#872373
Leis an gceist a fhreagairt ‘Arbh Fhiú an Braon Allais?’ chaithfinn a rá go mb’fhiú go mór an braon allais a caitheadh le Raidió na Gaeltachta a bhunú; go mb’fhiú an braon allais a caitheadh leis an bhfeachtas chun TG4 a chur ar an aer; b’fhiú an braon allais a chaitheamh le comharchumainn Ghaeltachta a bhunú sna seascadaí is sna seachtóidí; b’fhiú an braon allais a caitheadh le Acht na dTeangacha Oifigiúla a fháil, faoinar bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga.