Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

máilín

65 toradh in 43 doiciméad

  1. #1769899

    ‘Tabharfaidh tú máilín amach chugam féin,’ a deir sí, agus na súile leata ina ceann.

  2. #1722702

    (Sin é an rud atá amuigh i dtosach an bháid a dtugann muide an stuaicín air.) Agus thug sí í féin ansin agus an máilín olann fúithi ar stuaicín an bhaid...Nuair a chuaigh an bád síos agus scaip na caoirigh anonn 's anall, agus mar a dúirt mé cheana, choinnigh an máilín olann suas í, nuair gur chuir Dia bád chuici a thóg í.

  3. #1032786

    Is amhlaidh a bhí mo mháthair ag caoineadh agus í ag rith anonn is anall agus mise istigh im mháilín connlaigh ar a droim.

    Smaointe dainséaracha faoi fhocail scríofa – Gabriel Rosenstock

  4. #992113

    – becomes “máilín soláistí” while the broom wagon – responsible for picking up the stragglers – becomes “carr na bhfágálach”.

    Giro na Gaeilge – Pól Ó Muirí

  5. #155723

    Ní chuirfidh siad mise i gcónra leathscoite i lár páirce a ceannaíodh ó thiarna talún éigin a ghoid uainn sa chéad áit é. Ní fheicfidh tú mise ag dul amach ar an mbus, mo mháilín lóin folamh faoi m’ascaill, mo cháisín cáipéisí le mo thaobh, buíoch de Dhia agus d’oifig Stáit éigin as post óna naoi go dtína cúig a bhronnadh orm.

  6. #155846

    Sheas mé siar uaidh píosa go bhfeicfinn ar crith é. Chuir sé an dá mháilín tae sna cupáin gan focal a rá, é ar a dhícheall ag ligean air féin nach raibh sé trína chéile agam ach chonaic mise a lámha ar crith agus na deora ag sileadh lena leiceann.

  7. #156231

    ‘Go raibh míle maith agat, a Uncail Pól,’ a dúirt sí ansin leis agus é ag brú an mháilín bhig a scaoil amach boladh an chumhráin ar fud an tsiopa, toisc go ndúirt a máithrín léi a bheith béasach i gcónaí.

  8. #1232992

    Chroch sé a cheann go sásta ar fheiscint na gcapall eile dhó, bhaineas an t-adhstar is an diallait de, ansin d’osclaíos mo mháilín mine agus dhoirt i mo ghlaic an ruainnín beag coirce a bhí coinnithe agam dhó.