#1713717
Ar feadh an ama bhí Bush féin ag moladh shábháilteacht na n-aerfort.
Ar feadh an ama bhí Bush féin ag moladh shábháilteacht na n-aerfort.
Rinneadh roinnt moltaí ag an gcoiste cróinéara freisin agus dúradh gur cheart caighdeáin shábháilteachta na dornálaíochta gairmiúla a chur ag obair san MMA.
Deir an Roinn Iompair go bhfuil an tuarascáil á scrúdú agus machnamh dá réir á dhéanamh aige ar chúrsaí sábháilteachta, agus go gcuirfear moltaí na tuarascála i bhfeidhm.
Measann se go mbeidh obair ar nós caighdeán na mbóithre fhad leis na céanna, ballaí, ráillí sábháilteachta agus céimeanna ag na céanna, san áireamh sna moltaí a bheas a ndéanamh.
Tuigtear don Chomhairleoir Connolly atá ar Fhóram Sláinte an Iarthair go bhfuil moltaí dearfacha sa tuarascáil le feabhas a chur ar chúrsaí san aonad timpistí agus éigeandála chomh maith le moltaí faoi shábháilteacht na n-othar.
Tá an Roinn ag moladh do lucht éanlaithe a chinntiú go bhfuil beartais chuí sábháilteachta i bhfeidhm acu.
Chan infheisteoirí seanbhunaithe an port a ba ghá ag moladh oibrithe logánta, an tacaíocht ó na húdaráis agus fiú sábháilteacht an réigiúin mar láthair gnó.
Tá feachtas seolta inniu ag an Údarás Sábháilteachta ar Bhóithre ag moladh do mhná gan na criosanna a chaitheamh faoina n-ascaillí mar go bhféadfadh drochghortú baint dóibh dá bharr.
Tá bunáit an chomhlachta i gcathair Toulouse i ndeisceart na Fraince le dúnadh leis. Dúirt príomhfheidhmeannach Ryanair Michael O'Leary gur danaid leo an cinneadh ach nach raibh an dara rogha acu. Thug sé fios nach mbeadh an scéal chomh dona dá nglacfadh an Rialtas le moltaí nua an Aontais Eorpaigh maidir le cúrsaí taistil. De réir na moltaí seo, rangaítear sábháilteacht tíortha éagsúla de réir líon na gcásanna Covid-19 in aghaidh gach 100,000 duine.
Tuigtear go bhfuil an tAire Martin toilteanach na geimhle seo a scaoileadh beagán a fhad is nach sáraítear rialacha sláinte agus sábháilteachta. Thug a hurlabhraí le fios go dtabharfaidh sí éisteacht do mholtaí na gcumann spóirt faoi imeachtaí a eagrú agus a bhainistiú go cáiréiseach feasta.
Tá Sinn Féin, an SDLP agus Alliance ag éileamh go gcuirfí moltaí i bhfeidhm láithreach chun déileáil le sábháilteacht agus go gcinnteofaí go mbeadh tacaíocht oifigiúil ag feidhmeannaigh chun na rialacha a chur i bhfeidhm.
Dúirt HIQA go raibh laigeachtaí sa chóras a bhí i bhfeidhm le nach mbeadh mí-úsáid a thabhairt d'othair, agus nach raibh na caighdeáin cosanta sásúil i bhfeidhm le líomhaintí faoi mhí-úsáid a fhiosrú san aonad. Ní raibh go leor traenála faighte ag an fhoireann le dhul i ngleic le fadhbanna iompair na n-othar agus moladh go bhfaigheadh siad traenáil láithreach. Bhí an córas sábháilteachta dóiteáin san aonad lochtach agus bhí barraíocht othair ina gcónaí sna tithe, agus barraíocht ama caite acu sna tithe i rith an lae, a dúradh sa turarascáil. Moladh síceolaí agus comhairleoir a thabhairt isteach le labhairt le hothair go rialta agus le dhul i ngleic leis na fadhbanna atá ann.
Tá an Coimisiún Sábháilteachta Táirgí i SÁM ag moladh do thomhaltóirí cófraí do ghasúír atá níos airde ná 60cm agus cófraí daoine fásta atá níos airde ná 75cm a sheachaint ar fad, muna bhfuil siad fáiscthe i gceart le balla.
Tá lucht turasóireachta ar an oileán ag moladh anois gur cheart a n-áit féin a chur ar fáil do na rothair agus do na járbhaithe mar gheall ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta.
Moltar freisin go dtabharfadh an scoil faoi iniúchadh slándála agus sábháilteachta don seomra. Táthar ag súil go bhfuasclóidh an moladh seo an t-aighneas agus go mbeidh Scoil Bhríde ag feidhmiú mar is ceart arís amárach.
Fáiltíodh roimh an moladh sin i gcúirt an chróinéara le bualadh bos. Mhol an giúiré freisin go dtabharfaí isteach treoirlínte nua maidir le sábháilteacht dóiteáin ag láithreáin stad an lucht siúil.
Tá lucht turasóireachta ar an oileán ag moladh anois gur cheart a n-áit féin a chur ar fáil do na rothair agus do na jarvies mar gheall ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta.
Cúrsaí sábháilteachta agus easpa gearáin ón bpobal i measc na bhfáthanna nach n-athródh an tÚdarás comharthaí bóthair na hÉireann Tá an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) fós ‘in amhras faoi na buntáistí a ghabhfadh leis na hathruithe a moladh ar an gclófhoireann’ ar chomharthaí bóthair na tíre.
Sábháilteacht ar Fheirmeacha Moladh d'fheirmeoirí scrúdú a dhéanamh ar chúrsaí sábháilteachta ar a bhfeirmeacha, ag cruinniú Chraobh Dhún na nGall den IFA an tseachtain seo.
Briogáid Doiteáin Dúirt Johnny Shéamuis Ó Conghaile ó Choiste Cearta Chonamara go bhfuil an-imní go deo air faoi shábháilteacht chriú na briogáide dóiteán ar an gCeathrú Rua nuair a bheidh orthu a bheith ag imeacht faoi dheifir ar bhóithre Chonamara. Dúirt sé go bhfuil drochbhail cheart ar na bóithre agus go mbeidh an criú ag cur a mbeatha féin i mbaol nuair a thriailfidh siad a bheith goite chomh fada le háit chomh scioptha in Éirinn agus a fhéadfaidh siad é. Dúirt sé gur lá stairiúil a bheidh ann Dé Luain seo chugainn nuair a bheidh toradh ar an bhfeachtas fada le briogáid dóiteán a bheith ar fáil i ndeisceart Chonamara - seirbhís atáthar a iarraidh le os cionn 20 bliain.Dúirt ceannasaí stáisiún dóiteán na Ceathrún Rua, Edward Ó Sé go bhfuil siad in ann a bheith ar an mbóthar ón stáisiún taobh istigh de 4 nóiméad ón uair a gcuirtear fios orthu ón ionad i gCaisléan an Bharraigh.Cuirfidh an tseirbhís ar an gCeathrú Rua seirbhís chúltaca ar fáil d'fhoireann chathair na Gaillimhe nuair a bheidh siad ag teacht amach chomh fada leis an Spideál agus beidh na dualgais chéanna orthu i gceantar Charna ó thaobh na seirbhíse as an gClochán.Dúirt an ceannasaí stáisiúin go bhfuil moladh tuillte ag an bpobal a chomhoibrigh leis an gcriú ina gcuid oiliúna ó thaobh áiteacha a chur ar fáil dóibh thimpeall an cheantair. Gabhfaidh siad i mbun a gcuid dualgas go hoifigiúil ag freastal ar cheantar Chonamara Theas ón Luan seo chugainn amach.
Cróineára Iarthar na Gaillimhe Mhol cróineára Iarthar na Gaillimhe an Dochtúir Ciarán McLoughlin go dtógfaí fál ag Céibh Nimmo i nGaillimh ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta ansin. Bhí sé ag tacú le moladh a rinne duine na gardaí a bhí ag fiosrú faoi chás Mhichael Bugler, scór blianta d'aois as Co an Chláir ar tógadh a chorp as an bhfarraige in Orán Mór ar an seachtú lá de mhí Eanáir seo caite. Chuaigh sé ar iarradh ar an ochtú lá déag de mhí na Nollag théis dhó a bheith amuigh ag ceiliúradh. Dúradh ag an gcoiste cróinéara faoi bhás Mhichael Bugler go nglactar leis gur shiúil sé go timpisteach amach de bharr na céibhe i ndorchadas na maidne. Léirigh tástálacha a rinneadh ar an gcorp nár bhain aon ghortuithe do Mhichael Bugler, agus dúradh gur báthadh ba chúis lena bhás. Dúirt an cróinéara McLoughlin, dá mbeadh fál de shaghas éigin san áit ag an am, go dtuigfeadh an fear óg go raibh sé in áit a bhí contúirteach agus go mb'fhéidir go mbeadh a mhalairt de thoradh ar an gcás.
An ceathrar a bhí ar bord an R116 a maraíodh go tubaisteach Ina measc moltar: - go ndéanfadh Údarás Eitlíochta na hÉireann maoirseacht ar shábháilteacht agus ar chúrsaí dlí na seirbhíse eitlíochta - go ndéanfadh siad monatóireacht ar chúrsaí sabháilteachta an chonartha héileaptar - don Roinn Iompair a bheith níos soiléire leis na heagrais a chuidíonn leis an tseirbhís chuardaigh Tá iarrtha ag an Aire Iompair, Shane Ross ar a chuid feidhmeannaigh go gcuirfí an 12 moladh i bhfeidhm.
Dúirt sí go bhfuil imní ar Tusla faoin dóigh a raibh an eagraíocht ag cur an pholasaí Tús Áite do Leanaí i bhfeidhm agus go bhfuil ocht moladh curtha faoi bhráid phríomhfheidhmeannach Ghasóga na hÉireann ag an ghníomhaireacht: - Go ngairmfí cruinniú práinneach le bord bainistíochta Ghasóga na hÉireann - Go gcuirfí san áireamh gurbh fhéidir gur cuireadh an obair a rinne daoine san eagraíocht a bhí freagrach as cosaint leanaí i mbaol - Gurb é an príomhfheidhmeannach an príomhtheagmhálaí san eagraíocht as seo amach maidir leis an pholasaí cosanta leanaí a chur i bhfeidhm - Go mbunófaí fochoiste le ráiteas agus nós imeachta cosanta leanaí na heagraíochta a scrúdú - Go ndéanfaí athbhreithniú práinneach ar aon imní agus eolas a nochtadh faoi chosaint leanaí - Go scrúdófaí na modhanna maoirseoireachta leanaí san eagraíocht - Go gceisteofaí an féidir leis na Gasóga leanacht ar aghaidh ag tabhairt leanaí ar thurais thar oíche - Go gcinnteofaí go bhfuil siad siúd atá i mbun na líne cabhrach atá ag na Gasóga neamhspleách ar an eagraíocht Dúirt an tAire Zappone go bpléifidh sí moltaí Tusla le príomhoibrí sóisialta na Roinne Leanaí ach go gcaithfear gníomhú ar bhonn práinne ar mhaithe le sábháilteacht leanaí.