#101921
Phléasc sí ag gáire dá hainneoin féin.
Phléasc sí ag gáire dá hainneoin féin.
Chuir a deartháir, Uilliam, chun bóthair chun í a thabhairt abhaile dá deoin nó dá hainneoin.
Dá hainneoin féin, thosaigh Mara ag gáire os íseal.
Chaoin tú le háthas an lá udaí, i d’ainneoin féin agus in ainneoin na gcomharsan.
Thug Coiscéim misneach do mhórán in ainneoin lucht na diúltachta, in ainneoin lucht an díchreidimh.
Agus léiríonn críoch Lámh Láidir ceann cúrsa dóchasach sin an duine ainneoin na n-ainneoin ...
Agus cuireann sé i gcuimhne duit go n-athraíonn teanga dá deoin nó dá hainneoin.
Tháinig racht taise ar Angelika di dá hainneoin féin.
Tá lear mór cuideachtaí meán againn atá ag déanamh gaisce in ainneoin na n-ainneoin.
Ní éiríonn léi dul i gcion air, áfach, agus leanann Bob ar aghaidh ina hainneoin.
Ina hainneoin féin, thosaigh na deora ag brú ar a súile.
Tá an líon seo ag fás i gcónaí, in ainneoin na n-ainneoin.
Ainneoin gur mhinic é ag faire amach di dá dheoin is dá ainneoin.
Iarracht bheag de gháire uirthi dá hainneoin féin.
Lig Líosa gáire croíúil aisti agus chuir Manon aoibh ar a haghaidh dá hainneoin féin.
Ina hainneoin féin, thosaigh Líosa ag gáire.
Insíonn sé a scéal pearsanta féin agus scéal a phobail in éineacht agus airíonn an t-éisteoir/ léitheoir guth críonna na seantaithí ar an saol ag caint, guth an duine atá istigh leis féin ina chraiceann agus ina áit féin; ainneoin na n-ainneoin, ainneoin tragóidí agus tubaistí pearsanta agus pobail ó thráth go chéile; ainneoin seansaol duineata a phobail a bheith ar an dé deiridh, b'fhéidir; ainneoin meath teanga agus cultúir sa nGaeltacht agus 'tábhacht na seanrá/caite i bpaca/ ag daoine' ('Fad coiscéim coiligh', 2015: 154).
Ainneoin an naimhdis, ainneoin díbirt a comhghleacaithe ón máthairpháirtí, ainneoin a mímhuiníne ar iliomad cúis as an Taoiseach Charlie Haughey go háirithe, dúirt sí go mbeadh orthu dul chun cainte leo.
Ainneoin na ndeacrachtaí go léir nár réitíodh an lá sin, ainneoin an eascairdis nár mhaolaigh an Comhaontú ach beagáinín, ainneoin gach rud, bhí síol an dóchais soiléir dá raibh i láthair.
In ainneoin an daonlathais, in ainneoin na meán, in ainneoin na cumarsáide gan chrích ó cheann ceann na cruinne is ag caolú chun olagarcachta atáimid, diaidh ar ndiaidh – agus uaireanta ar luas.
Ainneoin easpa iomlán tacaíochta go hidirnáisiúnta, ainneoin bhagairtí fíochmhara na Tuirce, ainneoin mhímhuinín agus mhíshásamh Bhagdad, reáchtáladh reifreann neamhspleáchais i réigiún na gCoirdíneach i dtuaisceart na hIaráice.
Pé scéal é ainneoin an choilíneachais, ainneoin na drochaeráide, ainneoin easpa mhillteanach bia tá bianna dúchais áirithe Éireannacha ann, cé gur gá dul ar a dtóir uaireanta.
Agus an UUP as an bhealach, thig leis an DUP guth a thabhairt don tromlach i measc na n-aontachtach atá in éadan roinnt cumhachta, ainneoin trí ghníomh díchoimisiúnaithe, ainneoin scoir altanna a dó is a trí de bhunreacht na hÉireann, ainneoin go bhfuil "prionsabal an tola" glactha ag poblachtánaigh, ainneoin an tsosa (neamhfhoirfe) cogaidh a thosaigh 10 mbiana ó shin.
In ainneoin drochbhail a bheith ar an áit, thaitin an teach go mór léi.
‘Cén chaoi a mbeadh a fhios agamsa?’ Ina hainneoin féin, bhí sí rud beag neirbhíseach.
In ainneoin dath geal, láidir, oráiste, ar na gúnaí, bhí siad go hálainn.
An baile ag féachaint go hálainn in ainneoin na drochaimsire.
É an-ghaofar go deo anseo inniu in ainneoin gur lá breá gréine atá againn.
Iad croíúil, gealgháireach in ainneoin cibé fadhbanna atá acu.
In ainneoin an racáin, thit néal orm.
Géire sa ghaoth in ainneoin na gréine.
Tá sé deacair go leor codladh na hoíche a fháil in ainneoin srannfach na ndaoine fásta.
In ainneoin an cheo, ní fhéadfadh na cúinsí coisíochta a bheith níos fearr don siúlóir.
Bhain sé seo leamhgháire as, ainneoin gach aon rud.
Bhain sé seo leamhgháire as, ainneoin gach aon rud.
In ainneoin an áthais bhraith sé folamh.
Brian ina thost, in ainneoin na scuainí ban a bhí á dtairiscint.
Ba mhaith le Marcas go dtosóidís láithreach in ainneoin na dtonnta ag madhmadh isteach.
Ach dá ainneoin sin is uile is féidir srian a chur go páirteach leis an meath.
in ainneoin ár mbochtaineachta.
in ainneoin ár n-easpa cáile.
In ainneoin na báistí tháinig roinnt mhaith daoine chun lóin.
In ainneoin na báistí tháinig roinnt mhaith daoine chun lóin.
In ainneoin gach rud réitímid go breá le chéile i gcónaí.
‘In ainneoin deora goirt na hoíche aréir tá cineál misnigh úr againn beirt.
Ainneoin é bheith contúirteach, chuaigh sí amach an lá sin.
Agus ní Mí-Ádh Grá é ach an oiread, d’ainneoin Lucy.
Ach ina ainneoin sin, bhí rud éigin ag baint leis nár thaitin liom.
Cóta fada, caipín, in ainneoin teas an lae.
Níor mhúinteoir maith é Liam Burn, in ainneoin an léinn ar fad a bhí air.