Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (1375)
e.g., an chré > don chré.
Trí Scéal Fiannaíochta ó Thomás Ó Criomhthain. Irisleabhar Mhá Nuad 2015, 197-247. Pádraig Ó Héalaí.
Leathanach: 197-247
Dáta: 2015-01-01
Maidir le hainmfhocal tugtar rannóg chainte, inscne agus iolra, ansin tugtar focail atá cosúil leis agus samplaí den úsáid m.sh, cré earth soil, ithir, talamh; mórchuid cloch agus gannchuid cré, cuir i gcré to plant; ag sluaisteáil cré shoveling mud, píopaí cré agus frásaí: i gcré, faoin chré: bídís beo nó i gcré whether they are alive or dead; i gcré na cille dead and buried.
Léirmheas. Feasta 69 (5), 9-10. Gan Údar.
Leathanach: 9-10
Dáta: 2016-05-01
Maidir le hainmfhocal tugtar rannóg chainte, inscne agus iolra, ansin tugtar focail atá cosúil leis agus samplaí den úsáid m.sh, cré earth soil, ithir, talamh; mórchuid cloch agus gannchuid cré, cuir i gcré to plant; ag sluaisteáil cré shoveling mud, píopaí cré agus frásaí: i gcré, faoin chré: bídís beo nó i gcré whether they are alive or dead; i gcré na cille dead and buried.
Léirmheas. Feasta 69 (5), 9-10. Gan Údar.
Leathanach: 9-10
Dáta: 2016-05-01
Ach tá na heolaithe dóchasach go bhfuil créanna sileacha ar an dromchla; creidtear go raibh ról tábhachtach ag créanna dá leithéid i gcruthú na móiliní orgánacha as ar fhorbair móilíní na beatha níos moille.
Aistear Huygens go dtí Tíotán, Gealach Dhiamhair Shatairn: Duais-iarracht é seo i gComórtas A15, Aiste ar théama innealtóireachta, maoinithe ag Cumann na nInnealtóirí, Oireachtas na Gaeilge 2004.. Feasta 57 (11), 23-26. Aonghus Ó hAlmhain.
Leathanach: 23-26
Dáta: 2004-11-01
Dealbh chré-umha atá inti, deich dtroithe ar airde.
Ag amharc uaim
Dáta: 2001-05-01
An cosán atá anois gan dromchla crua ina bhoglach de chré rua.
Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007.
Leathanach: 076
Tá traidisiún potaireachta sa cheantar seo ag dul siar chomh fada leis an gcré-umhaois.
Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007.
Leathanach: 085
An chré rua scuabtha amach ar an mbóthar.
Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007.
Leathanach: 086
Dromchla aimhréidh de chré agus de chlocha ar an gcosán anois.
Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007.
Leathanach: 232
Ní haon chailliúint domsa é gur faoin gcré a bheidh sé ag dul.
Brian Ó Dochartaí: Bean i mBiarritz. Cois Life 2007.
Leathanach: 044
Bhí éadach de lása mín ar an mbord, mar aon le mias chré lán de bhláthanna.
Anna Heussaff: Cúpla Focal. Cois Life 2007.
Leathanach: 073
Aghaidh fhuar cloiche uirthi anois, marmar, ag feitheamh le dul faoi chré.
Éilís Ní Dhuibhne: Dún an Airgid. Cois Life 2008.
Leathanach: 133
Tá ailltreacha creagacha de chré donnrua ar gach taobh eile.
Alex Hijmans: Favela. Cois Life 2009.
Leathanach: 027
Rinne an fear casacht, chas a cheann agus chaith smugairle mór glasbhuí sa chré.
Alex Hijmans: Gonta. Cois Life 2012.
Leathanach: 062
Pram linbh i mbaclainn chré.
Liam Ó Muirthile: Rogha Alt. Cois Life 2014.
Leathanach: 001
In ainm na nglúnta sa chré, tá siad ag buamáil Londan.
Liam Ó Muirthile: Rogha Alt. Cois Life 2014.
Leathanach: 200
Daoine a raibh fásra ó bhonn a gcos síos don chré shinseartha.
Alan Titley: Scríbhneoirí faoi Chaibidil. Cois Life 2010.
Leathanach: 089
Sháigh Tadhg an rámhainn sa chré lena chois.
Seán Mac Mathúna: Úlla (eagrán 2011). Cois Life 2011.
Leathanach: 053
Ba dheise d’íomhá é ná a bheith sínte sa chré fhliuch i dteannta an mhadra.
Seán Mac Mathúna: Úlla (eagrán 2011). Cois Life 2011.
Leathanach: 115
Thosaigh sí ag tochailt sa chré in aice léi lena méar.
Orna Ní Choileáin: Vaimpír san Áiléar. Cois Life 2013.
Leathanach: 068
Go gairid ina dhiaidh sin fuair mé comhfhreagras spéisiúil ó Chré na Cille.
Scéalta ón gCibearspás
Dáta: 2015-01-30
Corraíonn an chré faoi mo lámha garraíodóra.
FOCAL IS FUAIM: Biddy Jenkinson ag léamh as a cnuasach filíochta Oíche Bhealtaine (Coiscéim 2005)
Dáta: 2015-06-22
Cé a dhéanfaidh tiontú ar Chré na Cille go hEmojis anois?
An teanga is mó fás… Ó Emojia!: Straoiseoga anois mar chuid rialta den Ghaeilge – Eoin P. Ó Murchú
Dáta: 2015-06-02
I measc a chuid giuirléidí tá dornán de chré Spáinneach clúdaithe in éadach dearg.
Sárshaothar Ken Loach: Land and Freedom - 1995 – Foireann NÓS
Dáta: 2016-02-16
Seachtain ó shin cuireadh Karen Buckley i gcré na cille i gContae Chorcaí.
Mná – an marbh agus an milleán – Sinéad Ingoldsby
Dáta: 2015-05-05
Ansin an chré á sluaisteáil anuas uirthi go torannach, greamaitheach, maslach.
Mícheál Ó Ruairc: Daoine a Itheann Daoine. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 077
Chlúdaigh sé í leis an gcré úr dhubh ansin, cré a luigh go cineálta uirthi.
Mícheál Ó Conghaile: Diabhlaíocht Dé. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 044
Cnámha na gcianta ag dreo i gcré na cille.
Anna Heussaff: Scáil an Phríosúin. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 282
Bhí an chré rófhliuch chuige i ndáiríre, ach tá Mamó ábhairín ceanndána sna cúrsaí seo.
Sliocht Neidí. Feasta 53 (5), 16. Biddy Jenkinson.
Leathanach: 16
Dáta: 2000-05-01
Tógadh na ciorcail seo sa Chré-Umhaois, idir an 2,200 agus 500 bliain Roimh Chríost.
Ar Chamchuairt i gCiarraí: Neidín, 22 Meitheamh 1999. Feasta 53 (7), 12. Peadar Bairéad.
Leathanach: 12
Dáta: 2000-07-01
Cé go raibh sé sa chré thar leithchéad bliain ní raibh cnámh briste ina chorp.
Roddy McCorley & Laochra Dhroichead Thuama 1798. Feasta 53 (9), 13-16. Pádraig Ó Baoighill.
Leathanach: 13-16
Dáta: 2000-09-01
Ar dtús báire, tá an Chré ann ina bhfuil coincheapanna an chreidimh ann.
An teagasc Críostaí in Éirinn. An tUltach 82 (9), 14-16. Carmel Ní Néill.
Leathanach: 14-16
Dáta: 2006-09-01
As an gcré seo a shíolraigh Comhar a chéaduair.
Eagarfhocal. Comhar 72 (3), 4. Aifric Mac Aodha.
Leathanach: 4
Dáta: 2012-03-01
Rinne an bháisteach clabar den chré.
Iarracht chun Feabhais: Gearrscéal le Ruán Ó Gliasáin. Comhar 74 (10), 28-30. Ruán Ó Gliasáin.
Leathanach: 28-30
Dáta: 2014-10-01
An chré ag titim isteach air de réir a chéile.
Adhlacadh: Ón gcnuasach nua Teachtaireacht a fhoilseoidh Cló Iar-Chonnacht an mhí seo.. Comhar 75 (10), 21-22. Colin Ryan.
Leathanach: 21-22
Dáta: 2015-10-01
Deir sí leis gur múnlaíodh a lámha ón gcré dá chéile.
Scott de Buitléir, Caitríona Ní Chléircín, Deirdre Ní Chonghaile, Majella McDonnell, Simon Ó Faoláin, Muiris Ó Meara, Ailbhe Ní Ghearbhuigh: Blaiseadh Pinn: Nuascríbhneoireacht Ghaeilge. Cois Life 2008.
Leathanach: 024
An chloch a chloí, is an chré
Isobel Ní Riain: Carraig agus Cathair: Ó Direáin. Cois Life 2002.
Leathanach: 033
Nach ndeachaigh ina gcré,
Isobel Ní Riain: Carraig agus Cathair: Ó Direáin. Cois Life 2002.
Leathanach: 057
Do rogha ar an gcré chollaí.
Isobel Ní Riain: Carraig agus Cathair: Ó Direáin. Cois Life 2002.
Leathanach: 101
Is ó thréigis an chré ar an gcloch
Isobel Ní Riain: Carraig agus Cathair: Ó Direáin. Cois Life 2002.
Leathanach: 102
Níl aon 'Chré' agam sa cheist seo ach tá tuairimí.
Regina Uí Chollatáin: Iriseoirí pinn na Gaeilge. Cois Life 2008.
Leathanach: 163
Mhúch sé a thodóg i gcré dhonnrua na plásóige agus d’éirigh, deifir air go tobann.
Alex Hijmans. An Tearmann. Cois Life 2016.
Leathanach: 066
Iarsmaí freisin ó na mianaigh chopair a saothraíodh ón gCré-Umhaois i leith.
Anna Heussaff. Bás Tobann. Cois Life 2004.
Leathanach: 097
Chuimil sí a méara ar chré bhog an ghairdín, a bhí tais faoi dhrúcht na hoíche.
Anna Heussaff. Bás Tobann. Cois Life 2004.
Leathanach: 211
Chorraigh brus buí na seanchnámh sa chré.
Liam Ó Muirthile. Sister Elizabeth ag Eitilt. Cois Life 2005.
Leathanach: 019
Cnámharlach ag rámhaíocht ar muir chré.
Liam Ó Muirthile. Sister Elizabeth ag Eitilt. Cois Life 2005.
Leathanach: 020
Is í an teanga an chré as a mhúnlaíonn an file an dán.
Comórtas Filíochta, Seachtain na Gaeilge ’02: Tuairisc an Mholtóra. Feasta 55 (10), 27. Mícheál Ó Ruairc.
Leathanach: 27
Dáta: 2002-10-01
Thángamar ón gcré agus rachaimis ar ais inti, tháinig na focail duairce ón mBíobla chuici.
Taobh Thiar den Aghaidh Fidil: Giotaí as an seomra scoile. Feasta 55 (4), 7-9. Claire Dagger.
Leathanach: 7-9
Dáta: 2002-04-01
Tá Micilín sinte i gcré.
Fínín: Gearrscéal le Colin Ryan. Feasta 55 (6), 7. Colin Ryan.
Leathanach: 7
Dáta: 2002-06-01
Tá an búistéir thíos le cailín tí tabhairne agus gan faic fútha ach an chré.
Idir Dhá Shaol leis an Athair Pádraig Ó Murchú: Seoladh an treas cló de ‘Idir Dhá Shaol’ sa Chaifé Liteartha, Daingean Uí Chúis’ ar an 13 Lúnasa 2002.. Feasta 55 (8), 19-21. Mícheál de Mórdha.
Leathanach: 19-21
Dáta: 2002-08-01
Theastaigh uaidh i gcón­aí go mbeadh sé curtha i gcré a mhuintire.
Ó Choill an Bhaile go Nua Eabhrac agus ar ais. Feasta 57 (1), 25. Máirtín G. Ó Maicín.
Leathanach: 25
Dáta: 2004-01-01
Ach faoin am sin bhí Úna féin faoin gcré.
Gaeilgeoirí Uasaicmeacha ó Chontae Laoise. Feasta 57 (9), 25-26. Seán Ua Cearnaigh.
Leathanach: 25-26
Dáta: 2004-09-01
Dá mba rud é go raibh mise i láthair ní bheadh Páidín faoin gcré anocht.
Seán agus Máire. Feasta 58 (10), 9-10. Brian Ó Dochartaí.
Leathanach: 9-10
Dáta: 2005-10-01
Bhí Jones faoin gcré nuair a foilsíodh ‘Cailín ón tSibéir’.
Tom Jones na hÉireann. Feasta 58 (11), 26. Seán Ua Cearnaigh.
Leathanach: 26
Dáta: 2005-11-01
Is as an gCré Dhubh, An Spidéal Joe Steve Ó Neachtain.
Céimeanna Oinigh bronnta ar Joe Steve Ó Neachtain & Seán Ó Coistealbha. Feasta 58 (12), 16-17. Gan Údar.
Leathanach: 16-17
Dáta: 2005-12-01
Rugadh Joe Steve Ó Neachtain ar an gCré Dhubh i 1942.
Joe Steve Ó Neachtain. Feasta 58 (12), 22. Pheadair Mhic an Iomaire.
Leathanach: 22
Dáta: 2005-12-01
Trócaire sa chré air féin is ar a mhuintir ar fad.
Micí Dainín Ó Sé: Seoid Náisiúnta ar lár. Feasta 66 (10), 14-15. Mícheál de Mórdha.
Leathanach: 14-15
Dáta: 2013-10-01
Ansin thosódh an aimsir arís, an corp gan ainm ag dreo i gcré.
An Chríoch - Scéal an Mheirligh. Feasta 66 (5), 12. Colin Ryan.
Leathanach: 12
Dáta: 2013-05-01
Bhí 12,000 i láthair nuair a cuireadh file and cumadóir ceoil mór na hAlban i gcré.
Rabbie Burns. Feasta 69 (3), 8-9. Pádraig Ó'Baoighill.
Leathanach: 8-9
Dáta: 2016-03-01
Tá na ceannairí faoin gcré nó faoi ghlas.
An Claiḋeaṁ Soluis’ – An ndéanfar obair an Chonartha de réir am Shasana?: An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (21 Deireadh Fómhair 1916) …uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’ – Maitiú Ó Coimín
Dáta: 2016-10-28
Trócaire sa chré air, mar a deireadh muintir an oileáin féin.
Cara mór leis na Blascaodaigh imithe ar shlí na fírinne: Thug an Sasanach Ray Stagles leathchéad bliain, gan stad, ag teacht go dtí an tOileán Tiar gach samhradh – Mícheál de Mórdha
Dáta: 2017-01-06
Tá an chré mar a bheadh gaineamh ann.
Bothar an fhasaigh – Gan údar
Dáta: 2002-06-05
Thairg stócach amháin na crúite a bhaint dá chosa sula gcuirfí faoin chré é.
Beocheist Eagarthoir Gaeilge: Pol O Muiri Ag leamh liom – Gan údar
Dáta: 2002-07-31
Dúirt mé libh gan nimh a chur im chré bheannaithe féin nó gur daoibh ba mheasa.
Labhrann an aimsir – Alan Titley
Dáta: 2014-02-19
Ó luaith go luaith, ó chré go cré!
Leabhair i léig; na seanleabhair nach bhfuil spás ann dóibh a thuilleadh – Torlach Mac Con Midhe
Dáta: 2015-01-21
Agus go mbraithimid ceangal éigin leis an gcré as ar thángamar, agus leis an gcré ar a bhfillimid...
Tá ceacht le foghlaim againn ón chéachta – Cathal De Paor
Dáta: 2016-09-19
Cén chiall an chathaíocht seo i gcré na cille?
An leagan Iaracach de chre na cille a scriobh – Gan údar
Dáta: 2003-04-09
Inniu, déantar anailís cheimiceach fhisiciúil ar an gcré agus ar an gcarraig thíos fúithi.
Buile an oir – Torlach Mac Con Midhe
Dáta: 2005-06-29
Lena gcré “Ní mhaífinnse,/Ná mo leithéidse, gaol/Cíoraim mo cheann/Is cuirim dath fém béal”.
‘Dath fém béal’ – Pól Ó Muirí,,Eagarthóir Gaeilge
Dáta: 2012-02-22
– chonspóideacha, ródháiríre, radacacha nár fhág féar gé lasmuigh díobh nár iníoradh go dtí an chré.
Líon suas arís é!. Feasta 59 (11), 14. Murchadh Mac an Aighnis.
Leathanach: 14
Dáta: 2006-11-01
Ansin thuirling ailp chré ar dhrom m’athar agus phléasc sé in airde ina phúdar donn.
Meisias. Feasta 60 (4), 7-10. Frainc Ó Murchadha.
Leathanach: 7-10
Dáta: 2007-04-01
Rug sé duais chré-umha leis i mBarcelona, áit ar fógraíodh buaiteoirí Epica na bliana seo.
Duaiseanna aitheanta buaite arís ag fógraí TG4. Feasta 61 (12), 17. Gan Údar.
Leathanach: 17
Dáta: 2008-12-01
Cuireadh Tomás i gcré na cille.
Coinneal na Nollag. Feasta 62 (12), 7-9. Brian Ó Docharta.
Leathanach: 7-9
Dáta: 2009-12-01
An chré ag titim isteach air de réir a chéile.
Adhlacadh. Feasta 63 (4), 7-8. Colin Ryan.
Leathanach: 7-8
Dáta: 2010-04-01
Nuair a foilsíodh an leabhar faoi dheireadh, ámh, bhí an t-údar féin faoin gcré.
Laochra Gaeilge san Astráil. Feasta 63 (5), 46-49. Seán Ua Cearnaigh.
Leathanach: 46-49
Dáta: 2010-05-01
Ní raibh aon oidhre ar a n-aithreacha Triontacha anois ach chré.
Ainm an Athar is a Mhic. Feasta 63 (9), 7. Muiris Ó Meára.
Leathanach: 7
Dáta: 2010-09-01
Uaireanta, a dúirt an iníon, caithfidh na mairbh an chré a tharraingt anuas orthu féin.
Scéilíní ón Astráil. Feasta 65 (11), 24. Colin Ryan.
Leathanach: 24
Dáta: 2012-11-01
Tabhair uisce don chré atá timpeall air i dtreo is go bhfanfaidh sí deas bog.
Roinnt Scéalta ón Aifirc. Feasta 65 (8), 24-25. Gabriel Rosenstock.
Leathanach: 24-25
Dáta: 2012-08-01
Bhí an tseamair chré á craitheadh ag na roiseanna gaoithe.
Ar feadh mo Chuimhne. Feasta 67 (11), 6-7. Pádraig G Ó Laighin.
Leathanach: 6-7
Dáta: 2014-11-01
Tá seisean faoin gcré ó 1943.
Léirmheas 2. Feasta 67 (6), 25. Brian Ó Dochartaí.
Leathanach: 25
Dáta: 2014-06-01
‘Ag Gaeil chumhra an Chreagáin a leagfar mé i gcré faoi fhód’​.
MAC CUMHAIGH, Art (c.1738–1773)
Dáta: 2017-05-24
Scaipeadh a chré ar Abhainn na Sionainne ó dhroichead Chill Dalua.
Ó hAODHA, Micheál (1918–1998)
Dáta: 2017-05-24
Is iad na bailiúcháin eile leis: Cill chré, 1976 agus Crainn seoil, 1990.
Ó hÁINLE, Liam (1920-2000)
Dáta: 2017-05-24
Thug sí togha an chúraim dá céile grách nó gur cuireadh i gcré é.
Ó SÉAGHDHA, Nessa [Ní Shéaghdha] (1916-1993)
Dáta: 2017-05-24
Tá Josie i gcré na cille i reilig Mhaírois.
Josie Joe Pheadair – file nach raibh aon teorainn lena chumas, a thug sé leis ó dhúchas: Bhí ceol i bhfilíocht Josie Ó Guairim, a d’imigh ar shlí na fírinne le déanaí, agus an cumas ann focail a chur ag pramsáil, ag damhsa agus ag léimneach thar a chéile – Jackie Mac Donncha
Dáta: 2017-03-15
Ní fhágfaidh sí an t-oileán ach rachaidh sí faoi chré chádranta an oileáin.
Cuimhne an Domhnaigh. An tUltach 84 (1), 16-17. Pádraig de Bléine.
Leathanach: 16-17
Dáta: 2008-01-01
Ag tochailt sa chré, ag amaidí sa chlábar agus ag baint an fhéir.
An Tríú Póilí. An tUltach 86 (11), 2. Malachy Ó Néill.
Leathanach: 2
Dáta: 2009-11-01
Scaipeadh 350 tonna de chré na gealaí 6 mhíle suas sna spéartha.
Níl aon tóin thinn mar thóin thinn Dhónaill. An tUltach 86 (11), 11. Gan údar.
Leathanach: 11
Dáta: 2009-11-01
Crann leochaileach álainn, iarraidh á tabhairt aige ar a phréamhacha a dhaingniú sa chré thíos.
Eagarfhocal. An tUltach 87 (10), 2. Gráinne Ní Ghilín.
Leathanach: 2
Dáta: 2010-10-01
Fuarthas, fosta, iarsmaí ón ré Chré-umha, mar shampla, fulachtaí fia, seoda óir, tithe, sráidbhailte srl.
Islandmagee & Templecorran: A Postcard History: Fear ildánach é Stiofán Ó Direáin (thíos) as Ard Eoin, Béal Feirste ó dhúchas. Chaith sé a shaol oibre ag plé leis an fhisic agus leis an infheistíocht i dtíortha éagsúla. Bíonn sé ag teagasc na Gaeilge i réimse institiúidí ina chathair dhúchais agus tá cónaí anois air in Oileán Mhic Aodha, Contae Aontroma. Déanann sé cur síos anseo ar a leabhar nua ar stair an cheantair sin.. An tUltach 87 (6), 18. Stiofán Ó Direáin agus Francis McHugh.
Leathanach: 18
Dáta: 2010-06-01
I gceann cúpla mí bhí Cathbar sa chré in aice leis.
Ar an lá seo: Iúil. An tUltach 89 (7), 23. Aodhán Ó Raghailligh.
Leathanach: 23
Dáta: 2012-07-01
Taobh istigh de bhliain, bhí sí féin faoin chré agus gan ach 38 bliain slánaithe aici.
Ar an lá seo: Aibreán. An tUltach 90 (4), 23. Aodhán Ó Raghailligh.
Leathanach: 23
Dáta: 2013-04-01
Cuireadh an nasc beo deireanach le Gaeltacht Fhear Manach sa chré ar an 29 Samhain.
An nasc deiridh le Gaeltacht Fhear Manach. An tUltach 91 (1), 14. Anton Mac Cába.
Leathanach: 14
Dáta: 2014-01-01
An miotal a scaradh ón gcré.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 231
An miotal uasal a dhealú ón gcré?
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 236
Ansin an chré á sluaisteáil anuas uirthi go torannach, maslach, greamaitheach.
An tÉigniú...: Gearrscéal nua le Mícheál Ó Ruairc. Comhar 76 (11), 22-25. Mícheál Ó Ruairc.
Leathanach: 22-25
Dáta: 2016-11-01
Cairde don té a bhí curtha faoin gcré an lá roimhe sin.
An tÉigniú...: Gearrscéal nua le Mícheál Ó Ruairc. Comhar 76 (11), 22-25. Mícheál Ó Ruairc.
Leathanach: 22-25
Dáta: 2016-11-01
Trócaire sa chré ar Dhanny an tSíthigh, agus ar lucht na naomhóg ar fad.
ÓMÓS: Danny an tSíthigh – rí na farraige, na scéalta agus na naomhóige: Fear ildánach iltréitheach ab ea Domhnall Mac Síthigh (Danny an tSíthigh) a bhásaigh Dé hAoine seo caite – Daithí De Mórdha
Dáta: 2017-06-15
Cuireadh beirt de laochra spórt na rásaíochta capall i gcré na cille an tseachtain seo.
Ní hionann an rásaíocht anois agus ré Martin Molony nó fiú Tommy Carberry: Ní baileach go mba as an rachmas a fáisceadh J.P. McManus ná Michael O’Leary ach is é rian an ‘airgid nua’ atá le brath ar an léimrásaíocht sa lá atá inniu ann – Mártan Ó Ciardha
Dáta: 2017-07-16
Faraoir, is i gcré na cille a bhí a mhuintir agus a ghaolta go léir.
Léirmheas: An Mianadóir le Jackie Mac Donncha ISBN: 9781784441180. Cló Iar-Chonnacht. 119 lch. €10.00.. Feasta 69 (10), 10. Brian Ó Dochartaí.
Leathanach: 10
Dáta: 2016-10-01
Lógó gaois.ie
gaois.ie