Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

161 toradh in 138 doiciméad

  1. #1017608

    Bhíos ag siúl síos Sráid Uí Chonaill ag labhairt Gaeilge le Joe.

    Ag meilt ama agus ag léirsiú – Seán Ó Riain

  2. #1037715

    Bhí duine éigin eile, diomaite dá athair, ag labhairt Gaeilge leis.

    Obair bhaile don mhac – agus don athair – Pól Ó Muirí Eagarthóir Gaeilge

  3. #1188424

    “Is maith liom na daltaí a chluinstin ag labhairt Gaeilge.

  4. #1636233

    Ar an traein chéanna chualamar beirt eile ag labhairt Gaeilge.

  5. #1744160

    Níl páistí ag labhairt Gaeilge lena chéile i mBaile Munna anois agus ní bheidh go brách.

  6. #1754378

    Cén fáth a bhfuil sibh ag labhairt Gaeilge?

  7. #1623805

    Níor thosaigh sí ag labhairt na Gaeilge go sóisialta go dtí gur dhein sí cúrsaí iarchéime trí mheán na Gaeilge agus ón uair sin amach, tugann sí ‘cainteoir Gaeilge’ uirthi féin: Agus ansin sin an chéad uair really go raibh mé ag labhairt Gaeilge gach lá go sóisialta ag dul amach ag labhairt Gaeilge le daoine sa rang agus bhí comhluadar iontach againn ansin agus / em ansin ina dhiaidh sin em rinne mé cúrsa [teideal an chúrsa agus ainm na háite] agus bhí mé ag labhairt Gaeilge gach lá / bhí mé i mo chónaí le cailíní a labhair Gaeilge gach lá agus ansin eh / an [cúrsa eile] i mbliana an rud céanna bhí gach duine ag labhairt Gaeilge ach sa / sa [chúrsa fochéime] ní raibh mórán Gaeilge á labhairt ag daoine do you know?

  8. #915798

    Tá faoin bplean a chinntiú go dtiocfaidh ardú 5%, ar an meán, ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ó Dhaonáireamh 2016 go Daonáireamh 2021 chomh maith le hardú 5% ar líon na gclann ina mbíonn na tuismitheoirí ag labhairt Gaeilge amháin nó Gaeilge den chuid is mó lena ngasúir agus ina mbíonn na gasúir féin ag labhairt Gaeilge amháin nó Gaeilge den chuid is mó eatarthu féin.

  9. #916043

    Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne anocht gur ‘sprioc réadúil’ é go mbeadh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais faoin mbliain 2030.

  10. #979034

    Is minic deacracht ag tuismitheoirí smaoineamh ar an fhocal nó an leagan ceart agus iad ag labhairt Gaeilge lena bpáistí.

    Gaschaint – Gan údar

  11. #991364

    Nuair a chuireadh Mac Amhlaigh síos ar lucht Chonamara ag labhairt Gaeilge le chéile thall an t-am ar fad shíl mé gur áibhéil a bhí ann.

    Oileán agus oileán eile – Seán Ó Héalaí

  12. #1066159

    Lean Éamonn air ag labhairt Gaeilge lena mhac, Feargus, agus ag scíobh iontrálacha Gaeilge ina dhialann, ach is beag éileamh seachas sin a bhí ag an nGaeilge air.