Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (41)
Dá mbeadh meabhair ar bith ina cheann aige, Is maith a cháinfeadh sé Fine Gael.
Stiofán Ó Cadhla: An tSlat Feithleoige. Cló Iar-Chonnacht 2011.
Leathanach: 238
Is ea, is measa ná stánáil do cháineadh a chlos ó cheann ceann an pharóiste.
Hip Hop sa Dúchas #2: Ag aimsiú na fírinne... – Séamus Barra Ó Súilleabháin
Dáta: 2017-08-23
Ar cheann Raheem Sterling a thit an cáineadh in 2016.
Súil ar Chorn an Domhain 2018 le cabhair ocht seanfhocal Gaeilge: Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar Chorn an Domhain, atá ag tosú amárach sa Rúis – Pádraic Ó Ciardha
Dáta: 2018-06-13
Bhí sé sásta nár cháin aon cheann acu an tÉirí Amach.
Éirí Amach na Cásca 1916 agus An Eaglais Chaitliceach. Comhar Óg 8, 18. Stiofán de hIndeberg.
Leathanach: 18
Dáta: 2017-01-01
Tá Éire ar cheann de na tíortha is measa go deimhin: tá sí ar cheann de cheithre bhallstát nach ngearrann cáin bhreisluacha ar thicéid eitiltí, gan trácht ar cháin ar bhreosla eitleáin ná cáin aerthaistil bhreise.
Gan teideal: ‘B’ionann cáin €0.33 ar lítear ceirisín agus 8 milliún carr a bhaint de bhóithre na hEorpa’, de réir tuarascáil sceite – Gan údar
Dáta: 2019-05-15
Tá cáineadh láidir déanta ag grúpaí a labhraíonn thar cheann daoine aosta ar mholtaí atá déanta in athbhreithniú ar an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais.
'Níos mó len íoc ag aosaigh' - cáipéis feicthe ag RTÉ
Dáta: 2015-04-03
Tá sé i gceist ag údaráis sa Bhreatain cáin ar dheochanna boga a thabhairt chun cinn faoi cheann dhá bhliain.
'Níl aon gá le cáin siúcra' dar le cumann beatha
Dáta: 2016-03-18
Thug an tAire le fios go mbeifí ag deimhniú an ráta cánach chorparáide 12.5% atá ag an tír seo sa Bhuiséad faoi cheann coicíse.
'Níl aon bhrú ag teacht ón Aontas Eorpach faoi chúrsaí cánach'
Dáta: 2016-09-26
Glúin a cháintear go minic as a leisciúlacht maidir le gníomhaíochas teanga, ach atá, dar liom, ar cheann de na glúine is réabhlóidí a tháinig riamh.
Glúin réabhlóid TG4 – ‘Bhris croí an déagóra ionam nuair a phós Síle Ní Bhraonáin…’: TG4@20: Is duine mise den ghlúin shona sin nach cuimhneach liom an saol gan stáisiún teilifíse Gaeilge a bheith ann – Maitiú Ó Coimín
Dáta: 2016-10-28
Tá an tAire Sláinte Simon Harris cáinte go láidir ag an Leas-Cheann Comhairle Pat 'The Cope' Ó Gallchóir  mar nár cheap sé foireann athbhreithnithe ar Ospidéal Leitir Ceanainn.
Leas-Cheann Comhairle míshásta leis an Aire Sláinte
Dáta: 2017-02-21
Táimid go breá anseo ach mo cheann ag rith timpeall le Cáin Ioncaim, For-Cháin, Uas-Cháin, Barr-Cháin, Cáin Lámhdeachais, gan trácht ar an gCáin Nua VAT.
Mo chuimhní cinn XI. Irisleabhar Mhá Nuad 2014, 23-134. Pádraig Ó Fiannachta.
Leathanach: 23-134
Dáta: 2014-01-01
Dúirt sí gur i gcásanna choireanna dháiríre amháin a déanadh na hiarratais agus go bhfuil sí ag fanacht ar thuairisc ón iar-bhreitheamh John Murray.  Táthar ag súil go mbeidh a thuairisc déanta faoi cheann 3 mhí agus go mbeidh iarratais na nGardaí, na bhFórsaí Cosanta agus na gCoisiminéirí Cáin Ioncaim san áireamh ann - áisíneachtaí atá 'i dteideal' agus 'i ndán' teacht ar an bhfaisnéis.  Chosain sí a cinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht in áit í a leasú.  Thacaigh an Chomhaireacht le fiosrúchán neamhspleách faoi thaifid ghlaonna gutháin a thóg GSOC ó thriúr iriseoirí.
Níl cúl-éisteacht ar shaoránaigh forleathan - Fitzgerald
Dáta: 2016-01-20
Cuireann nós na droinge sin i gcuimhne dúinn na focail a scríobh an Céiteannach ag cur síos dó ar lucht cáinte na hÉireann agus ag a gcur i gcomparáid leis an bpriompallán – “Is ea, iomorra, is nós don phriompallán an tan a thógfas a cheann sa samhradh, a bheith ar foluain ag imeacht, agus gan cromadh ar mhionscoith dá mbí san machaire, nó ar bhláth dá mbí i luibhghort, géimadh rós nó lile uile iad, ach a bheith ar fuaidreamh go dtéann bualtrach bó nó otrach capaill ris, go dtéann siad dá únfairt féin iontu.” Mar sin do lucht cáinte na scríbhneoirí Gaeilge mar an gcéanna.
An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (27 Márta 1915)
Dáta: 2015-03-27
Tá pictiúr ina cheann aige den méid atá ag tarlú ar an bpáirc, agus b’fhéidir nach n-éirionn leis calaois a thabhairt faoi ndeara ar an gcéad fhéachaint.” Ar pháirc na himeartha tráthnóna tabharfaidh Cúige Laighean aghaidh ar Chúige Uladh agus cáineadh go leor á dhéanamh ar fhoireann Matt O’Connor.
AGALLAMH le ROB KEARNEY: ‘Táimid mar a bhfuilimid agus caithfimid fuine de réir na mine’
Dáta: 2015-04-24
Tá pictiúr ina cheann aige den méid atá ag tarlú ar an bpáirc, agus b’fhéidir nach n-éirionn leis calaois a thabhairt faoi ndeara ar an gcéad fhéachaint.” Ar pháirc na himeartha tráthnóna tabharfaidh Cúige Laighean aghaidh ar Chúige Uladh agus cáineadh go leor á dhéanamh ar fhoireann Matt O’Connor.
AGALLAMH le ROB KEARNEY: ‘Táimid mar a bhfuilimid agus caithfimid fuine de réir na mine’
Dáta: 2015-04-24
Fógraíodh sa rún freisin nach mbeadh an Chatalóin faoi smacht Chúirt Bhunreachtúil na Spáinne as seo amach, agus go mbunófaí córas cánach agus leasa shóisialta ar leith sa réigiún faoi cheann 50 lá.
Neamhspleáchas don Chatalóin? (…agus ceisteanna do Máiría Cahill)
Dáta: 2015-11-12
Idir an dá linn, shéan dhá cheann de na forais airgeadais is mó ar domhan Credit Suisse agus HSBC gur bhain siadsan leas as an struchtúr eischósta le cúnamh a thabhairt dá gcliant cáin a sheachaint.
Príomhaire na hÍoslainne éirithe as
Dáta: 2016-04-05
Ós rud é go go bhfuil ráta cánach againn atá ar cheann de na rátaí is isle agus go bhfuil ár gcúrsaí airgeadais chomh láidir is atá le fáil san Eoraip, ní dócha sin a bheith thar chumas an aire airgeadais nua.
Cathair Ghríobháin. Feasta 57 (9), 11. Bricriu.
Leathanach: 11
Dáta: 2004-09-01
Dar leis an SNP, d’fhéadfadh Albain a bheith ar cheann de na tíortha is saibhre san AE, laghdófaí cáin corparáide ó 23% go 20%, agus leanfaí de bheith ag iarraidh comhlachtaí móra Meiriceánacha, leithéidí Apple, Chevron agus Yahoo, a ghríosadh chun a gcuid gnóthaí a lonnú nó a leathnú in Albain.
Reifreann Neamhspleáchais na hAlban. Feasta 65 (10), 24. Seosamh Ó Riain.
Leathanach: 24
Dáta: 2012-10-01
In ‘Bean dá chumhadh críoch Ealla’​ luann Fear Feasa Ón Cháinte [q.v.] é mar cheann fine acu, gurbh Amhlaoibh ab ainm dá athair, agus gur chara agus múinteoir é ag Domhnall Ó Caoimh, arbh as Pobal Ó Caoimh i nDúth Ealla dó.
Ó DÁLAIGH, Aonghus Fionn (c.1548–c.1602) (fl.1585-1601)
Dáta: 2017-05-24
As a chéile, d’athraigh ciall an fhocail go ‘druga, cógas’ agus fiú ‘deoch draíochta’ agus ghlac chuige an chiall mheafarach ‘asarlaíocht’, an cleachtadh úd a cháin an tAspal Pól mar cheann d’ainmhianta na colainne ina litir chuig na Galátaigh (5: 19/20) – is follas iad gníomhartha na colainne mar atá drúis, gáirsiúlacht agus graostacht; íoladhradh 7 asarlaíocht .
An Nimh San Fheoil. An tUltach 89 (10), 10-11. Gerry Oates.
Leathanach: 10-11
Dáta: 2012-10-01
Sa bhforógra toghcháin a d’fhoilsigh Fine Gael i mí Feabhra anuraidh, gheall an páirtí nach mbeadh an Táille Shóisialta Uilíoch (Universal Social Charge, nó USC) á híoc ag duine ar bith faoi cheann cúig bliana: “ Fine Gael will complete the abolition of the USC by 2021.” Cháin lucht ceannais agus iarrthóirí an pháirtí an Táille arís agus arís eile le linn an fheachtais.
CATHAL MAC COILLE: Tacaíocht láidir seachas caint atá ag teastáil ó dhaoine aosta ón stát: Mheabhraigh an Daonáireamh dúinn go bhfuilimid go léir ag dul in aois – Cathal Mac Coille
Dáta: 2017-07-08
Sa bhforógra toghcháin a d’fhoilsigh Fine Gael i mí Feabhra anuraidh, gheall an páirtí nach mbeadh an Táille Shóisialta Uilíoch (Universal Social Charge, nó USC) á híoc ag duine ar bith faoi cheann cúig bliana: “ Fine Gael will complete the abolition of the USC by 2021.” Cháin lucht ceannais agus iarrthóirí an pháirtí an Táille arís agus arís eile le linn an fheachtais.
CATHAL MAC COILLE: Tacaíocht láidir seachas caint atá ag teastáil ó dhaoine aosta ón stát: Mheabhraigh an Daonáireamh dúinn go bhfuilimid go léir ag dul in aois – Cathal Mac Coille
Dáta: 2017-07-08
Dúirt an Taoiseach freisin gur léirigh iniúchadh a rinne an eagraíocht sin go bhfuil Éire ar cheann de 22 tír as 200 atá ag comhlíonadh a cuid dualgas ó thaobh trédhearcacht cánach de.
Cruinniú ag Airí Airgeadais amárach faoi thearmainn chánach
Dáta: 2017-11-06
cáineadh déanta ag an Leas Cheann Comhairle, An Teachta Dála Pat 'the Cope' Ó Gallchóir, ar chinneadh an Rialtais, nach mbeidh vótaí poist á gcur ar fáil do dhaoine ar saoire nó atá ag staidéar thar lear.
Pat 'the Cope' cáinteach faoi chóras na vótaí poist
Dáta: 2018-04-20
Airgead saor ó cháin a bhí uaidh.' Bagraíodh an dlí ar Ó hEithir féin trí huaire, rud a ďadmhaigh sé sa cholún, ach 'níor shroich aon cheann tairseach na cúirte'.
Fear nár theip ina ghairm: Tuiscintí Bhreandáin Uí Eithir ar cheird na hiriseoireachta. Comhar 71 (1), 17-20. Aoife Uí Fhaoláin.
Leathanach: 17-20
Dáta: 2011-01-01
De bhreis ar fhocail iomlána Bhéarla a úsáid, tá an nós briathra Béarla a ghaelú tríd an iarmhír -áil a chur leo ar cheann de na foirmeacha is mó a cháintear i gcaint na ndaoine.
Tadhg Ó hIfearnáin & John Walsh. An Meon Folaithe. Cois Life 2018.
Leathanach: 058
Bhí seo le feiscint ag tús an chláir agus Jimmy/Saul ar tinneall fad is atá altra ag útamáil lena cheadúnas tiomána agus a uimhir chánach; an dá cheann acu bréagach gan amhras is é ar a theitheadh in Nebraska.
Tá ‘Better Call Saul’ ar an saothar is cliste atá ar an scáileán beag faoi láthair: Tá Better Call Saul tar éis guailleáil amach ó scáth Breaking Bad agus is gaisce ann féin é sin – Breandán M Mac Gearailt
Dáta: 2018-08-09
De réir an ordaithe, ní foláir d’EireComposites na Coimisinéirí Cánach agus Údarás na Gaeltachta a chur ar an eolas roimh ré sa chás go mbeadh sé i gceist acu aon cheann den dá chomhlacht a scor.
Deireadh le haighneas faoi chomhlacht Gaeltachta agus é tagtha slán as tréimhse scrúdaitheoireachta: Tugadh 100 lá do scrúdaitheoirí plean tarrthála gnó a ullmhú do Eirecomposites Teoranta in Indreabhán, ach thángthas ar réiteach lasmuigh den phróiseas sin – Gan údar
Dáta: 2018-09-03
Tá tuilleadh conspóide meallta ag Peter Casey i ndiaidh dó liamhnú nach bhfuil aon bhunús leis an stádas mhionlaigh eitneach atá ag an lucht siúil.  In agallamh leis an bpodchraoladh 'floating voter' san Irish Independent, dúirt sé gur daoine iad an lucht siúil a chuireann fúthu ar thailte dhaoine eile agus nach n-íocann siad a gcuid cánach leis an státchsite.  Cháin Michael D Higgins agus grúpaí thar cheann an lucht siúil an mhéid a bhí le rá aige.
Michael D amhail agus cinnte le bheith ath-tofa - Ipsos MRBI
Dáta: 2018-10-17
I ráiteas tráthnóna, dúirt Leo Varadkar gur labhair an Athair O'Reilly ó chroí agus ó cheann nuair a cháin sé an t-ionsaí ar Kevin Lunney, stiúrthóir sa chomhlacht Quinn Industrial Holdings.  I mí Mheán Fómhair, d'fhuadaigh triúr fear Kevin Lunney gar dá theach cónaithe i nDoire Loinn i i gCo Fhear Manach.
"Ceannasaíocht mhorálta" léirithe ag an Athair O'Reilly
Dáta: 2019-11-18
Cáineann sé an easpa comhordaithe idir na hinstitiúidí éagsúla, rud a d’fhág, dar leis, go bhfuil an Ghaeilge á síneadh ar dhá rian chomhthreomhara, agus an dá cheann acu thíos leis (277).
Léirmheas. COMHARTaighde 3. Fidelma Ní Ghallchobhair.
Dáta: 2017-01-01
Níl aitheantas ceart á thabhairt don Ghaeilge i gcomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca, a deir Conradh na Gaeilge. Seoladh an clár comórtha aréir, agus tá an Rialtas cáinte ag an gConradh faoi 'laghad na dtionscadal Gaeilge' a fógraíodh ann.  Deir an Conradh go ndéanann gnéithe den chlár comórtha neamart sa Ghaeilge, ar cheann de bhunchlocha na Réabhlóide Náisiúnta í.
'Laghad na dtionscadal Gaeilge' i 2016 cáinte ag an gConradh
Dáta: 2014-11-13
Ag plé le hais-íocaíochtaí cánach do shiopadóirí thar cheann rialtais agus comhlachtaí miondíola atá Fintrax.  Ag caint dó le Nuacht RTÉ, dúirt Príomhfheidhmeannach Fintrax, Patrick Waldron, as Conga i gContae na Gaillimhe ó dhúchas, nach bhfuil aon líon ar leith curtha ag an gcomhlacht leis an bhforbairt ach go bhfuil sé i gcainteanna le hÚdarás na Gaeltachta agus an IDA cheana faoi riachtanais fhoirgnimh agus líon na bhfostaithe a phlé.  Patrick Waldron, Príomhfheidhmeannach Fintrax Mhol Waldron an tacaíocht a thug Údarás na Gaeltachta don bhfiontar ón gcéad lá nuair a bunaíodh Fintrax in eastát Fiontraíochta na Tulaí sa bhliain 1986.
Cáineadh an stát go minic agus tugann an sliocht seo a leanas léiriú cumhach ar stádas na teanga sa stát: Feicimid annseo agus annsiúid iad – comharthaí beaga gach aon cheann acu nach bhfuil an oiread san tábhacht ann féin ann b’fhéidir ach cur le chéile ní deacair a mbrí a mheas.
Wind of Change agus Gálaí Gaoithe na nGael. Comhar 72 (1), 19-23. Méabh Ní Thuathalláin.
Leathanach: 19-23
Dáta: 2012-01-01
Vótáilimid toisc go gcuirfidh an páirtí seo, nó an páirtí siúd, níos mó airgid inár sparán pearsanta isteach, gearrfaidh siad an cháin agam féin, cosnóidh siad mo mhaoin phríobháideach, coinneoidh siad luach mo thí in airde, coimeádfar lucht siúil ón doras, ní náisiúnófar na bainc, ní bhainfear le scoileanna galánta, ní ardófar an pá náisiúnta íosta, beidh siad dian ar lucht stailce… B’fhéidir nach bhfuil lá milleáin ar chuid díobh sin arna dtógáil ceann ar cheann nó ina n-aonar.
Cothrom na Féinne, mar dhea – Alan Titley
Dáta: 2016-10-10
Dúradh gur pléadh cearta teanga ag cruinnithe a bhí ag an Chomhdháil Idir-Rialtasach ar an 10 Eanáir agus ar an 17 Meitheamh, 1986, agus go raibh an rialtas den tuairim go mbeadh torthaí a gcuid gníomhaíochta ar son na Gaeilge ó thuaidh le feiceáil de réir a chéile: ‘Bheadh súil ag an dTaoiseach gur ag tacú le beartas an Rialtais agus ag fáiltiú roimh an chéim suas don Ghaeilge dá bharr a bheadh aon rún faoin ábhar seo a rithfí ag an gcéad Ard-Fheis eile den Chonradh, seachas ag nochtadh amhrais faoi éifeacht Chomhaontú ar cheann dá phríomhchuspóirí, leas na náisiúnaithe i dTuaisceart Éireann a dhéanamh ar gach bealach, a bhféiniúlacht agus a gcultúr san áireamh.’ Ba léir go raibh ranna rialtais an deiscirt iontach goilliúnach faoi aon cháineadh a déanadh ar an Chomhaontú.
An Ghaeilge, an comhaontú Angla-Éireannach agus an paranóia: Amharcann Breandán Delap ar a bhfuil i gcomhaid an stáit ó 30 bliain ó shin faoin tionchar a bhí ag an Chomhaontú Angla-Éireannach ar chur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh. Comhar 77 (1), 9-11. Breandán Delap.
Leathanach: 9-11
Dáta: 2017-01-01
Bhí glactha ag an Rialtas i mí na Bealtaine anuraidh leis an gcuspóir sin, tráth a raibh Enda Kenny fós ina Thaoiseach agus Seán Kyne ina Aire Stáit Gaeltachta.  Tá an Rialtas cáinte ag an bhfreasúra ó shin, áfach, faoin moill an leasú cuí ar an mBille Teanga a thabhairt isteach.  Inniu, dúirt an tAire Stáit McHugh go mbeidh an polasaí nua earcaíochta ar cheann d'fhorálacha an Bhille Teanga atá le foilsiú ag an Rialtas idir seo agus an samhradh.  Mhaígh an tAire Stáit McHugh go leanfadh Acht na dTeangacha Oifigiúla de bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mhian leo seirbhísí d’ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát.
Cainteoirí Gaeilge a bheas i 20% d'earcaigh sa tseirbhís phoiblí
Dáta: 2018-01-17
Tá sé tugtha le fios ag an Aire Airgeadais Paschal Donohoe, TD go bhfuil tús curtha ag a Roinn leis an próiseas le luach an chúnaimh a líomhnaigh an tAontas Eorpach gur thug an rialtas don gcomhlacht Apple,  a bhailiú.  Ag labhairt dó thar cheann an Rialtais, dúirt an tAire Donohoe go bhfuil Apple i ndiaidh suim de luach €1.5b a aistriú go ciste Escrow.  Seo an chéad íocaíocht agus súil go n-aistreofar íocaíochtaí eile isteach sa chiste úd sa dara agus sa tríú cheathrú den bhliain mar a léiríodh cheana.  Dúirt an tAire Donohoe nach mbeadh aon ráiteas eile faoin gcás go dtí go mbeadh iomlán an airgid bailithe ag deireadh na bliana.  is ionann ciste Escrow agus ciste 'neodrach' nó neamhspleách a mbaineann dhá pháirtí leas as chun cúntais cánach nó árachais a láimhseáil.
€1.5b tugtha ag Apple don státchiste
Dáta: 2018-05-18
Dúirt an Taoiseach gur iarr sé é seo air nuar a tháinig sé chun solais go raibh cruinnithe eile ag Denis Naughen leis an bhfear gnó David McCourt.  Bhí comhlacht David McCourt páirteach sa ghrúpa a chuir isteach ar an gconradh don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda agus cáineadh Denis Naughten faoin gcruinniú a bhí aige leis i Nua-Eabhrac níos túisce i mbliana.  Dúirt Leo Varadkar, áfach, go raibh ceithre chruinniú eile ar a laghad ag Denis Naughten leis an bhfear gnó nach raibh aon eolas poiblí fúthu roimhe seo.  Ní raibh oifigigh na Roinne Cumarsáide i láthair ag aon cheann de na cruinnithe sin, a dúirt sé.
I ráiteas a d'eisigh an Ceann Comhairle inniu, dúirt sé i gcomhthéacs an agallaimh a thug sé ar RTÉ Dé hAoine go mb'fhéidir gur thug sé le tuiscint nach bhfuil sé de chead ag an bhfreasúra é a cheistiú.  Deir sé anois ina ráiteas go nglacann sé leis go bhfuil ceart agus cead ag an bhfreasúra é a cheistiú.  Níos luaithe inniu, dúirt Seán Ó Fearghaíl TD agus Aoire Fhianna Fáil nach raibh aon bhunús le líomhaintí a dhein Seán Barrett nuair a dúirt sé san agallamh úd go raibh an freasúra ag iarraidh an bonn a bhaint ó oifig an Chinn Comhairle.  Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió 1, dúirt Ó Fearghaíl go raibh na líomhaintí go hiomlán míchruinn agus mícheart.  Dúirt Ó Fearghaíl gur cheap sé go ndúirt Barrett an méid sin gan chuimhneamh agus dá bhrí sin gur cóir dó athmhachnamh a dhéanamh air agus é a aistharraingt.  Muna ndéanann sé amhlaidh, pléifidh Fianna Fáil an gcuirfidh siad rún mímhuiníne sa Cheann Comhairle Dé Céadaoin ag cruinniú páirtí parlaiminte.  Cháin Fianna Fáil an Ceann Comhairle mar gur chuir sé cosc ar dhíospóireacht faoi na téarmaí tagartha d'fhiosrúchán faoi na Gardaí i limistéir an Chábháin/Muineacháin.  Shiúil na páirtithe an fhreasúra amach as an Dáil Dé Céadaoin seo caite mar thoradh ar chinneadh an Chinn Comhairle.
Glacann an Ceann Comhairle leis gur féidir é a cheistiú
Dáta: 2015-02-02
Lógó gaois.ie
gaois.ie