#1981592
Faighimid foirmeacha táite den bhriathar (ar nós 'déanaid,' 'deirid,' 'éilíd,' 'ligid,' 'mairid,' 'táid,' 'téid,' 'd'fhágadar' agus 'thánadar') agus leaganacha malartacha canúnacha (ar nós 'fágaint,' 'feiscint' agus 'lucht a feiscithe,' 'braistint,' 'maireachtan,' 'sábháilteacht bhídh,' 'tá's againn,''tóiste' [seachas 'tomhaiste'], 'trí sna' [seachas 'trí na'], 'fé' [seachas 'faoi'83], 'ná' [seachas 'nach']), agus abairtí mar iad seo a leanas, mar shampla, mar thoradh ar a leithéidí: 'Gach bliain díthíotar na mílte speiceas planda agus ainmhí ná cuirfimid aithne orthu choíche, ná feicfidh ár leanaí go deo, mar táid caillte go deo.'Fágann na gnéithe canúnacha sin agus eile (urú ar 'd' agus 't' i ndiaidh an ailt sa tabharthach) gur teanga labhartha an Fhiannachtaigh a bhíonn ann go rialta seachas prós oifigiúil de réir an Chaighdeáin Oifigiúil.