Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (67)
Rith na cáithníní ar a sheithe féin.
Dermot Somers: Ar Muir is ar Sliabh. Cois Life 2009.
Leathanach: 065
Chaith Leanóra a mála láimhe de sheithe na muice ar a cathaoir sclóine.
Orna Ní Choileáin: Canary Wharf. Cois Life 2009.
Leathanach: 069
Ach dá thibhe an tseithe orainn is féidir a polladh i gcónaí.
Eagarfhocal: Dúluachair lár an tSamhraidh. Comhar 75 (7), 4. Seán Tadhg Ó Gairbhí.
Leathanach: 4
Dáta: 2015-07-01
Nó cé mhéid brief cases ab fhéidir a fháisceadh as an tseithe.
Léirmheas. Feasta 66 (1), 17-19. Alan Titley.
Leathanach: 17-19
Dáta: 2013-01-01
Itear a fheoil agus déantar éadach dá sheithe.
Mo chuimhní cinn 10. Irishleabhar Mhá Nuad 2013, 106-200. Pádraig Ó Fiannachta.
Leathanach: 106-200
Dáta: 2013-01-01
Deir sé linn go mbíodh ceannaithe agus trádálaithe ag díol sliogáin an mhuirín, seithí fíona, pacaí déanta as seithí fia, criosanna agus cineálacha éagsúla luibheanna leighis mórthimpeall ar an ardeaglais.
Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007.
Leathanach: 262
Seithí ainmhithe is ea sinn araon.
Liam Ó Muirthile: Rogha Alt. Cois Life 2014.
Leathanach: 143
Chlúdaití le seithe bó í nó le craiceann madra.
Nach deas é? Bhí a chaid amuigh aige…
Dáta: 2015-08-11
Bhí tine mhóna curtha síos agus seilpeanna lán de lámhscríbhinní ceangailte ina seithí donna leathair.
Stiofán Ó Cadhla: An tSlat Feithleoige. Cló Iar-Chonnacht 2011.
Leathanach: 203
Bhí leapacha, déanta as cochán agus clúdaithe le seithí ainmhithe ar an dá thaobh den teallach.
Máire Zepf. Lá leis na Lochlainnaigh. Cois Life. 2016
Leathanach: 018
Cén ainsprid a mhúscail an fhéith bhuile sin gan dealramh go gcomharthaíonn seithe amháin níos lú ná seithe eile?
Ná géillimis do chiníochas caide in am ar bith – Alan Titley
Dáta: 2013-11-06
Bhí an lastas lomraí caorach agus seithí curtha i dtreo thosach an bháid.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 041
Thug sé faoi deara go raibh an fear stiúrach ina chodladh in aice na seithí.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 071
Shuigh Lúcás síos ar na seithí.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 079
Bhí an t-ádh leis gur taobh thiar de charr mór seithí a bhí sé.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 213
Bhí an carr seithí tar éis imeacht ar chlé.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 217
Bhí an carr seithí tar éis imeacht ar chlé.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 217
Ní tógtha uirthi sin é, ach é siúd thuasluaite, seithe leathair atá air.
Thugas móid ná léifinn nó ná éisteoinn lena thuilleadh faoi Trump ach…: Nuair a chonaic ár gcolúnaí gur thug Donald Trump turas le fíordhéanaí ar an tír álainn sin Vítneam, phrioc an t-áibhirseoir í dul i mbun pinn arís – Seosaimhín Ní Bheaglaoich
Dáta: 2017-11-17
Ba é an píopa idir Seithe Fhraoigh agus Cúil Chorcráin a phléasc.
Uisce ag formhór na dtithe i gCill Airne arís
Dáta: 2018-07-02
De réir dealraimh, bhí siad ag teacht i dtír ar sheithí na n-ainmhithe a fuair bás de dheasca uisce nimhneach na habhann a ól.
Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007.
Leathanach: 064
Bhí siad tar éis éalú leo as Éirinn i mbád gan mhaidí rámha déanta as dhá sheithe go leith.
Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007.
Leathanach: 319
‘An tseithe mhaireachtana inar chas an duine é féin inti ó thús,’ a thugann sé ar an gcás ina bhfaigheann an duine é féin, is cuma cén dúchas ónar fuineadh é.
Calvino agus Kundera ag Casadh na Gráige: San aiste is deireanaí sa tsraith Rogha na nÚdar, labhraíonn Pádraig Ó Cíobháin ar na nithe a spreagann chun pinn é, idir na húdair is ansa leis agus a dhúchas Gaeltachta. Comhar 74 (7), 21. Ailbhe Ní Ghearbhuigh.
Leathanach: 21
Dáta: 2014-07-01
Níorbh fhéidir an saol luaineach a cheapadh i litreacha fuara ar pháipéar, ná ar sheithe daimh, ná ar choirt adhmaid féin roimhe sin, go fiú más féidir anois.
Litreacha – Alan Titley
Dáta: 2012-09-13
Go deimhin is minic a chuireann sé poill sa tseithe rud a chiallaíonn go gcuireann sé ó mhaith ar fad é má bhíonn leathar le déanamh as.
Tá chuile rud chomh tirim le cuarán Ghandhi, le tóin circe a mbeadh nead aici i gcruach fhéir: Is iontach go deo an spailp thriomaigh a fuaireamar, an ghrian ag tonnadh teasa orainn agus an talamh ina leac ag an triomach – Seosamh Ó Cuaig
Dáta: 2018-07-06
I 2000, thosaigh sé ag foghlaim eitilte i bhFlorida in éindí le Marbhan Al-Seithí agus Siad Deara, agus d'aimsigh duine eile a raibh taithí eitilte aige.
An 11ú Meán Fomhair 2001 - Deich mBliana dár gCionn
Dáta: 2011-09-01
Tá flúirse óir agus airgid, éadaí fite agus seithí ainmhithe inti, agus go háirithe de shaibhreas na Saraistíní.
Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007.
Leathanach: 220
Suigh isteach chun an bhoird, tarraing aníos do chathaoir, is ea, giall an mhíl agus seithí caite air, cad eile, cad is dóigh leat a bheadh inti, adhmad?
Liam Ó Muirthile: Aois Fir. Cois Life 2015.
Leathanach: 085
Bhí roinnt prapanna ag Duane thall sa chúinne in aice a dhorais féin, sciath seithe, sleá, bróga, buataisí, agus feisteas liopaird de shaghas éigin crochta.
Liam Ó Muirthile: An Colm Bán. Cois Life 2014.
Leathanach: 200
Is é seo an t-ochtú cnuasach filíochta leis ó chuir sé a chéad chnuasach amach cúig bliana is tríocha ó shin, is é sin Fíon as Seithí Óir.
Aitheantas a ionracais ag dul do Liam Prút. Feasta 62 (7), 16-17. Micheál Ó Cearúil.
Leathanach: 16-17
Dáta: 2009-07-01
14 de Fíon as Seithí Óir, a foilsíodh sa bhliain 19721 ach a scríobhadh nuair a bhíos tríocha bliain d’aois i mí Lúnasa na bliana 1970.
Comhthéacsú. Feasta 67 (11), 20. Liam Prút.
Leathanach: 20
Dáta: 2014-11-01
Tá an choillearnach seo ar an taobh ó dheas de Loch Léinn, faoi bhun Seithe agus Sliabh na dTóimí.
Dialann Dúlra. Feasta 67 (9), 12. Séamus Ó Máille.
Leathanach: 12
Dáta: 2014-09-01
‘Ag bun Chnoc na Seithe i gCorcaigh Thiar idir dhá chnoc, idir dá shaol, agus idir dhá thraidisiún’​, a dúirt sé le Séamas Ó Céileachair[q.v.] (Nuafhilí 3, 1979).
Ó RUAIRC, Conchubhar (1913-1992)
Dáta: 2017-05-24
Tá costas €390 ar na cinn atá deartha ag Acne Studios agus iad déanta as seithe gabhair.
Bróga a dearadh don duine leisciúil atá faoi dheifir: Tá praiticiúlacht áirithe ag baint le stíl nua bróg a bheas an-úsáideach nuair a bheas fáil go coitianta orthu ar phraghas ceart, a deir ár gcomhfhreagraí – Sara Ní Chuirreáin
Dáta: 2017-04-30
Insíonn Aodh Ó Dónaill dúinn i ndiaidh don Duacháineach í a thabhairt leis go Toraigh go maraíonn sé í agus go n-úsáideann sé a craiceann chun curach seithe a dhéanamh.
An Chrúbach le Dálaigh Rann na Feirste. An tUltach 89 (10), 16-17. Aodhán Ó Duibh.
Leathanach: 16-17
Dáta: 2012-10-01
In ainneoin srannadh an fhir eile agus bholadh na seithí, d’airigh sé compord éigin ann, i ndiaidh dea-fhocail an Mháistir agus léiriú beag gnaoi na beirte eile.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 066
Seithí agus lomraí caorach, Mister Hastings,’ arsa Ó Dubháin i Saxbhéarla Shasana a bhí chomh glan sin, cosúil le Saxbhéarla oifigigh airm na Gaillimhe, gur bhain sé geit as Lúcás.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 098
Tamall eile agus b’fhacthas dó nach raibh ach an carr seithí ag fanacht ar dhul amach ar an tsráid mhór anois.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 214
Cinnte, ba mhaith an rud é nach raibh aon choinne aige lenar tharla nuair a chas an carr seithí isteach ar an tSráid Ard.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 215
Ach an rud a bhain geit as an bhéic bhúiríola a lig oifigeach amháin de na saighdiúirí as nuair a thosaigh an carr seithí ag déanamh isteach faoin ngeata.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 215
Ar an bpointe bhí beirt ar gach taobh den charr ag ardú na seithí agus ag sá sleánna fada bioracha isteach eatarthu, agus ansin á dtarraingt amach is á sá isteach arís.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 215
Lean sé an carr seithí go bun na sráide sin, má ba shráid í, agus chas ar dheis agus ó dheas, mar a dúirt Marion leis a dhéanamh.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 217
Lean sé an carr seithí go bun na sráide sin, má ba shráid í, agus chas ar dheis agus ó dheas, mar a dúirt Marion leis a dhéanamh.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 217
B'éigean do é féin a shocrú anois is arís ar an gcloch fhuar chun amas níos cruinne a fháil ar an seithe.
Féirín nua. Comhar 71 (10), 7. Alan Titley.
Leathanach: 7
Dáta: 2011-10-01
Folmhaíodh a ghoile agus cuireadh an tsaill timpeall na n-aenna isteach ann; lasadh an bhéilteach thine agus caitheadh an gabhar isteach ann, seithe, ionathar agus eile.
Mo chuimhní cinn 10. Irishleabhar Mhá Nuad 2013, 106-200. Pádraig Ó Fiannachta.
Leathanach: 106-200
Dáta: 2013-01-01
Fuair Krak an ceann is fearr ar an bpéist trí seithí ainmhí a bhí líonta le tarra is ruibh a thabhairt dó.
Alan Desmond. Seal sa Pholainn. LeabhairCOMHAR 2007.
Leathanach: 042
Ní hea go bhfuil aon locht puinn agam ar an mbodhrán nuair a sheinntear i gceart é, ach tá an tír breac le hainniseoirí gur dóigh leo ná fuil i gceist ach an tseithe a bhualadh leis an mbaitín comh trom agus comh minic agus is féidir.
An Seisiún: Gearrscéal nua. Feasta 56 (5), 9-15. Mícheál Ó Laoghaire.
Leathanach: 9-15
Dáta: 2003-05-01
A thúisce a chomhrá aontaobhach leis an bhfauna sáile, nó leis an bhfauna fionnuisce curtha dhe aige, shnámhadh sé i dtreo pé cladach nó bruach ba neasa dó, mar a mbíodh a bhráthair i gCríost, Cumaine Fada, suite ar stacán carraige ag tnúth leis, cochall a aibíde thar a chluasa péacacha, cuaráin de sheithe an daimh ar a chosa préachta.
In illo Tempore: Blogh as dréacht a léadh ag Scoil Gheimhridh Mherriman 2004. Feasta 57 (5), 37-39. Pádraig Ó Cíobháin.
Leathanach: 37-39
Dáta: 2004-05-01
Ar bhior is dóichide don gcúram san a bheith á dhéanamh, an clúimhín colgach fágtha uirthi, is an craiceann trédhearcach mothálach (más muc cheansaithe í) nó an tseithe ghruagach righin (dá mba torc allta a bheadh i gceist) gan feannadh.
Coiscéim: Catalóg 1980-2004: An Chéad Cheathrú Céid. Feasta 58 (4), 25-26. Pádraig Ó Cíobháin.
Leathanach: 25-26
Dáta: 2005-04-01
Fós féin agus na braonta móra ina rince chaidhp an chúil aird ríl mhór bhaile an chalaidh anuas ar mo sheithe gheal chloisinn polaiteoir éigin ag monabhar – ‘acmhainn ghann, acmhainn ghann, acmhainn ghann’.
Uisce Éireann – Alan Titley
Dáta: 2016-05-16
Rinne siad clocha snoite áille – crosa móra agus leaca cuimhneacháin – agus bhí ceardlanna acu ina ndearna siad pár as seithí do lámhscríbhinní, agus ina d’oibrigh siad le hór, airgead, cré-umha agus gloine.
Ag leanúint lorg na manach
Dáta: 2006-07-01
seithe thiubh chosanta tarraingthe againn thart orainn féin le muid a chosaint ar uafáis agus ar ghráice an tsaoil; mura ndéanaimis sin, dá ligimis dúinn féin bheith ró-íogair, bhrisfimis faoi mheáchan uafáis agus dobróin.
TUAIRISC ón mBeilg: Tiocfaidh an Bhruiséil tríd an ghábh, ach an dtiocfaidh an domhan tríd an ré dhorcha?
Dáta: 2016-03-22
Malartú seithe a thugann an Coileánach, agus an file féin, ar an chleas seo ag an Ríordánach “múnlaí éagsúla a chur ag leá isteach ina chéile” (229), próiseas a fhágann an bua ag an olc uaireanta agus, uaireanta eile, ag an tsoineantacht – féach réamhrá Eireaball Spideoige, an chuid faoi leanbh ag éisteacht le capall.
Léirmheas. Comhar 72 (12), 24-25. Gréagóir Ó Dúill.
Leathanach: 24-25
Dáta: 2012-12-01
Is leasc leis an Muirthileach a stádas mar phríomhthraenálaí na teangan a scaoileadh uaidh agus is léir anseo gur maith an buachaill fós é chun allais a chur ag spalpadh ina slaodaibh as seithe an tsean-eich i dtreo is go dtuigfidh sí ó thinneas a matáin an mhaidin ina dhiaidh go bhfuil sí fós beo ar an saol seo seal.
Léirmheas. Comhar 73 (4), 26-27. Simon Ó Faoláin.
Leathanach: 26-27
Dáta: 2013-04-01
De bhrí di a bheith nuabheirthe ní foláir linn nó go mbraith í féin éadrom sa chabhail, ar an stracadh a bhaineadh as an bhféar, comharthaithe ag an stangadh a bhaineadh san as a muineál, ag líonadh a boilg d’fhéar borb san athuair, seithe an gheimhridh caite anuas aici, cúram bliantúil iompar a cuid gamhna taobh thiar di.
An Ghráin fé Cheilt: Seo an chéad chuid de ghearrscéal nua le Pádraig Ó Cíobháin a bheidh ina chnuasach úr, De Chion Focal, a fhoilseofar go luath. Beidh an chuid dheireanach ar eagrán na míosa seo chugainn.... Comhar 75 (5), 21-24. Pádraig Ó Cíobháin.
Leathanach: 21-24
Dáta: 2015-05-01
Ach dhein siad an gnáthbhotún a shíolraíonn den uabhar – go raibh daoine a raibh filleadh beag orthu, nó tuáillí ar a gcloigeann, nó bruasa móra, nó seithe dhorcha – go raibh daoine eile amuigh ansin nár ghéill dá gcleacht gan a bheith chomh daonna leo.
Na Náididí – Alan Titley
Dáta: 2010-01-07
Ach dhein siad an gnáthbhotún a shíolraíonn den uabhar – go raibh daoine a raibh filleadh beag orthu, nó tuáillí ar a gcloigeann, nó bruasa móra, nó seithe dhorcha – go raibh daoine eile amuigh ansin nár ghéill dá gcleacht gan a bheith chomh daonna leo.
Na Náididí – Alan Titley
Dáta: 2010-01-07
Dhein sé an bheart nach n-éiríonn ach le dornán ealaíontóirí: lean sé air ag athrú, ag claochlú, ag scoitheadh seithí de, ag cur éadaí eile uime, ag taighdeadh faoina anam, ag tóch go domhain ina intinn, ag tógáil caisleáin óir agus práis agus stáin agus gainimh agus den mhiotal sin nach gcaitear.
Ag bualadh Bob ort – Alan Titley
Dáta: 2016-06-06
Dá réir sin, má tá an domhan á théamh ag broimneach bó, agus má chaitheann an béar bán seithe dhonn a chur uime agus dul ó dheas, agus má tá gach crann san Amazóin á leagadh ar mhaithe le Forty Shades of Grey ní fhágann sin gur gá dúinn aon phioc a dhéanamh ina thaobh, mar fadhbanna na nglúinte atá romhainn, is ea fadhbanna na nglúinte atá romhainn.
Útóipí – Alan Titley
Dáta: 2012-08-30
Gu deimhin níor chuir bheg ná shuarach do dhuine dul in émhachar i-mesg buidhaine teinne eile ó n-a theinne féin; – má thabharfadh sé seithe slán leis uadhtha badh mhinic gur badh air a chosaibh badh chóir doish a bhuidhachas du bheith aige.
Séamus Ó Diollúin. Feasta 63 (8), 28-29. Pádraig Feiritéar agus Tinte Cnámh.
Leathanach: 28-29
Dáta: 2010-08-01
‘I ngleann uaigneach idir Seithe agus Céim an Fhia ar an seanbhóthar idir Béarra agus cathair Chorcaí, cúig míle ón Chaolchoill, a rugadh Conchubhar Ó Ruairc sa bhliain 1913’​ an chaoi ar chuir sé síos don nGlaisneach ar a áit dúchais.
Ó RUAIRC, Conchubhar (1913-1992)
Dáta: 2017-05-24
Ghrinnigh Lúcás gach duine a tháinig faoi raon a shúl, na carraeirí agus a gcartanna lán d’earraí de gach cinéal, adhmad anoir as an Achréidh agus aniar asMaigh Cuillinn, uallaí tuí do na stáblaí, seithí ainmhithe de gach saghas, coiníní, sionnach, caorach, gabhar, beithígh.
Liam Mac Cóil. An Litir. Leabhar Breac 2011.
Leathanach: 263
Leag Lúcás an mála ar an gcé agus a bhrat anuas air agus thóg an lámh dhonn a bhí chomh crua le haon cheann de na seithí a chonaic sé ar na cartanna cúpla nóiméad roimhe sin agus a raibh craicne eile cosúil leo leagtha ar an gcé in aice leis.
Liam Mac Cóil. An Litir. Leabhar Breac 2011.
Leathanach: 266
Choinnigh sé a shúil ar chruach mhór seithí an chairr eile os a chomhair, ach san am céanna choinnigh sé súil amach do shaighdiúirí agus do dhaoine a bhí ag faire ar an trácht ó thaobh na sráide.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 214
Rud nár chuimhnigh sé air, bhí sé ag teacht ar an ngeata ón taobh; bheadh ar an gcarr casadh ar dheis.Bhí carr an ualaigh seithí roimhe i gcónaí, é ina stad anois agus ag ceilt an radhairc air ar a raibh ag tarlú chun tosaigh.
Liam Mac Cóil. I dTír Strainséartha. Leabhar Breac 2014.
Leathanach: 214
Is as an Aonach i dTiobraid Árann do Liam Prút, file, úrscéalaí agus gearrscéalaí a bhfuil saothair go leor leis foilsithe ó tháinig Fíon as Seithí, a chéad díolaim filíochta, amach i 1972.
An caisearbhán molta mar shuaitheantas nua don Ghaeilgeoir: Tá molta ag an scríbhneoir Liam Prút go mbeadh an caisearbhán ina shamhail den Ghaeilge mar theanga nach féidir í ‘a dhíbirt’ – Gan údar
Dáta: 2017-07-18
'Chuala mé gur bróga a thugtar orthu,' ar seisean, 'rinne mé lem dhá láimh féin duit iad, as seithe an fhia.' 'Táim an-bhuíoch díot,' ar sise, ach mearbhall uirthi, 'ach cad chuige iad?' 'Seo,' ar seisean, 'taispeánfaidh mé duit.' Agus thóg sé a dhá cois ina lámha agus chuir na bróga go séimh orthu.
Féirín nua. Comhar 71 (10), 7. Alan Titley.
Leathanach: 7
Dáta: 2011-10-01
Tá réimse leathan mianraí agus ceimiceán aimsithe - iarann agus copar, luaidhe agus mearcair, agus fiú amháin arsenaic Is sna lámhscríbhínní a caomhnaíodh litríocht na Gaeilge ó thús aimsire go dtí deireadh na Naoú hAoise Déag, ach théis a bhfuil de thaighde agus de chíoradh déanta orthu, ní raibh aon staidéar go dtí anois ar an ábhar é fhéin, - an stuif atá sa dúch a cuireadh ar an seithe, ar a scríobhadh na leabhra.
Taighde maidir le bunús ceimiceach lámhscríbhínní Gaelacha
Dáta: 2017-11-27
Lógó gaois.ie
gaois.ie