#887604
Chomh maith leis na ceannfhocail iad féin agus na hiontrálacha thíos fúthu sin, tá i ndeireadh an leabhair 91 (aon liosta dhéag agus ceithre scór) nó nócha a haon liosta ina bhfuil frásaí fíorúsáideacha, dobhriathra, nathanna cainte leis na briathra mar tá, cuir, bain, tóg, faigh agus réamhfhocal simplí, mar tá leisce ar, tá náire ar, tá tuirse ar, tá uaigneas ar, tá moill ar, agus cuir ruaig ar, cuir blas ar, cuir eagar ar, déan aithris ar, déan leasú ar, bain preab as, bain gáire as, agus ní gearrliostaí iad ach liostaí cuimsitheacha, feidhmiúla atá furasta a úsáid.