Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (126)
bhuille faoi thuairim faoi 2015.
Sé bhuille faoi thuairim do 2015
Dáta: 2015-01-04
Is féidir cúpla buille faoi thuairim a thabhairt faoi cad ba chúis leis an bhfaillí seo.
Louis de Paor (eag.): Miorúilt an Pharóiste. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 109
Fiú agus í folaithe, d’fhéadfadh sé buille faoi thuairim a thabhairt ar an am.
Liam Ó Muirthile: Aois Fir. Cois Life 2015.
Leathanach: 030
buille faoi thuairim atá ann a thuilleadh.
Maolmhaodhóg Ó Ruairc: Ar Thóir Gramadach Nua. Cois Life 2006.
Leathanach: 058
‘Ara, Sir, tabharfaidh mé buille faoi thuairim.
Labhrás Ó Finneadha: Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí (imleabhar 2). Cois Life 2013.
Leathanach: 055
‘Níl mé ach ag tabhairt buille faoi thuairim.
Siobhán Parkinson: Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir. Cois Life 2008.
Leathanach: 107
Bhí sí ag tagairt don bhuille faoi thuairim a bhí tugtha aici faoin ainm.
Siobhán Parkinson: Maitríóisce. Cois Life 2011.
Leathanach: 024
Níor mhaith le Mara buille faoi thuairim a thabhairt faoin méid sin.
Siobhán Parkinson: Maitríóisce. Cois Life 2011.
Leathanach: 063
Tugaim buille faoi thuairim ach bíonn a fhios agam láithreach go bhfuil sé rófhliuch.
Liam Ó Muirthile: Rogha Alt. Cois Life 2014.
Leathanach: 067
Buille faoi thuairim den mheáchan, idir a hocht agus ocht gcloch go leith.
Liam Ó Muirthile: Sceon na Mara. Cois Life 2010.
Leathanach: 087
Seo leat, buille faoi thuairim.’
Seán Mac Mathúna: Úlla (eagrán 2011). Cois Life 2011.
Leathanach: 136
Iarradh orthu breathnú ar dhá chiorcal ar scáileán agus buille faoi thuairim a thabhairt faoi cé acu ciorcal is mó a raibh spotaí bána ann.
Míbhuntáistí an dátheangachais á bhfiosrú in Ollscoil Cambridge – Maitiú Ó Coimín
Dáta: 2016-06-21
Ní haon léirmhíniúchán cruinn amháin atá ar an ábhar ach céad buille faoi thuairim.
Stiofán Ó Cadhla: An tSlat Feithleoige. Cló Iar-Chonnacht 2011.
Leathanach: 111
Ní haon léirmhíniúchán cruinn amháin atá ar an ábhar ach céad buille faoi thuairim.
Stiofán Ó Cadhla: An tSlat Feithleoige. Cló Iar-Chonnacht 2011.
Leathanach: 111
“Tabhair buille faoi thuairim.”
Mícheál Ó Ruairc: Daoine a Itheann Daoine. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 073
“Tabhair buille faoi thuairim, a deirim!”
Mícheál Ó Ruairc: Daoine a Itheann Daoine. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 074
Ní raibh aici féin ach imlíne an scéil, agus gan ansin ach buillí faoi thuairim.
Anna Heussaff: Scáil an Phríosúin. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 294
Níor cheart buille faoi thuairim a thabhairt riamh faoi smaointe duine sula gcuireann sé lámh ina bhás féin.
Breandán Delap: Ar an Taifead - fís, fuaim, focal (eagrán 2012). Cois Life 2012.
Leathanach: 327
I mblár folamh mar é is beag nach féidir buille faoi thuairim ar bith a thabhairt.
Regina Uí Chollatáin: Iriseoirí pinn na Gaeilge. Cois Life 2008.
Leathanach: 139
Ceist í seo nach bhféadfaí ach buille faoi thuairim a thabhairt fúithi.
Liam Ó Catháin, úrscéalaí Gaeilge? Feasta 68 (9), 14-15. Séan Ua Cearnaigh.
Leathanach: 14-15
Dáta: 2015-09-01
Seo a leanas buille faoi thuairim.
Ní thiocfaidh biseach ar an gcóras sláinte gan leigheas a fháil ar ghalar na neamhshuime: Dá gcuirfí airí sláinte faoi bhrú, mar a tharla i gcás na dtáillí uisce, ní bheadh an tseirbhís sláinte chomh lochtach agus atá… – Cathal Mac Coille
Dáta: 2017-01-05
Ach níor thug siad ceannasaíocht nó buille faoi thuairim faoi cad é a ba cheart a dhéanamh.
An bhfuil an cogadh thart no go direach ina thus? – Gan údar
Dáta: 2002-02-06
Agus sin ráite, tá luach áirithe leis an bhuille faoi thuairim.
Na teangacha neamhfhorleathana - 'C'est du folklore' – Gan údar
Dáta: 2002-02-27
Is deacair i gcónaí buille faoi thuairim a thabhairt i lár an gheimhridh, ach cosúil le Baile Átha Cliath, creidim nach mbéarfar faoi dhó ar Chontae an Chláir.
Bliain mhór eile spóirt romhainn – Máire Treasa Ní Cheallaigh
Dáta: 2014-12-31
An tuairimíocht ina dhiaidh sin, na buillí faoi thuairim á mbualadh go trom.
Lá an chomhairimh – Alan Titley
Dáta: 2016-02-29
Sórt cluiche atá ann anois buille faoi thuairim a thabhairt faoi chuma an té a fhreagraíonn an fón is déanaí a bhuaileann, agus an teanga a thomhas sara gcloistear é.
Baile Atha Cainte an domhain – Le Art O Maolfabhail
Dáta: 2003-05-28
Foilsíodh a leabhar filíochta Buille Faoi Thuairim Gabha sa bhliain 1987.
Johnny Chóil Mhaidhc, R.I.P.. Feasta 59 (11), 26. Pádraig Mac Fhearghusa.
Leathanach: 26
Dáta: 2006-11-01
Tá sé fíordheacair tuar a dhéanamh nó buille faoi thuairim a thabhairt faoi cé mar a éireoidh le haon dream mar tá sé deacair a mheas cén sórt tinrimh a bheidh ann.
TOGHCHÁN AN TIONÓIL: An cheist is mó, an fiú an tairbhe an trioblóid?: An dtiocfaidh na vótóirí amach nó an bhfuil siad chomh tuirseach den gheáitsíocht i Stormont nach mbacfaidh siad? Agus an bhfuil riail dhíreach faoi na Tóraithe dosheachanta? – Póilín Ní Chiaráin
Dáta: 2017-03-02
An t-aon ní is féidir linn a dhéanamh ná ár liathróid chriostail a tharraingt chugainn féin is buille faoi thuairim a thabhairt faoi chúrsaí.
Margadh Trump agus Mheiriceá: Ina chroí istigh, is fear margála é Trump ar breá leis teacht ar mhargadh, a deir Micheál Ó hAodha. Comhar 77 (2), 11-13. Micheál Ó hAodha.
Leathanach: 11-13
Dáta: 2017-02-01
Is féidir linn buille faoi thuairim a thabhairt, áfach, bunaithe ar an daonáireamh is déanaí.
Seán Tadhg Ó Gairbhí. Súil Eile. Cois Life 2017.
Leathanach: 386
Mar sin féin, seo trí bhuille faoi thuairim réasúnta.
Tá toghchán Uachtaránachta ag teannadh linn nach dteastaíonn ó pháirtí ar bith: Níor casadh go fóill oiread agus duine amháin ar ár gcolúnaí a dúirt go raibh siad fiú amháin ag smaoineamh ar thoghchán uachtaránachta... – Cathal Mac Coille
Dáta: 2018-01-25
Agus Klaus ar an bhfón póca léi ó mhaidin go hoíche, ag tabhairt comhairle faoi bhóithre agus faoi phointí trasnaithe, thug sí buille faoi thuairim ar deireadh faoi áit áirithe amháin.
Faoi dheireadh tháinig a mac as an gclapsholas…chaith sí isteach i gcúl an chairr é agus chuir pluid air…: Scéal casta é scéal na dteorainneacha agus na hinimirce mar a léiríonn an tuairisc seo ó lár na hEorpa – Mairéad Ní Nuadháin
Dáta: 2018-02-09
Caithfear buille faoi thuairim a thabhairt i gcás cuid acu.
Logainmneacha Dhún Chaoin, Co. Chiarraí, Éamonn Ó hÓgAin agus John Kennedy á chur i láthair ag Alan Titley: Logainmneacha Dhún Chaoin, Co. Chiarraí. 71 (5), 16-18. Alan Titley.
Leathanach: 16-18
Dáta: 2018-05-01
Críonna an té a thabharfadh buille faoi thuairim.
Gan teideal: Is cuid den spraoi a bhaineann le deireadh na bliana iarracht a dhéanamh a thomhas céard a tharlóidh sa tréimhse atá romhainn… – Máirín Ní Ghadhra
Dáta: 2019-01-07
Tá ábhar buille faoi thuairim ina bhfuil ráite ag urlabhraí sláinte Fhianna Fáil Stephen Donnelly.
Géillfear do na haltraí, ach cé mhéad a ghéillfear? Sin ceist eile…: Tairgfear ardú de réir a chéile do na haltraí, ach ní hacmhainn don Rialtas iad a shásamh – Gan údar
Dáta: 2019-01-26
buille faoi thuairim ag gach duine faoi cé a chuirfidh isteach ar an bpost gan trácht ar cé a roghnóidh an bord.
Gan teideal: Tá George Hamilton ag éirí as mar Phríomh-Chonstábla – ní ribín réidh na dúshláin atá roimh a chomharba – Gan údar
Dáta: 2019-01-30
Ba dhána an mhaise buille faoi thuairim a thabhairt.
Gan teideal: Ní féidir leis an DUP talamh slán a dhéanamh de go seasfaidh a gcumhacht i bhfad eile – Gan údar
Dáta: 2019-03-27
Tá sé róluath buille faoi thuairim a thabhairt faoi théagar an tsocraithe atá á phlé agus b’fhéidir gur mímhuinín, mí-éifeacht, achrann, teannas agus teip faoi cheann leathbhliana atá i ndán dó.
An rialtas a bhunófar agus an fáth go mbunófar é…
Dáta: 2016-03-24
Tugann an t-ábhar bolscaireachta buille faoi thuairim – nó bod faoi thuairim – duit faoin phlota: “Tá buachaill as Bod Feirste réidh leis an RPG idir a chosa a scaoileadh saor agus a chairde a líonadh le sementex nó go bpléascann siad le pléisiúr.” Maith go leor, b’fhéidir nach é an píosa scríbhneoireachta is fearr amuigh é ach bhí cuspóir dáiríre leis an scéal.
Níl mé bródúil as ach, lá den saol, agus mé beo bocht mar mhac léinn, rinne mé pornó… – Pól Ó Muirí
Dáta: 2016-04-12
Cé nach raibh aon súil againn go mbeadh sé chugainn le haghaidh dinnéar na Nollag, bhraith muid uainn é mar sin féin agus muid ag tabhairt buille faoi thuairim faoi cén áit nó cé leis a chaith sé a bhéile.
Éilis Ní Anluain. Filleann Seoirse. Leabhar Breac 2011.
Leathanach: 063
“Más ag cur brú orm atá tú agus ag iarraidh go dtabharfainn buille faoi thuairim faoi cad a d’fhéadfadh tarlú in Éirinn sa chás nach mbeadh aon mhargadh ann, is dóigh liom go bhfuil sé sách soiléir go mbeidh teorainn chrua ann,” arsa Schinas.
Gan teideal: Dúirt urlabhraí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh go raibh sé ‘sách soiléir’ go mbeadh teorainn chrua ag teastáil sa chás go mbeadh Breatimeacht gan mhargadh ann – Gan údar
Dáta: 2019-01-22
Chuige sin ní mór breathnú go grinn ar na fíorais, na cinn a bhaineann le hábhar a aimsiú agus na buillí faoi thuairim a thástáil le dianréasúnú loighciúil.
Maolmhaodhóg Ó Ruairc: Ar Thóir Gramadach Nua. Cois Life 2006.
Leathanach: 036
‘B’fhéidir go bhfuil tú in ann buille faoi thuairim a thabhairt cérbh í?’ ‘Tá,’ arsa Mara.
Siobhán Parkinson: Maitríóisce. Cois Life 2011.
Leathanach: 173
Níl a fhios againn agus ní bheidh a fhios, ach a bheith ag tabhairt buillí faoi thuairim, mar ní théann rudaí mar sin thar tairseach amach i seomraí feistis Chill Chainnigh.
Céard a tharla i bPáirc an Chrócaigh ag 5.40pm ar an 27 Meán Fómhair?
Dáta: 2014-12-20
Thabharfainn féin buille faoi thuairim ar chorrcheann eile (Horror = de Hóra?) ach fágann Judas agus Thrownaway ag tochas mo chinn mé.
Tabhair drochainm ar dhuine… is deacair craobhacha Gael agus Gall a scaradh ó chéile
Dáta: 2015-06-17
Pictiúr: INPHO/James Crombie Dá mbeifeá ag tabhairt buille faoi thuairim faoi cén 12 foireann a bheadh fós san iomaíocht ag deireadh mhí Iúil, is ar éigean go mbeadh an dá fhoireann seo ar an liosta agat.
Cuma na maitheasa ar Chorcaigh agus ar Fhear Manach
Dáta: 2015-07-25
Chuaigh Houellebecq sa seans le buille faoi thuairim a thabhairt in Submission faoina bhféadfaí tarlú san am a bhí le teacht – agus ábhar díospóireachta dá réir sin ag an léitheoir.
Scéal faoi Éirinn ach ní mhothaíonn tú gur in Éirinn féin atá tú
Dáta: 2015-11-03
* Admhaím gur buille faoi thuairim atá sa dáta seo, ach sílim gur ar an lá sin a vótálfar ar chúiseanna éagsúla (ina measc comóradh Éirí Amach na Cásca i mí Aibreáin).
Trí ‘pháirtí’ gan ainm, cé dóibh a vótálfaidh tú?
Dáta: 2016-01-14
Bainimis sult as na pobalbhreitheanna, ach is tábhachtaí ár mbreith ar na hiarrthóirí agus ar a bpolasaithe ná buille faoi thuairim i leith an toraidh, dá fheabhas é.
Ceachtanna na bpobalbhreitheanna agus an pharlaimint ‘WELL HUNG’
Dáta: 2016-01-23
Mar sin féin, is ar éigean a chuirfeadh mórán léitheoirí in aghaidh an bhuille faoi thuairim seo a leanas.
An t-ádh dearg orainn go bhfuil Uachtarán againn a bhfuil meas againn air – Cathal Mac Coille
Dáta: 2016-03-31
Mar sin féin, is ar éigean a chuirfeadh mórán léitheoirí in aghaidh an bhuille faoi thuairim seo a leanas.
Léamhthuiscint 14 – An t-ádh dearg orainn go bhfuil Uachtarán againn a bhfuil meas againn air – Gan ainm
Dáta: 2016-04-12
Den chéad uair is féidir linn buille maith faoi thuairim a thabhairt faoin mbóthar atá amach romhainn.
‘Valar morghulis’ – ‘Game of Thrones’ á thabhairt chun críche go slachtmhar – Breandán M Mac Gearailt
Dáta: 2016-06-29
Is buillí faoi thuairim atá cuíosach macánta iad ach tá a thuilleadh a mhaíonn go hoscailte gur speabhraídí ar fad atá ann.
Stiofán Ó Cadhla: An tSlat Feithleoige. Cló Iar-Chonnacht 2011.
Leathanach: 026
Is fada an léann seo ag iarraidh buille faoi thuairim a thabhairt i dtaobh céard atá ann ar an gcéad dul síos.
Stiofán Ó Cadhla: An tSlat Feithleoige. Cló Iar-Chonnacht 2011.
Leathanach: 054
Níl ann den chuid is mo ach béadán, buillí faoi thuairim, líomhaintí áiféiseacha nó liostaí fadálacha de chreidiúintí a chuirfeadh mearbhall ort.
Stiofán Ó Cadhla: An tSlat Feithleoige. Cló Iar-Chonnacht 2011.
Leathanach: 065
Tháinig deireadh le Ceist Agam Ort i 1997, ach cuireadh tús le quizchlár nua in 2005 faoin teideal Buille Faoi Thuairim.
Mairad Ní Chinnéide: Scéal Ghael-Linn. Cló Iar-Chonnacht 2013.
Leathanach: 120
In 2011 d’aistrigh RTÉ cúram na gcláracha Gaeilge go Raidió na Gaeltachta agus tháinig deireadh le Buille Faoi Thuairim.
Mairad Ní Chinnéide: Scéal Ghael-Linn. Cló Iar-Chonnacht 2013.
Leathanach: 120
‘Do bharúil, cé a mhéad uair?’ Thug mé buille faoi thuairim mar fhreagra.
Cad chuige Parlaimint na hEorpa? Comhar 74 (4), 11-12. Cathal Mac Coille.
Leathanach: 11-12
Dáta: 2014-04-01
Ceart go leor, tá sconsa ann, agus tá mo bhuille-faoi-thuairim maidir le falla páirte fíoraithe.
An Seomra. Feasta 66 (6), 7-9. Mícheál Ó hUanacháin.
Leathanach: 7-9
Dáta: 2013-06-01
An leor buille faoi thuairim a thabhairt, agus an chóngaracht don fhuaim dhúchasach, nuair a bhíonn caint fhoirmiúil á tabhairt nó amhrán á chanadh i nGaeilge?
Cluas le hÉisteacht. Feasta 68 (11), 8-9. Niall Ó Murchadha.
Leathanach: 8-9
Dáta: 2015-11-01
Gan dabht, ní cruinn-fhigiúirí airgeadais atá i gcló thíos ach buillí faoi thuairim atá réasúnta cóngarach don fhírinne iomlán.
Dá mbeifeá-sa i mbróga Enda Kenny faoi láthair…: Níor shásaigh Buiséad gach duine riamh, agus teipfidh ar iarracht eile Dé Máirt – Cathal Mac Coille
Dáta: 2016-10-08
Fós, is féidir buille faoi thuairim a thabhairt faoin mbunbhrí laistiar de na macallaí, go háirithe ar an ard.
Log na Coille – Gan údar
Dáta: 2002-10-02
Tá toghcháin na hEorpa an-tábhachtach do gach uile pháirtí ach aon tuar a dhéanfar anois, níl ann ach buille faoi thuairim.
Seo anois na foghlaithe mara – Harry Mcgee
Dáta: 2013-11-06
Ach nach uirthi atá an bród go bhfuil iarracht ar siúl an Ghaeilge a choinneáil beo, gurbh fhiú d’údar sa domhan thoir buille faoi thuairim a thabhairt faoin cheist?
Cás na Gaeilge faoi scrúdú thiar agus thoir – Pól Ó Muirí
Dáta: 2015-06-03
Mar sin, seachas sa gcás go bhfuil an té go bhfuilim ag labhairt leis ag tarraingt ar 100 bliain d’aois, thabharfainn buille faoi thuairim go raibh sé ag caint ráiméise.
Caoimhe from TnaG – Caoimhe Ní Laighin
Dáta: 2015-09-02
Níl aon tslí againn leis an aimsir fháistineach a mheas; níl againn ach an ghnáthléim sa doircheacht, an buille faoi thuairim, an dóchas ina sheasamh ar bhraistint in íochtar thíos.
Ar deireadh! – Alan Titley
Dáta: 2016-02-10
Tá lear mór cultacha ar taispeáint ann agus tugann an iris buille faoi thuairim dom faoina bhfuil sa stá anois.
Gucci Gael – Pól Ó Muirí
Dáta: 2016-04-18
Ach na cuntais bheith ar fáil, bheadh buille faoi thuairim ag daoine cad é an caiteachas iomlán atá déanta acu.
Foras flaithiuil – Gan údar
Dáta: 2003-10-29
D'fhéadfainn buille faoi thuairim a thabhairt ach ba cheart go mbeadh eolas mar sin ar fáil go poiblí.
A run scaoilte ag an Uasal 'Consensus' – Tadhg O Gairbhi
Dáta: 2005-09-14
BEIDH DHÁ chruinniú chinniúnacha ag na heagraíochtaí deonacha an tseachtain seo a thabharfaidh buille faoi thuairim faoina bhfuil i ndán dóibh.
‘Cuíchóiriú’ – Pól Ó Muirí, Eagarthóir Gaeilge
Dáta: 2010-02-10
Samhlaigh radharc as Western TG4 agus gan ar an tsráid ach an fear dlí agus na drochbhuachaillí um nóin agus beidh buille faoi thuairim agat cad é mar a bhí.
An siopa áitiúil – Pól Ó Muirí Eagarthóir Gaeilge
Dáta: 2009-04-01
Buille faoi thuairim ag Éamann go mb’fhéidir gurbh é an seanleaid liath a shiúil go malltriallach isteach sa Bhusáras a athair.
An Leathbhróg Ghallda. Feasta 65 (3), 7-10. Seán Ua Cearnaigh.
Leathanach: 7-10
Dáta: 2012-03-01
Gnó neamhchruinn é comhaireamh na n-éan, ar ndóigh, ní féidir ach buille faoi thuairim a thabhairt, ach mise i mbannaí duit go raibh suas le dhá nó trí mhíle acu ann.
Dialann Dúlra. Feasta 67 (10), 12. Séamus Ó Máille.
Leathanach: 12
Dáta: 2014-10-01
Gach uair bheadh fiú an foghlaimeoir b’fhalsa in ann buille faoi thuairim a thabhairt ar cad a bhí ann ach éisteacht leis an ainm.
Máguaird. An tUltach 87 (11), 6-7. Guaire.
Leathanach: 6-7
Dáta: 2010-11-01
Is iad Ríonach Ní Scolaí, Cathal Ó Fearraigh agus Dónall Mac Giolla Chóill ón gCabaret Craiceáilte, Tír Chonaill curaidh nua BUILLE FAOI THUAIRIM!
Buaitheoirí Buille faoi Thuairim. An tUltach 87 (2), 4. Gan údar.
Leathanach: 4
Dáta: 2010-02-01
Ach is tusa an dochtúir, tabhair buille faoi thuairim.’
Colm Ó Ceallacháin. I dtír mhillis na mbeo. Cois Life 2017.
Leathanach: 141
Sular shroicheamar an teach thug mé buille faoi thuairim ar shanasaíocht ainm an tí a chuir Seoirse ag caint ar Phroust an chéad oíche.
Éilis Ní Anluain. Filleann Seoirse. Leabhar Breac 2011.
Leathanach: 044
Seans, má léann tú an colún seo go rialta, go raibh buille faoi thuairim agat gurb é sin meon an cholúnaí seo.
Dá mba Ghael í Wonder Woman an imreodh sí peil na mban nó camógaíocht?: SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Ceisteanna tromchúiseacha atá ag dó na geirbe ag an Saighdiúir an tseachtain seo: droch-chaighdeán na peile i gCúige Uladh; Wonder Woman; ceist na teorann; agus cúrsaí mórtas cine – Pól Ó Muirí
Dáta: 2017-06-08
“Dá gcaithfinn buille faoi thuairim a chaitheamh, déarfainn go ndéanfaí an dara teanga oifigiúil den Spáinnis i bpoblacht neamhspleách,” ar seisean.
TUAIRISC ÓN gCATALÓIN: Níl aon dul siar ann, tá teipthe glan ar an gcaidreamh leis an Spáinn: Cé go raibh mionlach ann a thacaigh le neamhspleáchas na Catalóine riamh, tá meánaicme agus uas-mheánaicme cheannais na gCatalónach lándiongbháilte ar son na saoirse anois, a deir ár gcomhfhreagraí in Cornellà del Terri – John Walsh
Dáta: 2017-10-02
Tá sé fiúntach mar bhuille faoi thuairim, áfach: seo teanga a bhfuil an t-úsáideoir ábalta í a thuiscint, fiú murab í an teanga is fearr leis nó léi amach is amach.
Michal Boleslav Měchura. An Ríomhaire Ilteangach. Cois Life 2017.
Leathanach: 101
Ní próiseas cruinn é seo agus ní féidir brath air go hiomlán, ach tabharfaidh sé buille faoi thuairim duit cén tír ar domhan ina bhfuil an t-úsáideoir.
Michal Boleslav Měchura. An Ríomhaire Ilteangach. Cois Life 2017.
Leathanach: 101
Buille faoi thuairim: is léir an rogha ó thuaidh a bheidh ar Fhianna Fáil a dhéanamh, luath nó mall.
Tá trí rogha chinniúnacha le déanamh ag Micheál Martin: Ní bheidh aon dul as ag Micheál Martin agus a pháirtí ach roghanna tábhachtacha cinniúnacha a dhéanamh go luath – Cathal Mac Coille
Dáta: 2018-04-05
D’éisteas tamall agus dheineas buille faoi thuairim cathain a bheadh an liathróid ag dul thar mo dhoras.
Mo Chuimhní Cinn VIII. Irisleabhar Mhá Nuad 2011, 43-135. Pádraig Ó Fiannachta.
Leathanach: 43-135
Dáta: 2011-01-01
Seans nach bhfuil ann ach buille faoi thuairim nuair a deir sé gur as Luimneach dá sheanathair.
Alan Desmond. An Gaeilgeoir Grámhar. LeabhairCOMHAR 2011.
Leathanach: 040
Na stáisiúin nuachta i mbun craolacháin go síoraí seasta ag iarraidh an t-am a líonadh le tuairimíocht gan bhunús agus buillí faoi thuairim.
Gan teideal: Bréagnaíonn sorcas an Bhreatimeachta an sean-steiréitíopa gur dream fuarchúiseach, beagfhoclach iad na Sasanaigh – Mícheál Ó Leidhin
Dáta: 2019-01-16
buille maith faoi thuairim agam cad é atá ag titim amach i nGaeltacht Dhún na nGall de bharr go n-éistim le Barrscéalta.
Gan teideal: LÉIRMHEAS: Caithfidh sé go gcuireann sé crua ar chraoltóirí agus ar léiritheoirí RnaG ábhar áitiúil spreagúil a aimsiú lá i ndiaidh lae – Gan údar
Dáta: 2019-01-22
I bhfianaise na praisí go dtí seo, ba dhána an mhaise é d’éinne buille faoi thuairim a thabhairt mar thiocfadh leis a bheith bréagnaithe taobh istigh de leathuair.
Gan teideal: Tá an DUP ar a ndícheall ag iarraidh a thabhairt le fios go bhfuil siad i lár an aonaigh i gcónaí ach tá imní orthu anois nach bhfaighidh siad an craiceann ná a luach – Gan údar
Dáta: 2019-04-07
Is iomaí x, z, k, tz agus tx a fheictear agus is cinnte nach mbeadh duine in ann buille faoi thuairim a thabhairt ar mhíniú fhormhór na bhfocal bunaithe ar an eolas atá acu ar an Spáinnis ná ar theangacha Eorpacha eile.
Turas teanga i dTír na mBascach
Dáta: 2014-12-17
“Níl aon mhaith i mbuille faoi thuairim: caithfidh muid a bheith cinnte den méid feamainne atá ann agus cén t-achar a thógann sé ar an bhfeamainn fás a dhéanamh in áiteacha éagsúla.
‘Cuirfimid borradh faoi thionscal na feamainne ach ceadúnas a fháil’ – a deir Uachtarán Acadian Sea Plants
Dáta: 2015-02-12
Tá bua ar leith ag an gceirnín nua seo: dá mbeadh ar dhuine buille faoi thuairim a thabhairt maidir le caithin a cruthaíodh é, d’fhéadfadh sé aon bhliain le scór blianta anuas a lua.
5 amhrán ón taobh tuathail…
Dáta: 2015-05-27
Fiú sula dtagann deireadh le bliain amháin, bíonn lucht scannán an domhain ag amharc chun tosaigh ar eisiúintí na bliana seo chugainn agus iad ag iarraidh buille faoi thuairim a thabhairt ar na scannáin a phléascfaidh an díoloifig nó a mheallfaidh aird an phobail ag féilte neamhspleácha sa bhaile agus i gcéin.
Ag amharc chun tosaigh: Scannáin mhóra 2011 – Tomaí Ó Conghaile
Dáta: 2010-12-26
Thabharfainn buille faoi thuairim gurb é ceann de na príomhfháthanna nach dtagann mórán tairbhe amach as an bhallraíocht aclainne sin atá agat, ná nach bhfuil tú ag dul i ngleic leis na gluaiseachtaí príomhúla nádúrtha seo atá ionainn ónár bhuail Adam le Eve.
Modh Traenála McGregor & Portal: Is buntáiste é do chách! – Ainle Ó Cairealláin
Dáta: 2015-11-24
Uaireanta is buille faoi thuairim a bhí daoine in ann a thabhairt agus cé gur chuardaigh mé páipéir nuachta na haimsire, ní i gcónaí a rinneadh tagairt do dhrámaí áirithe.Ina theannta sin, léirigh na haisteoirí an dráma céanna níos mó ná uair amháin.
Máirín Breathnach Uí Choileáin: Aisteoirí an Spidéil. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 045
Níl againn ach buille faoi thuairim, laistigh de roinnt ciliméadar, cá raibh Oscar nó an té a ghlaoigh air i lár an lae ar an Déardaoin.”
Anna Heussaff: Buille Marfach. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 136
Chonaic Máire Mac Néill na deacrachtaí sin uilig, deineann sí buille faoi thuairim go mbeadh Féile Lúnasa ceangailte le tréimhsí na gealaí, ach ní oibríonn sin mar theoiric, mar tá an iomad éagsúlachta ó bhliain go bliain ag baint leis an ngealach — mar a thuigeann gach duine i dtaobh na Cásca.
Lú Lámh Fhada & Féile Lúnasa: ‘Tabhair banlámh don Bhodach agus tabh­arfaidh sé féin slat leis’ An Duinníneach. Feasta 53 (8), 13-14. Cliodna Cussen.
Leathanach: 13-14
Dáta: 2000-08-01
(Ní féidir ach buille faoi thuairim a thabhairt maidir leis an leagan Gaeilge d’ainm an pháirtí toisc nach bhfuil a leithéid curtha ar fáil acu.) ‘Táthar fós ag obair air,’ a dúradh liom nuair a chuaigh mé á lorg.
Anois Teacht an Fhómhair: Tugann sos an tsamhraidh deis dár bpolaiteoirí machnamh a dhéanamh ar a bhfuil i ndán dóibh. Agus tá údar maith machnaimh acu ar fad, a deir Mícheál Ó Leidhin. Comhar 75 (8), 8-11. Mícheál Ó Leidhin.
Leathanach: 8-11
Dáta: 2015-08-01
Ach is tusa an dochtúir, tabhair buille faoi thuairim.’ Thóg sé roinnt soicindí air teacht ar a chiall ach chrom sé ansin, a chluas lena bolg, amhail is go mbeadh sé chomh saoráideach sin air an bheatha nua a aireachtáil inti.
Dílleachtaí an Mhianaigh: Gearrscéal nua le Colm Ó Ceallacháin. Comhar 76 (1), 21-25. Colm Ó Ceallacháin.
Leathanach: 21-25
Dáta: 2016-01-01
Is réimse teangeolaíoch an débhéascna ar beag taighde a rinneadh air go dtí seo sa Ghaeilge ach d'fhéadfaí buille faoi thuairim a thabhairt agus a rá go bhfuil an débhéascna chlasaiceach ag lagú go mór i suíomh dátheangach na tíre seo agus gur iompú teanga an treocht is soiléire atá le feiceáil.
Tadhg Ó hIfearnáin, Máire Ní Neachtain: An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc. Cois Life 2012.
Leathanach: 044
Tá riar shuntasach dá chuid filíochta bailithe sa chnuasach Buille Faoi Thuairim Gabha a foilsíodh i 1987, agus i measc a chuid drámaí tá Mar a Chéile Muid (a bhfuil an bhunchóip le fáil i lámhscríbhinn Scoil Éigse na Tulaí don bhliain 1960), An Tincéara Buí agus Pionta Amháin Uisce (a foilsíodh in éineacht i 1962), Ortha na Seirce (1987) agus An Cruastóir agus An Mhéar Fhada (a foilsíodh in éineacht i 1995).
Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, File. Feasta 58 (12), 19-21. Ghearóid Denvir.
Leathanach: 19-21
Dáta: 2005-12-01
Mar a deir Johnny ina bhealach sainiúil féin i réamhrá Buille Faoi Thuairim Gabha, agus a theanga idir shúgradh agus dáiríre ina phluic aige: ‘Tá daoine ann inniu a thugann filí orthu fhéin, ach is daoine eile a thugann ormsa é.’ Ní hamháin sin, ach thug sé de bhreith agus de mhórbhreithiúnas léirmheasa ar chuid d’fhilí na linne seo: ‘Tá go leor d’fhilíocht an lae inniu cosúil le rud eicínt a chumfadh computer agus tá na léirmheastóirí a thugann duais dóibh cosúil le computers a mbeadh drugaí tógtha acu.’ Tá filíocht Johnny féin neadaithe i dtraidisiún eile ar fad seachas domhan aduain, stoite, dífhréamhaithe sin na nuafhilíochta.
Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, File. Feasta 58 (12), 19-21. Ghearóid Denvir.
Leathanach: 19-21
Dáta: 2005-12-01
Lógó gaois.ie
gaois.ie