Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (14)
Ealtaí móra d’éin bheaga ag déanamh creiche ar shíolta dubha aibí lus na gréine.
Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007.
Leathanach: 139
Mimosa is ar dhath buí –mhustaird, magairlíní meidhreacha, lusanna na súl buí, lilí an earraigh.
Liam Ó Muirthile. Sister Elizabeth ag Eitilt. Cois Life 2005.
Leathanach: 055
Crónán na mbeach ina dteanga bhinn mhilis féin ó mhaidin go hoíche, beacha móra ramhra ag eitilt leo ó bhláth go bláth, ón rós dearg go dtí lus buí na gréine.
Buile Bhóthair: dráma raidió. Comhar 70 (2), 10-16. Gabriel Rosenstock.
Leathanach: 10-16
Dáta: 2010-02-01
Deireadh sí an phaidir bheag sin trí huaire nuair a bhriseadh sí duilleoga an smál-lusa, agus arís freisin nuair a chuireadh sí na duilleoga le duine éigin, agus ní dhearna sí na duilleoga sin a bhriseadh níos ná trí huaire riamh.
Labhrás Ó Finneadha: Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí (imleabhar 1). Cois Life 2013.
Leathanach: 033
Ros Comáin, agus cloistear dom go bhfuil duais mhór haiku gnóite aige le deireanas.’ Ag tagairt do ‘Lusanna Gréine’ le Bernadette Nic an tSaoir agus an dán dár teideal ‘An Solas Bán’, ‘tá go leor ráite agus scríofa faoin bhfeidhm agus faoin aidhm a bhí leis an bhfilíocht,’ ar seisean, ‘ach is é gnó na filíochta solas saoil, solas na beatha féin a thabhairt chun suntais.
Triur Filí ó Choiscéim. Feasta 58 (11), 23. Bernadette Nic an tSaoir, Niamh Ní Lochlainn.
Leathanach: 23
Dáta: 2005-11-01
Má tá éifeacht na dtoibreacha beannaithe agus na lusanna leighis ligthe i ndearmad ag muintir Heimaey ní mar sin don Éireannach: Thugas fé ndeara bláthanna iomadúla ag fás ag an dtobar agus timpeall air: cam an ime, an caisearbhán, an slánlus, an slánlus mór, Léine Mhuire, an cuiridín, dearna Mhuire agus Lus Buí Bealtaine.
Danny Boy. Irisleabhar Mhá Nuad 2014, 219-252. Tadhg Ó Dúshláine.
Leathanach: 219-252
Dáta: 2014-01-01
Nach mór dhá bhliain ó shin, thaistil mé chuig Reykjavik chun mí a chaitheamh ag obair i nGarraithe na Lus ansin.
Ag Dul Siar Ó Thuaidh
Dáta: 2019-01-01
Tá beirt bean ghorma, iad álainn agus faoi fheisteas traidisiúnta, grástúil bán Bahia ag obair ag an seastán; duine acu ag friochadh na mbuillíní acarajé, an bhean eile á ngearradh ina dhá leath agus á líonadh le meascán spíosrach darbh ainm vatapá, cloicheáin mhóra úra agus sailéad de thrátaí agus lus an choire, nó coiriandar.
Alex Hijmans: Favela. Cois Life 2009.
Leathanach: 008
‘Féach air seo!’ ‘Níl aon chuma air.’ ‘Níl… ach dá ngearrfaí é… Ní ceann de chlocha móra an domhain a bheidh ann… ach níl aon amhras orm ach go gceannódh sé an tigh seo agus go bhfágfadh sé dóthain airgid tirim aici le nach bhfeicfí riamh arís cabáistí sa ghairdín tosaigh i measc na lus.’ ‘Samhlaím rósanna bándearga le Miss Sweetman.’ ‘Ahá!’ arsa Art.
Duinnín agus Sherlock: Gearrscéal le Biddy Jenkinson. Feasta 55 (5), 9-13. Biddy Jenkinson.
Leathanach: 9-13
Dáta: 2002-05-01
Ó eolas an dúchais a thug Linnaeus féin an córas ainmnithe aige, agus fuair William Withering (1741-1799), athair na cogaisíochta, oideas don Lus Mór ó bhean feasa i Sasana i gcéaduair (Ó Cadhla 2012 A 356).
"Ní Lia Tír na Gnás" - Dúchas an Duine, Luach an Bhéaloidis: Caint a tugadh ag ‘Dúchas: Éigse do Thiobraid Árann i nDún Mhuire, Áras Chonradh na Gaeilge, ar an Aonach, 15 Meán Fómhair 2012. Feasta 66 (5), 35-39. Stiofán Ó Cadhla.
Leathanach: 35-39
Dáta: 2013-05-01
De réir eolais atá ar fáil ar shuíomh idirlín Gharraithe Náisiúnta na Lus i nGlas Naíon, níl ach 893 speiceas de phlandaí dúchasacha in Éirinn. Sa mhullach air sin, meastar go bhfuil rud beag níos ná 20,000 speiceas plandaí san Eoraip.
NOD DON EOLAÍ: Tá an bhithéagsúlacht faoi ionsaí ar fud na cruinne…: Tá 124,993 speiceas aitheanta i gcríocha Mheiriceá. Is é sin 33% de na plandaí uile sa domhan – Liam Ó Dubhláin
Dáta: 2018-01-16
Sa mhéid agus gur féidir suimiú a dhéanamh air, tig linn a rá go dtosaíonn sé amach le cur i gcoinne an leatroim atá á fhulaingt ag muintir an oileáin, agus go ngluaiseann sé ar aghaidh uaidh sin go cuimhní duairce neamh-mhaoithneacha óige an fhile, agus go dtagann sé chun chlabhsúir le línte a fhéachann le hathnuachan agus slánú a shamhlú, le nach mbeifí feasta ‘i bhfolach ar chúl uabhair dhallintinnigh.’ Éiríonn leis an aistriúchán seo coimhthíos an dáin a bhreith leis i nGaeilge atá tíreach nádúrtha, gaisce liteartha gan amhras, go mór mór nuair a chuirtear san áireamh go mbunaítear íomháineachas an dáin ar lusanna, dúlra agus bealach maireachtála atá idirdhealaithe go hiomlán ó shaolchleachtadh agus dúlra na hÉireann.
Léirmheas: Aimé Césaire: Nótaí ar fhilleadh ar mo thír dhúchais (Cahier d’un retour au pays natal) aistrithe ag Pádraig Ó Máille. Feasta 69 (12), 16. Proinsias Ó Drisceoil.
Leathanach: 16
Dáta: 2016-12-01
Stobhach lintilí agus glasraí fréimhe (I gcomhair seisir) – 2 taespúnóg lus an choire (coriander) – Leath taespúnóige tuirmiric – 25g sinséar úr, grátáilte – 2 oinniún, mionghearrtha – 3 meacan dearg, mionghearrtha – Meacan bán amháin, mionghearrtha – 2 cainneann – 450g muisiriún – 2 ionga gairleoige – 175g lintilí dearga – 50g lintilí donna nó glasa – 750ml uisce beirithe – Ola olóige i gcomhair friochadh Frioch na hoinniúin, meacain dearga, meacan bán agus cainneann i bpota mór le píosa beag ola ar feadh 3 nó 4 nóiméad.
Seo na stobhaigh is blasta: Gan aon déirí ná cruithneacht – Katie McGreal
Dáta: 2015-03-11
Comhábhair Canna sairdíní x 2 Cúirséad mór amháin nó dhá cheann bheaga Trátaí mionghearrtha x canna amháin Leath-shillí Dhá ionga gairleoige brúite Spaigití Spúnóg caprais Ola ráibe nó ola lus na gréine – steall beag!
Béiltí breátha an tSamhraidh: Mír nua chócaireachta ar NÓS! – Méabh Ní Thuathaláin
Dáta: 2017-05-17
Lógó gaois.ie
gaois.ie