Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (18)
Gan na mainicíní móra cáiliúla a bhíonn nochta go téisiúil ar leathanaigh lonracha beirthe go fóill.
Joe Steve Ó Neachtain: Idir Neamh is Talamh. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 077
Bitseach téisiúil.
Scott de Buitléir, Caitríona Ní Chléircín, Deirdre Ní Chonghaile, Majella McDonnell, Simon Ó Faoláin, Muiris Ó Meara, Ailbhe Ní Ghearbhuigh: Blaiseadh Pinn: Nuascríbhneoireacht Ghaeilge. Cois Life 2008.
Leathanach: 020
Ba dheas an bháb í ach ba bhitseach téisiúil í leis.
Scott de Buitléir, Caitríona Ní Chléircín, Deirdre Ní Chonghaile, Majella McDonnell, Simon Ó Faoláin, Muiris Ó Meara, Ailbhe Ní Ghearbhuigh: Blaiseadh Pinn: Nuascríbhneoireacht Ghaeilge. Cois Life 2008.
Leathanach: 025
Baineann sí an scaif di agus titeann a folt fada go téisiúil chomh fada lena guaillí.
Gan teideal: Tá duine de mhórcheardaithe an cineama i mbun oibre in ‘The Wild Pear Tree’. Lig dó tú a scuabadh chun siúil leis… – Pat Butler
Dáta: 2019-01-05
Agus an leabhar atá mar thaca agam, cheannaíos inné é — samhlaím béic gáire eile: Gealach Fhuar le Rosenstock —hadhcú téisiúla!
Marbhna: Litir do Bharra. Feasta 53 (11), 12. Gan údar.
Leathanach: 12
Dáta: 2000-11-01
Ní ar eallaigh amháin a bhí aird ag formhór na bhfear ó thosaigh Nóra Rua ag coisíocht go teann téisiúil soir agus anoir thrína gceartlár.
Joe Steve Ó Neachtain: Idir Neamh is Talamh. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 077
Ceann de na longa móra tar éis ancaire a tharraingt agus snámh go maorga isteach thairis nó gur chuir sí a taobh go téisiúil le balla an chalafoirt.
Joe Steve Ó Neachtain: Idir Neamh is Talamh. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 094
Cor beag téisiúil tugtha dá hotpants aici mar a bheadh sí tar éis an tsúil a chaith sé ar fháinní a himleacáin a thabhairt faoi deara.
Joe Steve Ó Neachtain: Idir Neamh is Talamh. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 096
Buille a chroí ní ba tréine de réir mar a d’fháisc sí a colainn fré chéile go téisiúil isteach leis.
Joe Steve Ó Neachtain: Idir Neamh is Talamh. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 102
An chéirseach á sníomh fhéin go téisiúil nó gur mheall sí an coileach le teacht de ruathar amach as tom nó go ndearnadar a n-eadra collaíochta faoi dheifir.
Joe Steve Ó Neachtain: Idir Neamh is Talamh. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 142
Síoda an cheoil á nochtadh i dtús báire trí mhéaranta filíochta Nuala Ní Dhomhnaill, file taibhsiúil, táigiúil, téisiúil an mhionsciorta ó Aonach Urmhumhan.
Léirmheas. Feasta 66 (5), 18-19. Liam Prút.
Leathanach: 18-19
Dáta: 2013-05-01
Ní theastódh uainn anois ach plandóg ríoga a bhronnadh air lena fhocal a dhaingniú ach bíodh sí óg agus téisiúil.
Bulaíocht agus mí-úsáid ina n-armlón ag Trumpa na Teanga Bradaí: Seachnaítear Trump, ciontaítear é agus chuile fhear agus bean eile a cheapann gur cúis gháire é – Máire Ní Fhinneadha
Dáta: 2016-10-17
“Domhan dorcha, scéiniúil na gclubanna rince téisiúil, na ngníomhaireachtaí ban comórtha agus na gáinneála gnéis” atá mar théama leis an leabhar seo, a dúirt Ó Ruairc.
Ó Ruairc ag tabhairt fianaise go bhfuil sé bisiúil i mbun pinn – Gan údar
Dáta: 2012-11-28
An chuma ar an scéal freisin go raibh sí ag obair mar dhamhsóir téisiúil i gClub Aphrodite i lár na cathrach ag an deireadh seachtaine.
Mícheál Ó Ruairc. Fianaise. LeabhairCOMHAR 2012.
Leathanach: 014
Fad is a bhí ceangal na gcúig gcaol déag ar na rópaí seo neartódh a ngaol is ní mheallfaí uaithi é agus ba bheag an mhaith do mhná téisiúla torthúla gabhalscartha an bhaile a bheith ag piocadh air, ag spochadh as nó á shaighdeadh.
Mícheál Ó Conghaile: Diabhlaíocht Dé. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 139
Bhíodh a lán alt ann faoi chás John Profumo (1915–2006), an tAire Cogaidh sa Bhreatain a d’éirigh as oifig de bharr scannail, cé go raibh mé ró-óg agus róshoineanta leis na gnéithe téisiúla den scéal sin a thuiscint i gceart.
Deaglán de Bradún. Cinnlínte. Cois Life 2016.
Leathanach: 002
‘Ríomhphoist shúlacha shalacha, sin a shantaímse,’ a deir sé leis féin (38), agus baineann sé ardsult as na huath-litreacha craicinn a fhaigheann sé ó ‘Sophia dheiliúsach Montellina’, gona cuid grianghraf téisiúil di féin.
Léirmheas. Comhar 72 (12), 26-27. Máirtín Coilféir.
Leathanach: 26-27
Dáta: 2012-12-01
Í trí bliana is fiche agus í ag obair mar dhamhsóir téisiúil sa chathair ag an deireadh seachtaine ach í fostaithe mar bhean choimhdeachta i rith na seachtaine agus gan í rófhada in Éirinn.
Mícheál Ó Ruairc. Fianaise. LeabhairCOMHAR 2012.
Leathanach: 014
Lógó gaois.ie
gaois.ie