#134745
Suan na muice bradaí lasnairde.
Suan na muice bradaí lasnairde.
A luaithe a shúigh sé aer arís, scríob sé an charraig lasnairde.
"Agus an áit ina mbeidh na fiolair lasnairde, is ann a chruinneofar na coirp laistíos.
Bhí an Modh Coinníollach riamh ina sheasamh ansin lasnairde mar bhagairt.
Ba dhóbair dom léim a dhéanamh agus an scolb a pholladh sa díon lasnairde de gheit.
Sodarstát atá ag teastáil ó na cumhachtaí lasnairde.
Ní pléisiúr feasta iad sléibhte agus lochanna agus tú id thodóg mhiotail na mílte troigh lasnairde.
Spéir Dé ár ndíon lasnairde, agus talamh an diabhail ár leaba laistíos.
Ráinig, áfach, go raibh an spéir ag dorchú agus gur tháinig an ghealach amach lasnairde.
Ach tá sé imithe uainn anois d’fhonn rocanról a mhúineadh do na haingil lasnairde.
É faoi scáth an tséipéil lasnairde, buaileann clog an tséipéil ar bhuille gach ceathrú óna sé ar maidin.
Bhí a haghaidh chomh mílítheach leis an bpeaca, is fíor, Chomh bán leis na scamaill a bhí os a cionn lasnairde, Chomh liath leis an tréimhse seo idir dhá ghealán.
Éiríonn a chuid ceoil lasnairde de iarrachtaí an choda eile againn ar nós na fuinseoige ag éirí aníos ó chré na coitiantachta ag lorg aer níos glaine, níos úire, dá cuid ceoil.
Bhí gála géar láidir aniar aduaidh ann; bhí cnoic is sobal farraige béal na trá siar a gheobhadh lasnairde de bhád an Daingin.
Pé maitheas a dhein a leithéid sin sna spéartha lasnairde bhí braistint láidir ann go raibh an t-anamghlanadh déanta agus grásta anuas ag sileadh.
Ba cheart dúinn a bheith buíoch ós rud é go bhfuil an Impireacht i gceannas agus go bhfuil Dia lasnairde agus gur eatarthu araon atá an fios.
An braon anuas orthu, an mhuc sa chistin, an chearc ar gor ar an díon lasnairde, agus an píce sa tuí.
I gceann de na postanna móra sin a bhí agam, bhí seilf áirithe curtha i leataoibh lasnairde im oifig i gcomhair na dtuarascálacha a raibh baint éigin agam leo.
Tír aduain aineoil is ea an pholaitíocht don scríbhneoir Éireannach don chuid is mó mar is eagal leis an ceangal a dhéanamh idir an saol laistíos leis an gcaidreamh cumhachta lasnairde.
Caithfidh go raibh Dia ina dhá leath lasnairde, maidin ar son na Fraince, agus um thráthnóna i lár na Tuirce.
Go deimhin, ba mhinic díleann ón spéir anuas ag stealladh ar chloigeann orm deich neomat tar éis dom gan néall dá laghad a fheiscint lasnairde.
Fad is atá cóip na sráide agus an ghramaisc thíos ag troid faoin easair fholamh, tá an dream lasnairde ag rince leo go meidhreach ar leaca an tí mhóir.
Thóg sé tamall fada mar bhí an t-arán róshaibhir agus na sorcais ró-mhealltach chun a raibh ar siúl lasnairde a thabhairt faoi deara.
Tá d’fhadhb acu agus ag na sicínseabhaic lasnairde san aer nár ghéill Gadafi de réir an sceidil a bhí leagaithe amach dó.
“Féach, féach an t-ór, na cailíseanna, na seoda, agus féach an tsíleáil seo lasnairde a dhein, cad is ainm dó, Mícheál éigin, Mícheál Áth na Bó!
Ní dócha gur chuaigh sliotar ar bith thar a thrasnán lasnairde ná gur chomharthaigh Davy Fitzgerald le cleitearnach a dhá láimh go raibh sé ar fóraoil.
Tá an saol réalaíoch gafa ar ais ag an saol fothalamh balbh go díreach mar atá an saol lasnairde gafa ar ais ag bolg an domhain.
Níor chuaigh sé lasnairde den mhéid a tharla ar na sráideanna, agus níor scrúdaigh an dréimire cas chomh fada leis an nead is airde.
Is minic go mbíonn an fhírinne i bhfad thíos agus an bhréag ina mhilseán ar an gcaca (ní botún é seo) lasnairde.
Cad a dhéanfá dá mbeadh na heitleáin lasnairde ag caitheamh buamaí anuas go laethúil chun tú a mharú, nó chun géaga a bhaint díot?
Óir ba ghairid gur shéid na gunnaí móra le binb laistiar de na dumhcha agus den scrobarnach lasnairde.
‘Cén fáth mise?’ d’éigh sé leis an spéir lasnairde nuair a chonaic sé a phutóga ag doirteadh amach ar an bhféar.
Ní fios go minic ag na saoithe lasnairde cad tá ar siúl i bhfad thíos i measc an phobail, nó an phubaill, ag an mbusmhuintir.
Roicní riastálta ina malainn ag stop lasnairde dá dhá súil ar nós chinnfhearainn ghoirt, mar a gcasfadh an giolla an capall agus an treabhach ar hanlaí an chéachta, an t-earra i mbun riastála earraigh.
Ní miste liom iad, ach mar sin féin…’ Nó ó dhuine glanbhearrtha anaithnid: ‘Ba cheart iad a chur i gcampaí speisialta leo féin.’ Ní féidir a rá nach bhfuil pointe ag na saoránaigh seo ar saoránaigh chearta iad…’ Nuair a bhí an méid sin léite agam, chuir mé fód móna leis an tine ar ghluais an teas uaidh sa simné lasnairde, las mé an todóg ba mhilse dá raibh riamh agam, agus d’fhair mé an deatach nach raibh treo ná teorainn leis dár múchadh go léir.
Bliain mhór toghchánaíochta atá amach romhainn: beidh na toghcháin áitiúla againn dóibh siúd ag bun an dréimire, toghcháin do Phairlimint na hEorpa dóibh siúd i leataobh na slí, agus toghchán na hUachtaránachta bharr an tí lasnairde.
Na húrscéalta cúlpháipéir sin ar fad sa lochta lasnairde, na nuachtáin gan áireamh Domhnach is Dálach, na hirisí ar shíleamar go raibh tús agus deireadh gach gaoise iontu, an fhilíocht ar fhanamair inár suí á léamh go moiche na maidine, an fhealsúnacht a raibh eochair an tsaoil aici le casadh, b'fhéidir nach bhfanann díobh ach an méid nach bhfuil fanta.
Ba dheacair a éileamh ar sciar maith den phobal Protastúnach go mbeadh siad go hiomlán ar a socracht i stát nua inar dhúisigh an pobal mallaithe aníos, go háirithe nuair a bhí siad féin i gceannas an chairn aoiligh; agus ba dheacair a éileamh ar an bpobal Caitliceach go mbeadh gach duine díobh carthanúil, cothrom, agus dea-chroíach i gcoinne daoine sa phobal lasnairde a raibh cos ar a mbolg acu ar feadh na gcéadta bliain.
Tá trí phearsa (3) sa Tríonóid Naofa, agus ceithre (4) shoiscéal agus marcaigh na hapacailipse araon, cúigear (5) maighdean gan chiall a dhearmad a gcuid ola; sé (6) lá a d’oibrigh an duine agus ansin bhí sos aige gur tháinig ann don chaipitleachas; seacht gcinn (7) de shuáilcí an Spioraid Naoimh agus de pheacaí marfacha, ochtar (8) a sábháileadh ón Airc, ar an naoú (9) huair a fuair Íosa bás, deich gcinn(10) d’aitheanta a bhfuil feidhm leo ann is as, aon duine dhéag (11) d’aspail tar éis do Iúdás cur as dó féin, dhá léigiún déag (12) d’aingil lasnairde...Ní bheadh thiar ar dhuine ar bith a mbeadh an méid sin ar eolas aige.
Ní hea amháin nach ndúisím i gcoim na hoíche ag bárcadh fuarallais agus mé i ngreim ag an uafás go bhfuil na sluaite gorma agus buí agus dorcha agus tuáillechloigneacha agus sliotánshúileacha ag teacht chugainn ar sodar, ach bím ag cuimhneamh ar na sluaite gorma agus buí agus dorcha agus tuáillechloigneacha agus sliotánshúileacha agus ar an eagla atá orthu siúd fúinne, NATO ann nó as, ar thalamh nó ón aer lasnairde.
Óir, gach duine a thógfaidh claíomh is le claíomh a thitfidh sé.” Agus chualathas gach duine ag gáirí ón ngairdín aníos go spuaic an teampaill lasnairde.
Bhí siad ann a chuaigh chun an leithris d’fhonn a raibh i bhfolach ann laistiar lasnairde ar shlánchoimeád, agus mhéadaigh go mór ar an gcleachtadh seo tar éis do dhaoine an Godfather a fheiceáil.
Bhuailtí tú nuair nach raibh an litriú agat, bhuailtí tú nuair nach raibh na seacht bpeacaí marfacha ar eolas agat, bhuailtí tú nuair nach raibh bailte Chontae Liatroma ar bharr do theanga agat, bhuailtí tú nuair nárbh eol duit cad é rangabháil na fusachta, bhuailtí tú nuair nár thuig tú cad a dhein an chearnóg ar an taobhagán, bhuailtí tú nuair nár aithris tú filíocht an lae de mheabhair ghlan, bhuailtí tú nuair a dhearmaid tú cérbh é Perkin Warbeck, bhuailtí tú nuair a bhí duine eile sa rang dána, bhuailtí tú nuair a bhí drochoíche ag an múinteoir aréir, bhuailtí tú de réir na haimsire, bhuailtí tú ar chúiseanna nár thuig aon duine eile ach an tArd-Aingeal Gabriel lasnairde.
Mhair ciúnas na ceiste go rófhada, áfach, mar bhí na freagraí i bhfolach i ndoimhneacht phócaí nár osclaíodh fós agus go soiléir lasnairde ar an spéir airgeadta nár shroich cosa an ghnáthdhuine fós.
Is féidir féachaint ar bhochtaineacht theaghlach Princips: tigh beag, lag ina lár, deatach ag dul amach trí pholl sa díon lasnairde, páistí ag fáil bháis go hóg, ón lámh go dtí an béal, iad ina sclábhaithe feodacha.
Ní móide gurb í an eolaíocht í in ainneoin go n-éiríonn go buacach le heolaithe óga na tíre i gcomórtais idirnáisiúnta; ní dócha ach an oiread gurb í an teicneolaíocht faisnéise í, mar níl aos óg na tíre sásta a bheith ina sclábhaithe allais i monarchana dúnta ar phá aráin lae mar a leagtar orthu soir; agus is deimhnitheach nach sa ghnó mór caipitilíoch is láidre sinn (in ainneoin eisceachta nó dhó), óir is sinn atá lúitéiseach os comhair trilliúnaí ar bith a bhfuil silicean ina chroí istigh nó nead phréacháin ar a chloigeann lasnairde.
Agus chonaic sé iad nuair a labhair siad leis an rí mar thuig siad go maith dá chéile, agus chonaic sé iad nuair a ráinig siad an scioból agus shléachtadar agus d’osclaíodar a gcuid stór agus leag siad na bronntanais d’ór, de thúis, is de mhiorra amach don leanbh, agus tháinig éad ar an bhfear lasnairde, mar d’fhéadfaí leas i bhfad níos fearr a bhaint astu seachas iad a thabhairt do mhac siúinéara nach raibh aon fhéachaint suas sa tsaol aige.
Bhí sé dea-chumtha péacach dathúil dea-ghnúiseach óigeanta murab ionann agus na feosaithe craptha críona a chuaigh roimhe go fiú má tháinig an snua deas donn ar a leicne ón stiúidio seachas ón ngrian lasnairde.
Má deireann fia gur fia é, agus má tá craobh bheannach an fhia ar a cheann, agus crúba an fhia faoina chosa, agus eireaball an fhia as a thóin lasnairde, agus má labhrann sé teanga an fhia, is dóigh liom go bhfuil an-seans ann gur fia é, fiú má tá cónaí air sa zú agus go n-áitíonn an tíogar gur tíogar le ceart é.
Bhí a leithéid sin ag Bess Cronin ar chiclipéid í dá raibh ag teacht treo na gaoithe chuici; ag Margaret Barry an bhainseo agus an ghutha cinn a mhúscail na haingil ina dtoirchim suain lasnairde; ag Con Greaney Iarthar Luimnigh a bhí chomh garbh le lá meala is chomh séimh le síoda ghabhair in éineacht.