Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (39)
Athraíonn an saol, gan amhras, fiú i gcás C.L.G., eagraíocht a bhfuil teist an choimeádachais uirthi.
Eagarfhocal. Feasta 58 (3), 3. Pádraig Mac Fhearghusa.
Leathanach: 3
Dáta: 2005-03-01
Bhí an Rúis riamh ina chrann taca ag an choimeádachas san Eoraip.
Tionchar Réabhlóid na Rúise: Amharcann Anton Mac Cába ar thábhacht dara réabhlóid 1917 i stair na hÉireann.. An tUltach 83 (11), 8-10. Anton Mac Cába.
Leathanach: 8-10
Dáta: 2007-11-01
(Aithneofar go bhfuil iarracht den choimeádachas ionam agus habháil scríofa agam seachas haváil).
Simpliú na teanga – Alan Desmond
Dáta: 2005-07-06
Chuaigh an coimeádachas i bhfeidhm ar ghluaiseachtaí an lucht oibre.
Macallaí Chogadh Cathartha na Spáinne: Amharcann Anton Mac Cába ar réamhchath an Dara Cogadh Domhanda. An tUltach 82 (4), 15-16. Anton Mac Cába.
Leathanach: 15-16
Dáta: 2006-04-01
Lean an coimeádachas polaitíochta sa NUDL.
Big Jim agus ‘On the Waterfront’. An tUltach 91 (9), 18-19. D Ó Maol Blagaide.
Leathanach: 18-19
Dáta: 2014-09-01
Tháinig coimeádachas uafásach as sin.
Ní thugtar cothrom na Féinne i gcónaí don chléir…: Ar an dúshraith eacnamaíochta a bhíonn nósanna agus cultúr an phobail bunaithe agus tháinig coimeádachas uafásach i réim in Éirinn tar éis an Ghorta Mhóir – Seosamh Ó Cuaig
Dáta: 2018-09-04
D’fhreastal sé mar peritus ar Dhara Comhairle na Vatacáine, agus bhí sé claonta go mór chun an choimeádachais.
Mo chuimhní cinn XI. Irisleabhar Mhá Nuad 2014, 23-134. Pádraig Ó Fiannachta.
Leathanach: 23-134
Dáta: 2014-01-01
Chomh maith leis sin bhí deireadh tagtha le ré an choimeádachais i dtaca le réim na teanga a bhí feiliúnach in aistriúchán ar an mBíobla.
Pádraig an Bhíobla. Léachtaí Cholm Cille XLVIII, 95-104. Cathal Ó hÁinle.
Leathanach: 95-104
Dáta: 2017-01-01
Is léir go raibh tuairimí an Bhúrcaigh imithe i bhfeidhm ar Eoghan Rua, go háirithe a choimeádachas, a thuiscintí ar ord agus ar reacht:
Liam Ó Muirthile: Rogha Alt. Cois Life 2014.
Leathanach: 147
In idéal iarthar na hÉireann, tá éalú ó shantacht chultúr an duine aonair agus saoirse ó choimeádachas shaol an oirthir.
Caitríona Ó Torna. Lúb ar Phár 7 – Cruthú na Gaeltachta (1893–1922). Cois Life 2005.
Leathanach: 024
An fear a bhíodh ina réabhlóidí, chuaigh sé leis an choimeádachas an uair amháin sa pharlaimint é.
Ar an Lá Seo: Mí na Nollag. An tUltach 94 (10), 23. Aodhán Ó Raghailligh.
Leathanach: 23
Dáta: 2017-10-01
Coimeádachas, (Pol.) An dearcadh go bhfuil sé de cheart ag daoine saibhre gach uile phingin dá gcuid airgid a choimeád.
Foclóir Ionraic Gaeilge–Gaeilge ag teastáil
Dáta: 2015-08-12
D'fhéadfaí a áitiú go bhfuil coimeádachas nó seanghnéitheacht nó frithghníomh ag baint le húsáid mhinic -th(a)íthe ag an mionlach.
Tadhg Ó hIfearnáin, Máire Ní Neachtain: An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc. Cois Life 2012.
Leathanach: 091
Ba é toradh na himní seo ná coimeádachas i réimsí léann na teanga, na cumadóireachta liteartha, na heagarthóireachta agus na critice.
Máirín Nic Eoin. Trén bhFearann Breac – An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge. Cois Life 2005.
Leathanach: 054
Ba é toradh na himní seo ná coimeádachas i réimsí léann na teanga, na cumadóireachta liteartha, na heagarthóireachta agus na critice.
Máirín Nic Eoin. Trén bhFearann Breac – An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge. Cois Life 2005.
Leathanach: 054
Is ceist leochaileach go maith atá anseo, agus ní coimeádachas ná tuairimí cúnga amháin atá i gceist.
Eagarfhocal. Feasta 58 (3), 3. Pádraig Mac Fhearghusa.
Leathanach: 3
Dáta: 2005-03-01
Tá sé deacair a rá go baileach cén fáth ach tá an chúthaileacht agus coimeádachas aigne níos follasaí i measc theachtaí an Lucht Oibre ná aon pháirtí eile.
Cá bhfuil ár bhFionn féin? – Pomuiri
Dáta: 2013-05-15
Cá bhfios ná go mbeadh coimeádachas aicmeach nó sóisialta le casadh léi ina theannta sin, bíodh is nach inti amháin (ná ba threise) a bhraití an claonadh úd.
Shanghaighte?: Éire, an Iasacht agus an tArd-Oideachas. Feasta 64 (9), 19-23. Neil Buttimer.
Leathanach: 19-23
Dáta: 2011-09-01
Bhain snobaireacht, uasaicmeachas, rí-adhradh (nó pé rud a thugtar ar an gcreideamh sin “divine right of Kings” a mhaígh sé a bheith aige) agus coimeádachas bunúsach leis gan amhras.
Mangarae: Cogaíocht agus uasaicme Shasana. An tUltach 89 (4), 16. D Ó Maol Blagaide.
Leathanach: 16
Dáta: 2012-04-01
I gcás Néill Uí Dhónaill a d’fhág rian láidir scolártha agus dúchais ar an teanga liteartha, ní bhraithim aon fhiontraíocht rómhór teanga ar a shaothar; ar an iomlán ní éalaíonn sé ón gcoimeádachas atá ginte ann, ní bhriseann sé le teorainneacha an cheartchreidimh; mar shampla de sin, is go mall a ghlacann sé le fásanna agus forbairtí bailí Rannóg an Aistriúcháin.
Claonadh chun polaitéigse: Agus an tríú húrscéal ó pheann Bhreandáin Uí Dhoibhlin, Sliocht ar Thír na Scáth, amuigh anois, is mithid an léargas saothair a rinneadh anseo ar Aistí Critice agus Cultúir III.. An tUltach 95 (3), 16-17. Liam Prút.
Leathanach: 16-17
Dáta: 2018-03-01
Is cosúil go bhfuil col idé-eolaíoch acu leis an gcóras traidisiúnta atá againn in Éirinn toisc go samhlaítear é, ina n-intinn siúd leis an gcoimeádachas agus leis an seanfhaiseantacht, iad ag ceapadh gur gá ‘scileanna nua-aimseartha’ agus cúrsaí nua-aoiseacha a chur chun cinn sa lá atá inniu ann.
Athrú treo chun donais san oideachas?: Ba cheart díriú ar ábhair thraidisiúnta a theagasc go héifeachtach seachas acmhainní ganna a chaitheamh ar chúrsaí nua nach léir a bhfiúntas, a deir Eoin Ó Cróinín. Comhar 77 (7), 10-13. Eoin Ó Cróinín.
Leathanach: 10-13
Dáta: 2017-07-01
Tá clú ar Radio Marjya - nó míchlú, ba chruinne a rá - laistigh is lasmuigh den Pholainn as frithGhiúdachas is as an gcoimeádachas a thréithríonn na cláir a chraolann sé, coimeádachas atá cáinte go géar ag daoine laistigh is lasmuigh den Eaglais.
Alan Desmond. Seal sa Pholainn. LeabhairCOMHAR 2007.
Leathanach: 066
Ní féidir a rá gur ar mhaithe le siar a bhaint as an léitheoir a dhéantar seo chomh mór le tráchtaireacht gan bhreithiúnas a dhéanamh ar ábhair arb eol dúinn iad a bheith ann nó, arbh fhearr dúinn iad a bheith folaithe uainn faoi scáth na rúndachta, nó an phríobháideachais nó faoi chuing an choimeádachais inár n-aigne istigh.
Léirmheas. Feasta 61 (11), 16-17. Nóilín Nic Bhloscaidh.
Leathanach: 16-17
Dáta: 2008-11-01
Deineadh na gnáthghearáin a bhí dírithe, i gcoitinne, ar choimeádachas na beirte, agus go sonrach ar nithe mar an aontumha i gcás na cléire, namhdas in aghaidh homaighnéasach, cosc ar oirniú ban, agus an cosc ar fhrithghiniúint, go háirithe i dtíortha bochta mar a bhfuil an galar SEIF forleathan.
Eagarfhocal. Feasta 58 (5), 4. Pádraig Mac Fhearghusa.
Leathanach: 4
Dáta: 2005-05-01
Feictear dom gur ghníomh polaitiúil ann féin an méid seo i bhfianaise choimeádachas an chomhluadair léinn trí chéile agus luíonn sé le barúil spéisiúil a chuir Riobard Mac Góráin chun cinn ar Comhar i ndiaidh bhás Uí Chadhain.
Máirtín Ó Cadhain & Dioscúrsa an Dúchais: Léacht an Oireachtais, Cuid 2. Feasta 59 (6), 19-22. Dónall Ó Braonáin.
Leathanach: 19-22
Dáta: 2006-06-01
B’fhacthas do dhaoine gur leoithne úr ó thaobh meoin agus cur chuige a bhí ann i bhfianaise choimeádachas plúchtach an chliarlathais sna caogaidí agus sna seascaidí, cé gur chloígh sé go docht le teagasc údaráis na hEaglaise maidir le mórán ceisteanna sóisialta agus morálta.
Iar-Easpag na Gaillimhe Eamonn Casey tar éis bháis agus é 89 bliain d’aois: Bhí an tEaspag ar dhuine den chléir ba mhó aithne sa tír fiú sular tharraing scannal gnéis conspóid air – Gan údar
Dáta: 2017-03-13
Nuair a duirt sé 'country' arbh é an Ríocht Aontaithe a bhí i gceist aige nó Éire, nó Baile Átha Cliath, dara cathair na hÉireann an tráth sin, nó an méid d'Éirinn a bhí ag imeacht i dtreo chríchdheighilt chreidimh agus choimeádachas shóisialta?
Ní hAnsa. Comhar 71 (7), 18-20. Gréagóir Ó Dúill, Aifric Mac Aodha.
Leathanach: 18-20
Dáta: 2011-07-01
Ní nach ionadh tá easaontas i measc na n-ionadaithe agus i measc na mball, roinnt díobh dubh dóite in aghaidh choimeádachas Fhianna Fáil agus tuilleadh in aghaidh ligint do pháirtí ar bith eile iad a shlogadh.
Gan teideal: Tá drochbhail ar an SDLP ó chaill an páirtí na trí shuíochán Parlaiminte a bhí aige agus ní léir cén tairbhe dóibh súil mhealltach a bheith á caitheamh ag páirtithe ó dheas orthu – Póilín Ní Chiaráin
Dáta: 2018-11-07
Ach cítear d’Éamon Ó Ciosáin go mbíonn RTE RnaG de shíor á tharraingt idir dhá fhórsa – ‘raidiciúlacht na gluaiseachta ba chúis lena bhunú agus coimeádachas an bhunachais ar chuid de é ar shlí.’ (Ó Ciosáin 1998: 20)
Breandán Delap: Ar an Taifead - fís, fuaim, focal (eagrán 2012). Cois Life 2012.
Leathanach: 016
Is léir gur ceistíodh fealsúnacht chraoltóireachta an stáisiúin agus an consensus a bhí ann faoi luachanna na gclár: an pacáiste úd de cheol Gaelach, creideamh Caitliceach, béim mhór ar chluichí Gaelacha, coimeádachas áirithe sa tuairisceoireacht a deir gan dul in aghaidh stuif (mar shampla an chaoi a seachnaítear scrúdú ar an athrú teanga sna ceantracha Gaeltachta ar an stáisiún, agus géarchéimeanna sóisialta eile atá buailte leis na ceantracha seo).
Breandán Delap: Ar an Taifead - fís, fuaim, focal (eagrán 2012). Cois Life 2012.
Leathanach: 018
Más léir gur ag díriú ar scríbhneoirí nach cainteoirí dúchais Gaeilge iad is mó atá Ó Ríordáin sa sliocht seo, is iad coimeádachas agus caolaigeantacht na scríbhneoirí Gaeltachta is mó atá idir chamáin ag Niall Ó Dónaill sa cháineadh a dhéanann seisean ar an nathadóireacht chéanna.
Máirín Nic Eoin. Trén bhFearann Breac – An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge. Cois Life 2005.
Leathanach: 072
Cháin sé “coimeádachas” uasaicme bhuirgéiseach Chaitliceach na Fraince, an pobal dar díobh é, sna húrscéalta aige ach, chomh maith leis sin, thacaigh sé le gluaiseachtaí a bhí ag craobhscaoileadh bholscaireacht fhrith-Naitsíoch idir na blianta 1937 agus 1945.
Scéal ón Fhrainc faoi ról an scríbhneora agus cúrsaí creidimh – Pomuiri
Dáta: 2013-03-12
Maidir leis an reifreann ar an cholscaradh, ní thig a chúinge is a bhí an bua ag lucht a thoirmisc (50.3%) a thuiscint i gceart gan cumhacht na hEaglaise agus coimeádachas an phobail ag an am a chur san áireamh.
Suimiúil beatha an iriseora: I leabhar nua Dheagláin de Bréadún, faigheann an léitheoir blaiseadh de na hathruithe ollmhóra sóisialta atá tarlaithe sa tír seo agu thar sáile le 30 bliain anuas, a deir Breandán Delap. Comhar 76 (10), 27-28. Breandán Delap.
Leathanach: 27-28
Dáta: 2016-10-01
“Tá sé éasca é sin a thuiscint anois, ach nuair a bhí sé ina Ard-Easpag sna hochtóidí agus sna seachtóidí, nuair a bhí na Trioblóidí ar siúl sa Tuaisceart, bhí iarracht mhór an teanga a ghlacadh chuige féin ag pobal amháin, nó cuireadh i leith na teanga nach raibh sé measctha ach le poblachtachas, agus le Caitliceachas chomh maith, agus le coimeádachas.” Chuaigh sé leis an Ghaeilge ar an mheánscoil, sula ndeachaigh leis an tsagartóireacht.
Agallamh: Adhradh do Dhia i nGaeilge. An tUltach 93 (1), 10-11. Anton Mac Cába.
Leathanach: 10-11
Dáta: 2016-01-01
“Ag an am céanna nuair a smaoiníonn tú air, an coimeádachas a lean an Dáil sin agus na tréithe a bhí ag baint leis ar aghaidh tríd a 30idí deacra, na 30idí uafásacha.
Gan teideal: Craolfar agallamh ar an gclár Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin amárach le hUachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUigínn – Gan údar
Dáta: 2018-12-21
De bharr gurbh ó éileamh an phobail a bunaíodh RTÉ RnaG, bhí cur chuige sainiúil aige ón tús: ‘Toisc gur fhás an t-éileamh don raidió as míshastácht le ról comhshamhlaithe RTÉ sa gcéad dul síos, ní nach ionadh gur frithghníomh iomlán i gcoinne gach rud a bhain leis an chraoltóir náisiúnta a bhí i gceist acu.’ (Ó Drisceoil, Fachtna, ‘Idir Radacachas agus Coimeádachas: Fealsúnacht agus Féiniúlacht Raidió na Gaeltachta’, Oghma 8, 1996) I 1996, fógraíodh athrú treo ar pholasaí eagarthóireachta an raidió nuair a rinneadh iarracht freastal ar phobal níos leithne lasmuigh den Ghaeltacht.
Ag Craoladh ag an gCrosbhórthar 40 Bliain de RnaG: Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 40 bliain a bhunaithe an mhí seo. Amharcann Breandán Delap ar stair an stáisiúin agus ar na dúshláin atá roimhe san am atá le teacht. Comhar 72 (3), 9-13. Breandán Delap.
Leathanach: 9-13
Dáta: 2012-03-01
B’é seo an coimeádachas ar a rabhas chomh drochmheastúil, macalla ó Hegel trí Wordsworth ar: Tharla gur chuireas aithne bheag phearsanta ar Sheán Ó Ríordáin.
‘Adhlactha i m’Aigne’. Feasta 60 (10), 11-14. Pádraig Mac Fhearghusa.
Leathanach: 11-14
Dáta: 2007-10-01
(Ní fhágfaidh an scannán seo go deo thú tar éis duit é a fheiceáil.) Ba léir le fada nár thuig an Conghaileach an coimeádachas a bhí go smior i muintir na hÉireann lena linn, agus is léir ó shaothar iontach Peter Jackson nár thuig sé, ná baol air, fulaingt na bhfear go léir ar an mór-roinn idir 1914-1918.  Guthanna na saighdiúirí féin gan aon tráchtaireacht curtha leo atá idir lámha ag Jackson, mar aon leis na híomhánna loma dubh agus bán a craoladh sna hallaí ceoil.
Gan teideal: Tugann saothar fíorchumhachtach Peter Jackson éachtaint ar leith dúinn ar fhulaingt na bhfear a throid ar an mór-roinn idir 1914-1918 – John-Paul McCarthy
Dáta: 2018-11-26
Ach thug an borradh faoi na stáisiúin réigiúnda a tháinig chun tosaigh sna nóchaidí, mar aon le bunú TG4, dúshlán don chur chuige seo, dar le hÉamon Ó Ciosáin: ‘Is léir gur ceistíodh fealsúnacht chraoltóireachta an stáisiúin agus an consensus a bhí ann faoi luachanna na gclár: an pacáiste úd de cheol Gaelach, creideamh caitliceach, béim mhór ar chluichí Gaelacha, coimeádachas áirithe sa tuairisceoireacht a deir gan dul in aghaidh stuif (mar shampla an chaoi a seachnaítear scrúdú ar an athrú teanga sna ceantracha Gaeltachta ar an stáisiún, agus géarchéimeanna sóisialta eile atá buailte leis na ceantracha seo).’ (Ó Cíosáin, Éamon, ‘Scéalta i mBarr Bata agus Pictiúir as an Spéir’ 1998 Léachtaí Cholm Cille XXV111 lch 20) Is minic a cháintear an stáisiún fosta as an easpa soláthair d’aos óg na Gaeltachta.
Ag Craoladh ag an gCrosbhórthar 40 Bliain de RnaG: Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 40 bliain a bhunaithe an mhí seo. Amharcann Breandán Delap ar stair an stáisiúin agus ar na dúshláin atá roimhe san am atá le teacht. Comhar 72 (3), 9-13. Breandán Delap.
Leathanach: 9-13
Dáta: 2012-03-01
Lógó gaois.ie
gaois.ie