ort.

    Iomann naofa daonna don athbhliain – Alan Titley

  4. #1165331

    Spéaclaí gréine scáthánacha atá bunaithe ar stíl ‘So Real’ de chuid Dior ar dhath an airgid ó River Island ar €17.00 Tá lionsaí ciorclacha, atá go mór sa bhfaisean faoi láthair, sna spéaclaí gréine scáthánacha seo ó New Look ar €11.99 Súile an chait a spreag an dearadh ar na cinn dhubha seo a bhfuil dath an airgid ar chaol na sróine ar fáil ar €15.95 ó Mango Dath bhlaosc na toirtíse atá ar an bpéire seo agus dearadh nuálach orthu ó & Other Stories ar €29 Tugtar ‘High Key’ ar na cinn seo a dhear réalta de chuid YouTube Desi Perkins i gcomhar le Quay Australia agus fáil orthu ar €68.00 ó Topshop Tá Ray-Ban ar cheann de na comhlachtaí is cáiliúla i dtionscal na spéaclaí gréine agus tá an péire clasaiceach seo uathu, ar a dtugtar ‘Wayfarer’ ar fáil ar €129 Tá lionsaí ciorclacha, atá go mór sa bhfaisean faoi láthair, sna spéaclaí gréine scáthánacha seo ó New Look ar €11.99 Súile an chait a spreag an dearadh ar na cinn dhubha seo a bhfuil dath an airgid ar chaol na sróine ar fáil ar €15.95 ó Mango Dath bhlaosc na toirtíse atá ar an bpéire seo agus dearadh nuálach orthu ó & Other Stories ar €29 Tugtar ‘High Key’ ar na cinn seo a dhear réalta de chuid YouTube Desi Perkins i gcomhar le Quay Australia agus fáil orthu ar €68.00 ó Topshop Tá Ray-Ban ar cheann de na comhlachtaí is cáiliúla i dtionscal na spéaclaí gréine agus tá an péire clasaiceach seo uathu, ar a dtugtar ‘Wayfarer’ ar fáil ar €129 Súile an chait a spreag an dearadh ar na cinn dhubha seo a bhfuil dath an airgid ar chaol na sróine ar fáil ar €15.95 ó Mango Dath bhlaosc na toirtíse atá ar an bpéire seo agus dearadh nuálach orthu ó & Other Stories ar €29 Tugtar ‘High Key’ ar na cinn seo a dhear réalta de chuid YouTube Desi Perkins i gcomhar le Quay Australia agus fáil orthu ar €68.00 ó Topshop Tá Ray-Ban ar cheann de na comhlachtaí is cáiliúla i dtionscal na spéaclaí gréine agus tá an péire clasaiceach seo uathu, ar a dtugtar ‘Wayfarer’ ar fáil ar €129 Dath bhlaosc na toirtíse atá ar an bpéire seo agus dearadh nuálach orthu ó & Other Stories ar €29 Tugtar ‘High Key’ ar na cinn seo a dhear réalta de chuid YouTube Desi Perkins i gcomhar le Quay Australia agus fáil orthu ar €68.00 ó Topshop Tá Ray-Ban ar cheann de na comhlachtaí is cáiliúla i dtionscal na spéaclaí gréine agus tá an péire clasaiceach seo uathu, ar a dtugtar ‘Wayfarer’ ar fáil ar €129 Tugtar ‘High Key’ ar na cinn seo a dhear réalta de chuid YouTube Desi Perkins i gcomhar le Quay Australia agus fáil orthu ar €68.00 ó Topshop Tá Ray-Ban ar cheann de na comhlachtaí is cáiliúla i dtionscal na spéaclaí gréine agus tá an péire clasaiceach seo uathu, ar a dtugtar ‘Wayfarer’ ar fáil ar €129 Tá Ray-Ban ar cheann de na comhlachtaí is cáiliúla i dtionscal na spéaclaí gréine agus tá an péire clasaiceach seo uathu, ar a dtugtar ‘Wayfarer’ ar fáil ar €129

  5. #1783972

    Tagann athruithe ar nósanna agus ar chaighdeán maireachtála, ar shlite beatha daoine, ar an gcaighdeán oideachais, ar chineál agus ar chaighdeán bia, ar chúrsaí leighis, ar an saineolas agus ar an tuiscint ar mhodhanna agus ar theicnící traenála agus imeartha, ar chur chuige, ar rialacha, ar eagrú na gcluichí (córas an chúldorais, fágaim), ar fhearas agus ar theicneolaíocht an spóirt agus mar sin de.

  6. #1083404

    Ní chuireann siad gléas orthu féin beachtú a dhéanamh ar fhilíocht nó ar fhealsúnacht, ar eitic nó ar eolaíocht, ar ealaín nó ar cheol; ar innealtóireacht nó ar ailtireacht, ar stair nó ar thíreolas, ar cheimic nó ar leigheas; ar thionscal nó ar thráchtáil, ar dhaonlaitheas nó ar dheachtóireacht, ar oideachas nó ar bhitheolas, ar shanas nó ar dhlí.’ Deich mbliana ní ba luaithe, i 1940, dhírigh Liam Ó Rinn ina leabhar Peann agus Pár ar an ngá a bhí le réimse na scríbhneoireachta sa Ghaeilge a leathnú, ionas go bpléifeadh sí le téamaí nua agus go ndéanfadh sé sin an teanga a fhorbairt: ‘Ní fhásfaidh an Ghaeilge féin, mar theangain, de bharr aistriúcháin is téarmaíochta amháin.

  7. #983023

    Braitheann sé ar fhoilsitheoirí, ar chraoltóirí, ar oideachasóirí agus ar léitheoirí, ar ndóigh.

    A bhfuil i ndán dúinn san am atá romhainn... – Gabriel Rosenstock

  8. #1127195

    She is a small, beautifully formed woman, with brown hair and eyes—instead of the black hair and blue eyes that are usually found with this type in Ireland—and delicate feet and hands that are not common in these parts, where the woman’​s work is so hard.’​ ‘My little hostess’​ a thugann Synge uirthi.

  9. #1018463

    Beidh cuimhne ag gach aon duine ar an allas, ar an stracadh, ar an ullmhú, ar na hoícheanta fada nuair a bhí cláir le feiscint ar an teilifís, ar rún do charad a lig air nach raibh puinn staidéir ar siúl aige, ar na ráflaí maidir le cad a thiocfadh suas ar an bpáipéar, ar an bhfeitheamh fada, ar halla an scrúdaithe, ar ghramhas an fheitheora, ar an nóiméad sin nuair a leagadh an t-earra lofa os do chomhair, ar na postmortemachaí nuair a sairsingíodh ort go raibh muc-i-mála déanta agat den iomlán.

    Pianpháis bhliantúil – Alan Titley

  10. #1448244

    Agus an léitheoir ag tabhairt faoi Léachtaí Cholm Cille XLVI a léamh, ní bheidh aon iontas air, i bhfianaise théama na sraithe seo, go dtráchtar ar thraidisiúnachas agus nua-aoiseachas; ar fhiontraíocht an ealaíontóra agus ar chuimhne na sinsear; ar an aistear aonair agus an aistear pobail; ar an réalachas síceach; ar shainchúinsí staire, teanga agus polaitíochta; ar mheafair chumhachtacha, ar an úrscéal fáistineach agus ar fhabhalscéalta comhaimseartha; ar chritéir léirmheastóireachta agus eagarthóireachta; ar chruinne na samhlaíochta agus ar léamha iar-nua-aoiseacha; ar léann an trasnáisiúnachais agus ar chultúr na leabhar in iarthar an domhain.

  11. #1007907

    Tá an samhradh gan a bheith ag filleadh ar Éirinn, nó ar feadh tamaill fós, is b’fhéidir go dtiocfadh arís is ar tharla cheana nach bhfuil dearmadta ar nós samhradh gach gasúr is girseach mheánscoile a bhí sna laethanta meala sin i mí an Mheithimh nuair a bhí an ghrian ag taitneamh is nach trua nach raibh na scrúduithe le déanamh i rith an tsamhraidh ar fad mar bheadh an aimsir go hálainn dúinn go léir is beidh na daltaí céanna dár rialú laistigh de dheich mbliana má bhíonn an t-ádh leo ar nós iníonacha agus clann mhac na heastaiblisminte nach dtuigeann gur eastaiblisminteoirí iad agus an samhradh sin leis go raibh comórtas peile na hEorpa againn agus nuair a bhuaigh nead phréacháin sin na hÍoslainne in airde ar imeall mhol an domhain ar an tsean-namhaid nach sean-namhaid níos mó í dúinn agus ghluais na céadta de mhílte amach go Sancho Panza agus go Cosaí Deasaí chun an braon anuas a sheachaint gach lá agus chun go bhfeicfí an meall sin sa spéir a thugtaí an ghrian air fadó agus ansin bhí breis agus 100 lá curtha isteach ag an Rialtas agus sinn ag faire na scoilteanna cheana féin agus ag dúil go ndéarfadh duine éigin rud éigin amaideach d’fhonn an cian a thógáil dínn agus gan amhras tagann an guth aniar aneas a mhaíonn nach bhfuil aon bhaint ag broimneach na mba i gCiarraí le téamh an domhain agus má tharlaíonn go bhfuil an ceart aige ní bheidh a fhios againn go ceann na gcéadta bliain ar aon nós agus ar an gcuma chéanna i ngan fhios dúinn thosnaigh cluichí chraobh na hÉireann agus in ainneoin an ghnáthgheit anseo is ansiúd tagann aníos as an soitheach na foirne céanna bliain i ndiaidh bliana agus cé go bhfuil go hiontach i gcónaí thabharfá rud ar bith ar fhoireann peile as Fear Manach nó foireann iomána as Contae Lú a bheith ag iomaíocht sna beanna deireanacha den chomórtas ach tháinig na cluichí eile sin chugainn as Rio a thug ardú meanmna dúinn sna maidneacha dorcha tar éis an Mheithimh agus go ró-áirithe nuair a sheol Analise an bhóchna go healaíonta agus na Donnabhánaigh ag roiseadh leo rámh ar rámh leis na curachóirí ab fhearr ar domhan ach gur dhorchaigh an feall a déanadh ar na dornálaithe an spéir siar amach agus nuair a bheidh na daltaí ar ais ar scoil agus na mic léinn sna tithe tábhairne arís agus Páirc an Chrócaigh ciúin tar éis gach liú cloisfear chéadamhráin na Nollag ar an ngaoith agus cromfar ar chaint leamh a dhéanamh timpeall ar an mbuiséad agus tiocfaidh tuirse ar dhuilleoga na gcrann a chromfaidh ar luascadh go ciúin anuas ar na sráideanna áit a sleamhnóidh daoine orthu óir níl go leor glantóirí fostaithe ceal airgid seachas a bhfuil ag na bainc agus i gcuntais thar lear agus brisfear cromáin chun daoine a leagadh ar thrallaíonna sna hospidéil áit nach bhfuil dóthain foirne fostaithe ceal airgid seachas an méid a tugadh do na bainc agus i gcuntais thar lear agus beimid in ann slán a fhágáil i gceart leis an samhradh nach mbeidh ag filleadh ar Éirinn go ceann…

    An samhradh nach bhfilleann – Alan Titley

  12. #1885022

    Ionsaí mailíseach ar Halla OráisteachDúirt an TD Pádraig Mac Lochlainn aréir gur ionsaí ar an phobal uilig an t-ionsaí mailíseach a rinneadh ar Halla Oráisteach Bhaile Úr Uí Chuinneagáin, agus gur chóir do dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoin eachtra , teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí Tá sé deimhnithe ag Gardaí gur go mailíseach a lasadh tine ag Halla den Ord Oráisteach i mBaile Úr Uí Chuinneagáin ag an deireadh seachtaine.Rinneadh scrúdú dlí eolaíoch ar an halla, agus deimhníodh gur d'aon turas a lasadh an tine go luath maidin Dé Domhnaigh.Osclaíodh an halla in athuair in 2011, i ndiaidh dó a bheith druidte ar feadh roinnt blianta, agus bhí úsáid a bhaint ag baill áitiúil den Ord Oráisteach agus ag coistí pobail sa cheantar as an halla.Dheimhnigh Gardaí gur lasadh tine i dtrí áit faoi leith san halla.Dúirt an Teachta Mac Lochlainn gur mhaith leis comhghuaillíocht an phobail uilig i nDún na nGall a léiriú don mhionlach Protastúnach ag an am seo.Dúirt sé fosta, nach bhfuil dabht ar bith ina intinn, ach go n-aontóidh an phobal le chéile agus go dtógfaí siad an halla arís.Staidéar ar fhiontraithe i nDún na nGall:Tá Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall ag déanamh staidéir ar an mhéid fiontraithe cruthaitheacha atá ag obair sa chontae.Meastar go bhfuil thart ar 2,000 duine fostaithe sa chontae i dtionscnaimh cruthaitheacha, na healaíona ina measc, ach tá súil ag an Oifig Fiontair, eolas níos cruinne a bheith acu nuair a bhéas an staidéar críochnaithe.Tá an staidéar díreach tosaithe, agus Comhairleoirí ina bhun, agus deir Micheal Ó Tonnaí, Príomhfheidhmeannach Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall go bhfuil sé mar sprioc acu an staidéar agus straitéis fostaíochta don earnáil seo a bheith réidh roimh an Nollaig.Éisteacht phoiblí faoin N56 inniu:Beidh éisteacht phoiblí ag an Bhord Pleanála i Leitir Ceanainn inniu maidir leis an obair atá beartaithe ar bhealach an N56 ag an Cúl Buí, idir Cill Mhic Néanáin agus Leitir Ceanainn.Is in Óstán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn a bheas an éisteacht ag an Bhord Pleanála agus d'fheadfadh sé mairstean cúpla lá.Beidh éisteacht phoiblí inniu fosta maidir le hordú ceannaithe éigeantach le seilbh a ghlacadh ar thalamh sa cheantar seo le tabhairt faoin obair chóirithe ar an phíosa seo bealaigh.Tá talamh le ceannacht faoi Ordú Ceannaithe Éigeantach leis an fhorbairt a dhéanamh, agus tá achomharc déanta ag 35 úinéir talaimh mar gheall air.Rinne an Chomhairle Condae Staidéar Tionchar Timpeallachta ar an cheantar agus de réir an staidéir, beidh tionchar ag an obair ar cheantar ata aitheanta faoi cheantair caomhnaithe Aontas na hEorpa.Beidh an t-ordú Ceannaithe Éigeantach agus an Staidéar Tionchar Timpeallachta mar ábhar díospóireachta ag éisteacht an Bhord Pleanála inniu.6 chomhlacht úr bunaithe le seachtainCuireadh sé cinn de ghnónna úra ar bun i gContae Dhún na nGall le seachtain.Do réir oifig na gcomhlachtaí, cuireadh 404 gnó úr ar bun sa tír ón 8ú go dtí an 12ú lá de Mheán Fómhair.Cuireadh gnó uirlisí ar cíos ar bun sa chontae, le cois gnó atá ag plé le seirbhísí déiríochta, seirbhísí sláinte agus aclaíochta, gnó díol gluaisteáin dara láimhe, agus gnó atá ag plé le cúrsaí ríomhaireachta.Cúrsa Cúram Leanaí    Beidh seisiún eolais faoi chúrsa cúram leanaí Fetac Leibhéal a  6 á eagrú ag Muintearas i nGaoth Dobhair tráthnóna inniu.Caithfidh cáilíochta Fetac Leibhéal 5 a bheith ag daoine a bhéas ag plé le cúram leanaí ó Mheán Fómhair 2015 ar aghaidh, agus caithfidh cáilíocht leibhéal 6 a bheith ag bainisteoirí ionaid cúram leanaí.Beidh tús a chur ag Muintearas go luath lena gcúrsa, agus beidh eolas a thabhairt ar an chúrsa a bheas a reáchtáil acu i Naíolann Ghaoth Dobhair, ar a 7.00 tráthnóna inniu.Ceardlanna Meabhair-Shláinte sa Ghaeltacht:Tá sraith ceardlanna a n-eagrú ar fud Dhún na nGall dírithe ar thacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu, agus dóigheanna le dhul i ngleic le féinmharú.Tá páirtnéireacht ar bun idir Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus eagraíoc

  13. #151425

    a fháil sa tsiopa do chuairteoirí fadó so suím síos ar tholg nua cois teallaigh nua le cupán agus fo-chupán nua agus féachaim timpeall ar na ballaí ar na pictiúir ar na cuirtíní ar an bpáipéar balla tríd an bhfuinneog amach le doras ar clé ar fhaitíos go dtiocfadh sé isteach ag béicíl ar mo Mham na cuimhní i mo cheann mar a bheadh grianghrafanna i bhfrámaí ag stánadh amach ar an strainséir sa teach cé hé seo sin é athair do Dheaid cé hé seo sin é do Dheaid céard faoi seo sin í mo mháthair bhásaigh sí nuair a bhí mé sé déag b’shin a chuir tús le do thrioblóid a theastaíonn uaim a rá agus deirim mar nod don cé cuma chomh dian ar a héadan sin mar a bhídis ag an am grianghraf i stiúideo ar ócáidí speisialta tá a fhios a’at sin mar a bhí ag an am sin beidh cupán tae eile ní bheidh go raibh maith Jesus an bhfuil bealach ar bith go bhféadfaimis labhairt faoi rud éicint sunta– seo pictiúr a bhí sa pháipéir dínn ar fad nuair a thángadar amach le píosa a dhéanamh faoi theaghlach gaelach sin an tseanfhoirm den bhriathar arís agat guitar i mo lámh níor sheinneas riamh é ag iarraidh bheith i mo she loves you yeah yeah ye aintín cé a déarfadh ye luuk loike a beetle bean deartháir Mham as Liver– ní hea Learpholl leagan Gaeilge de samhlaigh é sin agus céard sea Manchain leanaim Manchain Aontaithe a Bhráthair na leaids ar fad á rá sa rang aige Manchain Aontaithe agus líne as amhrán éicint ón raidió ach ní sa teach seo ó no b’fhíorghaeil muide tóg anuas na pictiúirí amaideacha sin den bhalla tabhair ar ais an ceirnín sin a amad– le Dáls é ag béicíl rud éicint faoi airgead a thabhairt do ghiúdach éicint i Nua-Eabhrac muid a ghearradh amach tuige an ngearr– ní raibh ann ach flippin ceirn– ní raibh ann ach bearradh gruaige nach bhfuil a fhios agat nach féidir oileán de do chuid féin a chruth– nach cuimhin leat na teaghlaigh gaelacha arsa Mam nach cuimhin leat an lá sin an lá seo an pictiúr an teallach do chupán ag bualadh ar an bhfochupán go raibh tú ar tí an diabhal cupán céanna a chaitheamh i gcoinne an bhalla ach nár mhaith leat ar fhaitíos na duilleoga a chailleadh ar mhamó Mham a léifidh duit nóiméad ar bith anois iad nach shin é seomra lán de phúcaí sea sin agat anois é tú ag iarraidh a dhéanamh amach céard a bhí fágtha a d’aithneofá sa teach seo ag iarraidh theacht isteach ar rud éicint ag iarraidh breith ar d’aiféala ní hea ar eireaball spid– ní hea ar imeall an tsuíocháin agus an t-eitleán ag tuirl– ag titim isteach san fharr– ní hea féach ar d’aghaidh amach uait iad abair é d’fhéadfá rá chonaic mé ann iad mo mháthair is m’athair cois teallaigh i m’aice m’ath– is mo mhá– coi– tea– i m’aic– i ndiaidh chuile shórt is i ndiaidh na mblian– is na deo– i ndiaidh na báist– ... an tuar cea– ... i ndiaidh na Féinne a bhí Ois– i ndiaidh na bplandaí an bláth i ndiaidh na rós an seafhear is an tseanbhean in an english country gar– na puipéid ar an teilí chuirfidís sceoin orm fós i ndiaidh an tae amuigh ar an mbóthar sa samhradh i mo ghasúr ag canadh fine girl y’are i ndiaidh an lae an ghrian ag dul faoi na réaltaí ar bhrat na spéire sa leabhar beag scoile dia duit arsa an ghealach ach slán leat arsa an ghri– na gasúir ag dul abhaile ag Mam agus Deaid ní hea na boys and girls ar fad ag dul abh– going home le bheith cois teall– to watch tele le ma is da ach mé féin is mo dheartháir ag Mam is Deaid agus this old man he cried three ag na buach– is na cail– ach Dáls is mé le bog braon bog braon don tseanfhea– ní hea duin– ... he played nick nack paddy céard é féin ní paddies sibh ní irish pigs sibh ná bac leo haon dó ná héistigí leo muc is bó Gaeil muid ná dearmad é a bhuach– ná dearm– paddy wack on my knee le ma is da give a dog a what a bo cnámh tine cnámh Phádraig Críost liom Críost leis na Gaeil téir a chodladh cná– ní hea sá

  14. #151426

    lá seo an pictiúr an teallach do chupán ag bualadh ar an bhfochupán go raibh tú ar tí an diabhal cupán céanna a chaitheamh i gcoinne an bhalla ach nár mhaith leat ar fhaitíos na duilleoga a chailleadh ar mhamó Mham a léifidh duit nóiméad ar bith anois iad nach shin é seomra lán de phúcaí sea sin agat anois é tú ag iarraidh a dhéanamh amach céard a bhí fágtha a d’aithneofá sa teach seo ag iarraidh theacht isteach ar rud éicint ag iarraidh breith ar d’aiféala ní hea ar eireaball spid– ní hea ar imeall an tsuíocháin agus an t-eitleán ag tuirl– ag titim isteach san fharr– ní hea féach ar d’aghaidh amach uait iad abair é d’fhéadfá rá chonaic mé ann iad mo mháthair is m’athair cois teallaigh i m’aice m’ath– is mo mhá– coi– tea– i m’aic– i ndiaidh chuile shórt is i ndiaidh na mblian– is na deo– i ndiaidh na báist– ... an tuar cea– ... i ndiaidh na Féinne a bhí Ois– i ndiaidh na bplandaí an bláth i ndiaidh na rós an seafhear is an tseanbhean in an english country gar– na puipéid ar an teilí chuirfidís sceoin orm fós i ndiaidh an tae amuigh ar an mbóthar sa samhradh i mo ghasúr ag canadh fine girl y’are i ndiaidh an lae an ghrian ag dul faoi na réaltaí ar bhrat na spéire sa leabhar beag scoile dia duit arsa an ghealach ach slán leat arsa an ghri– na gasúir ag dul abhaile ag Mam agus Deaid ní hea na boys and girls ar fad ag dul abh– going home le bheith cois teall– to watch tele le ma is da ach mé féin is mo dheartháir ag Mam is Deaid agus this old man he cried three ag na buach– is na cail– ach Dáls is mé le bog braon bog braon don tseanfhea– ní hea duin– ... he played nick nack paddy céard é féin ní paddies sibh ní irish pigs sibh ná bac leo haon dó ná héistigí leo muc is bó Gaeil muid ná dearmad é a bhuach– ná dearm– paddy wack on my knee le ma is da give a dog a what a bo cnámh tine cnámh Phádraig Críost liom Críost leis na Gaeil téir a chodladh cná– ní hea sá culaith snámh an joke céanna chuile oí– chuile am this old man san uisce glan do shrón a smugairle róin chuile am a chuirfeadh duine éicint a thuairisc céard déarfá chuile am mar a bheadh uisce chuile bhliain mar a bheadh uisce sáile ná lig do chéard do mhaidí le sruth le merrily merrily merrily merrily life is but a derream arsa Deaideo ach nuair a d’fhiafraíodh chuile dhuine eile thar na merrily merrily blianta cén chaoi a bhfuil an tseanleaid céard déarfá níl a bloody merrily merrily fhios a’am ní fhaca leis na blianta é nó arbh fhearr go breá gan tada a rá cur i gcéill an rud is measa ar domh– deir tú agus ná hinis bréag do do Mham a dúirt tú sna tríthí agus lán gheansaí d’úlla goidte againn let’s do an r déarfadh na buach– look we’re doing an r go dtarraingeodh an litir sa chlábar lá báistí lá tirim thar bhalla isteach linn beirt mé féin is mo dhear– my two brave sons sa chistin ag Mam cén úlla a Mham cén dán a Dheaid an Piarsach a bhuach– gan aige ach peann luaidhe agus páipéar lena thóin a ghlanadh i gcillín ag na bastaird my two brave sons how are ye ag Mam ach tú féin sna tríthí ag breith ar an mbord agus ná húlla goidte ag titim ar fud an urláir an phraiseach ar fud an céard ar fud na mias arsa an gobán saor cérbh é an gobán saor ar chaoi ar bith gach rud ar eolas ag an ngobán friggin saor ach chaith siad an Piarsach ar chaoi ar bith agus a chomrádaí i gcathaoir na bastaird sínte ar thaobh an tsléi– pilé– tríd a ucht ach go ndúirt Dál ná habair ná habair a Mham go bhfuil sé beo away le Deaid arís agus Mam féachaigí bhur n-athair bocht ag casacht sa chathaoir agaibh piocaigí suas na húlla as ucht Dé a bhuach– ... tá mé tachtaithe agaibh arsa Deaid mar sin a rug Dáls ar an mbradán is cuimhin liom anois é i loch ar bhruach an tsrutháin gur chaith sé cloch leis a chuir amach ar an mbruach é gur thacht is gur rug abhaile leis é féach a Dheaid bradán by