Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (197)
iolra atá ag nasc (naisc), ag tasc (tascanna), ag lasc (lasca)?
Tadhg Ó hIfearnáin, Máire Ní Neachtain: An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc. Cois Life 2012.
Leathanach: 211
Uamanna lasca.
Focail sa chistin – Gan údar
Dáta: 2002-05-15
Lasctar iad le ‘cat na naoi n-eireaball’ ar chúiseanna beaga neamhurchóideacha.
Léirmheas. Feasta 61 (3), 16-17. Frainc Ó Murchadha.
Leathanach: 16-17
Dáta: 2008-03-01
Chas sí an lasc thuisleach.
Alex Hijmans: Aiséirí. Cois Life 2011.
Leathanach: 064
Ghearrtaí pionós 500 lasc as mí-iompar den chineál ba lú.
Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007.
Leathanach: 157
D’fhéach mé i mo thimpeall agus tháinig mé ar lasc.
Rhiannon Watson: An Dragan Feasa. Cois Life 2011.
Leathanach: 014
Lasc an ghaoth a cheannaithe.
Liam Ó Muirthile: Aois Fir. Cois Life 2015.
Leathanach: 041
Clagar fíochmhar ag lascadh an bháid gan dídean.
Liam Ó Muirthile: Aois Fir. Cois Life 2015.
Leathanach: 042
D’imigh an siota le gaoth agus bhuail lasc san aghaidh air.
Liam Ó Muirthile: Aois Fir. Cois Life 2015.
Leathanach: 046
D’imigh an siota le gaoth agus bhuail lasc san aghaidh air.
Liam Ó Muirthile: Aois Fir. Cois Life 2015.
Leathanach: 046
Sciob an ghaoth an torann chun siúil mar lasc.
Liam Ó Muirthile: Sceon na Mara. Cois Life 2010.
Leathanach: 156
Clic agus an lasc á bhualadh.
Áine Ní Ghlinn: Tromluí. Cois Life 2009.
Leathanach: 050
Ansin an lasc.
Áine Ní Ghlinn: Tromluí. Cois Life 2009.
Leathanach: 057
‘Scaoil!’ Bhí guth an bhúistéara mar lasc.
Seán Mac Mathúna: Úlla (eagrán 2011). Cois Life 2011.
Leathanach: 052
‘A Ailfí, dhearmad tú an lasc.
Orna Ní Choileáin: Vaimpír san Áiléar. Cois Life 2013.
Leathanach: 028
Lasc sé na focail ina dtreo.
CLUB LEABHAR 1916: ‘Dé Luain’ le Eoghan Ó Tuairisc
Dáta: 2016-03-14
Chuir sí a lámh ar lasc an tsolais.
Anna Heussaff: Buille Marfach. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 044
Bhí a béal balbh agus níor chorraigh a lámh ar an lasc.
Anna Heussaff: Buille Marfach. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 044
“Tusa atá i gceannas i gcónaí,” a dúirt an drioball, á lascadh féin le teannadh.
Mícheál Ó Conghaile: Diabhlaíocht Dé. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 151
Lean an lascadh.
Rónán Mac Con Iomaire: Rocky Ros Muc. Cló Iar-Chonnacht 2013.
Leathanach: 141
Lasc sí a méara i dtreo a shúile.
Anna Heussaff: Scáil an Phríosúin. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 369
Bhíos cinnte go raibh an saothar críochnaithe, mar a chasfaí lasc sna putóga á dhearbhú.
Liam Ó Muirthile: An Colm Bán. Cois Life 2014.
Leathanach: 211
An fharraige ag lascadh is ag cúlú sa phluais.
Anna Heussaff. Bás Tobann. Cois Life 2004.
Leathanach: 208
“Tá sé ag lascadh baistí,” a dúirt sé.
Liam Mac Uistin. Feargal agus an Fathach. Cló Mhaigh Eo 2005.
Leathanach: 012
Nuair a dhúnfadh an turgnamhaí lasc, léimfeadh spréach thar an mbearna.
Ó Maxwell go Marconi. Feasta 60 (5), 34-35. Fidelma Ní Ghallchobhair.
Leathanach: 34-35
Dáta: 2007-05-01
Tchí duine amháin rud – mar shampla, lascadh fuipe – agus tchí sé maitheas.
Léirmheas. Feasta 61 (3), 16-17. Frainc Ó Murchadha.
Leathanach: 16-17
Dáta: 2008-03-01
Lasc siad leo agus a n-aghaidh ar an gcósta.
A Dhícheall. Feasta 63 (2), 7-8. Colin Ryan.
Leathanach: 7-8
Dáta: 2010-02-01
Chas sé an lasc ar siúl.
Orna Ní Choileáin. Greim na Vaimpíre. Cois Life 2017.
Leathanach: 152
Ach ba dheacair codladh agus an ghaoth ag lascadh bhinn an tí.
Máire Uí Dhufaigh. Raic. Leabhar Breac 2015.
Leathanach: 082
Go hádhúil, bhí sé ábalta an lasc a oibriú le peann!
Ar an lá Seo: Iúil. An tUltach 86 (7), 26. Aodhán Ó Raghailligh.
Leathanach: 26
Dáta: 2009-07-01
Chuir Fear na Glibe an claíomh in airde le stop a chur le lascadh an ráipéir.
Liam Mac Cóil. An Litir. Leabhar Breac 2011.
Leathanach: 205
Heh Lasc.
LÉIRMHEAS: Cú: Úrscéal grafach a chosnaíonn ár seanscéalta – Eoin P. Ó Murchú
Dáta: 2017-07-15
Lasc.
LÉIRMHEAS: Cú: Úrscéal grafach a chosnaíonn ár seanscéalta – Eoin P. Ó Murchú
Dáta: 2017-07-15
Ach chonaic mé fearthainn ag lascadh agus ag greadadh agus ag stealladh.
An tÉireannach uaigneach i ndiaidh uisce – Pól Ó Muirí
Dáta: 2017-05-22
Drumaí á lascadh.
Liam Ó Muirthile. Oilithreach Pinn. Cois Life 2017.
Leathanach: 161
Téann sé amach ag lascadh na gclathacha istoíche ar eagla go mbeifí ag suirí faoina scáil.
Gearrscéal: Duinnín agus an Redemptorist Mór. Comhar 70 (3), 14-21. Biddy Jenkinson.
Leathanach: 14-21
Dáta: 2010-03-01
Tagann Albert Schweitzer faoin lasc, leis.
Peann na hAfraice. Comhar 70 (6), 22-25. Alan Titley.
Leathanach: 22-25
Dáta: 2010-06-01
Bhí an lasc greamaithe, agus bhí uirthi féin é a mhúchadh.
Biorra. Comhar 71 (6), 11-16. Colm Ó Ceallacháin.
Leathanach: 11-16
Dáta: 2011-06-01
Go dtí an bhliain sin, bhí lascadh mar ghné rialta pionóis san arm.
Laochra ó Áth Cliath san Hôtel Royal des Invalides (an HRI). Irisleabhar Mhá Nuad 2009, 124-158. Eoghan Ó hAnnracháin.
Leathanach: 124-158
Dáta: 2009-01-01
Dúradh san House of Commons gur lascadh 18,000 saighdiúirí Sasanacha sa bhliain 1814.
Laochra ó Áth Cliath san Hôtel Royal des Invalides (an HRI). Irisleabhar Mhá Nuad 2009, 124-158. Eoghan Ó hAnnracháin.
Leathanach: 124-158
Dáta: 2009-01-01
Mheas Brudenell go raibh sé ar meisce agus ordaíodh lascadh dó.
Laochra ó Áth Cliath san Hôtel Royal des Invalides (an HRI). Irisleabhar Mhá Nuad 2009, 124-158. Eoghan Ó hAnnracháin.
Leathanach: 124-158
Dáta: 2009-01-01
Tá pictiúr doiléir díom inti ag tabhairt lascadh ’chic sa tóin do mhac léinn .
Mo Chuimhní Cinn XII. Irisleabhar Mhá Nuad 2015, 89-173. Pádraig Ó Fiannachta.
Leathanach: 89-173
Dáta: 2015-01-01
Chuir sí a lámh ar an mballa agus tháinig sí ar an lasc soilse.
Catherine Foley. Sorcha sa Ghailearaí. LeabhairCOMHAR 2003.
Leathanach: 032
Sheas an bheirt i lár an chró dornálaíochta agus gach re lasc acu ar a chéile.
Gan teideal: Ba sa gCéad Chath Gaelach ar an Rinn Mhóir i gCathair na Gaillimhe a d’fhoghlaim Cóil Mhicil Saile as an Doirín Glas ceard na dornálaíochta – Gan údar
Dáta: 2019-02-24
Lascann an ghaoth fhiáin na colpaí agus na hioscaidí ón gcúl, an clár éadain ón tosach, sa siúl dúinn ar thrá fhairsing ghainimh.
Liam Ó Muirthile: Rogha Alt. Cois Life 2014.
Leathanach: 034
Lascann buillí 808 giotaí beaga sampláilte de ghlór mná Seapáiní go dinimiciúil ó thaobh amháin den réimse fuaime go dtí an taobh eile ar ‘Holo’.
Níl aon rud amú ar albam Kode9: Dord leictreonach iontach ar 'Nothing' – Ben Ó Faoláin
Dáta: 2015-11-10
Ar dtús, agus iad ar a mbealach go dromchla na gealaí sa mhodúl gealaí, Eagle (d’fhan an tríú spásaire, Michael Collins, sa mháthairlong Columbia) réab mála droime Aldrin lasc ar an phainéal rialaithe, lasc a stiúir soláthar cumhachta don soitheach.
Ar an lá Seo: Iúil. An tUltach 86 (7), 26. Aodhán Ó Raghailligh.
Leathanach: 26
Dáta: 2009-07-01
Thriail sé an lasc, tharraing an tachtaire, bhrúigh an cnaipe rubair peitril, rug ar an scóig, agus tharraing an corda.
Liam Ó Muirthile: Sceon na Mara. Cois Life 2010.
Leathanach: 156
Ba í an íomhá ba choitianta i measc an phobail den sagart ná duine a bhí ar muin chapaill agus fuip ina lámh aige réidh chun lascadh.
Alan Titley: Scríbhneoirí faoi Chaibidil. Cois Life 2010.
Leathanach: 041
‘Ní gá a bheith buíoch ach a bheith cúramach,’ ar seisean agus d’imigh sé ar fud an tí le ceirt, ag lascadh pictiúr, ornáidí, agus fuinneog.
Seán Mac Mathúna: Úlla (eagrán 2011). Cois Life 2011.
Leathanach: 015
Tá an comhlacht domhanda Toyota le breis is seacht milliún feithicil a ghlaoch ar ais de bharr lasc fuinneoige a bheith lochtach.
An chéad ghamal díobh, ní fhaca sé an tÉireannach sa duine eile úd a bhí faoin lasc; ach an dara gaiscíoch, b’ionann cás na tíre seo agus cás an domhain.
Má tá teora leis an aineolas faoin mbaint ag an athbheochan leis an Éirí Amach, ní heol domsa é
Dáta: 2015-04-06
Rinne an fear lár páirce lascadh dá bhróg a tharraingt ar an liathróid agus í ar an talamh chun beagán faoisimh a thabhairt dá chomhghleacaithe.
Cérbh iad na heachtraí ba chinniúnaí sna coimhlintí idir Tír Eoghain agus Ciarraí
Dáta: 2015-08-22
Lascadh fada ón lánchúlaí ar chlé, Conor Maunsell, a chuaigh den mbáideoir, Billy Courtney, a cheansú agus d’imigh an chaid isteach an líon de dhroim a mhéaranta.
Molann a mbuaine buíon na Ríochta
Dáta: 2015-08-23
Ag an am céanna, is cinnte go mbeidh tionchar ollmhór ag an lascadh a fuair siad ó Newcastle ar Chúige Chonnacht.
Na Connachtaigh ag iarraidh fanacht chun tosaigh i gcath na gCúigí
Dáta: 2015-12-26
Fuair muid 6 lasc den bhata an duine agus an rud ba mheasa ar fad crochadh an raidió chun siúil agus gan toradh na troda ar eolas againn.
Cuimhní cinn ar thús ré Muhammad Ali – Mártan Ó Ciardha
Dáta: 2016-06-12
Lasadh soilse na Nollag faoi Halla na Cathrach i mBéal Feirste agus mar a bheadh lasc eile a bhrú, thoisigh an chaint uilig faoi léirsithe maidir leis na bratacha.
Nollaig luath – Gan ainm
Dáta: 2013-11-27
Feicfidh tú duine amháin ar choirnéal ardáin mar a bheadh sé ag lascadh seancheaintíní le maide ar a mhionda.
Joe Steve Ó Neachtain: Ag Caint Linn Fhéin. Cló Iar-Chonnacht 2013.
Leathanach: 021
Bheadh trí sheit le déanamh in aon oíche amháin agus chloisfeá casúir ag lascadh is rudaí á réabadh thuas ar an ardán idir radharcanna fadó – níl tada mar sin anois ann.
Máirín Breathnach Uí Choileáin: Aisteoirí an Spidéil. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 048
Lasc leis an aicearra ina dhiaidh agus bhí sé i lár an aonaigh roimhe agus póilín in éineacht leis.
Cóil Learaí Ó Finneadha: An Ghlanfhírinne. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 013
Ní raibh a dhath níos mó ar a mhian aige ach bagairt agus bataireacht ach cuimhnigh gurbh iomaí maistín agus mac danartha a bhain géagán a thug lascadh dhó fhéin.
Cóil Learaí Ó Finneadha: An Ghlanfhírinne. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 048
Stop an lascadh agus maolaíodh ar an síor-rúscadh ach is ar éigean gur stop an plioncadh.
Cóil Learaí Ó Finneadha: An Ghlanfhírinne. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 081
Déineadh úsáid de chaid (magairle nó liathróid) nó lamhnán na muice chun ceol a sheinm, chun peil a imirt nó chun daoine a lascadh (Burke 1994, 187).
Stiofán Ó Cadhla: An tSlat Feithleoige. Cló Iar-Chonnacht 2011.
Leathanach: 105
Crochadh, lascadh agus cuireadh thar lear an-chuid daoine, é sin nó caitheadh sa phríosún iad (Murphy 1999, 79).
Stiofán Ó Cadhla: An tSlat Feithleoige. Cló Iar-Chonnacht 2011.
Leathanach: 107
Thóg sí a dorn agus bhrúigh sí síos go tobann ar lasc an tsolais é. Bhris turraing bhán an leictreachais ar an seomra.
Anna Heussaff: Buille Marfach. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 045
Ba bhreá leis go mbeadh bua na bhfocal aige, chun lasc deisbhéalach a ropadh ar an té a bhí ag magadh faoi.
Anna Heussaff: Buille Marfach. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 074
Bhí soilse ag preabarnach i ngach áit agus bhí taobh amháin den seomra cosúil le lasc-chlár mór leis na céadta cnaipí agus soilse beaga ag glioscarnach.
Mícheál Ó Ruairc: Daoine a Itheann Daoine. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 054
I lár an urláir, bhí an bosca mór a raibh cuma chónra air suite agus iliomad sreangán leictreach, línte agus téadán á gceangal den lasc-chlár mór soilseach.
Mícheál Ó Ruairc: Daoine a Itheann Daoine. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 054
D’fhéadfadh an bheirt againn a bheith ag lascadh na liathróide go brách istigh i gceann acu is ní thiocfadh sí isteach i mbuaile duine ar bith eile.
Joe Steve Ó Neachtain: Idir Neamh is Talamh. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 122
Bosca an éisc ag dul thar maoil agus airde lannaí ag lonradh ar urlár nua an bháid de réir mar a bhí na mangaigh á lascadh lena gcuid drible.
Joe Steve Ó Neachtain: Idir Neamh is Talamh. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 160
Uair amháin bhain sí fuil as a slinneáin le buillí a thug sí di féin le lasc.
"Máire", Mná agus Meon na hAthbheochana. Comhar 73 (10), 18-19. Lydia Groszewski.
Leathanach: 18-19
Dáta: 2013-10-01
Agus in ainneoin bualadh na ndrumaí is lascadh na fuipe, tránn ar an bhfuinneamh, agus fágtar an fear iomartha traochta ag luas, dlús agus déine buile na reacaireachta.
An tÚdar ar Bís: Dréachta Chrích Fódla le Pádraig Ó Cíobháin á mheas ag Darach Ó Scolaí.. Comhar 73 (4), 19-21. Darach Ó Scolaí.
Leathanach: 19-21
Dáta: 2013-04-01
Ach chuir teagasc focal Dé de réir téacs an Bhíobla cnámh droma righin iontu nár ghéill don lasc bhagrach ná don chaint bhaoth.
Liam Ó Muirthile: An Colm Bán. Cois Life 2014.
Leathanach: 047
Sa tslí chéanna, bhí mo dhá chluas á lascadh ag na rabhartaí cainte a bhí ag stealladh amach ó Mhicheál.
Scott de Buitléir, Caitríona Ní Chléircín, Deirdre Ní Chonghaile, Majella McDonnell, Simon Ó Faoláin, Muiris Ó Meara, Ailbhe Ní Ghearbhuigh: Blaiseadh Pinn: Nuascríbhneoireacht Ghaeilge. Cois Life 2008.
Leathanach: 031
Chonaic mise póilíní ag lascadh daoine gan trua i mBéal Feirste, Boston, Doire, Baile Átha Cliath, agus i Londain.
Smaointe Polaitíochta: Níl sé soiléir an mbeidh cead ag comhaltaí Sheirbhis Phóilíneachta Thuaisceart Éireann a bheith sna Másúin, i Ridirí Naomh Columbáin, in Opus Dei, nó san Ord Oráisteach.. Feasta 54 (10), 4-5. Proinsias Mac Aonghusa.
Leathanach: 4-5
Dáta: 2001-10-01
‘Ag dul abhaile?’ Dhruid an gluaisteán amach ón gcosán agus lasc chun siúil.
Abhaile: Gearrscéal: tharla dá bharr san nach raibh seans aige riamh fíorcharadas a shnadhmadh le haon duine. Feasta 54 (3), 7-8. Colin Ryan.
Leathanach: 7-8
Dáta: 2001-03-01
Ní bheadh mórán oibre aige, ach mar sin féin, d’fhan Se-passa is é ag scinneadh agus ag lascadh leis.
An chéad scéal grá ar Domhan: Nuair ab ann don draíocht. Feasta 54 (6), 7. Oisín.
Leathanach: 7
Dáta: 2001-06-01
Scinn Se-passa leis chuig an ghrian, leag an pabhsae ina ceartlár agus lasc leis ar shiúl.
An Chéad Scéal Grá ar Domhan (Mír 2): Miotas túis de chuid na nAtsugébhuí, inste ag an Dr. Darryl Wilson, ball den treibh ó Chalifornia. Earra é atá in easnamh ar mhiotaseolaíocht na gCeiltach.. Feasta 54 (7), 25. Oisín.
Leathanach: 25
Dáta: 2001-07-01
Bhí an ghaoth ag dul i bhfuaire agus chas Artemisia ar a sáil, ag brostú siar; bhain an toirneach croitheadh as an domhan agus tháinig lascadh báistí.
Droichead: Scéal. Feasta 56 (10), 7-8. Colin Ryan.
Leathanach: 7-8
Dáta: 2003-10-01
8-9, tráth a thugtar chun cuimhne, ní amháin John agus Joe ach ‘ceathrar laoch faoi dhíon aon tí ag lascadh na gcamán’.
Léirmheas. Feasta 68 (12), 12-13. Liam Prút.
Leathanach: 12-13
Dáta: 2015-12-01
Ansin a chloisim é, faoi mar a bheadh méara á smeachadh le chéile, nó liathróid á lascadh.
Cuairt an Phápa. Feasta 68 (4), 6-8. Colm Ó Ceallacháin.
Leathanach: 6-8
Dáta: 2015-04-01
Is lascadh sa tóin do pháirtí cosúil le Syriza sa Ghréig é, ach mar a admhaíonn an príomhaire Tsipras, níl an dara rogha acu.
Smaointe Polaitíochta. Feasta 68 (8), 3-4. Seán Ó Loinsigh.
Leathanach: 3-4
Dáta: 2015-08-01
D’éirigh leo an sliotar a lascadh isteach in eangach na Gaillimhe seacht n-uaire sa chluiche leathcheannais eile.
JOHN ALLEN: Ní mharódh an diabhal na Cait…: Más faoi Thiobraid Árann an beart a dhéanamh i gcluiche ceannais na hÉireann beidh ar gach aon imreoir acu taispeántas den scoth a thabhairt uathu. An bhfuil sé iontu? – John Allen
Dáta: 2016-09-03
D’fhéadfadh sé lasc den teanga a thabhairt uaidh agus d’fhéadfadh taom feirge a theacht air ach bhí sé nádúrtha agus cairdiúil.
Bobby Molloy 1936-2016: Polaiteoir ildánach imithe ar shlí na fírinne: Bhí Bobby Molloy, an t-iar-aire rialtais a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí na PDanna, in ann a bhealach a dhéanamh i measc cnocadóirí agus cladóirí, i measc íseal agus uasal, i measc lucht na cathrach, na n-oileán agus na sráidbhailte – Máirtín Ó Catháin
Dáta: 2016-10-03
Bhí na foirne cothrom uair amháin ach thug na Gaeil lascadh 55-0 do Cheanada ar Pháirc Thuamhan Samhain 2008.
Beidh campa na nAll Blacks ag tabhairt neart airde ar chluiche na hÉireann in aghaidh Cheanada: Tabharfaidh cluiche an lae amáraigh i gcoinne Cheanada deis do roinnt imreoirí dul i bhfeidhm ar Joe Schmidt roimh theacht na Nua-Shéalainne chuig Baile Átha Cliath – Eoghan Ó Neachtain
Dáta: 2016-11-11
Cár fhágas an lasc?" Ó, m'entrée sa scoiltoscailt!
Focail sa chistin – Gan údar
Dáta: 2002-05-15
Dá mbeadh na Máighigh chomh glic sin go léir, ba dhóigh leat go mbeidís ullamh do na Spáinnigh agus nach rachadh as chomh héasca sin faoi lascadh na gconcasadóirí?
An aimsir fháistineach – Alan Titley
Dáta: 2014-10-15
Is minic sinn dár leadradh agus dár lascadh féin as ár gcaolaigeantacht, agus má dhéanann sin maitheas do dhaoine a dtaitneann an fhuipeáil leo, ní mar sin d’fhormhór an phobail.
Cinsireacht agus Lady Chatterley – Alan Titley
Dáta: 2010-11-04
Tnúthán chun na hiomláine, na foirfeachta, an tsonais agus na sláinte (idir intinne agus anama) á thiomáint: an dóchas agus an t-éadóchas ag clipeadh, ag lascadh a chéile feadh na slí.
Requiem: Aiséirí. Feasta 60 (1), 16-17. Breandán Ó Conaire.
Leathanach: 16-17
Dáta: 2007-01-01
Is ann atá an port is sine ar domhan freisin, ach de chionn go bhfuil Tel Aviv ar an gceannchathair is costasaí sa Mheánoirthear lasc mé as go dtí an Ghailíl.
Mo Chamchuairt sa Talamh Naofa (1). Feasta 61 (12), 28. Colm Ó Neachtain.
Leathanach: 28
Dáta: 2008-12-01
Tchí duine eile an rud ceanann céanna – go háirithe an té atá á lascadh –a gus tchí sé olcas.
Léirmheas. Feasta 61 (3), 16-17. Frainc Ó Murchadha.
Leathanach: 16-17
Dáta: 2008-03-01
Rith na néalta bána trasna na spéire ós a chionn agus lasc gráinní gainimhe a aghaidh, a lámha agus a lorgaí.
An Leanbh, an Fonctionnaire agus an Mandairín. Feasta 63 (1), 7-9. P. Foley - Ó Cléirigh.
Leathanach: 7-9
Dáta: 2010-01-01
Is maith is cuimhin liom a bheith i mo shuí in ardán Uí Ógáin i bPáirc an Chrócaigh oíche an-fhuar agus lascadh á thabhairt ag an bhfoireann baile do Chorcaigh.
Na Cait in íochtar, cé a chreidfeadh é?: Tá fadhbanna ag Cill Chainnigh faoi láthair, ach is cosúil go bhfuil an galar céanna ar Chorcaigh i gcónaí agus iad lá thuas lá thíos – John Allen
Dáta: 2017-03-04
Fuair muid spídiúlacht, lascadh agus tarcaisne uathu agus meabhraíodh dúinn go rialta an carn aoiligh ar a gcríochnóimis, an ceann céanna ar ar saolaíodh muid.
Beirt bhan rialta a spreag muinín ionam asam féin, as mo chine agus as mo theanga: Ba mhaith mar a thuig na sagairt agus na mná rialta cumhacht agus smacht mar a mhúin na máistrí dóibh é - an t-easpag, an Róimh, Dia na feirge agus an díoltais agus fear na n-adharc féin – ach d’ainneoin sin ar fad bhí daoine breátha ina measc a rinne leas – Máire Ní Fhinneadha
Dáta: 2017-03-14
Leag sé méar ar lasc agus leath solas anuas ó dhá oll-lampa a cheannaigh a athair di a bhí ar fheabhas ag cur solas lae in iúl.
Neamhbheo. An tUltach 91 (10), 12-13. Val Mulkerns.
Leathanach: 12-13
Dáta: 2014-10-01
Ansin a chloisim é, faoi mar a bheadh méara á smeachadh le chéile, nó liathróid á lascadh.
Colm Ó Ceallacháin. I dtír mhillis na mbeo. Cois Life 2017.
Leathanach: 010
Cuimhním ar thorann an bhuille a thug sé di, faoi mar a bheadh liathróid á lascadh aige.
Colm Ó Ceallacháin. I dtír mhillis na mbeo. Cois Life 2017.
Leathanach: 014
‘Mar liathróid á lascadh,’ arsa mise faoi m’anáil, is cuimhním ansin ar mhaslaí chlós na scoile.
Colm Ó Ceallacháin. I dtír mhillis na mbeo. Cois Life 2017.
Leathanach: 016
Thosaigh Lúcás ag lascadh an ráipéir ó thaobh go taobh ar luas lasrach, mar a bheadh parade circulaire, é ag bagairt ar anmbeirt acu in éineacht.
Liam Mac Cóil. An Litir. Leabhar Breac 2011.
Leathanach: 205
Léim beirt, ansin triúr, ceathrar, cúigear, seisear, seachtar bithiúnach ar Mhac Giolla Mór agus thosaigh siad á rúscadh is á lascadh le maidí móra draighin.
Peadar Ó Cualáin. Bithiúnaigh. Leabhar Breac 2012.
Leathanach: 020
Lógó gaois.ie
gaois.ie