Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

sniogadh

29 toradh in 26 doiciméad

  1. #284956

    Ach tá, mar a dúrt i dtosach, éachtaintí eile ann a déarfadh go bhfuil sniogadh déanta ar chuid eile.

  2. #901148

    Déarfar leat nach bhfuil an tobar sniogtha go fóill, go gcaithfidh go bhfuil braon éigin fágtha iontu agus gur dhána an mhaise d’aoinne bheith faillíoch i dtaobh an dríodair sin.

  3. #1009782

    Tá gníomh an chothaithe féin sna fuaimeanna, agus an saol lasmuigh de dhoras an tí á shniogadh trí na focail agus na fuaimeanna.

    Seo Leo, a Thoil – Le Liam O Muirthile

  4. #1512837

    Faoi mar a dúirt Micheál Ó Domhnaill linn ag tús an chláir, is minic go mbíonn bainisteoirí buíoch má éiríonn leo cúpla imreoir le dealramh a shniogadh as foireann faoi aois.

  5. #1516911

    Nuair nár tháinig agus nuair a chonac arís i gcoinne na Gaillimhe i lár mhí Iúil na bliana seo é, thuigeas go raibh an tobar sniogtha go maith aige.

  6. #318287

    Ar an áireamh deireanach, ní raibh ach 222 buachaill ag freastal ar an scoil agus cé go raibh imreoir amháin ó Liospóil, Ryan Ó Mainnín, a tháinig chun páirce sa chluiche ceannais in aghaidh bhuachaillí Ros Comáin, bhí an uile dhuine seachas fáinleog amháin, Barra Seán Mac an Bhradáin, a tháinig ina measc ó Rinn Mhaoile na Gaillimhe, sniogtha as cumainn na Gaeltachta agus an Daingin.

  7. #664732

    Ise, más cuimhin libh a lean uirthi ag tál cheana, ón síneadh thiar, agus gach aon bhó eile sa tír seasc — ach má choinnítear ar an ngannchuid í agus má óltar a cuid fola ar an sean-nós vaimpíreach Gaelach, ní bheidh le tál aici ach an sniogadh.

  8. #861568

    D'aonghuth d'aontaíodar go mba chóir dóibh gan 'Dingle' a ligint chun siúil mar gurb ionann í agus an Ghlas Ghaibhneach, an bhó fhial nach bhféadfaí a húth bainne ataithe a shniogadh dá mbeifí ag gabháil de go Lá Philib a' Chleite.

  9. #1029685

    Duine a bheidh mícheart an chéad uair eile a osclóidh sé a bhéal mar níl ann ach puisín deas mánla suas is anuas le tíogair ghránna na n-úsairí, na n-úscairí agus na súmairí nach mbeidh sásta go dtí go mbeidh an tír blite go héag agus sniogtha go smúsach acu.

    Bás tíogair – Alan Titley

  10. #1032064

    “Faigh an criathar, má’s ea,” arsa an bhean siúil, “agus líon le bainne é.” “Ar ndóigh, cé gur chaith an bhean an tráthnóna ar fad á crú go dtí gur sniogadh tirim í, fós níor líonadh an criathar.

    An Ghlas Ghaibhleann agus airgead mór Wall Street – Mícheál Ó Ruairc

  11. #1109044

    Iann siad a súile, míogarnach chodlata thaithneamhach ag teacht orthu agus a gceannaíocha buailte suas go compordach le baotháin na mba acu, tinneas ina méireanta righnithe ag an síortharrac siní agus ag an sniogadh roimh dheireadh táil.

  12. #284946

    Agus Jim McGuinness éirithe as, gach seans gur réabhlóid seachas éabhlóid eile atá ag teastáil ó Dhún na nGall Rory Gallagher agus Jim McGuinness ©INPHO/Cathal Noonan Cé go rabhadar i ngiorracht ionga den gcomhscór i gcluiche ceannais na hÉireann roinnt seachtainí ó shin, tá na comharthaí sóirt ann go mb’fhéidir go bhfuil an braon deireanach sniogtha ag Jim McGuinness as an mbuíon imreoirí seo a bhfuil oiread tugtha acu dá gcontae le ceithre bliana anuas.

  13. #872647

    Agus bhí ionadh agus alltacht orthu san a bhí cruinnithe i seomra uachtar McGrattans, faoi mar a bheidís tar éis lán a súl a bhaint de chúl bhosca toitíní nuair a thuirling Rabhadh Titley ina spréacharnach filíochta orthu, á líonadh de ghaois is de thíodhlaicí an spioraid, ag craobhscaoileadh aisling dóchais an nua-reachta go dúshlánach liotúirgeach mar leanas: Fágann an scéala dóchais seo ceathrar marcach na hApacailipse gan lúth gan luadar: Agus cuireann sé ar an lic do lucht na bréagchráifeachta nach bhfuilid ach ina niúdaithe neádaithe, ag humáil is ag hamáil timpeall ar an gcothrom féinne: Agus insíonn sé parabail chun go n-aithneodh na daoine simplí go raibh marbhfháisc curtha ag Fairisínigh an léinn ar a n-oidhreacht shaibhir agus leithéid Mossy Mhuiris Maurice, seanchaí, sniogtha ina phreas agus dóite ar dhiosca acu agus an fear bocht féin fágtha ina bhalbhán: ‘Fan go gcoisfidh tú,’ arsa an bailitheoir, d’aththochrois an téip agus chuir an scéal ar siúl.