Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (16607)
Leoga ba dhaor an gníomh orthu é.B’fhiú an braonAch b’fhiú an braon.
Coinsias roimh chlú – Seán Ó Héalaí
Dáta: 2014-02-05
Ní fúmsa atá sé a rá arbh fhiú é nó nárbh fhiú.
Seachnaionn na Gaeil an saol intleachtuil – Gan údar
Dáta: 2003-12-31
B’fhiú é a léamh, b’fhiú é a aistriú go Gaeilge.
Tarkovsky agus feidhm na healaíne – Mícheál Ó Haodha
Dáta: 2012-01-03
Leis an gceist a fhreagairt ‘Arbh Fhiú an Braon Allais?’ chaithfinn a rá go mb’fhiú go mór an braon allais a caitheadh le Raidió na Gaeltachta a bhunú; go mb’fhiú an braon allais a caitheadh leis an bhfeachtas chun TG4 a chur ar an aer; b’fhiú an braon allais a chaitheamh le comharchumainn Ghaeltachta a bhunú sna seascadaí is sna seachtóidí; b’fhiú an braon allais a caitheadh le Acht na dTeangacha Oifigiúla a fháil, faoinar bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga.
Arbh Fhiú an Braon Allais? Feasta 66 (12), 17-20. Donncha Ó hÉallaithe.
Leathanach: 17-20
Dáta: 2013-12-01
Níorbh fhiú dul ag máirseáil; níorbh fhiú scríobh chun na nuachtán; níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
Pól Ó Muirí. Hormóin. LeabhairCOMHAR 2006.
Leathanach: 012
Fiú dá rithfeá is fiú dá rachfá, ní dhéanfadh sé maith ar bith duit.
Antain Mac Lochlainn: Malairt Scéil - Nuascéalaíocht as Albain. Cois Life 2006.
Leathanach: 117
Ach fiú lena bhfilleadh siúd, tá dushlán ollmhór roimh na Muimhnigh fiú agus iad sa mbaile.
Téarma tástála na gCúigí
Dáta: 2014-12-04
Is fiú é a leamh, fiú mura n-aontaíonn tú le polasaithe an rialtais.
An córas sláinte – leigheas de dhíth, ach an bhfuil sé ar fáil?
Dáta: 2015-11-07
Is fiú go mór tacaíocht a thabhairt don gcomórtas seo nach fiú?
DARA Ó CINNÉIDE: Ar éigean go n-aithnímse cad dó a sheasann an eagraíocht dheonach is fearr sa domhan – CLG – Dara Ó Cinnéide
Dáta: 2016-06-13
Fear a thaispeáin dúinn gur fiú bheith difriúil, gur fiú do bharúil a léiriú, gur fiú a bheith ag streachailt agus gur fiú a bheith i ngrá.
Cara ar lár: Streachailt agus grá Eduardo Galeano – Aodh Ó Corcráin
Dáta: 2015-04-15
Fiú mura bhfuil sa Ghaeilge sin ach aguisín, nach fiú go mór an cumas céanna?
Is naimhde iad lucht na Gaeilge íne – Ciarán Dunbar
Dáta: 2015-08-11
Ceann gur fiú filleadh chuige fiú munar rug sé ort ar an gcéád cúpla éisteacht.
Na 20 albam is fearr ó 2016: Rogha A-Z le Ben Ó Faoláin – Ben Ó Faoláin
Dáta: 2016-12-29
Léann siad filí nach fiú biorán iad; seachnaíonn siad filí ar fiú ór iad.
Lá breithe sona, a Sheáin Uí Ríordáin!: Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin tháinig Seán Ó Ríordáin ar an saol. I measc na ndaoine atá sé agus a bheidh sé... – Pól Ó Muirí
Dáta: 2016-12-03
fiú $250 milliún pictiúr ar bith, go fiú má dhein Cézanne féin fós é.
Luach agus praghas – Alan Titley
Dáta: 2012-03-29
Cad é is fiú an teanga a fhoghlaim mar dhara teanga sa chás sin, go fiú.
Dóchas nó dúchas: cé acu is fearr? An tUltach 86 (3), 22-23. Ciarán Dunbar.
Leathanach: 22-23
Dáta: 2009-03-01
Is fiú go mór é agus is fiú é a bheith agat!
Léirmheas: Ící Pící Le Nellie Nic Giolla Bhríde, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Ealaíon le Dara McGee. An tUltach 87 (7), 21. Rónán Mac Murchaidh.
Leathanach: 21
Dáta: 2010-07-01
Muran fiú faic, ní fiú faic a dhéanamh.
An chritic: Ireland through the looking glass: Flann O'Brien, Myles na gCopaleen and Irish cultural debate le Carol Taaffe. Comhar 71 (12), 50-51. Michael Cronin.
Leathanach: 50-51
Dáta: 2011-12-01
Maidir le cúrsaí ceoil, b’fhiú go mór cúpla mí de Spotify Premium mar bhronntanas freisin.
Acraí mar Bhronntanas Nollag
Dáta: 2012-12-01
D’fhreagair formhór na ndaoine nárbh fhiú é.
Ag Meabhrú: Mall agus Gasta
Dáta: 2014-02-01
Ach níorbh fhiú tráithnín a ladar i ndeireadh báire.
Agairt an Bháis - Uafás Meánaoise ár Linne Féin?
Dáta: 2011-10-01
Níorbh fhiú di dul ar ais go dtí a leaba, mar a rinne Péter.
Alex Hijmans: Aiséirí. Cois Life 2011.
Leathanach: 040
In áiteanna san Eoraip b’fhiú an oilithreacht a dhéanamh ar chúiseanna airgeadúla.
Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007.
Leathanach: 317
B'fhiú síob é.'
Dermot Somers: Ar Muir is ar Sliabh. Cois Life 2009.
Leathanach: 024
Níorbh fhiú dada an gnó sa gharáiste.
Brian Ó Dochartaí: Bean i mBiarritz. Cois Life 2007.
Leathanach: 202
Ach níorbh fhiú dada an teocht a thástáil lena méara.
Orna Ní Choileáin: Canary Wharf. Cois Life 2009.
Leathanach: 010
Níorbh fhiú dom imeacht ar an Satharn.
Orna Ní Choileáin: Canary Wharf. Cois Life 2009.
Leathanach: 086
Ach níorbh fhiú aon rud a dhéanamh go dtí go bhfaigheadh sé scéala ó na dochtúirí.
Orna Ní Choileáin: Canary Wharf. Cois Life 2009.
Leathanach: 112
Tar éis tamaill mheas Naná nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
Alex Hijmans: Favela. Cois Life 2009.
Leathanach: 029
Thuig an triúr fear nárbh fhiú fanacht ann.
Alex Hijmans: Favela. Cois Life 2009.
Leathanach: 130
Ba chuma sin, nó b’fhiú an uile athinsint.
Antain Mac Lochlainn: Malairt Scéil - Nuascéalaíocht as Albain. Cois Life 2006.
Leathanach: 045
B’fhiú bheith leis don cheist.
Liam Ó Muirthile: Rogha Alt. Cois Life 2014.
Leathanach: 023
Faoin am gur bhaineas an stiúidió amach níor mhó ab fhiú mé ná ceirt fhliuch.
Liam Ó Muirthile: Rogha Alt. Cois Life 2014.
Leathanach: 246
Dá laghad é, b’fhiú é.
Liam Ó Muirthile: Sceon na Mara. Cois Life 2010.
Leathanach: 110
Ní raibh iontu ach...níorbh fhiú iad a bhailiú sa deireadh.
Liam Ó Muirthile: Sceon na Mara. Cois Life 2010.
Leathanach: 130
B’fhiú leis anois a bheith beo.
Liam Ó Muirthile: Sceon na Mara. Cois Life 2010.
Leathanach: 157
Níorbh fhiú bréag a insint.
Áine Ní Ghlinn: Tromluí. Cois Life 2009.
Leathanach: 121
Agus cad ab fhiú míniú dá mba ann féin dó?
Seán Mac Mathúna: Úlla (eagrán 2011). Cois Life 2011.
Leathanach: 083
Ach i ndáiríre, cad ab fhiú an méid sin?
Orna Ní Choileáin: Vaimpír san Áiléar. Cois Life 2013.
Leathanach: 113
Níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
Orna Ní Choileáin: Vaimpír san Áiléar. Cois Life 2013.
Leathanach: 139
Anuraidh, b'fhiú €54 milliún an conradh seo do na hoifigí poist.
Arbh fhiú don CLG na cearta a dhíol le Sky agus TV3 a fhágaint ar leataobh?
Cad chuige an nasc idir CLG agus Sky?
Dáta: 2014-10-25
B’fhiú an cheist a chur go háithrid ar cheannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin.
Faitíos roimh Shinn Féin
Dáta: 2014-11-03
Domhan mar sin, b’fhiú é a cheiliúradh.
Comóradh 1916 curtha ar ceal…
Dáta: 2014-11-07
B’fhiú súil siar a chaitheamh ar ardaidhmeanna Chearta Sibhialta na Gaeltachta.
Ní shábhálfaidh an Ghaeltacht í féin gan státchóras
Dáta: 2014-12-04
B’fhiú an chaid áirithe seo a phreabadh agus b’fhiú an cheist a chur – doras feasa fiafraí.
Is mó vótaí a mheallfadh caipín Mhichael Healy-Rae ná páirtí ‘Gaeilge’…
Dáta: 2015-01-12
Arbh fhiú don CLG na cearta a dhíol le Sky agus TV3 a fhágaint ar leataobh?
Léamhthuiscint 05 (Cartlann 2014/15)
Dáta: 2015-01-14
B’fhiú go mór fanacht.
LÉIRMHEAS AR THE CARETAKER: Taispeántas Rea mar Aston chomh foirfe is a gheofá ar aon stáitse ar domhan
Dáta: 2015-02-19
Seoid gurbh fhiú go mór a fheiceáil é an scannán nua, ‘Still Alice’.
Dán físe scanrúil ar chailliúint thubaisteach
Dáta: 2015-03-14
Níorbh fhiú leis na Progressive Democrats, tráth a bunaíodh iad, leagan Gaeilge den ainm a mholadh.
Ré nua don (nó disarraynua) don bhéarlagair
Dáta: 2015-03-17
Níorbh fhiú leis na Progressive Democrats, tráth a bunaíodh iad, leagan Gaeilge den ainm a mholadh.
Ré nua (nó disarraynua) don bhéarlagair
Dáta: 2015-03-18
Ceapadh go raibh an urlabhra sin máchaileach agus nárbh fhiú staidéar a dhéanamh uirthi.
Tuarascáil faoi ‘nuachainteoirí’ na Gaeilge á hullmhú ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Dáta: 2015-04-23
Seo a leanas achoimre ar na príomhriachtanais arbh fhiú don pháirtí cuimhneamh orthu.
Liosta siopadóireachta d’Fhianna Fáil…
Dáta: 2015-04-25
B’fhiú, ar an méid is lú, triail a bhaint as ar feadh tréimhse trí bliana.
Cuirimis fáilte Uí Cheallaigh roimh mholtaí Sheáin
Dáta: 2015-06-17
B’fhiú cuid mhór an ghontacht nuair ba ghá téacs fada a chló ar phóstaer amháin.
Ceacht staire faoi ‘An Ghéiling Ifigiúil’ do lucht cosanta na ‘glan-Ghaeilge’
Dáta: 2015-06-24
Níorbh fhiú an deich triuf an cluiche céanna agus íde shalach tugtha d’fhir Shligigh.
Crogall i gCluain Eois agus culaith éadaí Ron Burgundy ar an Sunday Game
Dáta: 2015-07-21
Níl aon fhocal di arbh fhiú a áireamh ag na daoine meánaosta.
An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (24 Iúil 1915)
Dáta: 2015-07-24
Ina dhiaidh sin níor chaith mise aon eascaine léi, Níorbh fhiú liom í; níorbh fhiú liom m’anáil A chur amú le fuaicle crón i mbéal na maidne fuaire.
FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Alan Titley – An Bhean Feasa
Dáta: 2015-07-27
Arbh fhiú é?
Is baolach gur fada uainn fós ‘an normáltacht’ i mBéal Feirste
Dáta: 2015-08-11
Ba mhaith ab fhiú do chuid acu cuairt a thabhairt ar Val d’Aran.
John Beag le cloisteáil sa gCatalóin agus dóchas neamhspleáchais san aer…
Dáta: 2015-09-24
B’fhiú do gach ábhar iriseora – agus do gach iriseoir – iad a scrúdú.
Faraor gan Ó hEithir anseo chun déileáil leis an scéal…
Dáta: 2015-10-26
B’fhiú é a dhéanamh, ach ba faoi scáil sceimhle a deineadh.
TUAIRISC Ó PHÁRAS: Caithfear prionsabail uaisle bhunúsacha phoblachtánas na Fraince a chosaint…
Dáta: 2015-11-19
Ach cad é ab fhiú dhá sheanghearrán an Rev.
An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (18 Nollaig 1915)
Dáta: 2015-12-18
Agus cad é ab fhiú an seanteampall Gallda le taobh Notre Dame!
An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (18 Nollaig 1915)
Dáta: 2015-12-18
B’fhiú an turas seo a dhéanamh.
Faoi gheasa ag cuimhní ón mBlascaod ach réidh leis an gcaipín bréidín a chaitheamh le ‘Rebellion’
Dáta: 2016-01-12
Níorbh fhiú líon na ngiolcacha a tháinig ó Chathair Chorcaí a scagadh ón gcontae ar fad.
Cé as a dtagann an méid is mó giolcacha Gaeilge? Ag Kevin Scannell atá an freagra
Dáta: 2016-01-25
B’fhiú ceist a chur ar Kate O’Toole agus Lucinda Creighton.
Na mná séimh stuama agus na fir ag búiríl leo…
Dáta: 2016-02-22
Caithfidh nárbh fhiú mórán é.
Cén céatadán de na leabhair sa leabharlann áitiúil a bhaineann le dúchas na tíre seo?
Dáta: 2016-03-01
Cad a b’fhiú dlíthe beaga logánta agus foirmeacha státseirbhíse i gcomparáid le riachtanais na hImpireachta?
CLUB LEABHAR 1916: ‘Dé Luain’ le Eoghan Ó Tuairisc
Dáta: 2016-03-14
Cheap sí dá ngoidfí féin é, nárbh fhiú tada a raibh istigh ann.
Jackie Mac Donncha: Aileach. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 029
B’fhiú a bheith istigh.
Jackie Mac Donncha: Aileach. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 052
“Ní raibh sí i bhfad againn ach b’fhiú di a theacht,” arsa Mairéad.
Jackie Mac Donncha: Aileach. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 103
An raibh sé ag rá nárbh fhiú Stormont a bheith ann?
An bhfuil tú chun vótáil sa toghchán? –‘Sa toghchán? Cén toghchán?’ – Póilín Ní Chiaráin
Dáta: 2016-04-17
Mura bhfuil, nár dhóigh leat gurbh fhiú cuid de a chraoladh beo.
Cuid de ríthe an Domhnaigh níos tábhachtaí ná a chéile ar The Sunday Game – Breandán M Mac Gearailt
Dáta: 2016-05-17
Níorbh fhiú an deich triuf na maisiúcháin.
An iomarca de sheanphort na bpúcaí sa Ghostbusters nua – Breandán M Mac Gearailt
Dáta: 2016-07-15
B’fhiú breis airde a thabhairt ar dhrochiarsmaí na míréire i gcúrsaí timpeallachta.
Buarthaí Bhurma: Anailís ag Colin Ryan ar chás reatha na tíre – Colin Ryan
Dáta: 2009-04-28
Iontais Tá Beirlín ag cur thar maoil le hiontais arbh fhiú a fheiceáil.
Beirlín Bheoga!: Fios feasa ar mhórchathair na Gearmáine – Seanán Ó Coistín
Dáta: 2011-05-14
B’fhiú aon albam a bhfuil Bríd Harper, Martin Hayes agus Sliabh Notes i mbun ceoil.
The Burren Backroom Series (Vol 1): Sár-albam trad ó 'Mheice' an cheoil – Méabh Ní Thuathaláin
Dáta: 2015-01-16
B’fhiú go mór mo chor bealaigh go Krakow!
Príomhchathair na Féile: Turas fiúntach ar Wroclaw na Polainne – Sharon Ní Chonchúir
Dáta: 2015-08-17
Narbh fhiú a mhacasamhail chéanna a dhéanamh anseo in Éirinn?
Éirí Amach Teanga: Ceachtanna ó ghluaiseacht na Bascaise – Seanán Mac Aoidh
Dáta: 2015-10-15
B’fhiú an míshuaimhneas ar fad leis an léargas sin a fháil.
Heileó Vegas!: Cathair atá ionraic faoina bréagacht! – Siún Ní Dhuinn
Dáta: 2016-05-22
B’fhiú an cúpla rud dearfach atá ann a lua, áfach.
Mario, Sonic agus anois Faith: Cluiche leantach EA 'Mirror's Edge Catalyst' seolta! – Colmán Mac Séalaigh
Dáta: 2016-06-20
B’fhiú an mhoill.
Aiséirí The Avalanches: ceol lán le spiorad agus lúcháir na hóige! – Ben Ó Faoláin
Dáta: 2016-07-07
I mbliana ceaptar gurbh fhiú €40 milliún (£31,500,000) é don gheilleagar áitiúil.
Fleadh Cheoil na hÉireann – cultúr na nGael beo beathach! – Shane Ó Curraighín, Sarah de Búrca, Sinéad Ingoldsby
Dáta: 2012-08-21
B’fhiú go mór é!
Bíonn siúlach scéalach – Gan ainm
Dáta: 2013-04-17
B’fhiú beagnach £3 milliún é don gheilleagar áitiúil, dar le Comhaltas Ceoltóirí Éireann.
Fleadh Uladh 2013 – Shane Ó Curraighín
Dáta: 2013-07-29
Seans go bhfuil ach b’fhiú macnamh a dhéanamh ar an cheist.
Éagsúlacht Fhleadh Cheoil na hÉireann 2013 á ceiliúradh? – Gan ainm
Dáta: 2013-08-14
B’fhiú sracfhéachaint a thabhairt orthu agus roinnt de na suíocháin.
Turas fada toghchánaíochta, agus píosa le dul go fóill – Gan ainm
Dáta: 2015-04-27
Fuaireas thart ar 300 freagra arbh fhiú go mór staidéar sochtheangeolaíochta a dhéanamh orthu.
An lá a fuaras 1,000 matches ar tinder ar son na Gaeilge agus an fáth a bhfuilimid ar fad chun bás a fháil go huaigneach inár n-aonair gan mhoill. – Gan ainm
Dáta: 2016-02-12
Gan carr ar an mbóthar arbh fhiú trácht air ná duine nó gur theann muid suas.
Joe Steve Ó Neachtain: Ag Caint Linn Fhéin. Cló Iar-Chonnacht 2013.
Leathanach: 132
Mhol de Hindeberg gurbh fhiú staidéar a dhéanamh ar scéalta béaloidis (Ó Háinle 1994, 759).
Stiofán Ó Cadhla: An tSlat Feithleoige. Cló Iar-Chonnacht 2011.
Leathanach: 123
atá na húdair, téamaí nárbh fhiú le béaloideasóirí am a chaitheamh ag bailiú eolais fúthu.
Stiofán Ó Cadhla: An tSlat Feithleoige. Cló Iar-Chonnacht 2011.
Leathanach: 227
B’fhiú dó bualadh síos ann níos déanaí san iarnóin.
Anna Heussaff: Buille Marfach. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 054
Níorbh fhiú dó a bheith feargach léi.
Anna Heussaff: Buille Marfach. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 244
Cad ab fhiú dinnéar a ullmhú do bheirt ar aon nós?
Mícheál Ó Ruairc: Daoine a Itheann Daoine. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 033
“B’fhiú gomór duit é a léamh, a gharsúin.
Mícheál Ó Ruairc: Daoine a Itheann Daoine. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 085
“B’fhiú go mór duit é a léamh, a gharsúin.
Mícheál Ó Ruairc: Daoine a Itheann Daoine. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 086
Níorbh fhiú gabháil suas chuig a sheomra.Thiocfadh sí air, luath nó mall.
Réaltán Ní Leannáin: Dílis. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 121
B’fhiú go mór an t-airgead a chaith sí ar an hata sin, cinnte.
Réaltán Ní Leannáin: Dílis. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 128
Níorbh fhiú le hÍosa teacht ar mo shochraid fiú!
Mícheál Ó Conghaile: Diabhlaíocht Dé. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 094
Céard ab fhiú míorúiltí iontacha Íosa anois!
Mícheál Ó Conghaile: Diabhlaíocht Dé. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 094
Lógó gaois.ie
gaois.ie