#834891
Bhraith mé gach nóiméad go mbeadh slabhraí iarainn á bhfáscadh timpeall mo rostaí.
Bhraith mé gach nóiméad go mbeadh slabhraí iarainn á bhfáscadh timpeall mo rostaí.
Thug sé an bhean bheag isteach sa mhála codlata, á fáscadh go teann lena bhrollach.
Loinnir ón mbanda nua a bhí á fháscadh, téip úr á ghreamú, agus meangadh gáire air.
Bhain sí fáscadh beag as mo ghualainn, d’éirigh is shocraigh a cuid éadaí arís.
Tagann an dá chabhail aníos agus a lámha thart ar a chéile ag fáscadh.
San aois sin sul má leagadh lámh chinnte chineálta air, sul má baineadh fáscadh cairdiúil as.
Bhí sé deacair air an truicear a fháscadh, bhí sé chomh lag leis an ocras.
Tharraing ar an srian, ansin thug fáscadh don chapall agus amach leis ar an tsráid.
Bhíodh beirt bhan á fháscadh go dtí go mbíodh sé brúite acu.
Cheap mé go raibh ualach trom ar mo dhroim, m’fháscadh gan trócaire.
Braithim leis ceolta agus iomainn ag bogadh agus ag fáscadh na gcloch le racht binnis.
Bhí sí ar tí barróg a fháscadh orm nuair a thug rud éigin uirthi tarraingt siar.
“Tá mé féin agus Pat chun pósadh”, arsa Biddy agus a lámh á fáscadh ag Pat.
“Admhaím go mbíonn an cailín sin geabanta”, arsa Pat agus lámh Bhiddy á fáscadh aige.
Dúirt an Cadhnach, tráth, gurb as an mbéaloideas a fáscadh é féin.
Is léir go bhféachtar ar inimircigh mar dhream ar féidir breis airgid a fháscadh as.
Ba bhreá léi é a fháscadh chuici go teann.
Chuidigh freagra an tsaighdiúra ar an gclamhsán a rinne sí faoin ógfhear le Neainín léi glacadh leis an eachtra mar ghnáthrud: ‘ “Dheamhan dochar a rinne fáscadh breá láidir d’aon bhean ariamh, a Mhuiréad......” Fáscadh breá láidir......’ (CC: 43-44).
Agus í ag siúl go mall aníos chuig an áiléar, do bhí na fiacla á bhfáscadh aici.
‘Ní hé sin is gnách leat, a Bhrìd, m’éadáil,’ arsa Maighread ag fáscadh a cara ina lámha, mar a rinne sí go minic roimhe.
Ba é a bhí acu anois ná gleic is sá is radadh is coinscleo is buille is tailm is tachtadh is teannadh is fáscadh.
‘Fágann sin an bheirt againn inár gcairde go deo, a mhic,’ ar seisean agus bhain sé an-fháscadh as mo lámh.
Tuairisc bhreá atá againn anseo ar na hiarrachtaí a thuilleadh scríbhneoireachta a fháscadh as Seán Ó Ríordáin, agus ar na deacrachtaí sláinte a bhí á leanúint.
Ba ghearr go mbeadh do dhá ghéag i mo thimpeall agus bhraitheas fé mo dhéin an cúngú bíse a bhí á fháscadh ag an ndoicheall as mo chroí.
“Bhainfinnse fual agus salachar amach as an gcloch sin le hí a fháscadh i mo dhorn, rud nach ndéanfá-sa,” ar seisean.
Ní gá ach cnaipe a bhrú le fráma an chairr a fháscadh – idir “compord”, “normálta” nó “spórt”.
Mar sin féin, bhí fonn ormsa a bheith léi, í a thógaint im bhaclainn, í a phógadh agus a corp leochaileach a fháscadh chugamsa dorchadas.
Bhí cuid de véarsaí an Ríordánaigh, adúirt sí sa chéad léirmheas, ‘chomh dona san gurb ionann iad a léamh agus a bheith ag fáscadh ghainmhe fét’fhiacla’(1953: 17).
Bhí cuid de véarsaí an Ríordánaigh, adúirt sí sa chéad léirmheas, ‘chomh dona san gurb ionann iad a léamh agus a bheith ag fáscadh ghainmhe fét’fhiacla’(1953: 17).
Ansin bhí na lámha céanna thart timpeall air agus á fháscadh, iad ag rá nach scarfadh sí leis go deo.
Amach leis É ag cur na sráide de faoi bhalcóiní na dtionóntán, agus an imní ag fáscadh a chroí.
Ach a dtosnaíonn an rabhall amuigh ag Ceann a’ Droma tugaid fáscadh ruthaig síos leath na trá.
Bím ag fáscadh an ábhair go bhfaighim ceart é, nó go dtarraingíonn ábhar eile ar threo úr mé.
D’amharcainn uirthi anois agus arís faoi mo shúil agus thug mé fá deara go rabh sí ag fáscadh a haghaidhe mar bheadh dealg ag dul fríd a croí.
An scanradh scáfar a scaradh amach ina chlóca fúm, a fháscadh ar ais timpeall orm, a chur aniar thar mo bhráid….
Glinneann mo shúile i dtreo Ghráinne agus feicim mo bhuachaill á fáscadh chuige féin leis an lámh atá thar léi aniar aige.
Tá post faighte aige sa Ghearmáin.’ ‘Níor chuala,’ ar sise, agus lámh fhuar ag fáscadh a croí.
D'éalaigh siad ó fháscadh iarainn an chumannachais tá deich mbliana ó shin agus seo leo d'aon ráig amháin ag imirt cluiche an ghabháltais in aghaidh daoine bochta na Meiseapatáime.
Tá géarchéim airgeadais ag fáscadh ar an gcomhlacht agus d'fhonn cabhraithe leis níor mhór 20 ceint eile a bhaint, mar thús.
Tá an Rúis ag bagairt ar an Úcráin, nó tá fórsaí na hEorpa thiar ag fáscadh na téide cnáibe ar an Rúis.
Is beag duine a d’easaontódh leis an áiteamh sin agus is as an tuiscint chéanna ar an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht a fáscadh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
Aon lá amháin a bhí ag Anne bhocht; d’éirigh le hEnda 11 lá a fháscadh as a réimeas.
Dath cróch air, órshnáithe bréadaithe ar a imeall, biorán brollaigh chomh mór le miodóg ag fáscadh an chlóca um a bhráid.
As aon aicme liobrálach amháin a fáscadh na daltaí — clann an dlíodóra, an mhúinteora, an ailteora; éadaí deasa galánta ar a máithreacha, agus togha an datha ar a mbéal.
An oíche úd agus fáscadh á bhaint aige as Ghráinne taobh thiar den halla rince agus blas an lipstick imithe síos ina scórnach chuimhnigh sé ar phlean.
Fáscadh as saol an bhéaloidis Ua Maoileoin agus ní haon ionadh é, mar sin, go bhfuil gnéithe de thraidisiún an bhéaloidis ag ráthaíocht ina chuid saothar.
Dálta an athar agus an mhic ní raibh mórán teasa as an range: agus ba dheacair an mhóin a dheargadh scaití, ná mórán teasa a fháscadh aisti.
Is minic, mar sin féin, go mbíonn orm mo shealanna scríbhneoireachta a fháscadh as anord an tsaoil.
Gan a cheann a bhaint as an dol, agus an rópa ag fáscadh ar a mhuineál, d’éirigh le Beartla B a lámh a chur faoi sna driseacha agus é a aimsiú.
Ní raibh aon fháscadh den línéadach fána ceann, ach locaí liatha síos léi, agus bhí a haghaidh chomh bán le bainne.