#1001749
Bhuailtí tú nuair nach raibh an litriú agat, bhuailtí tú nuair nach raibh na seacht bpeacaí marfacha ar eolas agat, bhuailtí tú nuair nach raibh bailte Chontae Liatroma ar bharr do theanga agat, bhuailtí tú nuair nárbh eol duit cad é rangabháil na fusachta, bhuailtí tú nuair nár thuig tú cad a dhein an chearnóg ar an taobhagán, bhuailtí tú nuair nár aithris tú filíocht an lae de mheabhair ghlan, bhuailtí tú nuair a dhearmaid tú cérbh é Perkin Warbeck, bhuailtí tú nuair a bhí duine eile sa rang dána, bhuailtí tú nuair a bhí drochoíche ag an múinteoir aréir, bhuailtí tú de réir na haimsire, bhuailtí tú ar chúiseanna nár thuig aon duine eile ach an tArd-Aingeal Gabriel lasnairde.