#1905589
Limistéir Teanga
Tá 4 limistéar pleaineála teanga fógraí ag Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne ar maidin, ceann ina measc i nGaeltacht na Gaillimhe agus ceann i Maigh Eo.
Sin iad ceantar Mhaigh Cuilinn agus ceantar Mhaigh Eo Thiar.
Thug an tAire Stáit Kyne le fios go bhfuil tréimhse 2mhí, ón lá inniu, an 11ú de mhí Iúil, ag eagraíochtaí le iarratas a dhéanamh le Údarás na Gaeltachta, le bheith roghnaithe mar eagraíochtaí, féachaint le pleaineanna teanga a réiteach dá gcuid ceantair féin.
Beidh tréimhse 7 mbliana ina dhiaidh sin ag na heagraíochtaí chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.
Fan glan ar an Ospidéal
Táthar ag moladh don phobal gan drannadh leis an rannóg timpistí agus éigeandála in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh, mura bhfuil géar-ghá leis, mar gheall ar bhrú mór atá ansin inniu.
Tá obráidí, nach bhfuil aon phráinn ag baint leo curtha ar ceal, mar gheall ar chomh plódaithe agus atá an áit le daoine.
Chuir an t-ospidéal pleain oibre i bhfeidhm ar maidin, féachaint le tabhairt faoin bhfadhb.