Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (2)
Thosaigh sí ag tarraingt chuici gráinneacha de na síolta éagsúla agus thosaigh á bpacáil chomh maith agus a d’fhéad sí isteach ina cluasa, isteach faoina súile, siar ina béal, isteach i ngach créacht, suas ina cuid polláirí, ina tóin is ina gabhal nó go raibh gach poll,scoilt is prochóg di ag cur thar maoil.Ansin ghlan sí amach na giotaí is na snáithíní fionnaidh a bhí neadaithe ina himleacán agus chuimil dornán síolta isteach ann, í ag súil go gcoinneoidís a ngreim ansin ina craiceann allasach.
Mícheál Ó Conghaile: Diabhlaíocht Dé. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 034
Ansin ghlan sí amach na giotaí is na snáithíní fionnaidh a bhí i bhfostú go neadúil ina himleacán agus chuimil dornán síolta isteach ann, í ag súil go gcoinneoidís a ngreim ansin ina craiceann allasach.
Bricfeasta Madra: Gearrscéal. Comhar 72 (4), 17-20. Micheál Ó Conghaile.
Leathanach: 17-20
Dáta: 2012-04-01
Lógó gaois.ie
gaois.ie