Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

comhaontaigh

comhaontú

páras

43 toradh in 27 doiciméad

  1. #1535762

    Cuirfear argóintí eile chun cinn sa chúirt maidir leis na gealltanais a thug an rialtas, go háirithe san Acht um Ghníomhú Aeráide 2015 agus i gComhaontú Pháras an bhliain chéanna, agus go leor den tuairim go bhfuil plean lag an rialtais le dul i ngleic leis an athrú aeráide ag sárú na ngealltanas úd.

  2. #277343

    Dúirt an tAire Comhshaoil Alan Kelly go bhfuil sé dóchasach gur féidir teacht ar chomhaontú i dtaca le téamh na cruinne ag na cainteanna aeráide atá ar bun i bpríomhchathair na Fraince,Páras.

  3. #277914

    Dúirt Rúnaí-Ginearalta na Náisiún Aontaithe, Ban Ki-Moon go raibh na cainteanna thar a bheith casta ach thar a bheith tábhachtacht don chine daonna.  Tiocfaidh an comhaontú a dhéanfar i bPáras i bhfeidhm sa mbliain 2020.  Sa leagan is deireannaí den cháipéis atá a chur le chéile, tugtar geallúint ann go gcoinneofar ardú theocht an domhain faoi bhun dhá chéim.

  4. #366552

    An tionchar teangeolaíoch a bheidh ag Comhaontú Pháras ar an nGaeilge, measaim, ná go gcuirfidh sé dlús le próiseas atá ar siúl cheana féin: déanfaidh sé teanga uirbeach di faoi dheireadh is faoi dheoidh.

  5. #1264846

    Beidh ar an Taoiseach nua, fearacht gach ceannaire rialtais ar domhan, aghaidh a thabhairt ar thionchar an chinnidh a d’fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe tarraingt siar ón gcomhaontú aeráide a síníodh i bPáras dhá bhliain ó shin.

  6. #1264863

    Tarraingeoidh an droim láimhe a thug Trump le Comhaontú Pháras aird níos mó abhus, agus san AE b’fhéidir chomh maith, ar na spriocanna a bhaineann le haschur carbóin nár comhlíonadh, agus nach gcomhlíonfar, sa tír seo.

  7. #1264880

    Bhí sotal, aineolas agus féinmheas an uachtaráin chomh soiléir agus a chinneadh faoi Chomhaontú Pháras á fhógairt aige gur spreag sé an ceannlíne ‘TRUMP TO WORLD: DROP DEAD!’ sa Daily News i Nua-Eabhrac Dé hAoine.

  8. #1365996

    Más fíor an fhianaise i dtuarascáil aeráide de chuid na Náisiún Aontaithe a bhí le foilsiú san Fhómhar ach a sceitheadh an tseachtain seo caite, sárófar an uasteorainn a chuir na tíortha a shínigh Comhaontú Pháras rompu féin mar sprioc – ardú teochta 1.5 chéim – faoin mbliain 2040.

  9. #1567130

    Dúirt an Taoiseach go mbeadh seisean i bhfabhar an dara síneadh ama a thabhairt don Bhreatain fad is léireodh Príomh-Aire na tíre Theresa May go bhfuil plean soiléir aici seachas a bheith ag iarraidh an comhaontú aistarraingthe a oscailt an athuair.  Amárach, rachaidh Theresa May go Beirlín agus go Páras le haghaidh cainteanna le Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel agus le hUachtarán na Fraince Emmanuel Macron.  Dúirt an Coimisinéir Eorpach ar chúrsaí talmhaíochta Phil Hogan nach mbeadh ciall ar bith ag baint leis an mBreatain ag imeacht gan mhargadh.

  10. #1995983

    Ar an gcéad dul síos, dúradar go raibh tábhacht ar leith ag na comhdhálacha seo ó tharla iad ag teacht sna sála ar Chomhaontú Pháras 2015 – b’shin é an chéad uair a d’aontaigh gach stát ar domhan gur ghá díriú ar an téamh domhanda a laghdú faoi bhun 2 chéim Celsius agus gur chóir oibriú ina threo sin agus airgead a sholáthar lena aghaidh.

  11. #366524

    Beidh tionchar mór ag an gcomhaontú faoi athrú aeráide a aontaíodh i bPáras ag an deireadh seachtaine ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge, a thuarann ár gcolúnaí 728 mbliana ó shin an tseachtain seo, tharla tubaiste timpeallachta a raibh tionchar mór millteach teangeolaíochta aici.

  12. #1562664

    An gníomhaí comhshaoil agus an craoltóir, David Attenborough, ag an gComhdháil an tseachtain seo caite Tá siad ag iarraidh teacht ar chomhaontú maidir le heisiltí carbóin a laghdú, mar a socraíodh é i bPáras 3 bliana ó shin.

  13. #1618963

    Ba cheart go mbeadh gach duine, gnólachtaí san áireamh, níos buartha faoi bheith faoi bhun uisce, mar is sin atá chun tarlú muna n-athraíonn muid rudaí go tapaidh," a dúirt sé.  Bhí an múinteoir bunscoile Éadaoin Heusaff i láthair inniu freisin: "Faraor, cé gur deineadh comhaontú i bPáras ceithre bliana ó shin, tá astaíochtaí carbóin agus gásanna eile ag dul in airde.

  14. #1365993

    Déanann turas fillte dhuine amháin ó iarthar na hEorpa go Nua-Eabhrac oiread dochair, ó thaobh aschur CO2 de, agus a dhéanann míle Big Mac.* Tóg an t-eitleán as Baile Átha Cliath go Londain agus ar ais, agus cuirfidh tú oiread CO2 san aer agus a bheadh sábháilte agat in achar dhá bhliain le sconna cithfholcadáin atá spárálach ar uisce.* Is leor ticéad fillte ó Bhaile Átha Cliath go Barcelona chun an sochar a dhéanfadh teach lán lampaí LED in achar cúig bliana go leith (!) a chur ar ceal.* Aerthaisteal is cúis le cuid mhór den athrú aeráide, ach cé go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ó síníodh Comhaontú Pháras sa bhliain 2015 srian a chur le téamh an domhain, tá sé á thuar ag leithéidí Boeing go dtógfaidh an comhlacht amháin sin 41,000 eitleán nua idir seo agus an bhliain 2036.