Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (42)
Labhraíodh Normainnis sna cúirteanna, sna scoileanna agus sna hollscoileanna, agus rinneadh cumarsáid phríobháideach agus tráchtála inti.
Fidelma Ní Ghallchobhair. Ár dtéarmaí féin. Cois Life 2014.
Leathanach: 123
Tá na scoileanna seo ar fad á dtógáil mar chuid de Chomhpháirtíocht Phoiblí agus Phríobháideach.
Díospóireacht speisialta sa Dáil faoi Carillion á lorg
Dáta: 2018-01-24
Caitliceach Sasanach a d’fhreastail ar scoil phríobháideach Ampleforth.
Coimisiún ag iarraidh an omerta a shárú i gcás Nairac
Dáta: 2016-02-01
Cuireadh ag scoil phríobháideach é, agus ní léir go raibh focal Gaeilge á múineadh inti.
Garret FitzGerald agus Paddy Hillery: Beirt a chuir an Ghaeilge dá boinn, Cuid 1. Feasta 65 (8), 17-23. Maolsheachlainn Ó Caollaí.
Leathanach: 17-23
Dáta: 2012-08-01
Tá tuismitheoirí grámhara aige agus freastalaíonn sé ar scoil phríobháideach.
Idir Shólás agus Dólás. Feasta 67 (5), 30-31. Mícheál Ó hAodha.
Leathanach: 30-31
Dáta: 2014-05-01
D'fhreastail Nilton agus a dheartháir Bruno ar bhunscoil phríobháideach (ní raibh Tiago, an mac is óige, in aois scoile fós.)
Alex Hijmans: Favela. Cois Life 2009.
Leathanach: 029
Ach anois bhí an córas ag obair i gceart arís agus bhí Ruán ag freastal ar scoil phríobháideach eile i bhfad ó bhaile, agus Colm ar an scoil chuimsitheach a bhí ann dá leithéid.
Éilís Ní Dhuibhne: Hurlamaboc. Cois Life 2006.
Leathanach: 051
Dúradh sa chúirt go ndearna an tAthair O'Reilly na hionsaithe gnéis ar an gcailín i scoil phríobháideach de chuid Léigiúnaigh Chríost i Santiago.
Sagart Éireannach ciontaithe in ionsaithe gnéis sa tSile
Dáta: 2014-10-15
Fógraíonn na tuismitheoirí (Gillen agus Doyle Kennedy) go bhfuil an bhróg ag teannadh orthu agus go gcaithfidh siad Cosmo a thógáil as an scoil phríobháideach ina bhfuil sé agus é chur go Scoil na mBráithre ar Shráid Synge.
Bainfear ceol as Sing Street cé go bhfuil a ghlór as tiúin anseo agus ansiúd
Dáta: 2016-03-25
In Otavalo, tá scoil phríobháideach amháin ina bhfuil an t-oideachas trítheangach in Kechwa, Spáinnis agus Béarla!
Kechwa: An teanga dhúchasach is mó i Meiriceá Theas: Chuir Pádraig Ó Maolchraoibhe agallamh, in Quito, Eacuadór, ar Ileana Almeida, léachtóir ollscoile a bhfuil Máistreacht san Fhocleolaíocht aici agus a rinne staidéar sé bliana in Ollscoil Mhoscó. Tá roinnt leabhar scríofa aici ar Kechwa (an teanga, agus an pobal) ina measc leabhar gramadaí in Kechwa do pháistí scoile a bhfuil Kechwa mar theanga dhúchais acu Tá Pádraig féin ag foghlaim Kechwa le sé mhí anuas agus chuir sé na ceisteanna ar Ileana a bhí suimiuil aige féin agus – b’fhéidir – ag Gaeilgeoirí na hÉireann! Rinneadh an t-agallamh i Spáinnis.. An tUltach 82 (6), 9-12. Pádraig Ó Maolchraoibhe.
Leathanach: 9-12
Dáta: 2006-06-01
Tá pobal Dhún Chaoin ag éileamh go ndéanfaí an scoil (atá faoi úinéireacht phríobháideach) a dheasú agus a chaomhnú faoi Acht na bhFoirgneamh Cosanta.
Bliain chorraitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht: B’annamh nach raibh cúrsaí Gaeilge nó Gaeltachta chun cinn sa nuacht i gcaitheamh na bliana. Caitheann Breandán Delap súil ar bhuaicphointí agus ar íosphointí 2015. Comhar 75 (12), 10-21. Breandán Delap.
Leathanach: 10-21
Dáta: 2015-12-01
Tá an Roinn Oideachais ag tairiscint 9 n-uair a chloig teagaisc phríobháideach do ghasúr 12 bliain d’aois de chuid an lucht siúil atá gan scoil.
Teagasc príobháideach ón Stát do ghasúr lucht siúil
Dáta: 2016-09-05
Thóg Coláiste Gonzaga, scoil phríobháideach i mBaile Átha Cliath, áit Choláiste Íosagáin i gCúige Laighean agus tá Coláiste na Coiribe sa dara háit i mbliana i ndiaidh Scoil Salerno nó Meánscoil Íosa agus Mhuire i gcathair na Gaillimhe, atá ar bharr an liosta i gCúige Chonnacht.
An 20 iarbhunscoil lán-Ghaeilge ‘is fearr’ sa tír…: Tá Coláiste Chnoc na Labhras ar an iarbhunscoil lán-Ghaeilge ‘is fearr’ sa stát i dtábla 'fiúntais' atá ullmhaithe ag Tuairisc.ie bunaithe ar thaighde a rinne an Sunday Times – Maitiú Ó Coimín
Dáta: 2016-08-31
Fiú amháin i Lublin na Polainne, príomhchathair an réigiúin is boichte san Aontas Eorpach, tá scoil phríobháideach ar gach sráid, nó geall leis.
Toir ar Bhearla sa Pholainn – Alan Desmond
Dáta: 2005-09-28
Rud a ndearna mé iontas de ná go mbíonn an Béarla mar ábhar scoile ag formhór na ndaltaí ach fós féin bítear sásta airgead nach beag a íoc as ceachtanna i scoil phríobháideach anuas ar ualach oibre an ghnáthlá scoile.
Toir ar Bhearla sa Pholainn – Alan Desmond
Dáta: 2005-09-28
Toisc go raibh a thuarastal suarach go leor, £50 in aghaidh na bliana, d’oscail sé scoil bheag phríobháideach do bhuachaillí a raibh an-ráchairt uirthi.
William Steel Dickson: Minister Réabhlóideach. Feasta 67 (7), 8. Seán Ua Cearnaigh.
Leathanach: 8
Dáta: 2014-07-01
Sa chéad radharc címid Ned (O’Shea) ag filleadh ar an scoil chónaithe phríobháideach, lár tíre a bhfuil an ghráin aige uirthi.
Níl cuma rómhaith ar an ‘Handsome Devil’ seo as Éirinn: Ní leor mar mholadh ar ‘Handsome Devil’ gur táirge Éireannach é nó gur le dea-thoil a thugtar fé théamaí tromchúiseacha – Breandán Mac Gearailt
Dáta: 2017-04-28
Cuirfidh an scoil phríobháideach deireadh le formhór na seirbhísí i ndiaidh scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteiste i mí an Mheithimh.
An Coláiste Cistéirseach i Ros Cré le dúnadh i ndiaidh 112 bliain
Dáta: 2017-02-17
Ba chuntasóir é féin ach ach bhí mac ar scoil phríobháideach i Sasana aige agus, bhuel, tuigeann tú féin, bhí na táillí ard agus an t-airgead gann.
Cluain Álainn. An tUltach 89 (12), 16-18. Pól Ó Muirí.
Leathanach: 16-18
Dáta: 2012-12-01
Ba ansin a rinne William Burness an cinneadh féachaint le múinteoir a fháil le scoil phríobháideach a thoiseacht nó bhí eagla air go mbeadh Allmhaigh fágtha gan aon áis oideachais.
Óige Robbie Burns in Allmhaigh 1759-1766. 92 (11), 12-13. Pádraig Ua Baoighill.
Leathanach: 12-13
Dáta: 2015-11-01
Níl sé seachtaine ann ó tharraing an tAire Spóirt aird ar féin nuair a bhronn sé deontas €150,000 ar scoil phríobháideach i mBaile an tSaoir do pháirc haca.
Tá áiseanna pobail agus cultúr aclaíochta tuillte ag páistí Inse Chór – Máire Treasa Ní Cheallaigh
Dáta: 2018-04-13
I scoil phríobháideach a fuair sí a cuid bunoideachais. Chaith sí seal i bhFianna Fáil.
D’fhéadfadh sé fós gur iar-oifigeach as an IRA a bheadh ina Aire Cosanta againn…: Fiú amháin agus é éirithe as an gceannaireacht tá dúrúch ar dhaoine áirithe ag cur fiach Sheáin Bhradaigh ar Gerry Adams – Seosamh Ó Cuaig
Dáta: 2018-02-19
Dúirt an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt Shane Ross nach raibh aon bhaint aige le deontas €150,000 a cheadaigh a Roinn do scoil phríobháideach ina dháilcheantar féin.
Ross ag séanadh go raibh baint aige le deontas a cheadú
Dáta: 2018-03-22
Thosaigh Pádraic a chuid oideachais i scoil phríobháideach i Wentworth Place a bhí gar do Sráid Holles i mBaile Átha Cliath.
Liam Mac Uistín. An Ród Seo Romham. LeabhairCOMHAR 2006.
Leathanach: 015
Fiú amháin in Lublin, atá ina príomhchathair ar cheann de na réigiúin is boichte san Aontas Eorpach, tá scoil phríobháideach ar gach sráid, nó geall leis.
Alan Desmond. Seal sa Pholainn. LeabhairCOMHAR 2007.
Leathanach: 006
Rud a ndearna mé iontas de ná go mbíonn an Béarla mar ábhar scoile ag formhór na ndaltaí ach fós féin bítear sásta airgead nach beag a íoc as ceachtanna i scoil phríobháideach anuas ar ualach oibre gnáthlae scoile.
Alan Desmond. Seal sa Pholainn. LeabhairCOMHAR 2007.
Leathanach: 008
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt Tomás Mac Pháidín, Stiúrthóir Scoileanna GRETB, go raibh “deacrachtaí go leor” ann le 50 bliain anuas nuair a cuireadh scoileanna faoi úinéireacht phríobháideach agus nár cheart a leithéid a dhéanamh feasta.
‘Níor cheart airgead poiblí do scoileanna a thabhairt d’eagraíochtaí príobháideacha’ – Stiúrthóir GRETB: Deir Tomás Mac Pháidín, Stiúrthóir Scoileanna Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, go raibh ‘deacrachtaí go leor’ ann le 50 bliain anuas nuair a cuireadh scoileanna faoi úinéireacht phríobháideach agus nár cheart a leithéid a dhéanamh feasta – Méabh Ní Thuathaláin
Dáta: 2018-08-08
Is tábhachtach le Denvir gné na teangan leis, agus aimsíonn sé ‘trí shainteanga ar leith’ i saothar Uí Mhuirthile: ‘teanga phríobháideach na mothúchán agus na braistinte inmheánaí (a fheictear go háirithe sna dánta grá agus sna patrúin chainte a úsáideas sé ag cur síos dó ar thaibhrimh, agus ar bhrionglóidí agus ar an réimse liath sin nach codladh é ná dúiseacht…); teanga fhoghlamtha nathánach na hÁite Thiar (a shealbhaigh sé in aon turas, a ndearna sé a chuid féin di agus a úsáideas sé mar mheán iniúchta air féin agus ar a thimpeallacht); agus sainteanga chauvinistic Chathair Chorcaí idir Ghaeilge na scoile agus Béarla na sráide agus iadsan ag imirt ar a chéile’ (Denvir 1984: 28).
Rióna Ní Fhrighil: Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge. Cois Life 2010.
Leathanach: 086
Nuair a dúirt Arabach mná le Chirac go mbeadh an reachtaíocht nua ag gearradh na gcailíní seo amach as an chóras oideachais, freagra giorraisc a fuair sí uaidh: "I gcás mar sin ní mór don scoil idirghabháil a dhéanamh leis na tuismitheoirí...ach mura n-oibríonn sé sin tá cianoideachas nó scoil phríobháideach ann." Cé go bhfuil sé i gceist go gcuirfidh an reachtaíocht nua cosc sna scoileanna ar chomharthaí creidimh eile ar nós an chaipín Iúdaigh, an Kippa, nó crois mhór, níl dabht ag duine ar bith ná go bhfuil sé dírithe go príomha ar an scairf Ioslamach.
Cosc ar scairf – Mairead Ni Chinneide
Dáta: 2003-12-24
Fear óg as bruachbhaile bocht ar imeall Salvador, a raibh fonn millteach air Béarla a fhoghlaim ach nach raibh an t-airgead aige íoc as cúrsa Béarla i scoil phríobháideach, gan trácht ar thaisteal thar lear chun Béarla a fhoghlaim sna Stáit Aontaithe, i Sasana nó in Éirinn.
Alex Hijmans: Favela. Cois Life 2009.
Leathanach: 002
Bhí an t-ionchúiseamh ag éileamh go ngearrfaí téarma príosúin deich mbliana air.  Dúradh ag a thriail go ndearna sé na hionsaithe gnéis ar an gcailín i scoil phríobháideach de chuid Léigiúnaigh Chríost i bpríomhchathair na Sile, Santiago. Phléadáil sé neamhchiontach sna cúisimh.
4 bliana ar promhadh gearrtha ar shagart Éireannach sa tSile
Dáta: 2014-11-12
I gcás Murphy, ní hamháin gur fhás sé aníos i mBaile an Ghabhair, bruachbhaile meánaicmeach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ach chuaigh sé chuig scoil phríobháideach roimh dó céim sa dhlí a bhaint amach ó UCD agus dul isteach sa Pháirtí Sóisialach.
Murphy ar an ‘ardán’ mícheart
Dáta: 2014-11-18
Leagtar an-bhéim ar thábhacht an chainteora dúchais agus an seans a thugann sé do na daltaí teagmháil bheith acu le teanga an Bhéarla mar a labhraítear í i ndáiríre agus is beag meas a bheadh ar scoil phríobháideach nach mbeadh a leithéid de dhuine fostaithe aici.
Toir ar Bhearla sa Pholainn – Alan Desmond
Dáta: 2005-09-28
Caitear amach as cúpla scoil phríobháideach é sula bhfoghlaimíonn sé conas íomhá de féin a chur in iúl – íomhá bhréagach mar a tharlaíonn: cruthaíonn Lorenzo saol idéalach bréagach dó féin agus seo an íomhá a chraobhscaoileann sé os comhair an tsaoil.
Idir Shólás agus Dólás. Feasta 67 (5), 30-31. Mícheál Ó hAodha.
Leathanach: 30-31
Dáta: 2014-05-01
Ba í Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh [Louise Gavan DuffyB1] in éineacht le hÁine Nic Aoidh, banchéile Earnáin de Blaghd[B5], a bhunaigh Scoil Bhríde i 1917 ach ba mheánscoil phríobháideach í go dtí gur thug an Blaghdach, an tAire Airgeadais, isteach sa státchóras í i 1926 trí bhunscoil a dhéanamh di.
Ó GACHÁIN, Mairéad [Ní Ghacháin] (1917–2005)
Dáta: 2017-05-24
I ndeireadh báire níorbh fhiú dó a raibh d’​uaireanta le fáil aige sa cheardscoil sin agus ar feadh píosa bhí sé ag obair i gColáiste Ross, scoil phríobháideach a d’​ullmhaíodh daltaí do scrúdú an mháithreánaigh.
Ó MAOLBHRÍDE, Seán (1919-1983)
Dáta: 2017-05-24
I measc na leabhar eile a bhí acu don scoil phríobháideach sin, bhí The Spelling Book, graiméar Béarla Fisher, agus A Collection of Prose and Verse le Masson, a raibh píosaí de chuid Shakespeare, Milton Dryden agus Thomson ann.
Óige Robbie Burns in Allmhaigh 1759-1766. 92 (11), 12-13. Pádraig Ua Baoighill.
Leathanach: 12-13
Dáta: 2015-11-01
Scríobh sé véarsaí ón tús agus is ar aistí agus aistíocht Addison sa Spectator a mhúnlaigh sé a chuid próis, agus gan é fós ach seacht mbliana d’aois, sna páipéir Spy agus Beholder a chuir sé ar bun le linn dó freastal ar scoil chónaitheach phríobháideach George Nicholas in Ealing ón mbliain 1808 amach.
Cén fáth gur mór againn John Henry Newman Beannaithe in Éirinn? Irisleabhar Mhá Nuad 2011, 8-30. Liam Prút.
Leathanach: 8-30
Dáta: 2011-01-01
Leagtar an-bhéim ar thábhacht an chainteora dúchais is an seans a thugann sé do na daltaí teagmháil bheith acu le teanga an Bhéarla mar a labhraítear í dáiríre agus is beag meas a bheadh ar scoil phríobháideach nach mbeadh a leithéid de dhuine fostaithe aici.
Alan Desmond. Seal sa Pholainn. LeabhairCOMHAR 2007.
Leathanach: 006
Vótáilimid toisc go gcuirfidh an páirtí seo, nó an páirtí siúd, níos mó airgid inár sparán pearsanta isteach, gearrfaidh siad an cháin agam féin, cosnóidh siad mo mhaoin phríobháideach, coinneoidh siad luach mo thí in airde, coimeádfar lucht siúil ón doras, ní náisiúnófar na bainc, ní bhainfear le scoileanna galánta, ní ardófar an pá náisiúnta íosta, beidh siad dian ar lucht stailce… B’fhéidir nach bhfuil lá milleáin ar chuid díobh sin arna dtógáil ceann ar cheann nó ina n-aonar.
Cothrom na Féinne, mar dhea – Alan Titley
Dáta: 2016-10-10
(Dála an gheilt, leagan den nduiniúlacht atá sa bhfrithlaoch so go bhfuil an teanga phríobháideach sárfhoirfe sealbhaithe aige, rud a chinntíonn gur ginias é i gcúram na bhfocal): Ábhar as na ceardlanna agus na léamha a d’eagraíos i Scoil na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in Earrach na bliana 2003 go bunúsach atá sa bhailiúchán so ar a dtugaim Go nuige seo, ach go bhfuil curtha leis trí cheardlannaíocht an chibirspáis.
Go Nuige seo: Mír de bhrollach saothair atá bunaithe ar cheardlannaa agus ar léamhanna a d’eagraigh Pádraig Ó Cíobháin in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le linn a chéad bhliain mar scríbhneoir cónaitheach, agus a fhoilseoidh Coiscéim go luath. Feasta 57 (4), 19-21. Gan údar.
Leathanach: 19-21
Dáta: 2004-04-01
Is é nach cuma leo a seasamh féin, an aicme ar díobh iad, na páistí nach mian leo go dteagmhódh páistí eile leo, an seoladh poist, na héadaí deasa a chaitheann siad, an faisean intleachtúil atá thuas, an scoil phríobháideach is galánta, an leabhar is déanaí atá á léamh ag cách, an clár teilifíse nach bhfaca siad, praghas an tí atá acu, praghas an tí atá ag duine eile, cad deir eagarfhocal an Irish Times, cad é an scéal is déanaí faoi mo dhuine agus Kate, cad é príomhscéal Hello nó Goodbye, praghas an euro in aghaidh steirling, cad dúradh ar Joe Duffy, téamh na cruinne ach cad is féidir a dhéanamh mar gheall air mar ní bhaineann sé linn faoi láthair, airgead na mbaincéirí ach sin an córas agus ní féidir a athrú, na daoine sin atá san aon aicme leo fad is atá siad beagán níos fearr as ná iad.
Forógraí na Cásca – Alan Titley
Dáta: 2015-04-15
Lógó gaois.ie
gaois.ie