#1373544
Tugtar le fios i dtaighde nua go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an gcaiteachas ar an nGaeltacht agus ar na hoileáin le deich mbliana i gcomhthéacs an ollchaiteachais náisiúnta. Deirtear chomh maith sa tuarascáil - a réitigh an t-eacnamaí Seán Byrne thar ceann na heagraíochta Teacht Aniar - go raibh an titim ar chaiteachas ar chúrsai Gaeltachta agus oileán níos tubaistí ná mar a bhí an titim ar chaiteachas ar na healaíona. Tugtar le fios ann freisin go bhfuil an sciar airgid atá le cur i dtreo na Gaeltachta le hais na n-ealaíon laghdaithe go mór i bplean náisiúnta forbartha nua an Rialtais.