Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

achar

fuar

16 toradh in 16 doiciméad

  1. #829716

    ‘Níor rófhada chor ar bith go raibh Cailleach Thulach Aoidheáin ag osnaíl is ar saothar agus go raibh a stór cloch ídithe uirthi agus í tugtha traochta sa gcaoi’s nár ghá don chailleach theas ach cúpla cloch de na clocha a bhí caite ina leith a theilgean ar ais, cleas a rinne sí go beacht agus d’fhága sí an chailleach ó thuaidh sínte fuar marbh in achar ar bith.

  2. #1751246

    Taobh istigh d’achar gairid, bhí sé ag díriú ar thionscadal mór: beathaisnéis Bhreandáin Uí Eithir, an scríbhneoir, iriseoir agus criticeoir as Árainn, a fuair bás sa bhliain 1990.

  3. #1753802

    I ndiaidh achair ghearr fuair sí an post le McConnell’s agus bhí sí ag obair sa roinn léiriúcháin.

  4. #293109

    Le linn an achair sin, bhuaigh Na Yankees an World Series naoi n-uaire, fuair DiMaggio gradam All Star as na trí shéasúr déag a d’imir sé (chaith sé dhá bhliain san arm le linn an Dara Cogadh Domhanda), gan trácht ar ghaisce eile atá fós gan sárú.

  5. #580400

    Tar éis roinnt achair a chaitheamh ag múineadh i mBaile Átha Cliath, tháinig sé go scoil an Turlaigh Bhig i Ros Muc mar phríomhoide.I rith a chuid ama ansin fuair sé a cháilíocht mar mhúinteoir meánscoile san ollscoil.Is mar phríomhoide ar scoil na Mine, a tháinig sé chun cónaithe sa Spidéal arís.

  6. #610917

    Fuair Pól amach gan mórán achair go raibh sé go maith ag rud amháin, go raibh scil thar cuimse aige nach raibh ag aoinneach eile de na hÓglaigh a bhí leis, a raibh a bhformhór roinnt mhaith ní b’óige ná é – bhí siadsan sna déaga, eisean sna luathfhichidí: bhí sé ráite ag cuid de na seanfhondúirí leis sula i bhfad go bhféadfadh sé dul sna cluichí Oilimpeacha mar ghunnadóir sa gcomórtas clay pigeon.

  7. #1511155

    B’fhada an t-achar ama ó 2 Meán Fómhair 1973 an lá gur éirigh le Luimneach go deireanach craobh na hÉireann a thabhairt leo nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chill Chainnigh, a bhí sa tríú cluiche ceannais as a chéile.

  8. #1609002

    Beagán le ceithre shoicind a thóg sé air, timpeall an achair chéanna a thóg sé orm féin ord 16 punt a tharraingt aniar as na hUaimíní agus míle píosa a dhéanamh de cheann a fuair mé in iomaire fataí a bhí mé a chartadh an lá faoi dheireadh.

  9. #1661464

    Nuair nach raibh an leabharlann áitiúil in ann cuidiú liom, thiomáin mé chuig an chontae is gaire dom, cláraigh leo in achar cúig bhomaite, agus fuair cúrsa maith móide roinnt leabhar ar iasacht.

  10. #1667674

    Sa bhliain 1380, nuair a fuair an Danmhairg smacht ar na hoileáin i dtosach, rinneadh teanga na heaglaise, an teanga scríofa agus, tar éis achair ama, an teanga a úsáideadh i gcúrsaí oifigiúla i gcoitinne den Danmhairgis.