Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

caith

10,000+ toradh in 5,652 doiciméad

  1. #1743309

    Chaitheadar cuid mhaith airgid ar an albam féin ach níor chaitheadar aon rud ar an bhfógraíocht.

  2. #994068

    Caithfear a bheith cothrom, caithfear an dá thaobh a thabhairt.

    An dá thaobh – Alan Titley

  3. #1313357

    Ansin chaithimis suas iad agus bhíodh pléascadh torannach nuair a thitidís chun talún.

    Anois ar theacht an fhómhair bhuí – Declan Collinge

  4. #1702614

    Caithfear an Ghaelainn a bhrú ar aghaidh agus caithfear daoine a chur á labhairt.

  5. #1327322

    Bhí dhá bhosca ann mar go raibh an straitéis dhépholach sin i gceist – chaithfimis freastal ar an gcroí-lucht féachana agus chaithfimis a bheith úsáideach chomh maith don mhórphobal.