#1778104
Cuid acu mear, cuid eile leathsciobtha, cuid acu malltriallach agus cuid eile chomh mall le seilide.
Cuid acu mear, cuid eile leathsciobtha, cuid acu malltriallach agus cuid eile chomh mall le seilide.
Scrúdaíodh a cuid súl, a cuid fiacla, a cuid ingne, a cluasa, a dhá láimh.
Tá cuid acu gránna, cuid acu álainn, cuid acu fial, cuid acu sprionlaithe, cuid acu ionraic, cuid acu mí-ionraic.
Cuid díobh ar leathshúil, cuid eile ar leathláimh, cuid eile fós ar leathchois.
Tábhacht a cuid filí, iontas a cuid dánlann, ceiliúradh a cuid scríbhneoirí?
Bíonn cuid acu aontaobhach agus cuid acu cothrom go leor agus cuid eile ina gclasaicí cearta.
Tá siad na seanfhocail roinnte ina gcoda de réir na tagartha atá iontu .i.
Cad a tharlódh dá dtosódh na ceártaí gustalacha ag cantáil a gcoda?
Halla breá fairsing chun ár gcoda a roinnt is a ithe.
Tá foraoiseacha go flúirseach inti agus is aoibhinn a cuid aibhneacha, a cuid móinéar, a cuid úllord niamhrach, a cuid torthaí breátha agus a cuid foinsí gléigeala uisce.
An bhfuil tú ag fáil do choda?
Is leabhar ar chodanna de chultúr an dúchais é a fhiafraíonn céard is béaloideas ann.
Is léann é a cheadaíonn dúinn súil a chaitheamh anois is arís ar chodanna áirithe de.
Focar ceart a bhí feicthe ag Beirtí cheana féin ag bolú timpeall ag lorg a choda.
Bhí séala a choda thuas air, é trom agus snas buí ina chóta slíoctha fionnaidh.
Bhreathnaigh sé anuas ar a chuid cairde, ar a chuid gaolta, ar a chuid comrádaithe Éireannacha.
Chruthódh Fleming níos ceanúla ar a chuid saoirse ná an-chuid dá chuid comrádaithe.
Roinntear an leabhar ina chodanna, cúig cinn díobh.
Is minic a bhaineann nuachtáin úsáid as painéil le scéal fada a bhriseadh ina chodanna.
Ach an faoileán amplach Gona gharbhghlór gránnna Fanfaidh i bhfeighil a choda
Is deacair saothar leis a bhriseadh síos ina chodanna.
Bhí sé íseal go leor agus rian a choda air – a bholg roimhe.
D’éirigh leis riar a choda a bhaint amach ansin.
‘Scaipimis é,’ ar seisean leis an madra, a bhí ag alpadh a choda (píosa caoireola).
Tig leis an gcasadh sin tarlúint i gceann ar bith de thrí chodanna an haikú.
Bhain sé riar a choda amach mar chléireach agus mar mhúinteoir luathscríbhinne.
Tá trí chodanna san aspairtéim.
Bhain athair Shan riar a choda amach mar mhaor ar eastát Iarla na hÉirne.
‘Tá deireadh le Salisbury agus a chuid cánacha agus a chuid praghasáiste agus a chuid plotaireachta?
Tuigeann muid dá chuid feirge agus dá chuid sainte agus dá chuid uaillmhianta.
Tá an-chuid le déanamh againn – an-chuid pleidhcíochta agus an-chuid seinnte sa chiúnas.
"Cad ina thaobh go dtabharfaimis smacht ar chodanna éagsúla d'ár ngeilleagar do chomhlachtaí mar seo?
Is maith go bhfuil údar proifisiúnta ag tabhairt faoi athnuachan ar chodanna de chanóin na litríochta.
Tháinig Paidí chuig an doras a fhad is a bhí sé ag críochnú a choda
Ghlac mé leis na ráflaí agus chuaigh mé sa seans agus mé ag scríobh mo choda.
Ach bhí sí ag déanamh a coda.
Lean mé é, fad leis na carraigeacha a scair ár gcuid den trá ón gcuid eile.
Is fuil dá gcuid fola muid, feoil dá gcuid feola.
Bun agus barr an scéil ná nach mó ná méid a gcodanna formhór na raonta seo.
Bhí dúil ag an triúr acu ina gcuid bia agus ina gcuid dí.
Is ann a d’fhágadh na timirí a gcuid leabhar agus a gcuid airgid.
D’fhásaidís a gcuid beatha féin agus dhéanaidís a gcuid éadaigh féin, bríste ceanneasna agus báinín.
I mbaile Raghnaill roinneadh na hÉireannaigh Aontaithe i dtrí coda.
I bPeiriú agus i gcodanna áirithe den Bholaiv tá bail níos fearr ar an teanga.
Téann a gcuid fear céile chun an aonaigh agus a gcuid páistí chun na scoile.
84, r.2) léirítear an seanchóras trí fheidhm na gcodanna éagsúla den teach a lua.
Ach má tá, ní ligeann a gcuid dea-Ghaeilge dóibh a gcuid smaointe a nochtadh.
Mharaigh siad a gcuid beithíoch, dhóigh siad a gcuid gráin.
Thaitin an leagan amach seo go mór liom, an leabhar a bheith roinnte i gcodanna éagsúla.
Bheadh Ulrich Schnauss, nó Brian Eno féin, mórtasach as coda taibhseacha an amhráin.