#205819
Cuireann liúnna mhuintir an Chláir, a bpaisiún allta, dinglis i mbaic mo mhuiníl.
Cuireann liúnna mhuintir an Chláir, a bpaisiún allta, dinglis i mbaic mo mhuiníl.
D’aithneofá an bhaic agus baithis liath air.
Phrapáil sé bloc beag le baic an mhuiníl, agus casadh an scornach in airde.
Bhí ceist na Tógalainne nó ‘Eweland’ ag cur baic ar neamhspleáchas Ghána.
Chomh maith le baic fhóneolaíocha bíonn cúrsaí analaigh i gceist freisin.
Bhí geataí ag cur baic orthu in áiteacha.
Poll dubh siar amach go baic an mhuiníl.
Am baic, a mhic ó!
Tá fáilte curtha ag an bhfeachtasóir ar chúrsaí aeráide, Oisín Coughlan roimh na baic seo.
57% is 51% daoine a bheadh sásta tacaíocht a thabhairt do dhlíthe a chuirfeadh seirbhísí ar fáil i mbaic agus in ollmhargaí faoi seach.
Is é an ceannbheart is feiliúnaí ná hata éadrom, leathanduilleach a thugann scáth do na cluasa, don aghaidh agus do bhaic an mhuiníl.
Reachtáil na stiúrthóirí an stailc mar agóid in aghaidh an bhaic atá curtha ar earcaíocht chomh maith le heaspa infheistíochta dar leo ar na córais a úsáideann siad dá gcuid oibre.
Chuireadh sí ina shuí é ag poll an bhaic agus bhíodh sé ag casadh an bhoilg chun an tine a choinneáil lasta agus go gcuireadh an gnó san ar a shuaimhneas é.
Dúirt ceannaire an DUP, áfach, go raibh sí sásta nach mbeadh aon “bhaic nua rialacháin idir Tuaisceart Éireann agus an Ríocht Aontaithe”.
Ach chruthaigh Mary Robinson go bhféadfaí ceist na frithghiniúna a chur chun cinn sa Seanad cé go raibh an bóthar fada agus crua agus lán de bhaic sa chás sin.
Is mar gheall ar na baic seo a bhíonn roimh pheileadóirí Árann a bhí an oiread sin suime ag daoine sa scéal gur shroich siad cluiche ceannais Chonnacht i mbliana.
Tá cónaitheoirí ó Ghrúpa Gnímh Fhionnghlaise ag cur baic ar oibrithe le Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath dul isteach ar shuíomh in aice le Céide San Eiléana.
Thuas seal, thíos seal ag bráth ar chúrsaí airgeadra mar a bhíodh i gcónaí, ach tá baol úr ann go mbeidh baic ann maidir le trádáil.
Ach ag an am céanna tá siad ag cur baic ar theagasc na Gaeilge trí í a fhágáil amach as an rogha teangacha atá ceadaithe.
Agus móramh acu sa teach sin, agus aontas ina measc, d’fhéadfadh na Poblachtaigh clár oibre suntasach a leagan síos agus baic mhóra ar an Uachtarán.
Dar leis gurbh é litriú na Gaeilge an chonstaic ba mhó a bhí ag cur baic ar fhoghlaimeoirí, léitheoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge.
Dúirt sé go raibh an ceannaire ag déanamh “beag is fiú” de dhíospóireacht thábhachtach agus go raibh an Rialtas ag cur baic ar dhíospóireacht “daonlathach, oscailte agus chuimsitheach” maidir leis an reachtaíocht.
Bhí baic againn nach raibh ag scoileanna eile.” I ndiaidh dó 13 bliain a chaitheamh leis an Ghaelscoil, d’éirigh sé as an choiste.
Ag seasamh siar beagáinín, dhealródh gur idirdhealú den tsórt chéanna a bhíonn le déanamh idir na baic a thagann os comhair aon duine i ráschúrsa an tsaoil.
“Nílimid ag iarraidh spriocdhátaí, baic ná constaicí a chur sa mbealach ar na páirtithe,” a dúirt sí.
Tá an Bhrasaíl ina cíor thuathail le breis agus seachtain anuas agus baic curtha ar phríomhbhóithre na tíre ag tiománaithe trucaile.
Ar an bhforas sin, ní bheadh sé sásúil riail gramadaí teanga amháin a chur i bhfeidhm ar fhocail iasachta ó theanga eile de bharr baic teanga agus fuaimnithe.
Foilsíodh pobalbhreith san an Bhuiséid le déanaí agus bhí slua mór Gardaí ann, fuaim héileacaptair le clos ón spéir agus baic mhiotail ag coinneáil daoine amach ó gheataí na parlaiminte.
Tá baic thaistil curtha i bhfeidhm ar mhuintir Veiniséala ag go leor de na tíortha in aice láimhe, agus anuraidh rinneadh ionsaí ar champa teifeach as Veiniséala i mbaile teorann sa Bhrasaíl.
Bheadh sé níos éasca dá mba iad na Sasanaigh a chuirfeadh baic ar an teorainn ach tuige a gcuirfidís?
Baineadh leas as an spórt agus as baic sa spórt le cultúr na hÉireann a aonrú agus a idirdhealú ó chultúr Shasana.
Féachann Antain Mag Shamhráin ar shaothair chritice de chuid a Bhéarla nach bhfuil a leithéid le fáil sa Ghaeilge, rud atá cur baic ar fhorbairt na litríochta, dar leis.
Féachann Antain Mag Shamhráin ar shaothair chritice de chuid a Bhéarla nach bhfuil a leithéid le fáil sa Ghaeilge, rud atá cur baic ar fhorbairt na litríochta, dar leis.
Cé go n-éascófar an reachtaíocht maidir le seilbh ghunnaí go pointe, beidh na baic chéanna i bhfeidhm ar ghunnaí a iompar is a bhí riamh.
Dúirt Comer gur cuireadh "baic leanúnacha" roimh phobal na Gaeilge an teanga a úsáid agus go ndearnadh "ionsaithe leanúnacha" orthu siúd a roghnaigh a saol a chaitheamh trí Ghaeilge gach lá.
Orthu siúd a chuaigh ar Shlí na Fírinne in 2015, bhí iománaithe Thiobraid Árann Jimmy Doyle agus Tony Reddin, a bhí ar fhoirne Chomóradh an Chéid agus na Mílaoise; Aaron Devlin, peileadóir 23 bliain d’aois as Doire; Tom Woulfe a bhain an céad amach agus a bhí glórach i gcoinne an bhaic ar na cluichí Gallda nuair nach raibh sé éasca a bheith amhlaidh; Dave Billings a thug a shaol do Pheil agus d’Iomáint Átha Cliath; an rothaí Mick Murphy; an marcach Pat Ederry agus an tráchtaire rásaí capall, Peter O’Sullevan.
Bhí tine mhór mhóna lasta, an lampa tilly ag crónán ar thaobh na fuinneoige ag caitheamh a sholas buí ar an tábla sciúrtha scáthánach a bhí faoin fhuinneog ag lonrú ar shoithí ildaite an drisiúir agus ar aghaidh an chloig mhóir Mheiriceánaigh ar bhinn an bhaic.
D’ainneoin an bhaic sin, tháinig An tUltach amach achan mhí ó shin agus tá súil ag an choiste go gcuirfidh an Foras airgead fiúntach ar fáil le go mbainfidh An tUltach amach an céad.
Déanfar an fhoghlaim ar-líne a scagadh i gcomhthéacs trí cinn de na cúig ghné a mhaíonn Haggis a d’fhéadfadh a bheith mar bhaic ar idirghníomhaíocht rathúil agus thaitneamhach le feidhmeanna agus próisis curaclaim.
Córas é seo ar ndóigh atá á úsáid le fada an lá ar chúrsaí gailf agus rásaíochta capaill an domhain – córas an bhaic nó na cise a thugtar air – ‘the handicap system’ i mBéarla.
Beidh tábhacht ar leith leis an dara beart ach go háirithe mar, ní amháin go gcuirfear i ngníomh é sa chéad bhliain den phlean, is réiteach díreach é ar cheann de na baic is mó atá ar an nuacheol Gaeilge le fada an lá.
D’ordaigh Anraí VI, in 1455, go dtógfaí baic ar dhroichid i Leamhcán agus i gCill Mhaighneann (atá dhá mhíle ó lár Chathair Bhaile Átha Cliath), chun stop a chur leis na “naimhde Éireannacha.” Chuir dlí eile ó 1360 cosc ar Éireannaigh bheith ina méaraí nó ina mbáillí agus d’ordaigh ceann eile, a rith Anraí VI in 1431, go ngabhfaí “naimhde Éireannacha” a bhí i mbun spiaireachta sna críocha Sasanacha.
‘Baic a mhuinéil’, a ndéanann Lorca tagairt dó, meabhraíonn sé an marú don léitheoir mar a mheabhraíonn na línte seo an chroch agus an diúltú dó: ‘ar crochadh óna frathacha cama / faireann m’óige go cruinn mé agus flosc birte / agus nimh na heachtraíochta ina dearcadh’.
Cuid den fhadhb ceannas nó stádas 'neamh-mharcáilte' an téarma Bhéarla le hais an téarma nua Ghaeilge agus na baic shuntasacha ar scaipeadh éifeachtach na nuathéarmaíochta sa Ghaeilge, bíodh is gur céim mhór chun cinn ina leith seo ab ea teacht ar an saol do focal.ie.
Tuairiscíodh sa cholún seo an tseachtain seo caite go raibh moill an Aire Stáit, Máire Ní Chochláin, sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, chun Bord na Leabhar Gaeilge a cheapadh ag cur baic ar obair fhoilsitheoireacht na Gaeilge.
Níorbh é go díreach gur chuala daoine “Scots wha’ hae wi’ Wallace bled”, nó “A parcel of rogues in a nation” agus gur thuirling an spiorad orthu go ndúirt siad: “Am baiste agus am baic” (nó pé leagan Albainise atá air sin) “b’fhéidir go bhfuil smut éigin den fhírinne sna hamhráin sin ag Burns a bhíonn á gcanadh againn!” Ní mar sin a fheidhmíonn an ealaín.
“Bhí mise sé bliana d’aois nuair a tugadh an choimitmint dúinn go mbeadh Acht Gaeilge ann agus le linn mo shaoil chonaic mé bac i ndiaidh baic á gcur roimh an Ghaeilge agus roimh fhás na hathbheochana pobalbhunaithe.
Tá fáilte curtha ag an gCoimisinéir Rónán Ó Domhnaill, a bhfuil a Thuarascáil Bhliantúil á sheoladh inniu aige, agus ag lucht an ghaeloideachais roimh an moladh a d’fhéadfadh cabhrú le deireadh a chur le ceann de na baic is mó roimh bhunú scoileanna lán-Ghaeilge nua.
Ach tá siad fosta dúdhorcha óir duarcán a bhí in Hardy, duarcán a raibh an dúfhuath aige ar an chóras shóisialta Victeoiriach, córas a chuir, dar leis, baic i gcónaí roimh an ghnáthdhuine – nár shéan sé oideachas ollscoile dósan – agus do mhná ach go háirithe.
Bíonn cuma dhoiléir agus leadránach ar cheisteanna oideachais uaireanta mar gheall ar an mbealach a ndéantar tuairisciú orthu sna meáin: glactar leis go minic gur rud maith é cibé leasú a thugann an Roinn Oideachais isteach agus ceaptar nach bhfuil ach múinteoirí seanfhaiseanta agus ceanndána ag cur baic leis.