Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (20)
Scuaine fámairí ag síorshiúl thairis suas agus síos nó go ndearna sé neamhshuim dhíobh.
Joe Steve Ó Neachtain: Idir Neamh is Talamh. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 107
Stracfhéachaint dar thug mé – ar déanadh stánadh di go grod – chonac uaim ar mhala na páirce scuaine ban ag tóch is ag rómhar.
Athrú eile Bunreachta – Alan Titley
Dáta: 2016-09-12
Tháinig scuaine mór ban os comhair deilbhe den Leanbh Íosa agus dá Mháthair; d’umhlaíodar dóibh agus rinneadar rince.
Mo chuimhní cinn XI. Irisleabhar Mhá Nuad 2014, 23-134. Pádraig Ó Fiannachta.
Leathanach: 23-134
Dáta: 2014-01-01
Is iontach an cur síos a dhéanann sé ar fhulaingt na ngnáthdhaoine a bhí ag dul i ngleic le scuainí bia, boilsciú agus titim thubaisteach an rúbail.
Suimiúil beatha an iriseora: I leabhar nua Dheagláin de Bréadún, faigheann an léitheoir blaiseadh de na hathruithe ollmhóra sóisialta atá tarlaithe sa tír seo agu thar sáile le 30 bliain anuas, a deir Breandán Delap. Comhar 76 (10), 27-28. Breandán Delap.
Leathanach: 27-28
Dáta: 2016-10-01
Dhéanadh Maria Laszkiewicz is a deirfiúr uainíocht ar a chéile: "D'fhanfainn ar feadh uaire sa líne is ansin thiocfadh mo dheirfiúr is rachainn abhaile le haghaidh babhla anraith." Dar le Laszkiewicz go bhfaightear aithne ar dhaoine, is ar nádúr daoine, agus scuainí mar seo mar ghnáthchuid den saol laethúil.
Ciúnna, ciúnna, ciúanna agus ciúnna – Alan Desmond
Dáta: 2006-04-26
Rinne Naná comhartha láimhe le cur in iúl go bhféadfadh Nilton teacht chuig an bhfuinneog, roimh na daoine eile sa scuaine.
Alex Hijmans: Favela. Cois Life 2009.
Leathanach: 125
Chuala agus thuig mé gach uile fhocal dá ndúirt an fear agus déanta na fírinne bhí trua agam dó; bhí sé anseo sular thángamar isteach agus ligeadh Nilton isteach sa scuaine roimhe.
Alex Hijmans: Favela. Cois Life 2009.
Leathanach: 128
Braithim beagáinín amaideach á dhéanamh ach cloím le comhairle an tseanfhocail: Ná déan nós... Tá scuaine fhada daoine romham agus i mo dhiaidh agus na geáitsí céanna ar siúl acu ar fad.
Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007.
Leathanach: 258
I bhfómhar na bliana 2015, scríobh Pat Stacey ón Evening Herald, mar shampla, go mbeadh sé i dtosach na scuaine chun aighneacht a shíniú dá ndéanfaí iarracht riamh deireadh a chur le TG4.
Seán Tadhg Ó Gairbhí. Súil Eile. Cois Life 2017.
Leathanach: 354
Agus iriseoir ar bith ag déanamh tuairisce, bíonn orthu a bheith ar an láthair san áit cheart agus dá bhrí sin, caithfidh go mbíonn tionchar éigin acu ar an ábhar: “Craitheann fir óga a gcuid gunnaí san aer a luaithe agus a thosaíonn criú ceamara ag taifeadadh agus coinníonn siad súil ghéar ar a chéile nuair a chuireann tuairisceoir ceisteanna ar dhuine dá gcomhghleacaithe.” Deir sé nuair a dhéanann iriseoir trácht ar eachtra éigin go bhfágtar go leor ar lár: “Is féidir le scríbhneoir tagairt a dhéanamh do scuaine feithiclí na Náisiún Aontaithe mar chuid bheag de thuairisc.
Insint ealaíonta ar bhealach eile iriseoireachta – Éanna Ó Caollaí
Dáta: 2013-11-20
scuainí fhada tar éis bailiú ag tigh tórraimh O'Connells lena gcomhbhrón a chur in iúl do mhuintir na mná a dúnmaraíodh i nGlaschú.  Bhí Karen (24) ina mac léinn in Ollscoil Caledonian, Ghlaschú agus chuaigh in easnamh i ndiaidh oiche amuigh lena cairde 8 lá ó shin.  Fuaireadh a corp ar fheirm High Craigton tuairim is 10 gciliméadar ó thuaidh den chathairi ndiaidh cuardach 4 lá.  Tá fear, 21 cúisithe ina dúnmharú.  Tabharfar taisí Karen Buckley go séipéal Áth na Líonta i Mainistir na Móna ag 8pm áit a ndéanfar céilliúradh ar a saol ag aifreann na sochraide amárach ag 14.00.
Nó, mar a rinneadh cur síos uirthi dom féin an lá cheana, ‘an oíche is fearr den bhliain!’ ‘U, humm,’ a dúirt mé le mo chara sa scuaine an lá cheana.
Gan teideal: Bíodh an diabhal ag lucht clamhsáin baineann ár gcolúnaí agus a comhluadar an-spraoi as Oíche Shamhna… – Gan údar
Dáta: 2018-10-25
D'iarr Príomh-Aire na tíre Alexis Tsipras córas nua a chur ar bun ina ndéanfaí faire ar airgeadú na tíre ach le béim ar leith ar fás geilleagair. Tháinig an t'iarratas is déanaí seo chuig airí airgeadais an Aontais Eorpaigh díreach sula raibh siad le glaoch comhdhála a bheith acu inniu le staid na Gréige a phlé. Teastaíonn ó Tsipras go mbainfí leas as an Mheicníocht Seasmhacht Eorpach (ESM) chun an córas nua faire seo a chur ar bun. Dúirt Aire Airgeadais na Gearmáine, Wolfgang Schaeuble nach bhfuil aon soiléireacht nó léargas breise sna moltaí nua agus nach raibh aon bhunús ann do chomhréiteach as an nua áfach. Ag an am céanna, tá scuainí pinsinéirí, nach bhfuil cártaí bainc acu tar éis bainc a bhaint amach áit a bhfuil cead á thabhairt dóibh €120 an duine a aistharraingt.
Moltaí 'nua' déanta ag an nGréig le creidiúnaithe
Dáta: 2015-07-01
Ag an am céanna, tá spiorad an rugbaí beo i measc an lucht leanúna: Tar éis an chluiche sin bhí leantóirí an dá náisiún ag dul i scuaine i stáisiún traenach i London nuair a rinne muintir na hAfraice Theas garda onóra (dhá líne mar a bhíonn ag deireadh cluiche rugbaí) do na Seapáinigh!
Tús iontach, leath na hoibre: An-imirt & atmaisféar ag Corn Rugbaí an Domhain – Harold Flohr
Dáta: 2015-09-28
Déarfainn go bhfuil strus ar an bhfear bocht, an dtuigeann tú, agus go bhfuil sé ag tuirsiú den scuaine iriseoirí ag an ngeata, fiú iad siúd a d’fhág buidéal uisce beatha mar bhronntanas beag aige, mar a rinne mo dhuine Talbot.”
Anna Heussaff: Buille Marfach. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 143
Rinne an bheirt margadh le col seisear éigin le Presley, a sheas sa scuaine in Graceland leis na céadta eile chun ‘ómós’ a thabhairt don Rí – ach go raibh ceamara beag bídeach i bhfolach ina chába.
An Saol ar Phláinéad an Táblóideachais: Cailleadh an t-iriseoir aitheanta Paul Drury an mhí seo. Mar chomhartha ómóis dó, foilsítear anseo aiste leis faoina shaothar agus faoina thuiscint ar dhualgaisí a cheirde. Comhar 75 (3), 14-18. Paul Drury.
Leathanach: 14-18
Dáta: 2015-03-01
Cuimhnigh air sin!’ – ní chuireann Bláthnaid Ní Chofaigh aon fhiacail ann i gclár nua de chuid RTÉ Joe McHugh – an foghlaimeoir gur cuma sa diabhal leis cé atá ag éisteacht Tá Raidió na Gaeltachta curtha go dtí cúl na scuaine ag RTÉ arís, ach an ndéanfaidh lucht na Gaeilge aon rud faoi?
Ag cur do thuairisce…: Colún eolais agus plé dár léitheoirí… – Gan údar
Dáta: 2018-03-16
Is fearr, mar atá déanta ag Stiofán, ligean don léitheoir a scéal féin a chumadh thart air, más maith leis: Is fíor go bhfuil samhlaíocht thar na bearta agus téamaí úrnua láimhseáilte go cliste fileata ag Stiofán, agus molaim go mór an leabhar seo Rialacha nua an Scuaine.
Leagan de chaint a thug Bernadette Nic an tSaoir ar Modhanna múinte na Gaeilge an Ról-imirt: Modhanna múinte na Gaeilge - an ról-imirt. Feasta 70 (11), 15-16. Aisling Ní Dhonnchadha.
Leathanach: 15-16
Dáta: 2017-11-01
“Bhíomar sa scuaine agus bhí clann Beilgeach ós ár gcomhair le leaids óga ar chomhaois lenár triúr leaids agus bhíomarna ar na chéad daoine eile chun seiceáil isteach a dhéanamh só bhí na boarding passes agus na pasanna i mo lámh agam agus bhí mé ag seasamh sa líne nuair a tharla an chéad phléasc.” “Bhí total confusion ann.  Bhí toit gach aon áit, bhí daoine ag rith.  Chaith m’fhear céile agus na páistí iad féin go talamh agus an clann Beilgeach freisin.  Bhí mise fós i mo sheasamh ag féachaint timpeall agus dúirt m’fhear céile liom ‘get down get down get down’ só chaith mé mé féin go talamh.” “Bhí na páistí ag caoineadh.  Bhí muidne ag féachaint timpeall chun a oibriú amach céard a bhí tar éis tarlúint.  Bhí gach éinne eile inár dtimpeall tar éis rith i dtreo an dorais.  Ach d’fhanamar ann díreach ag iarraidh oibriú amach céard a bhí tarlaithe agus cad a dhéanfadh muid anois.  Ansin tharla an dara phléasc.  Bhí sé sin níos cóngaraí dúinn agus thosaigh na soilse ag titim ón tsíleáil agus shíl muid go raibh deireadh linn ansin.” “Ach tar éis cúpla soicind níor thit aon rud eile síos orainn só bhí’s againn go raibh sé ok.   Bhí alán toit ag an bpointe seo san aer, bhí sé an-deacair anáil a thógaint, agus bhí na leaids óga ag caoineadh.  Bhí sé an-scanrúil ar fad.   D’éirigh athair an chlann Beilgeach agus chuaigh sé amach i dtreo an dorais chun a fháil amach an raibh sé sábháilte agus tháinig sé ar ais agus dúirt sé le gach éinne rith rith rith só d’éiríomar suas agus bheir muid greim ar na málaí agus na pasanna agus ritheamar amach an doras.” “Nuair a thángamar amach ansin dúirt na póilíní linn dul taobh thiar den Óstán Sheraton agus fanacht ann.   Nuair a bhíomar ann ní raibh aon eolas ag teacht isteach chugainn agus ní raibh na phones ag obair só ní raibh fhios againn cad a bhí ag tarlúint agus bhí póilíní le gunnaí agus balaclavas ag rith timpeall agus bhí siad ag rá linn téir siar téir siar.  Bhí total confusion ann.  Bhí otharchairr agus innill dóiteáin ag dul timpeall.” “Ag meánlae ansin, dúradar linn go mba cheart dúinn traein a fháil go Leuven baile timpeall 30 nóiméad ón aerfort agus ba chóir dúinn lóistín a fháil ansin só thángamar anseo inné agus tá muid anseo anois i student apartment ag fanacht lenár n-eitleán abhaile oíche Dé hAoine.” Sa chlár céanna, labhair Peadar Ó Riada faoi mar a bhí Cór Chuil Aodha ar a mbealach chun na Bruiséile le grúpa mór ceoltóirí agus ealaíontóirí.  Bhí an eitilt mall ag fágáil, agus bhí siad beagnach sa Bheilg nuair a cuireadh ar malairt slí iad go haerfort Schiphol san Ísiltír.
Cur síos ó fhinné ar imeachtaí in Aerfort na Bruiséile inn
Dáta: 2016-03-23
Tagann an tuiscint sin ar ionad an tsagairt mar idirghabhálaí idir Dia agus an pobal lena bhfaightear i ndán leis dar teideal ‘Domhnach Cincíse’, faoin Aifreann a bhí ráite aige i séipéal Ard an Bhóthair, ina cheantar dúchais féin, ar an 30ú lá de Bhealtaine 1971: Ina dhán ‘Aifreann Aonair’ (Séipéal Mhaigh Nuad, 7.30 a.m.) samhlaíonn sé scuaine dá chomharsana óna cheantar dúchais, ag éisteacht leis-sean, ‘sagart Bhaile Móir’, agus Aifreann Gaeilge á rá aige leis féin—tá áthas ar na comharsana céanna, a deir sé, mar ‘go gcloiseann siad na briathra bána/Ag baint na sál dá chéile/Le fuadar buile is fonn léime/Suas amach go flaitheas Dé féin.’ Mar shagart, de réir an dáin ‘Semel pro Semper’, ón mbliain 1970, rinne sé céileachas le Críost agus seirbhís dó, agus shéan sé saibhreas an tsaoil agus ‘cara coirp’ araon air féin: Cé go raibh cathuithe tagtha air bheith ina Chéile Dé (i.e.
Soiscéal na Gaeilge á scaipeadh ag sagart Gaelach. Léachtaí Cholm Cille XLII, 109-128. Micheál Ó Cearúil.
Leathanach: 109-128
Dáta: 2017-01-01
Lógó gaois.ie
gaois.ie