Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

easpa

codladh

45 toradh in 42 doiciméad

  1. #1634572

    Dhúisigh sí ag a cúig an mhaidin sin agus í tuirseach traochta leis an easpa codlata.

  2. #1681660

    Easpa codlata, toisc preabarnaíl is plódú i m'intinn ag smaointe fánacha nó ag liostaí tascanna.

  3. #991348

    Más rud é go gcruthaíonn saol na cathrach brú breise do dhaoine, b’fhéidir gur mar gheall ar thruailliú ó thorann agus easpa codlata atá sé.

    Brú na cathrach; callán na sráideanna – Louise Mccreesh

  4. #1186746

    Déanann an easpa codlata damáiste don ábaltacht intleachtúil, agus meastar go gcailleann an príomhfheighlí tuairim is 700 uair an chloig codlata sa chéad bhliain amháin.

  5. #1702146

    Bhí siad ar fad ciúin go leor iontu féin, iad tagtha ó ghig eile an oíche roimhe sin, agus iad ar easpa codlata.

  6. #1728944

    Cheanglaíodh na gardaí an athchos leis an slabhra ó thráth go chéile, mar nuaíocht, ionas nach mbeadh an cime, d’easpa an chleachtaidh, in ann codladh go sócúlach.

  7. #1911757

    Tá siad ag iarraidh ar an gComhairle Cathrach a fhógairt go bhfuil géarchéim náisiúnta ann anois mar gheall ar easpa tithe agus ar an méid atá ag codladh ar na sráideanna.

  8. #1196730

    Anois, níl mé ag rá go bhfuil mé ag fáil bháis le heaspa codlata (go fóill) ach má smaoiníonn tú go gcailleann tuismitheoirí 700 uair chodlata, ar an mheán, sa chéad bhliain, níl amhras ar bith ach go bhfuil muid ag fulaingt.

  9. #1619957

    Deir an Cumann Altraí Síciatracha gur easpa acmhainní agus easpa foirne is cúis leis na droch-choinníollacha san aonad síciatrach in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge.  Tá íomhánna curtha ar fáil d'othair ina ina luí ar an urlár agus ina gcodladh i gcathaoireacha san aonad agus deir na haltraí síciatracha go bhfuil siad féin agus othair ag fulaingt de bharr easpa acmhainní.  Tá idir pháistí agus dhaoine fásta san aonad.  Rinne an Coimisiun Meabhair-Shláinte cigireacht ar an áit le gairid agus thuairiscigh siad go raibh an t-aonad salach agus míshláinteach, agus go raibh boladh lofa ann.

  10. #1258276

    gan a bheith in ann codladh, éadóchas, náire, agus easpa féinmheasa, tromluithe agus iardhearcadh, iompar féinscriostach, neamhoird itheacháin agus mí-úsáid substaintí, ionsaithe anbhá agus imní ghinearálta, pian, cailleadh na gcuimhní, easpa muiníne agus go leor eile.

  11. #1859113

    ‘Barróigín, barróigín’, a scréachann sé in ard a ghutha má táim drogallach, agus ansin soipríonn sé síos go deas compordach ag cur caoi ar mo chosa le ciceanna beaga, fad is a thugann an naíonán sa bhroinn poc sa bholg dom chun a chearta féin a chur in iúl, agus mothaím go bhfuil riastradh ag teacht orm, idir easpa codlata agus easpa slí.

  12. #410007

    Gabh abhaile agus coinnigh ort leis na hantaibheathaigh.” Tagann cruit oilc ar an Tíogar agus trína fiacla: “Ní fhágfaidh muide an áit seo go bhfeicfidh muid an dochtúir a dúirt linn a theacht anseo mar high priority!” Easpa codlata, sárú dínite, tart, faitíos, teas marfach, náiriú agus uirísliú, solas scéiniúil, torann síoraí agus ag breathnú ar fhulaingt daoine eile agus iad á gciapadh – is ionann teaicticí céasta Ghuantanamó agus cúinsí ionad Éigeandála agus Timpistí Ospidéal na hOllscoile Gaillimh agus is ann atá na daoine is láiche, is soilíosaí agus is cumasaí sa tír ag obair.

  13. #1168718

    Tá an grúpa ag iarraidh ar an gComhairle Cathrach a fhógairt go bhfuil géarchéim náisiúnta ann anois mar gheall ar easpa tithíochta agus ar an méid daoine atá ag codladh ar na sráideanna.

  14. #1511088

    Cuireann an mothú ciontachta sin isteach orm níos mó ná an easpa codlata.” “Ba bhreá liom an gnó a fhorbairt de réir a chéile sa dóigh is go n-éireoidh sé níos éasca an obair agus saol an teaghlaigh a láimhseáil,” a dúirt Louise Smith, bunaitheoir Smigsmig.

  15. #1625073

    I dtosach, ar leibhéal simplí na teachtaireachta agus na dtéamaí: ní hionann, cuirim i gcás, saoirse is siamsaíocht; ní hionann saoirse is easpa smachta; ní hionann saoirse is a ‘bheith ag ithe is ag ól is ag codladh, gan bac a bheith orm ’bheith ag gluaiseacht ó áit go háit, agus caitheamh aimsire ’bheith agam ó mhaidean go hoíche’ (18).

  16. #1836618

    Tháinig sé seo i gceist arís le déanaí, nuair a tharla babhta aisteach bréagdhornála idir Simon Coveney i gcúinne an rialtais agus Barry Cowen thar cheann Fhianna Fáil, faoin easpa tithíochta ar cíos atá ar fáil dóibh sin atá ina ghátar, ní hamháin na daoine bochta atá ag codladh ar na sráideanna, ach iadsan nach bhfuil ar a gcumas tithe a cheannach fiú nuair atá siad ag tuilleamh.

  17. #1330388

    Ach in amanna, i mo chloigeann beag tuirseach féin, bhí guth ciúin ag cur ceisteanna eile: “Aidh, cé acu cuid a bhfuil mé ag baint an oiread is mó suilt as: easpa codlata; mo chuid mothúchán a bheith ar fad trí chéile; pianta i mo dhroim, mo mhéara agus in áiteacha eile nach iad; nó mo chuid éadaí ag éirí ró-bheag domh gach aon seachtain?

  18. #1887833

    easpa codlata atá ag cur as dóibhsean a bhíonn ar na sráideanna ach bíd caite amach ó bheith ann  agus dhéarthaigh sé maireachtaint ar na Sráideanna bheith cosúil le duine i mbéal an bháis  Tá fiche leaba breise,lóistín Leaba agus Bricfeasta a bhformhór le cur ar fáil i gCorcaigh dóibh san gan dídean i gcaitheamh na Nollag .

  19. #1036975

    Seans gurb é an easpa codlata é ach tá cnapán i mo scórnach arís ag draíocht dochloíte Sheanadóir Illinois.

    Néal oíche agus tine maidine – Seán Tadhg Ó Gairbhí