Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (20)
Ní theastaíonn uaim a bheith i láthair nuair a bheidh an t-inneall téite.
Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007.
Leathanach: 249
Bhí dabhach séarachais, uisce reatha, seomra folctha, leictreachas agus córas téite uisce curtha isteach ann.
Liam Ó Muirthile: Rogha Alt. Cois Life 2014.
Leathanach: 265
Tá boladh fíoréadrom ainíse agus bainne téite ann.
Smaointe i gcomhair suíomh ealaíne gan ainm. Comhar 75 (12), 22-24. Liam Mac Cóil.
Leathanach: 22-24
Dáta: 2015-12-01
‘Ní raibh againn ach uisce téite mar anraith.
Cérbh é Baal Shem Tov?: Laoch lách na nGiúdach Israel Ben Eliezer. Feasta 56 (2), 16-17. Gabriel Rosenstock.
Leathanach: 16-17
Dáta: 2003-02-01
Fuair gnólachtaí deontas chun córas téite éiceabhách a chur isteach.
Ceisteanna do Arlene Foster faoi airgead poiblí a ligeadh in aer: Beart ar mhaithe leis an timpeallacht a bhí in ainm is a bheith i scéim a bhunaigh Arlene Foster, ach tá ceisteanna móra le freagairt – Póilín Ní Chiaráin
Dáta: 2016-12-11
D’fhéadfadh dromchla an bhóthair nó an carr féin a bheith téite ag radaíocht na gréine.
‘Ná creid an teocht ar dhais an chairr. Níl sé baileach chomh te sin!’ – Met Éireann: Deir Met Éireann go bhfuil go leor leor fiosruithe faighte acu ó thús an tonn teasa faoin neamhréir idir a mbíonn á rá ag lucht na haimsire agus an teocht a bhíonn le feiceáil ar dhais an chairr – Méabh Ní Thuathaláin
Dáta: 2018-06-28
Bheadh do leathcheathrú leis an tine téite, i ngar a bheith dóite dháiríre.
Tá céim a dó de phlean na Samhna sroichte - ‘Cuir culaith bharrúil ar Mhamaí’: Tá siobáil Oíche Shamhna á déanamh faoi láthair ag na gasúir agus ár gcolúnaí bocht sceimhlithe ina beatha go dtarraingeofaí isteach sa scéal í – Gan údar
Dáta: 2018-10-11
Cuirim m’ordóg icepop isteach i mo bhéal ach glacann sé thart ar cheathrú uair an chloig sula mbíonn sé téite i gceart arís.
Ag Dreapadh Huayna Potosi sa Bholaiv
Dáta: 2011-10-01
Ag fanacht a bhí sé go mbeadh an bainne a bhí i mbuicéad ar an sorn téite do na laonta.
Beairtle Ó Conaire: Iad seo nach bhfaca. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 023
Mhair an conradh neamhionsaithe fiú nuair a bhris an chonspóid faoin bpraiseach a rinneadh den scéim téite inathnuaite a bhunaigh Arlene Foster, mar Aire Fiontair in 2012.
An Tús Nua ó thuaidh? An seanscéal céanna agus meirg air: Bhris Arlene Foster an tsíleáil ghloine i dtús na bliana, bhí sí caithréimeach i dtoghchán an Tionóil ach ag druidim leis an Nollaig bhí sí faoi dhianbhrú agus Stormont ina chíor thuathail – Póilín Ní Chiaráin
Dáta: 2016-12-29
Bhí taithí ag an slataire ó tháinig ann dó ar ghéim a choscairt; ach an fhuil a bheith téite ionat, bhí déanta amach aige, níor thaise dhuit sléacht an duine.
Máire Mhac an tSaoi. Scéal Ghearóid Iarla. Leabhar Breac 2011.
Leathanach: 036
Faoin am seo, bhí an teach téite go maith, agus an oíche á stiúradh go healaíonta ag Ceri Wyn Jones.
Shíl mé go bhfaca mé taibhse: Merriman, Mac Craith, Ó Doirnín: Tá Talwrn y Beirdd á chraoladh ag BBC Radio Cymru ó 1980. Cúirteanna Filíochta na Breatnaise lenár linn féin atá ann, a deir Diarmuid Johnson. Comhar 78 (2), 14-15. Diarmuid Johnson.
Leathanach: 14-15
Dáta: 2018-02-01
Dhá bhliain déag roimhe sin, thart ar 8 nó 14 lá tar éis Lá na dTrí Rí, ag thart ar a deich a chlog ar maidin, bhí a hiníon, a bhí thart ar cúig nó sé de bhlianta d’aois, in éineacht le Margaretha (bean Bernard Boess nach maireann) sa seomra tosaigh a bhí téite go breá agus í ina suí ar stól os comhair an oighinn.
Labhrás Ó Finneadha: Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí (imleabhar 1). Cois Life 2013.
Leathanach: 009
Ní fhéadfaí a rá go mbeadh réaltóg Michelin tuillte go brách ag an gcócaire, ach bhí líonadh maith sa bheatha a choinneodh a ghoile téite go mbeadh sé amach go maith san oíche.
Labhrás Ó Finneadha: Íbíotsa. Cois Life 2015.
Leathanach: 108
Ba í an stiurthóir altranais san ionad í.  Dúradh go bhfuarthas cógais leighis ar an urlár agus ar leapacha san ionad, nach raibh cógais á dtabhairt d'othair, nach raibh an teach altranais téite i gceart agus nach raibh dóthain uisce te ann.
Fíneáil gearrtha as téip a chur ar bhéal othair
Dáta: 2015-09-02
‘Tá muide ag ceannacht pórtair freisin,’ a deir Gabhal Scartha, ‘agus m’anam gurb é an rud is lú dhuit na grabaidí a choinneáil téite againn; gur maith atá tú íoctha air.’
Cóil Learaí Ó Finneadha: An Ghlanfhírinne. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 109
Tá sibh préachta leis an bhfeannaid.’ Chroch sí an citeal ar an lúb agus an lúb ar an gcroich agus ba ghearr nó go raibh an tóin téite aige agus an ghail bhruite ag teacht amach as an ngob.
Cóil Learaí Ó Finneadha: An Ghlanfhírinne. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 111
N’fheadar ar domhan cad tá ar siúl anseo ach tá mé ag teacht ar an tuairim go mbeidh orainn an oíche a chaitheamh anseo.’ D’itheamar an stobhach téite, d’ól an tae agus ansin, úll briosc an duine againn, shuíomar ar bhruach na haille ag amharc síos ar an ngleann agus ar an Abhainn Bheag ag sní chun farraige.
Achaidh aislinge. Feasta 63 (10), 7-12. Seán O’Connor.
Leathanach: 7-12
Dáta: 2010-10-01
Ní raibh cathaoir an Rúnaí téite i gceart ag Gearóid nuair a caitheadh isteach é in eagrú Féile Uladh – Oireachtas an Tuaiscirt a choinneofaí i nGaeltacht Thír Chonaill gach bliain – agus a céadthionóladh i Rinn na Feirste ón Déardaoin 25 Iúíl go Luan 29 Iúil 1957.
Mo chara, Gerry. An tUltach 86 (4), 20-23. Cathal Ó Diolúin.
Leathanach: 20-23
Dáta: 2009-04-01
Roghnaíodh 550 togra as 1,800 iarratas le cur ar taispeáint san RDS agus fógrófar an buaiteoir Dé hAoine.  Is iomaí ábhar atá roghnaithe ag na daltaí scoile i mbliana - róbat ilfheidhmeach atá in ann sceitheadh gáis a aithint, an impleacht atá ag na meáin shoisialta ar íomha choirp déagóirí agus mata codalta atá téite ag an ngrian do dhaoine gan dídean ...
Labhairt na Gaeilge i measc thograí Eolaí Óg na Bliana
Dáta: 2019-01-09
Lógó gaois.ie
gaois.ie