Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (104)
Ba chosúil gur ansin amháin a bhí cead acu codladh amuigh faoin aer.
Labhrás Ó Finneadha: Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí (imleabhar 2). Cois Life 2013.
Leathanach: 083
Súil aige go mbíonn siad áisiúil le cur fút má bhíonn ort codladh amuigh.
Scáthán Mary Lou, ‘Tinder na polaitíochta’ agus a phraghas féin ag gach duine
Dáta: 2016-02-05
Ionad éigeandála do dhaoine a bhíonn ag codladh amuigh faoin aer is ea é seo.
Imní faoi ionad do dhídeanaithe atá le dúnadh
Dáta: 2016-04-28
Agus í fós ina codladh shleamhnaigh sé amach taobh amuigh go ciúin.
Mícheál Ó Conghaile: Diabhlaíocht Dé. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 048
Seachas a bheith amuigh san oíche is ina chodladh sa lá.
Beairtle Ó Conaire: Iad seo nach bhfaca. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 134
Thosaigh sé ag múitseáil ón scoil agus ‘ag codladh amuigh’.
Scéal ‘Mhichíl’ – cara a thugann spreagadh agus inspioráid dom – Tony Mac Cárthaigh
Dáta: 2015-12-09
‘Bhí tú thuas staighre taobh amuigh de mo sheomra codlata.
Orna Ní Choileáin. Greim na Vaimpíre. Cois Life 2017.
Leathanach: 035
‘Aoibhinn leat codladh amuigh!
Máire Mhac an tSaoi. Scéal Ghearóid Iarla. Leabhar Breac 2011.
Leathanach: 088
Ní raibh deis agam caint a chur orthu, mar bhíodar ina gcodladhamuigh.
Liam Ó Muirthile. Oilithreach Pinn. Cois Life 2017.
Leathanach: 080
Fós, níor chuala gur chaith éinne codladh amuigh.
Liam Ó Muirthile. Oilithreach Pinn. Cois Life 2017.
Leathanach: 188
Níl sé ceart codladh amuigh sa gCincís ach an oiread.
Inniu a thosaíonn deireadh seachtaine na Cincíse, ná bearr tú féin ná na caoirigh agus seachain an snámh!: Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol – Máire Ní Fhinneadha
Dáta: 2018-06-01
Is iomaí cúis a bhíonn ag daoine codladh taobh amuigh.
Ar an tsráid. Comhar 70 (1), 9-10. PJ Mac Gabhann.
Leathanach: 9-10
Dáta: 2010-01-01
150 duine ar fad atá páirteach sa gcodladh amuigh seo.
Pobal Shíomóin na Gaillimhe ag codladh amuigh
Dáta: 2018-10-05
Beidh 32 duine ag codladh amuigh ar Shráid na Siopaí i gcathair na Gaillimhe anocht nach mbíonn amuigh go hiondúil  le hairgead a bhailiú do dhaoine gan dídean.
Oíche amháin, bhí sé préachta leis an bhfuacht amuigh sa scioból agus bheartaigh sé gach a raibh amuigh ann a thabhairt isteach sa teach go dtí a sheomra féin, rud a dhein sé faid a bhíodar go léir ina gcodladh.
Mícheál Ó Ruairc: Daoine a Itheann Daoine. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 050
Shiúlamar trí na cúngshráideanna arda dorcha, a bhí i marbhchiúnas; ciúnas nár briseadh, aon uair a briseadh é, ach le srannadh duine a bhí ina chodladh amuigh faoin aer.
Labhrás Ó Finneadha: Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí (imleabhar 2). Cois Life 2013.
Leathanach: 080
Le blianta bhí sé ráite gurbh fhearr a bheith i do sclábhaí ar urlár tirim tuí seachas a bheith amuigh ar an bhfiántas áit a marófaí i do chodladh tú.
Lorcán S. Ó Treasaigh: Cnoc na Lobhar. Cois Life 2007.
Leathanach: 054
Ag caoineadh faoina gcairde a cuireadh chun báis agus iad amuigh ag treabhadh, nó a loisceadh agus iad faoi na frathacha ina gcodladh a bhí siad.
Lorcán S. Ó Treasaigh: Cnoc na Lobhar. Cois Life 2007.
Leathanach: 160
Tá sí ina seasamh taobh amuigh d'fhuinneog oscailte ár seomra codlata agus deir sí go n-iompóidh sí féin amach as ár leaba muid mura bhfeicfidh sí amuigh ag an mbairbiciú muid faoi cheann cúig nóiméad.
Alex Hijmans: Favela. Cois Life 2009.
Leathanach: 041
An dara Déardaoin i mí Eanáir agus dúisítear muid ag glór garbh taobh amuigh d'fhuinneog an tseomra chodlata.
Alex Hijmans: Favela. Cois Life 2009.
Leathanach: 076
Bhí an aimsir chomh maith sin nach mbeadh deacracht ag baint le codladh amuigh faoin aer, ach ní raibh fonn air é sin a dhéanamh.
Éilís Ní Dhuibhne: Hurlamaboc. Cois Life 2006.
Leathanach: 109
Fógraíodh ag fóram éigeandála an tseachtain seo caite go gcuirfear 260 áit éigeandála ar fáil do dhaoine a bhíonn ag codladh amuigh.
Easpa dídine faoi chaibidil ag an Rialtas
Dáta: 2014-12-09
Dúradh gur fhulaing Gerard Donnelly buillí tréana ó chasúr agus é ag codladh amuigh i bPáirc an Fhíonnuisce agus gur bhásaigh sé dá mbarr.
€140k i gcuntas bainc fir gan dídean a dúnmharaíodh
Dáta: 2015-05-05
Is géarchéim dhaonnúil í an líon daoine atá ina gcodladh amuigh agus i gcóiríocht éigeandála a deir Clann Shíomóin Bhaile Átha Cliath.
Ceist daonna an ghéarchéim tithíochta-Alan Kelly
Dáta: 2015-09-22
168 duine a bhí ag codladh amuigh faoin spéir an Geimhreadh seo caite, lion a thit go 105 faoin Earrach.
Easpa dídine - 400 ar agóid tráthnóna
Dáta: 2015-12-01
Tá na céadta ag codladh amuigh agus cuid acu ag fáil bháis ar thaobh na sráide leis an bhfuacht agus leis an anó.
Tuarascáil Uí Chionnaith faoi chaonach liath ar sheilf stáit agus go leor ag fáil bháis ar thaobh na sráide…
Dáta: 2015-12-10
Ó Luan go hAoine a bhíonn Hope amuigh istoíche le bia te agus málaí codlata a thabhairt do dhaoine.
Bás tubaisteach eile ar an tsráid – tá sé thar am gnímh
Dáta: 2016-02-09
4) Ó Luan go hAoine a bhíonn Hope amuigh istoíche le bia te agus málaí codlata a thabhairt do dhaoine.
Léamhthuiscint 10 – Bás tubaisteach eile ar an tsráid – tá sé thar am gníomh
Dáta: 2016-02-23
Idir an dá linn, tháinig sé chun solais inniu go bhfuil i mBaile Átha Cliath ionad do dhaoine a bhíonn ina gcodladh amuigh le druid an tseachtain seo.
Imní faoi ionad do dhídeanaithe atá le dúnadh
Dáta: 2016-04-28
Caithfidh sé gur thit mé i mo chodladh le linn an turais mar nuair a mhúscail mé bhí sé dorcha amuigh agus an píolóta réidh le tuirlingt i dtreo Bilbao.
Tinte na nDaoine: Beag beann ar reifrinn, tá fíor-nasc idir muintir na hEorpa – Tomaí Ó Conghaile
Dáta: 2016-06-22
Níl sé nádúrtha dá leithéidí a bheith ina gcodladh sa lá is amuigh san oíche.’
Beairtle Ó Conaire: Iad seo nach bhfaca. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 158
An torann a dhein lucht bailithe na dramhaíola ar an mbóthar amuigh a dhúisigh í, cé nach mbeadh sé ceart a rá go raibh sí ina codladh roimhe sin.
Cumha. Feasta 53 (1), 7-9. Éadhmonn Mac Suibhne.
Leathanach: 7-9
Dáta: 2000-01-01
Chuir mo thuismitheoirí leaba shealadach dóibh féin sa pharlús agus las siad solas breise taobh amuigh dár seomra codlata - le misneach a thabhairt dúinn le linn na n-oícheanta dorcha imníocha sin.
An Nollaig i nDún na nGall. An tUltach 82 (7), 12-13. Eibhlín Ní Thuama.
Leathanach: 12-13
Dáta: 2006-07-01
Amuigh ar na sráideanna a bhí cuid mhór de mhuintir na gcathracha ina gcodladh cionn is go raibh siad chomh bocht sin nach raibh tithe acu.
Saol Gaelach: Seoirse Ó Broin 14/2/1921-1/1/2005. An tUltach 83 (1), 14. Stiofán Ó Direáin.
Leathanach: 14
Dáta: 2007-01-01
Tá a fhios agam go bhfuil daoine amuigh ansin buartha faoi seo, go gcuirfidh sé thar a gcuid codlata iad, muna gcloiseann siad go luath faoin chuach.
Aniar Aduaidh: Scéilíní ó Ghaeltacht Dhún na nGall le Dónall Mac Giolla Chóill. An tUltach 83 (5), 4-5. Dónall Mac Giolla Chóill.
Leathanach: 4-5
Dáta: 2007-05-01
Leis sin scread éan uaigneach éigin amuigh i ndeireadh na hoíche agus dhúisigh mé i dtobainne as mo chodladh.
Filíocht. Comhar 70 (10), 22. Cathal Ó Searcaigh.
Leathanach: 22
Dáta: 2010-10-01
Bhí an líon is airde daoine riamh ina gcodladh amuigh ar shráideanna na hardcathrach thar oíche, sin de réir figiúirí ó Chlann Shíomóin Bhaile Átha Cliath.
168 duine ina gcodladh amuigh thar oíche san Ardchathair
Dáta: 2016-09-20
“Tá sé dodhéanta líon na ndaoine atá ina gcodladh amuigh thar oíche i bPáirc an Fhionnuisce a chomhaireamh,” a deir Príomhfheidhmeannach Chlann Shíomóin Bhaile Átha Cliath, Sam McGuinness.
168 duine ina gcodladh amuigh thar oíche san Ardchathair
Dáta: 2016-09-20
Tá 200 leaba éigeandála bhreise fógraithe ag an Rialtas leis an líon daoine atá ina gcodladh amuigh a laghdú.
Breis leapacha & tithe buana geallta do dhaoine gan dídean
Dáta: 2016-09-22
Tá an file mar a bheadh fánaí ann ag codladh amuigh faoin aer i gCearnóg Berkeley ach tugann sé le fios go bhfuil dídean nó tearmann dá chuid samhlaíochta aimsithe aige.
Rióna Ní Fhrighil: Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge. Cois Life 2010.
Leathanach: 131
Ina chodladh a bhí sé ach dhúisigh sé nuair a chuala sé a ghadhar ag tafann taobh amuigh.
Seán Ó Cuirreáin. Éagóir. Cois Life 2016.
Leathanach: 041
Lá amháin, faoi sholas na hadhmhaidine i mí Iúil, agus é ag únfairt i gcineál de néal codlata, cloiseann sé trup na gcos sa tsráid amuigh, focail ghlóracha.
Dalta an tSeoighigh: Scéal le Drago Jancar. Feasta 56 (11), 7-12. Breandán Ó Doibhlin.
Leathanach: 7-12
Dáta: 2003-11-01
Fiú anois i ndúluachair an gheimhridh agus an dúlra ina chodladh amuigh, bhíodh gairdín de mhagairlíní agus plandaí eile acu sa teach.
An Scríob. Feasta 66 (4), 7-10. Sylvia Bledow.
Leathanach: 7-10
Dáta: 2013-04-01
Bhí leaba shealadach ag mo thuismitheoirí sa pharlús agus las siad solas breise taobh amuigh dár seomra codlata − le misneach a thabhairt dúinn le linn na n-oícheanta dorcha imníocha sin.
Nóinín: Scéal le hEibhlín Ní Thuama-Briggs. Feasta 66 (9), 7-8. Diarmaid Ó Tuama.
Leathanach: 7-8
Dáta: 2013-09-01
Tá an aimsir geallta fuar anocht, ach níl sé sin ag cur aon lagmhisneach ar an 24 fear agus ochtar ban a mbeidh ag codladh amuigh anocht.
Tá méadú 40% ar líon na dteaghlach atá gan dídean ón am seo anuraidh, figiúr suntasach nach gcuireann san áireamh na daoine a mbíonn orthu codladh amuigh.
Ná dearmad an dream gan dídean an Nollaig seo…: Tá fadhb ollmhór na heaspa dídine ag dul in olcas i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre bliain i ndiaidh bliana – Aodhán Ó Maoileoin
Dáta: 2016-12-05
Dar leis an gcarthanacht ‘Cope’, tá ar a laghad 20 duine ag codladh amuigh ar shráideanna na Gaillimhe i láthair na huaire.
Ná dearmad an dream gan dídean an Nollaig seo…: Tá fadhb ollmhór na heaspa dídine ag dul in olcas i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre bliain i ndiaidh bliana – Aodhán Ó Maoileoin
Dáta: 2016-12-05
D’imigh scáil phóirse an dorais trasna an urláir amhail agus gur salamandar a bhí ina luí air agus é i dtromthaom codlata ó theas na gréine amuigh.
Idir lág Trá agus Lán Mara. Feasta 59 (4), 7-9. Pádraig G. Ó Laighin.
Leathanach: 7-9
Dáta: 2006-04-01
Chaith an Searcach tamall amuigh ar Sceilg Mhichíl agus tháinig manach chuige ina chodladh, de réir dealraimh, manach a raibh leannán aige, Caomhán, ar tír mór.
Léirmheas. Feasta 64 (5), 11. Gabriel Rosenstock.
Leathanach: 11
Dáta: 2011-05-01
Bhí sé ina lár an lae amuigh, rud a chuir leisce orm fhéin agus ar an mbeirt eile dul a chodladh.
An dealas i lár na léithe: Sliocht as eagrán nua d’úrscéal le Pádraig Ó Cíobháin, a d’ fhoilsigh Coiscéim i dtosach sa bhliain 1992, atá as cló le tamall, ach a mbeidh athchló de ar fáil an bhliain seo chugainn. Comhar 76 (10), 22-26. Pádraig Ó Cíobháin.
Leathanach: 22-26
Dáta: 2016-10-01
Léiríonn figiúirí nua a foilsíodh inniu gur tháinig ardú arís eile  ar an líon daoine atá gan dídean agus atá ina gcodladh amuigh faoin aer i gceantar Bhaile Átha Cliath.
Ardú tagtha ar an líon gan dídean i mBaile Átha Cliath
Dáta: 2017-04-25
Chuir mé aithne ar chuid mhór créatúr dá mhacasamhail ina gcodladh amuigh ar na binsí poiblí ar thrá Malibu agus ar thrá Huntington.
Gnéithe de fho-chultúr Mheiriceá: Cuid IV. An tUltach 84 (5), 8-9. Tom Bhríní Hiúdaí.
Leathanach: 8-9
Dáta: 2008-05-01
Maidin lá arna mhárach agus Muiris amuigh leis na gasúir d’fhanas féin sa leaba agus thit mo chodladh orm.
Éilis Ní Anluain. Filleann Seoirse. Leabhar Breac 2011.
Leathanach: 156
Beidh seacht nduine dhéag ag codladh amuigh faoin aer san oíche Dé Sathairn seo chugainn, ag an Ionad le taobh Shéipéal Leitir Móir mar chuid d'fheachtas bailithe airgid do Phobal Shíomóin.
Feachtas Phobal Shíomóin i Leitir Móir Dé Satharn
Dáta: 2017-11-29
Mhol tuairisc ón Reachtaire Cuntas agus Ciste an mhí seo caite go ndéanfaí monatóireacht agus taighde ar bhonn leanúnach ar líon na ndaoine gan dídean atá ag codladh amuigh.
’Sí Nollaig í, ’sí Nollaig í, mór a mhilleann sí agus beag a leigheasann sí…: Tá Comhairle Bhéal Feirste náirithe agus iad ag iarraidh daoine gan dídean a ruaigeadh as amharc – Póilín Ní Chiaráin
Dáta: 2017-12-17
De réir an scéil a bhí ansiúd b’éard a tharla gur thit Naomh Peadar ina chodladh taobh amuigh de gheataí na bhflaitheas lá breá san earrach.
Teacht aniar á dhéanamh ag an mbainne bó bleachtáin – planda ar bhain Págánaigh agus Críostaithe leas as: Bhí an bainne bó bleachtáin chomh mór i gcontúirt tamall leis an traonach, ach tá saol nua i ndán dó anois is cosúil – Seosamh Ó Cuaig
Dáta: 2018-06-25
Dúirt Eileen Gleeson ó Fheidhmeannas Réigiún Bhaile Átha Cliath do Dhaoine gan Dídean gur dúshlán mór a bheas ann na daoine atá ina gcodladh amuigh a chur ar an eolas faoin drochaimsir.
Leapacha breise do dhaoine gan dídean san aimsir fhuar
Dáta: 2018-02-26
Tá fáilte curtha ag an Aire Tithíochta, Eoghan Murphy roimh an scéala go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaoine a bhíonns ag codladh amuigh i mBaile Átha Cliath.
Fáilte ag an Aire Eoghan Murphy roimh fhigiúirí siúd gan dídean
Dáta: 2018-04-20
Bíonn siad romhainn i lár na cathrach, iad ina luí faoi chairtchlár nó i málaí codlata amuigh faoin bháisteach, an buidéal lena n-ais.
Ar an tsráid. Comhar 70 (1), 9-10. PJ Mac Gabhann.
Leathanach: 9-10
Dáta: 2010-01-01
Dá mbeadh an dea-thoil ann i measc an phobail go ginearálta, nach fíor nach mbeadh ar dhuine ar bith codladh taobh amuigh feasta?
Ar an tsráid. Comhar 70 (1), 9-10. PJ Mac Gabhann.
Leathanach: 9-10
Dáta: 2010-01-01
Isteach liom sa leaba agus é i gceist agam a dhul ar ais a chodladh agus gan aird ar bith a thabhairt ar an mbeirt taobh amuigh.
Beidh siad go breá. Comhar Óg 7, 3. Aifric Ní Scolaí.
Leathanach: 3
Dáta: 2016-01-01
An stoirm ag séideadh amuigh agus mise go te, teolaí, sábháilte istigh i mo leaba i mo sheomra codlata thuas staighre.
Mícheál Ó Ruairc. Pónairí ar Thósta: dialann mic léinn ollscoile. LeabhairCOMHAR 2007.
Leathanach: 136
Ní oibríonn an gás sa chuid den fhoirgneamh ina bhfuil mise, ach tá gach duine eile ina gcodladh taobh amuigh den fhoirgneamh seo.”
Pól Ó Cainín. Smaointe Beaga Cumhachtacha. LeabhairCOMHAR 2016.
Leathanach: 235
na Gaillimhe anocht, tá suas le 150 duine ag tabhairt a gcuid málaí codlata leo agus ag codladh amuigh.
Pobal Shíomóin na Gaillimhe ag codladh amuigh
Dáta: 2018-10-05
codladh amuigh na hoíche anocht ar siúl óna 7 i.n go dtí a 7 a' chlog ar maidin amárach.
Pobal Shíomóin na Gaillimhe ag codladh amuigh
Dáta: 2018-10-05
Ag a deich a chlog, nuair atá an chuid is mó de na siúlóirí sa leaba ag iarraidh codladh na hoíche a fháil, iad tuirseach, traochta tar éis 30 ciliméadar a shiúl, filleann na hógánaigh Spáinneacha tar éis bheith amuigh ar an mbaile.
Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007.
Leathanach: 243
Ar ndóigh, ní i bhfad go mbíonn an tosaitheoir luath le feiceáil ina chodladh taobh amuigh den chipper, agus níl le déanamh ag cairde maithe ach é/í a chur i dtacsaí abhaile sula mbíonn luí na gréine ann fiú.
5 duine a fheicfidh tú ar Lá Fhéile Pádraig: Coinnigh súil amach dóibh amárach! – Cillian de Búrca
Dáta: 2015-03-16
Ó thaobh an lóistín de, campáil is mó atá ar fáil ach le dea-aimsir na hIodáile, aer úr sna scamhóga agus uaireanta caite i mbun oibre taobh amuigh, gach seans go bhfaighfeá oícheanta codlata den scoth.
Na 5 Fheirm Wwoofála is Fearr: Rogha idirnáisiúnta le Mairéad Ní Chuaig – Foireann NÓS
Dáta: 2015-03-26
Ó tharla gur ag tabhairt foscaidh do ghasúir atá tréigthe ag a muintir is nach bhfuil acu ach ag codladh amuigh ar na sráideanna a chaitheann mo dheartháir a shaol, casadh ina measc mé an tráthnóna céanna.
Joe Steve Ó Neachtain: Ag Caint Linn Fhéin. Cló Iar-Chonnacht 2013.
Leathanach: 132
An t-aos óg ag dul an bóthar taobh amuigh ag caint is ag gáire nó ag casadh píosa d’amhrán nó ag feadáil port deas ríl nó jig nó an ‘Real Old Mountain Dew’, ‘An Lon Dubh’ agus go leor eile go dtí go dtagadh an codladh.
Pádraig Standún: Tuar Mhic Éadaigh. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 122
Thit sé ina chodladh agus nuair a mhuscail sé ar maidin bhí sé ina luí in Alt an Toir taobh amuigh de Bharr an Ghaoith agus a cheann leagtha ar dhá charn na slat.
Braighní Ó Braonacháin as Barr an Ghaoith: Mícheál Ó Tiománaí (Mícheál James Mhíchil) scéalaí mór as an Ghaeltacht Láir, Mín na Sróna, Baile na Finne. Pádraig Ó Baoighill a chuir in eagar. An tUltach 82 (12), 18-19. Pádraig Ó Baoighill.
Leathanach: 18-19
Dáta: 2006-12-01
Agus mé ag éirí aníos chuala mé scéalta faoin éan seo a bheadh amuigh fá na cuibhrinn choirce i rith an tsamhraidh agus ag tús an fhómhair, le scairt ar leith, a choinneodh daoine múscailte tráth an chlapsholais nuair a bheadh feirmeoirí gnóitheacha ag iarraidh néal codlata a fháil.
Aniar Aduaidh: Scéilíní ó Ghaeltacht Dhún na nGall le Dónall Mac Giolla Chóill. An tUltach 83 (6), 4-5. Dónall Mac Giolla Chóill.
Leathanach: 4-5
Dáta: 2007-06-01
Is amhlaidh go bhfuil stócach mar chomharsa ag an Seanduine, a bhfuil féasóg an tSeanduine ag dó na geirbe an oiread sin aige go bhfiafraíonn sé dá athair cén áit go díreach a mbíonn an fhéasóg agus an Seanduine ina chodladh – istigh faoi éadaí na leapan nó ‘amuigh fá’n aer’ (93)?
Timpeall chun an Teampaill, Cuid 1: Idirthéacsúlacht Iarnua-aoiseach An Béal Bocht. Comhar 73 (1), 15-18. Ian Ó Caoimh.
Leathanach: 15-18
Dáta: 2013-01-01
Bhí an tramp a lorg oibre crua cadránta, go minic iad ag brath ar chaoineas feirmeoirí le greim bia a chur ina mbéal agus iad ag codladh amuigh an chuid is mó den am.
An Imirce go hAlbain: Imirce an Riachtanais ag Scoil Samhraidh Merriman in Inis Díomáin, Co. an Chláir 20.8.02. Feasta 55 (12), 27-29. Pádraig Ó Baoighill.
Leathanach: 27-29
Dáta: 2002-12-01
Ba mhó ná aon sceoin phiseogach, ar aon chuma, an eagla a bhí uirthi go músclófaí a máthair óna codladh is go mbraithfeadh sí dualgas uirthi éirí chun freastal ar pé fámaire a bhí chucu ón oíche amuigh.
An Col: Gearrscéal. Feasta 56 (1), 7-9. Mícheál Ó Laoghaire.
Leathanach: 7-9
Dáta: 2003-01-01
Ní raibh teach ná áit chónaithe aige agus chaith sé na blianta ag gabháil na mbóithre ag seinm ceoil, go minic, mar a deirtear sa dán, ‘do phócaí folamha’ i dtithe éagsúla, ag codladh i mbotháin bhochta nó i sciobóil nó amuigh faoin spéir.
Raiftearaí, File a d'éag Oíche Nollag, 1835. Feasta 68 (12), 17. Seán Ua Cearnaigh.
Leathanach: 17
Dáta: 2015-12-01
Dúirt Eileen Gleeson Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannas Réigiún Átha Cliath do Dhaoine gan Dídean gur i lár na cathrach atá na seirbhísí a lonnú de bharr gur ann atá formhór an 142 duine atá ag codladh amuigh.
Na chéad 165 leaba éigeandála bhreise ar fáil anocht
Dáta: 2016-12-09
Gortaíodh fear gan dídean nuair a cuireadh carr a raibh sé ina chodladh ann trí thine i mBaile Átha Cliath aréir.  Tharla an eachtra taobh amuigh de Theach Hume ar Bhóthar Pheambróg i nDroichead na Dothra ag thart ar 11.15 aréir.  Cuireadh cóir leighis san ospidéal ar an bhfear a gortaíodh.
Fear gan dídean gortaithe nuair a cuireadh carr trí thine
Dáta: 2016-12-22
Den dara bliain as a chéile tá sé i gceist ag pobal na Gaeltachta i gConamara codladh amuigh faoin spéir le haird a tharraingt ar fhadhb na tithíochta agus na ndaoine gan dídean i gcathair na Gaillimhe.
Ná dearmad an dream gan dídean an Nollaig seo…: Tá fadhb ollmhór na heaspa dídine ag dul in olcas i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre bliain i ndiaidh bliana – Aodhán Ó Maoileoin
Dáta: 2016-12-05
Bhíomar i mbun taifeadta le haisteoir ar feadh uair go leith le titim na hoíche, trí lá as a chéile agus níor chreid mé an oiread daoine a bhí le feiceáil ar na sráideanna ina gcuid málaí codlata agus iad ag fáil réidh le codladh amuigh an oíche ar fad.
Ná dearmad an dream gan dídean an Nollaig seo…: Tá fadhb ollmhór na heaspa dídine ag dul in olcas i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre bliain i ndiaidh bliana – Aodhán Ó Maoileoin
Dáta: 2016-12-05
Chonaic mé freisin, áfach, chomh flaithiúil a bhí daoine leo agus tá súil ag grúpa deonach as Conamara go mbeidh daoine chomh flaithiúil céanna an Nollaig seo nuair a thabharfaidh siad faoi chodladh amuigh oíche Shathairn, an 17 Nollaig, ar mhaithe le Pobal Shíomóin na Gaillimhe.
Ná dearmad an dream gan dídean an Nollaig seo…: Tá fadhb ollmhór na heaspa dídine ag dul in olcas i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre bliain i ndiaidh bliana – Aodhán Ó Maoileoin
Dáta: 2016-12-05
“Tá muid ag reáchtáil an ‘Codladh Taobh Amuigh’ arís i mbliana chun tacú le daoine gan dídean agus le daoine a mbeidh brú airgid orthu ag teacht suas go dtí an Nollaig agus sa mbliain nua,” arsa Micheál Ó Cadhain.
Ná dearmad an dream gan dídean an Nollaig seo…: Tá fadhb ollmhór na heaspa dídine ag dul in olcas i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre bliain i ndiaidh bliana – Aodhán Ó Maoileoin
Dáta: 2016-12-05
Más mian le haon duine páirt a ghlacadh sa ‘Codladh Taobh Amuigh’, is féidir cártaí urraíochta a fháil ó Theach Ósta Thigh Chadhain, nó tá breis eolais le fáil ar leathanach Facebook Thigh Chadhain agus ar Twitter.
Ná dearmad an dream gan dídean an Nollaig seo…: Tá fadhb ollmhór na heaspa dídine ag dul in olcas i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre bliain i ndiaidh bliana – Aodhán Ó Maoileoin
Dáta: 2016-12-05
Doirchíonn barra an staighre le titim oíche amuigh; doircheacht a chuirfeadh leisce ar aon fhear bán roimh dhul ag glinneáil chun codlata, is cuma cé méid dá dhriotháireacha a bheadh sa tseomra ina theannta.
An dealas i lár na léithe: Sliocht as eagrán nua d’úrscéal le Pádraig Ó Cíobháin, a d’ fhoilsigh Coiscéim i dtosach sa bhliain 1992, atá as cló le tamall, ach a mbeidh athchló de ar fáil an bhliain seo chugainn. Comhar 76 (10), 22-26. Pádraig Ó Cíobháin.
Leathanach: 22-26
Dáta: 2016-10-01
138 duine a bhí ina gcodladh amuigh faoin aer i gceantar Bhleá Claith le linn aimsir an earraigh.  Sin an líon is mó riamh a taifeadadh don tráth seo bliana agus ardú 35% ón dtréimhse chéanna anuraidh.
Ardú tagtha ar an líon gan dídean i mBaile Átha Cliath
Dáta: 2017-04-25
Níl grúpa Rómánach a aimsíodh ina gcodladh amuigh faoin aer i lár chathair Bhaile Átha Cliath ar an 4ú den mhí seo san áireamh sa chomháireamh seo.  Tá an DHRE ag obair le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun 150 leaba éigeandála a sholáthar sna míonna atá le teacht.
Ardú tagtha ar an líon gan dídean i mBaile Átha Cliath
Dáta: 2017-04-25
Bhí drochoíche amháin ag m’fhear céile nuair a mhúscail sé agus chonaic sé líne fhada de dhrúchtíní ag déanamh a mbealach thar a mhála codlata, ach taobh amuigh de sin agus an teas, ní dóigh liom go raibh saoire chomh maith leis agam riamh.
An campálaí sona. An tUltach 90 (7), 9. Máire Zepf.
Leathanach: 9
Dáta: 2013-07-01
Agus chuimhníos dhen dara huair an lá sin ar an mbean sin sa mbothán tí taobh amuigh dhe Chluain Meala agus mar a d’inis mo chompánaigh dhom gur chaitheas an chuid eile dhen lá sa diallait agus mé ag stánadh amach díreach romham amhail mar a bheadh duine ina chodladh ina dhúiseacht agus mé ag reacaireacht fiannaíochta dhom féin.
Darach Ó Scolaí. An Cléireach. Leabhar Breac 2007.
Leathanach: 123
Léiríonn figiúirí ó Dhaonáireamh 2016 a d'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu go raibh beagnach 7,000 duine ag codladh amuigh nó ag fanacht i gcóiríocht do dhaoine gan dídean oíche an daonáirimh.
7,000 duine gan dídean de réir Dhaonáireamh 2016
Dáta: 2017-08-10
Níor áiríodh, áfach, daoine a bhfuil lóistín sealadach acu i dtithe cairde leo.  6,906 duine ar fad a bhí ag codladh amuigh nó ag fanacht i gcóiríocht sainithe do dhaoine gan dídean.
7,000 duine gan dídean de réir Dhaonáireamh 2016
Dáta: 2017-08-10
Is faoi churam na carthanachta sin atá an bheirt ogánach faoi lathair.  Reactáilfidh Pobal Shíomóin ocáid eile ina mbeidh daoine ag codladh amuigh faoin aer ar shráid na siopaí sa Ghaillimh ar an chéad Aoine de Dheireadh Fómhair agus tá súil acu breis airgid a bhailiú don charthanacht.
Scileanna cócaireachta á fhoghlaim ag daoine gan dídean
Dáta: 2017-09-29
D'éirigh leis an gcás cúirte a thug daoine áitiúla sna Saoirsí i mBaile Átha Cliath le nach mbainfí leas as ionad ansin - a bhí ina halla pobail tráth - mar bhrú do dhaoine gan dídean.  Thug daoine sa cheantar dúshlán chinneadh na comhairle cathrach Halla Charmain ar Shráid Phroinsias a oscailt mar ionad lóistín do dhaoine atá ag codladh amuigh faoin aer.
Cás faoi bhrú do dhaoine gan dídean buaite ag muintir na Saoirsí
Dáta: 2017-10-11
€5,187 a bailíodh do Phobal Shíomóin anuraidh.  Ón 8pm san oíche Dé Sathairn go dtí'n 8pm maidin Dé Domhnaigh a bheidh an slua ag codladh amuigh ag tarlú agus is féidir urraíocht a thabhairt dóibh ar an oíche nó trí dhul i dteagmháil le oifig Chomhairle Ceantar na nOileán.
Feachtas Phobal Shíomóin i Leitir Móir Dé Satharn
Dáta: 2017-11-29
Tá bás mná a bhfuarthas a corp i gcathair Chorcaí ar maidin á fhiosrú ag na Gardaí.  Ceaptar gur duine gan dídean a bhí inti agus go raibh sí ag codladh amuigh.  Thángthas ar a corp ar an tsráid gar d'ionad dídine Chlann Shíomóin ar Ché Andarsan i lár na cathrach ag thart ar 11 a chlog.  Tuigtear go raibh sí ag baint leas as seirbhísí éigeandála do dhaoine gan dídean le tamall fada.
Corp mná faigthe i gcathair Chorcaí
Dáta: 2017-12-06
‘B’fhéidir gur gaol dom a tháinig anseo amach blianta fada ó shin, Cearnach ó Ghleann Fán’ arsa mise liom féin, ‘mar nár chuaigh sean-aintín liom, Lís Ní Chearnaigh, amach go cóngar Sioux City in Iowa agus phós ansiúd amuigh le Cíobhánach ó Chill Uru.’ Thit mo chodladh orm ar feadh tamaill.
Mo chuimhní cinn IX. Irisleabhar Mhá Nuad, 15-144. Pádraig Ó Fiannachta.
Leathanach: 15-144
Dáta: 2012-01-01
Tá plean nua seolta ag an Rialtas ag díriú ar an líon daoine a bhíonn ag codladh amuigh agus ar dhaoine atá gan aon áras cónaithe a laghdú i ngach contae sa tír.
663 aonad cónaithe buan do dhaoine gan dídean
Dáta: 2018-09-26
Cuirfear 200 leaba bhreise ar fáil i gcaitheamh an gheimhridh do dhaoine a bhíonn ag codladh amuigh agus do dhaoine gan aon áras cónaithe.   Tá an méid seo fógartha mar chuid d'fheachtas geimhridh an Choiste Comhordaithe Éigeanála Náisiúnta a seoladh inniu.
200 leaba bhreise do dhaoine gan dídean an geimhreadh seo
Dáta: 2018-11-07
Maraíodh máthair óg agus gortaíodh leanbh óg dá cuid sa timpiste a tharla i mBaile Brigín.  Phléadáil Anthony Handley, 64 bliain d'aois as Whitehorn Grove, Ard Aidhin i mBaile Átha Cliath, ciontach i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath i dtiomáint chontúirteach a raibh bás Olivia Dunne mar thoradh air.  Gortaíodh Éabha Dunne san eachtra chomh maith a tharla ar an 17ú Eanáir 2014 i mBaile Brigín.  D'iarr a chuid dlíodóirí ar an gcúirt pianbhreith ar fionraí a ghearradh ar Anthony Handley mar nach rabhthas in ann a mheas go dtitfeadh sé ina chodladh.  Chualthas sa chúirt inniu, gur maraíodh Olivia Dunne a bhí 31 bliain d'aois ar an bpointe nuair a bhuail gluaisteán Handley í agus í amuigh ag siúil lena leanbhín óg 3 mhí d'aois.
Téarma príosúin dhá bhliain gearrtha ar fhear
Dáta: 2016-05-10
1) Seomra dorcha Míle bliain ó shin, nuair a bhí cónaí orainn amuigh faoin spéir, ba ghnách linn dul a chodladh nuair a bhí sé dorcha agus múscailt nuair a d’éirigh sé geal.
5 Leid Codlata: Samhlaigh an corp mar a bheadh gluaisteán ann! – Ainle Ó Cairealláin
Dáta: 2016-08-08
Cuirfear an chéad chuid de 165 leaba éigeandála bhreise dóibh siúd atá ag codladh amuigh i mBaile Átha Cliath ar fáil anocht Mar chuid de thionscnamh €4 mhilliún Chomhairle Chathair Átha Cliath, beidh 70 leaba d'fhir agus do mhná ar fáil i bhfoirgneamh ina mbíodh pictiúrlann tráth ar Ché Ellis agus 75 leaba eile do lánúineacha i stóras nuachóirithe i Sráid na Breataine Móire.
Na chéad 165 leaba éigeandála bhreise ar fáil anocht
Dáta: 2016-12-09
Lógó gaois.ie
gaois.ie