Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (106)
Aistríodh téarmaí amhail snap agus spit mar snap a thabhairt agus seile (seile a chaitheamh).
Téarmaíocht cártaí san aistriúchán ar The Penguin Book of Card Games. Léann Teanga: An Reiviú 3, 63-85. Máire Rós Ní Loingsigh.
Leathanach: 63-85
Dáta: 2015-05-01
Chaith Jimmy a sheile leis an bpraiseach, is shiúlamar ar aghaidh.
Colm Ó Ceallacháin. I dtír mhillis na mbeo. Cois Life 2017.
Leathanach: 099
Chlúdaigh sé an tseile le hanlann agus leitís agus cúpla rud eile.
Gearrscéal: Díoltas Burger Boy. Comhar 70 (7), 20-22. Seán Fennell.
Leathanach: 20-22
Dáta: 2010-07-01
Bhog sí a teanga ina béal agus mhothaigh sí an tseile ag teacht ar ais.
Pól Ó Cainín. Smaointe Beaga Cumhachtacha. LeabhairCOMHAR 2016.
Leathanach: 106
arsa Brian, seilí sáile fós á gcaitheamh aige.
Dermot Somers: Ar Muir is ar Sliabh. Cois Life 2009.
Leathanach: 097
Cuimlíonn a mhéar dá dhraid agus caitheann seilí ar an urlár.
Lorcán S. Ó Treasaigh: Cnoc na Lobhar. Cois Life 2007.
Leathanach: 052
Sceith súilíní aeir, seilí agus salachar amach as an mbéal.
Liam Ó Muirthile: Sceon na Mara. Cois Life 2010.
Leathanach: 085
Nuair a bhí sé imithe lig Giorgio sceamh as, chaith sé seilí focal leis an bpíobán.
Seán Mac Mathúna: Úlla (eagrán 2011). Cois Life 2011.
Leathanach: 155
Ag caitheamh seilí amach go fras
Isobel Ní Riain: Carraig agus Cathair: Ó Direáin. Cois Life 2002.
Leathanach: 117
Seilí ag titim ar mhulláin bheaga,
Isobel Ní Riain: Carraig agus Cathair: Ó Direáin. Cois Life 2002.
Leathanach: 117
Seilí ar mo bhaithis.
Isobel Ní Riain: Carraig agus Cathair: Ó Direáin. Cois Life 2002.
Leathanach: 126
Táim ag casacht, ag spriúchadh, ag caitheamh seilí.
Imeacht le Sruth. Feasta 60 (5), 9-11. Frainc Ó Murchadha.
Leathanach: 9-11
Dáta: 2007-05-01
Craitheadh lámh, rugadh barróg agus beannaíodh an páiste le comharthaí agus le seilí an áidh.
Deireadh Fine. Feasta 64 (9), 7-9. Mícheál Ó Coisdealbha.
Leathanach: 7-9
Dáta: 2011-09-01
Bhí seilí ag sileadh ón mbrocaire beag agus a haghaidh caol ag druidim níos gaire dhom.
Rith . . .. Feasta 67 (7), 6-7. Scéal le Róisín Sheehy.
Leathanach: 6-7
Dáta: 2014-07-01
Ba mhaith liom seile a chaitheamh uaireanta…'
Dermot Somers: Ar Muir is ar Sliabh. Cois Life 2009.
Leathanach: 066
Chaith seile go talamh le blas plúchtach na deannaigh a bhaint dá bhéal.
Lorcán S. Ó Treasaigh: Cnoc na Lobhar. Cois Life 2007.
Leathanach: 023
Ghlan sé a scornach agus chaith steall mór seile in aghaidh Alemão.
Alex Hijmans: Gonta. Cois Life 2012.
Leathanach: 057
D’fhéach sé ar feadh tamaill fhada orm; ansin chaith sé seile ar a lámha.
Seán Mac Mathúna: Úlla (eagrán 2011). Cois Life 2011.
Leathanach: 206
Thug Aoife faoi deara go raibh an smideadh dearg ar a beola smeartha ag prislíní seile.
FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Anna Heussaff – Buille Marfach
Dáta: 2015-03-30
Seile san éadan orthu a bheadh ina leithéid de dhearmad.
Fotheidil Bhéarla TG4 – an dearcadh ó Mhoscó na Rúise – Victor Bayda
Dáta: 2016-04-13
Thug Aoife faoi deara go raibh an smideadh dearg ar a beola smeartha ag prislíní seile.
Anna Heussaff: Buille Marfach. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 007
Bhí seile ar a bhéal.
Anna Heussaff: Buille Marfach. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 048
Ligh sí a cuid liopaí ag meascadh an allais lena seile.
Mícheál Ó Conghaile: Diabhlaíocht Dé. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 034
Chas sé a chloigeann agus chaith sé seile i leataobh.
Anna Heussaff: Scáil an Phríosúin. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 369
Ligh sí a cuid liopaí ag meascadh an allais lena seile i ngan fhios di féin.
Bricfeasta Madra: Gearrscéal. Comhar 72 (4), 17-20. Micheál Ó Conghaile.
Leathanach: 17-20
Dáta: 2012-04-01
Agus cén gnó a bheadh aige le deartháir Ard Seile?
Marú an tSionnaigh Rua: Sliocht as An Fuadach, aistriúchán agus oiriúnú le Darach Ó Scolaí ar Kidnapped le Robert Louis Stevenson. Comhar 76 (1), 18-19. Darach Ó Scolaí.
Leathanach: 18-19
Dáta: 2016-01-01
Bhuail taom casachtaigh í agus chaith sí cnapán seile ar an urlár coincréite.
Liam Ó Muirthile: An Colm Bán. Cois Life 2014.
Leathanach: 224
Is gach seile ag glacadh a chló féin:
Isobel Ní Riain: Carraig agus Cathair: Ó Direáin. Cois Life 2002.
Leathanach: 117
Chaith duine nó beirt seile air.
Meisias. Feasta 60 (4), 7-10. Frainc Ó Murchadha.
Leathanach: 7-10
Dáta: 2007-04-01
Le cur leis an dea-mhéin ar fad, caitheadh seile as béal gach duine ina threo.
Deireadh Fine. Feasta 64 (9), 7-9. Mícheál Ó Coisdealbha.
Leathanach: 7-9
Dáta: 2011-09-01
D’alp Ailfí siar a chuid seile agus tharraing anáil ón meaisín ocsaigine.
Orna Ní Choileáin. Greim na Vaimpíre. Cois Life 2017.
Leathanach: 131
Chaith Caolán seile sa tine.
Diarmuid Johnson. Conaire Mór. Leabhar Breac 2017.
Leathanach: 031
Ansin chaith Creepe an lámh uaidh agus chaith seile anuas ar bhuataisí Lúcáis.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 331
Réitigh sé a scornach agus chaith sé seile glas agus buí ar bhorgaire Phádraig.
Gearrscéal: Díoltas Burger Boy. Comhar 70 (7), 20-22. Seán Fennell.
Leathanach: 20-22
Dáta: 2010-07-01
Rinne sé casacht agus chaith steall seile amach as an bhfuinneog.
Alex Hijmans. Idir Dhá Thír. Cois Life 2017.
Leathanach: 093
Bhíothas idir dhá chomhairle idir an dá théarma rad agus seile; tá ciall mheafarach leis an téarma spit agus socraíodh ar an gceann is intuigthe, is é sin seile a roghnú dá bharr sin.
Téarmaíocht cártaí san aistriúchán ar The Penguin Book of Card Games. Léann Teanga: An Reiviú 3, 63-85. Máire Rós Ní Loingsigh.
Leathanach: 63-85
Dáta: 2015-05-01
Díol suntais é, a dúirt cathaoirleach An Chomhairle Ealaíon Sheile Pratschke, gur lena shloinne amháin a dhéantaí tagairt do Brian Friel, cuma cén áit a raibh tú.
Bhí an ceathrú fear ag slogadh a sheile nuair a chonaic sé an frog ag tógáil léim bheag.
Micheál Ó Conghaile: An Diabhal ar an Ól. Cló Iar-Chonnacht 2013.
Leathanach: 075
BEOCHEIST:Ag análú le dua sna hAindéis, ar an mbealach go Machu Pichu cothaimid duilleoga cócó, iad leáite sa bhéal meascaithe leis an tseile.
Bualadh bos don turasóir – Rachel Ní Fhionnáin
Dáta: 2008-11-26
Bhog an t-arracht ina treo – nocht sé fiacla géara, iad fliuch leis an tseile a thit ina deora uathu.
Gafa sa ghréasán: An gcreideann tú sna taibhsí? An tUltach 89 (10), 5. Úna Ultach.
Leathanach: 5
Dáta: 2012-10-01
Is deacair contúirt na farraige a dhearúd agus gálaí gaoithe ag síorbhualadh, cúrán bán ag éirí mar sheile ó íochtair chraois chapaill bhána Mhanannáin Mhic Lir.
Ag Brionglóidigh fé Thoraigh: i lár Anfa an Nualiobrálachais – Séamus Barra Ó Súilleabháin
Dáta: 2018-02-13
D’fhan sé ina thost ar feadh tamaill, ag breathnú isteach sa duibheagán a shlog a sheile.
Alex Hijmans. Idir Dhá Thír. Cois Life 2017.
Leathanach: 094
An tóraí tostach ag fiach cait sa dorchadas, laoch caoch na cathrach ag caitheamh seilí ar an iarnród.
Lorcán S. Ó Treasaigh: Céard é English?. Cois Life 2002.
Leathanach: 115
Bhí feicthe cheana agam ar bhruach na farraige Éadaí salacha á mbualadh ar ghualainn cloiche, Gibris cainte is seilí slaimiceálta lena béal síos.
FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Alan Titley – An Bhean Feasa
Dáta: 2015-07-27
Chaitheas roinnt seachtainí sa ghaineamhlach (an áit is draíochtúla ar domhan) agus b’é Gluaiseacht a thoradh, fara inimircigh bhochta a fheiscint sínte ar na sráideanna agus daoine ag caitheamh seilí leo.
Ní hAnsa: Alan Titley faoi agallamh ag Comhar. Comhar 71 (3), 17-19. Gan Údar.
Leathanach: 17-19
Dáta: 2011-03-01
Dh’ardaíodh a ceann, glór briosc ag a fiacla ag meilt léi, ag leaghadh an fhéir lena cuid seilí go mbíodh nach mór ina lacht, sula sloigeadh siar ina bolg é.
An Ghráin fé Cheilt: Seo an chéad chuid de ghearrscéal nua le Pádraig Ó Cíobháin a bheidh ina chnuasach úr, De Chion Focal, a fhoilseofar go luath. Beidh an chuid dheireanach ar eagrán na míosa seo chugainn.... Comhar 75 (5), 21-24. Pádraig Ó Cíobháin.
Leathanach: 21-24
Dáta: 2015-05-01
Go tobann bhí sí os a chomhair, a naoi gcloigeann ag caitheamh seilí nimhe.’ Tá go leor ráite agam fúthú seo.
Leabhair don Oige. Feasta 57 (10), 28-29. Pádraig Mac Fhearghusa.
Leathanach: 28-29
Dáta: 2004-10-01
Go tobann bhí sí os a chomhair, a naoi gcloigeann ag caitheamh seilí nimhe.’ Tá go leor ráite agam fúthú seo.
Leabhair don Oige. Feasta 57 (10), 28-29. Pádraig Mac Fhearghusa.
Leathanach: 28-29
Dáta: 2004-10-01
Tá dornán beag dán ann leis as an dá chnuasach do leanaí a chum sé, mar atá An Seileitleán agus véarsaí seilí eilí (2004) agus Dánta Déanta (2006).
Léirmheas. Feasta 66 (5), 24-25. Síle Ní Mhurchú.
Leathanach: 24-25
Dáta: 2013-05-01
Tá Cáit ag iarraidh snámh ceart a dhéanamh, ach bíonn a ceann i gcónaí ag dul faoi uisce agus bíonn uirthi teacht aníos ag caitheamh seilí agus ag spriúchadh.
Imeacht le Sruth. Feasta 60 (5), 9-11. Frainc Ó Murchadha.
Leathanach: 9-11
Dáta: 2007-05-01
Na gnáthamhrasáin ag dul díreach go dtí a gcúinne féin den chró ag caitheamh a gcuid seilí amach le binb.
Fidel – idir na goodies agus na baddies – Alan Titley
Dáta: 2016-12-05
Tá an lá inniu agus an lá inné agus an lá roimis sin caite agam anso sa leabaidh ag caitheamh amach seilí galair gan aoinne faram.
Coigil Aithinne d'Aislinge:: Máirtí Ó Direáin, Rí-Éigeas Éireann. Comhar 70 (12), 9-16. Mícheál Mac Craith.
Leathanach: 9-16
Dáta: 2010-12-01
‘Cé hé seo, Shea?’ Seile ba ea gach focal díobh, go mór mór ‘Shea’.
Seán Mac Mathúna: Úlla (eagrán 2011). Cois Life 2011.
Leathanach: 176
Beidh cead ag Gardaí seile tiománaí a thástáil ar thaobh an bhóthair agus tástáil fola a dhéanamh má aimsítear druga sa sampla sin.
Bille a choscann tiomáint faoi thionchar drugaí ceadaithe
Dáta: 2015-12-15
Caitheadh seile le cara liom, dúradh go gránna le bean amháin gur uafás mídhaonna, mínádúrtha ab ea í agus croitheadh uisce coisricthe ar fhear eile.
Is ar mhaithe le déagóirí aeracha imníocha a scríobhaim an t-alt seo…
Dáta: 2015-05-19
Bhí sé mar nós aige seile a chaitheamh isteach sa tine a dhéanfadh siosarnach bheag ghairid i measc na lasracha.
Nollaig an Fheasa…
Dáta: 2015-12-22
“Déarfainn leis gur choirpeach cogaidh é agus chaithfinn seile san éadan air,” arsa fear san Iaráic nuair a d’fhiafraigh iriseoir de cad a déarfadh sé le Tony Blair.
Laoch phróiseas na síochána nochta os comhair na cruinne mar ghiolla Mheiriceá – Póilín Ní Chiaráin
Dáta: 2016-07-10
Thiontaigh sé i dtreo an chlub, ach sular imigh sé, chaith sé seile as taobh a bhéil.
Anna Heussaff: Scáil an Phríosúin. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 323
Ní amháin gur dhiúltaigh siad do theagasc an Chrócaigh, ach i bhfocail fhile ón Chabhán, “dhíol siad anam Mhíchil Uí Ógáin agus chaith siad seile ar ainm Mhíchil Uí Chíosóig”.
An Cumann a d’Imigh Uaim. An tUltach 82 (3), 11-12. Seosamh Mac Mánúsa.
Leathanach: 11-12
Dáta: 2006-03-01
Bhí a gcuid seile ag titim air agus bhí sé in ann a n-anáil a bholú.
Caitríona Ní Mhurchú. Roberto agus Draoi na gCat. Cló Mhaigh Eo 2009.
Leathanach: 059
Áit a raibh seile cúpla soicind roimhe sin bhí fuil ag doirteadh anois agus bhí an t-ainmhí gránna ag geonaíl leis an bpian.
Caitríona Ní Mhurchú. Roberto agus Draoi na gCat. Cló Mhaigh Eo 2009.
Leathanach: 061
Tá a dúchas féin tréigthe ar fad aici sa ghnó is tromchúisí agus is mó a chaitheann seile ar theagasc Íosa.
Cén bhaint atá ag an Spiorad Naomh leis? – Alan Titley
Dáta: 2013-03-06
Bhí cara liom ag teagasc scoile i gceantar lucht oibre cathrach tráth dá raibh nuair a chaith dailtín seile leis suas ina phus.
An tSlat ar scoil – Alan Titley
Dáta: 2015-09-16
Ní bhacfar le mac an bhacaigh ar shráideanna na tíre, agus ní bhacfar leis an mbacach féin seachas ar son seile agus masla a chaitheamh ina threo.
Nithe nach dtarlóidh – Alan Titley
Dáta: 2015-12-30
Trí scrúdú a dhéanamh ar ribe gruaige, nó braon fola nó seile is féidir sinsireacht duine ar an líne athartha, nó ar an líne mháthartha, a rianú siar na mílte bliain.
In ainm an athar agus an chontae – Máiréad Ní Chinnéide
Dáta: 2008-09-24
Nuair a chuala sé cé na horduithe a bhí agam dhon chaiptín Búrc tharraing sé cois a phíopa as a bhéal agus theilg seile amach thar an gcíb.
Darach Ó Scolaí. An Cléireach. Leabhar Breac 2007.
Leathanach: 027
Nuair nach ndúirt John tada ach breathnú air ar an gcaoi chéanna chaith sé seile ar an urlár in aice leis.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 244
Tig leo blúirí adhmaid a bhaint de chlár, iad a mheascadh lena gcuid seile chun páipéar a dhéanamh díobh, díreach mar a bhíonn ar ubhchartán.
Dialann dúlra. Feasta 70 (8), 18. Séamus Ó Máille.
Leathanach: 18
Dáta: 2017-08-01
Thóg sé borgaire Phádraig, d'iompair sé in airde é; scrúdaigh sé é agus tharraing seile ollmhór as cúl a scornaí.
Gearrscéal: Díoltas Burger Boy. Comhar 70 (7), 20-22. Seán Fennell.
Leathanach: 20-22
Dáta: 2010-07-01
‘Ya bhuel, foc as, níl ionat ach cunt salach de mhuc!’ agus seile leis ó Rags.
Beag ach Zippy: Gearrscéal nua le Eoin P. Ó Murchú. Comhar 78 (1), 18-20. Gan ainm.
Leathanach: 18-20
Dáta: 2018-01-01
Chuir Neasa sceallóg ina béal ach níor thaitin an blas lofa léi agus go discréideach chaith sí seile isteach sa naipcín.
Catherine Foley. Samhradh an Chéasta. LeabhairCOMHAR 2010.
Leathanach: 053
Galar tógálach í an leicneach agus scaiptear í trí chasacht, sraothartach nó seile.  D'fhéadfadh an leicneach deacrachtaí torthúlachta a chothú d'fhir freisin.
Ráig den leicneach in iarthar na tíre
Dáta: 2018-10-09
Ach bhí sé in ann tarraingt siar leis an gceamara agus fothain a aimsiú, Brian ar a ghogaide os a chomhair, cósta Shligigh leata amach laistíos, ullamh chun é a chogaint is a chaitheamh amach ina sheile.
Dermot Somers: Ar Muir is ar Sliabh. Cois Life 2009.
Leathanach: 002
Ar éigean duine san áit nach raibh ar meisce agus, ar ndóigh, ba mheasa é Johnny Pat ná duine ar bith eile acu, na mná á bpógadh go bogúrach paiseanta aige gach seans dá bhfuair sé, na boiseoga ar an ngualainn á dtabhairt go díograiseach do na fir aige, agus an t-am go léir an tseile ag sileadh ó chúinní a bhéil agus ag rith le fána thar an smig is an léine síos.
Trí Choiscéim na Trócaire. Feasta 55 (1), 7. Éadhmonn Mac Suibhne.
Leathanach: 7
Dáta: 2002-01-01
Leigheas eile a raibh meascán den Chríostaíocht agus den phágántacht ann ná roimh do chéalachán a bhriseadh naoi maidin i ndiaidh a chéile do sheile a chuimilt ar na faithní, agus comhartha na croise do ghearradh orthu.
Piseoga. Irisleabhar Mhá Nuad, 182-199. Mícheál Ó Diarmada.
Leathanach: 182-199
Dáta: 2012-01-01
I mbéal goirt na gaoithe, níorbh fhéidir é. Ní raibh caipín na toinne briste fós, ach seilí sáile á stealladh in airde faoi mar a bheadh an tonn ag cruinniú iomlán a nirt ina sciúch chun caitheamh amach as a híochtar.
Liam Ó Muirthile: Sceon na Mara. Cois Life 2010.
Leathanach: 157
‘Gibris cainte is seilí slaimicéalta’ (BF 12), ‘focla lofa [...] súlach sliobarnach cainte’ (BF 16), agus ‘glarnach ghleoch’ (BF 21) a chloistear do Clemency Goodwin (finné), do Justus Hurlbut (crochadóir), is do Cotton Matther faoi seach agus Goody Glover i mbun cainte.
An Bhean Feasa agus Brí na Filíochta: Cíorann John Woods tábhacht na héigse san úrscéal is deireanaí le Alan Titley. Comhar 75 (8), 23-25. John Woods.
Leathanach: 23-25
Dáta: 2015-08-01
Tá dhá leabhar scríofa ag Liam Ó Muirthile do dhaoine óga: An Seileitleán agus véarsaí seilí eilí (2004) agus Dánta Déanta (2006), véarsaí a ceapadh i gcomhar le leanaí Mhúscraí le linn don fhile a bheith ar scéim scríbhneoireachta sna scoileanna ansin.
Rióna Ní Fhrighil: Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge. Cois Life 2010.
Leathanach: 084
Má chuir aon chlúdach leabhair fonn orm an leabhar a phiocadh suas agus a láimhseáil féachaint an mbeadh a mhianach is a ábhar mar a dhearadh is é An Seileitleán agus Véarsaí Seilí Eilí é.
Léirmheas. Feasta 58 (3), 16-17. Michael Davitt.
Leathanach: 16-17
Dáta: 2005-03-01
I mo chás féin, thug sé boladh an mharla ar ais i mo pholláirí agus chuala arís an scríobadh géar gránna a déantaí uaireanta ar shlinn, agus an bhéic a dhein garsún ag gearán a chomhscoláire leis an múinteoir: ‘Féach é seo anso ag caitheamh seilí ar an slinn.’ Bhíodh ár gcaitheamh aimsire féin againn leis, neamhspleách ar an seomra ranga agus tá cur síos maith ag Maidhc ar na cluichí liathróide a bhíodh á n-imirt ar an mbóthar — cad é fuirse agus bulcáil, agus uisce á raideadh againn de dhroim a chéile, dá ráineodh an liathróid a bheith istigh in aon log uisce ar an mbóthar.
Bronnadh leabhartha Mhaidhc Dainín ar Scoil Naomh Eirc, 19 Meitheamh 2015. Feasta 68 (9), 9-11. Pádraig Ó Héalaí.
Leathanach: 9-11
Dáta: 2015-09-01
Léirigh Joe Lee gurbh iad mná agus leannáin agus páistí na saighdiúirí Briotanacha is mó a chaith maslaí agus seilí le príosúnaigh an Éirí Amach; agus chruthaigh Pádraig Ó Snodaigh go raibh raibh formhór na nuachtán lasmuigh de Bhaile Átha Cliath báúil go maith leis an Éirí Amach céanna an tseachtain ina dhiaidh sin féin, roimh lámhach cheannairí ar bith.
Athleagan – Alan Titley
Dáta: 2012-04-19
Deirtí Sláinte mhaith ar chúl na Dála fadó ach tá an tsúimínteacht sin faoi their anois agus ní chaitear seilí fiú ná tóin ná clocha ná sáiteáin ná feaigs a thuilleadh i ndeireadh na Dála.
Ainm an Athar is a Mhic. Feasta 63 (9), 7. Muiris Ó Meára.
Leathanach: 7
Dáta: 2010-09-01
Ba iad san Micheál Ó Laoire, Pádraig Hussae, Seán Seosaimh Hussae agus Colm ó Conchúir, agus i rás mór na mban criú ón nDaingean a bhain an chraobh, Maunza Heidke,  Eléin Waters, Seilí Áine Ní Loinsigh, agus Jean Ní Broin.  Bhí criú ban ó Chorcaigh i rás mór na mban agus cé gur dheineadar go maith, níor bhuadar dada an babhta seo, ach ba iad a bhuaigh an comórtas ‘Tráth na gCeist’ ar an Satharn.  Mar a mbíonn fonn bíonn an rath.
Ealaín ar an trá agus scil ar muir ag Féile Ráiseanna Fionntrá: Maidin Dé Sathairn las an ghrian an ceantar go fáilteach sona d’Fhéile Ráiseanna Fionntrá – Breandán Mac Gearailt
Dáta: 2017-07-26
Bhí Louis i nGardaí an Rí ar feadh na mblianta agus glacadh leis san HRI, agus é 40 bliana d’aois, mar oifigeach, ar an 7ú Bealtaine 1744, agus é ag caitheamh seilí fola, ar ordú ón Aire d’Argenson.
Caipisínigh Éireannacha agus Gaeil eile i Sedan. Irisleabhar Mhá Nuad 2014, 195-218. Eoghan Ó hAnnracháin.
Leathanach: 195-218
Dáta: 2014-01-01
Bhí Louis i nGardaí an Rí ar feadh na mblianta agus glacadh leis san HRI, agus é 40 bliana d’aois, mar oifigeach, ar an 7ú Bealtaine 1744, agus é ag caitheamh seilí fola, ar ordú ón Aire d’Argenson.
Caipisínigh Éireannacha agus Gaeil eile i Sedan.. Irisleabhar Mhá Nuad 2015, 249-276. Eoghan Ó hAnnracháin.
Leathanach: 249-276
Dáta: 2015-01-01
Seile á caitheamh le céile comhraic, satailt anuas ar imreoir atá sínte ar an talamh, céile comhraic atá ar an talamh a chiceáil sa chloigeann, greim fiacaile a bhaint as céile comhraic, sin cuid de na coireanna a tharla ar pháirceanna imeartha abhus agus i gcéin le roinnt seachtainí anuas.
Ainmhithe ag Imirt
Dáta: 2013-05-01
Tugadh an-aird ar an eachtra inar chaith an t-imreoir rugbaí, Jerome Fillol, de chuid Stade Francais, seile ar Pheter Stringer, iarimreoir de chuid na Mumhan agus na hÉireann, agus é ag imirt le foireann rugbaí Bath.
Ainmhithe ag Imirt
Dáta: 2013-05-01
Is minic a chaithfí seile leis na mná rialta agus mar sin de; ba shean-naimhdeas é sin a d’eascair ó ré i bhfad níos faide siar – Réabhlóid na Fraince, creid é nó ná creid!
Páras – sléacht 2015 agus sléacht 1961
Dáta: 2015-01-25
Seasaigí siar uaim tamall.”Agus shil sí deora móra goirte.Is thosaigh sí ag cur allais as éadan faoina hascaillí, óna himleacán, seile, smugairlí agus cúr ag teacht óna béal, is de réir mar a bhí á gint aici,smaois agus uisce óna polláirí, mún óna gabhal.
Mícheál Ó Conghaile: Diabhlaíocht Dé. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 035
“Caithfidh gur duine fíoraclaí é, ag imeacht leis ar an díon ar nós cait.” Rug Cormac ar a ghloine, ach bhí a lámh ar crith agus tháinig na focail uaidh mar a bheadh seile á caitheamh aige.
Anna Heussaff: Scáil an Phríosúin. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 118
Is thosaigh sí ag cur allais as éadan faoina hascaillí, óna himleacán, seile, smugairlí agus cúr ag teacht óna béal, is de réir mar a bhí á gint aici smaois agus uisce óna polláirí, mún óna gabhal.
Bricfeasta Madra: Gearrscéal. Comhar 72 (4), 17-20. Micheál Ó Conghaile.
Leathanach: 17-20
Dáta: 2012-04-01
‘Nach seachtar an líon a shocraíomar?’ ‘Cén dochar,’ arsa an Cúrsach ar nós cuma liom, ansin, de leathmhagadh, ‘Eadrainn beirt tá ceithre dhuine dhéag, má thagann sé go himirt chlaíomh.’ Caitheann an Lásach seile amach ar an bhféar.
Agus Sin É a Rinneadar. Comhar 76 (3), 32-33. Darach Ó Scolaí.
Leathanach: 32-33
Dáta: 2016-03-01
Ach nuair a bhaineann tú an stad amach go bhfuil tú á shlogadh siar go gasta ionas nach mbuaileann sé do bhlaslóga nó go gcaitheann tú seile mar a bheadh an Trevi Fountain ionat, is ansin a bhíonn a fhios agat go bhfuil fadhb agaibh.
Fir Ghaeltachta V Fir Ghalltachta: Cé acu is blasta? – An Cailín sa Chathair
Dáta: 2016-10-03
Nuair a stadann an bara meandar le go bhféadann an té atá á stiúradh seile a chaitheamh ar a lámha roimh tosú arís, cromann pusanna anuas air a bhfuil anáil loisceach an bhiotáille uathu: Cá bhfuil do chairde Sasanacha anois?
Dalta an tSeoighigh: Scéal le Drago Jancar. Feasta 56 (11), 7-12. Breandán Ó Doibhlin.
Leathanach: 7-12
Dáta: 2003-11-01
Tharlódh duit é a chur faoi ghlas mar gur amadán a bheadh ann, nó seile a chaitheamh leis, nó é a dhaoradh mar dheamhan; nó titim ag a chosa, agus a fhógairt gurb é an Tiarna é, gurb é Dia é.
Arsa C.S. Lewis le Sigmund Freud, ní ‘fiach i ndiaidh na gealaí’ an creideamh…: Sa dara halt inár sraith faoi shaothar spioradálta C.S. Lewis, caitear súil ar ‘Mere Christianity’ a thugann aghaidh ar chuid d’argóintí Sigmund Freud i dtaobh ‘fiach i ndiaidh na gealaí’ – Kevin Hickey
Dáta: 2016-12-19
Kennedy, pósadh Bhiddy is Miley, iománaithe Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh, Bráithre Críostaí a bheith le feiscint, mná rialta faoi hijab, Gardaí ar rothair, ceirníní cuaracha ciorclacha céaracha, aighnis faoin nGaeilge, teileafóin a gcuirfeá do mhéar isteach iontu, craicleáil ar raidió, brístí gearra agus glúinte leointe ar bhuachaillí, an bearbóir saor gan chúrán, smaois ar mhuinchille, bainne ó bhuidéal, an deatach sa phictiúrlann, an seile sa phub, an t-iasc Dé hAoine, an bágún Dé Sathairn, liathacht an Domhnaigh, ciúnas an Luain, an leamhas Dé Máirt, liombó na Céadaoine, dóchas beag ar an Déardaoin, an t-iasc Dé hAoine, an cabáiste Dé Sathairn agus an seans ort dá dtiocfadh, na Beatles anoir, an spástaisteal suas, an saol agus a máithreacha...
Icarus – Alan Titley
Dáta: 2006-10-11
Kennedy, pósadh Bhiddy is Miley, iománaithe Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh, Bráithre Críostaí a bheith le feiscint, mná rialta faoi hijab, Gardaí ar rothair, ceirníní cuaracha ciorclacha céaracha, aighnis faoin nGaeilge, teileafóin a gcuirfeá do mhéar isteach iontu, craicleáil ar raidió, brístí gearra agus glúinte leointe ar bhuachaillí, an bearbóir saor gan chúrán, smaois ar mhuinchille, bainne ó bhuidéal, an deatach sa phictiúrlann, an seile sa phub, an t-iasc Dé hAoine, an bágún Dé Sathairn, liathacht an Domhnaigh, ciúnas an Luain, an leamhas Dé Máirt, liombó na Céadaoine, dóchas beag ar an Déardaoin, an t-iasc Dé hAoine, an cabáiste Dé Sathairn agus an seans ort dá dtiocfadh, na Beatles anoir, an spástaisteal suas, an saol agus a máithreacha...
Icarus – Alan Titley
Dáta: 2006-10-18
Téann na péisteanna sin go domhain sa chré, cruinníonn siad ina meallta gan áireamh i loig nádúrtha agus caitheann seile i bhfoirm peitril...” Foghlaimím rud éigin nua gach lá.
Wolfi Landstreicher, bacach bóthair, agus a chairde – Gabriel Rosenstock
Dáta: 2010-01-20
Téann na péisteanna sin go domhain sa chré, cruinníonn siad ina meallta gan áireamh i loig nádúrtha agus caitheann seile i bhfoirm peitril...” Foghlaimím rud éigin nua gach lá.
Wolfi Landstreicher, bacach bóthair, agus a chairde – Gabriel Rosenstock
Dáta: 2010-01-20
Cé gur mhó de mhíolta seile a fuair siad i bhfolach ina fholt fada smige seachas mórairm ollscriosmhara, ní bheidh sé in ann líonra bréige a chaitheamh anuas ar an gcomhphobal idirnáisiúnta níos mó.
Damhan alla – Alan Titley
Dáta: 2004-02-11
Lógó gaois.ie
gaois.ie