Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (43)
Treascraíonn na figiúirí agus staitisticí aon iarracht ar charachtar a chíoradh nó scéal comtháite a insint.
Ní chinntíonn scéal maith faic sa Guarantee
Dáta: 2014-11-06
Dúisigh, buail, strac, cac, brúigh, loit, treascair, gearr ach, ar son Dé, ná bí deas!
Pianta Anama Sheáin Uí Ríordáin: Tá léargas iontach ar dhuine de mhórfhilí na hÉireann ar fáil in Anamlón Bliana ó Dhialanna an Ríordánaigh, curtha in eagar ag Tadhg Ó Dúshláine. Tugtar sna sleachta seo blaiseadh dá bhfuil sa leabhar nua seo ó Chló Iar-Chonnacht. Comhar 74 (7), 16-17. Tadhg Ó Dúshláine.
Leathanach: 16-17
Dáta: 2014-07-01
Is dócha go dtreascraíonn trácht tabú!
The Wedding Poems of Dáibhí Ó Bruadair. Feasta 63 (9), 26. Pádraig Ó Snodaigh.
Leathanach: 26
Dáta: 2010-09-01
Ach ar treascraíodh Impireacht na Rúise, géilleadh slí don Aontas Sóivéadach.
Caibidil 6 de leabhar le Pio Moa Espana contra Espana: Réamhra agus fonótaí curtha ag Séamas de Barra leis an aistriúchán anseo. Feasta 70 (2), 8-12. Séamus de Barra.
Leathanach: 8-12
Dáta: 2017-02-01
Ar deireadh thiar thall, áfach, as sin amach, ba é Best údar a threascartha féin.
‘Maradona Good, Pelé Better, George Best’ – labhraíonn scannán nua faoin draoi sacair go líofa linn: Labhraíonn an scannán nua ‘George Best—All On My Own’ go líofa linn faoin gcaillteachán spóirt ab áille riamh in Éirinn – Pat Butler
Dáta: 2017-02-17
Fogha ná foláireamh níor chuimhin leis an Dualtach, ach tollbhuille a threascartha ar chúl a chinn.
Diarmuid Johnson. Conaire Mór. Leabhar Breac 2017.
Leathanach: 037
Faoi 2003, bhí Trimble treascartha aige agus ba é an DUP an príomh-pháirtí Aontachtach.
Oidhreacht Paisley: An é fear na síochána a fhágfaidh an rian is láidre nó an tuathghríosóir nár ghlac freagracht as damáiste a dhéanamh? Caitheann Póilín Ní Chiaráin súil siar ar shaol Ian Paisley. Comhar 74 (10), 8-10. Póilín Ní Chiaráin.
Leathanach: 8-10
Dáta: 2014-10-01
Threascair sí Seamol agus d’fhág sí gan aithne gan úrlabhra é!
An Chéad Scéal Grá ar Domhan (Mír 2): Miotas túis de chuid na nAtsugébhuí, inste ag an Dr. Darryl Wilson, ball den treibh ó Chalifornia. Earra é atá in easnamh ar mhiotaseolaíocht na gCeiltach.. Feasta 54 (7), 25. Oisín.
Leathanach: 25
Dáta: 2001-07-01
Tá na crainn scoite go míthrócaireach ag tobainne an oighir, géaga briste, lomtha, treascartha.
‘Is é Cairdinéal Dearg an cheoil é, éan a eitlíonn go hard os cionn na cathrach’: I dtreo dheireadh na nóchaidí thug an file Liam Ó Muirthile cuairt ar chathair dhúchais Leonard Cohen… – Liam Ó Muirthile
Dáta: 2016-11-12
An fearchú a threascair Hector tréan, agus a tharraig a chorp i ndiaidh a charbaid.
Dréachta Chrích Fódla: iml. 1. Feasta 60 (5), 41-46. Pádraig Ó Cíobháin.
Leathanach: 41-46
Dáta: 2007-05-01
Buille trom treascartha a bhí ann.
Liam Mac Cóil. An Litir. Leabhar Breac 2011.
Leathanach: 181
Maide trom chun treascartha i láimh gach óglaigh díobh agus fáinní iarainn timpeall orthu.
Diarmuid Johnson. Conaire Mór. Leabhar Breac 2017.
Leathanach: 065
Is ar son na truflaise seo a threascraítear foraoisí, a dhéantar mianadóireacht agus atá muid ag téamh an phláinéid.
An chéad lá denNollaig, thug mo leannán dom. An tUltach 91 (10), 5. Úna Ultach.
Leathanach: 5
Dáta: 2014-10-01
‘Díguin’ an téarma dlíthiúil ar choir threascartha na coimirce de réir na seantéacsanna dlí atá fós againn.
Gnéithe de "Loingeas mac nUisnigh". Feasta 66 (5), 31-34. Bréanainn Mac Fhearghusa.
Leathanach: 31-34
Dáta: 2013-05-01
Fuair Tom Elliott, UUP, an ceann is fearr ar Michelle Gildernew, SF, i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas agus in Aontroim Theas, threascair Danny Kinahan ón UUP seanfhondúir an DUP, Willie McCrea.
Súil Siar ar 2015 – Bliain chorrach eile ag Stormont agus na hinstitiúidí polaitiúla ann ar éigean
Dáta: 2015-12-26
Fuair Tom Elliott, UUP, an ceann is fearr ar Michelle Gildernew, SF, i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas agus in Aontroim Theas, threascair Danny Kinahan ón UUP seanfhondúir an DUP, Willie McCrea.
Súil Siar ar 2015 – Bliain chorrach eile ag Stormont agus na hinstitiúidí polaitiúla ann ar éigean
Dáta: 2015-12-31
Bliain tar éis do David Cameron an sainordú sin a fháil, le tromlach iomlán, an chéad cheannaire a rinne éacht dá leithéid le 23 bliain, tá sé treascartha, briste.
Teist ar Theresa agus lá May tagtha… – Póilín Ní Chiaráin
Dáta: 2016-07-13
B’fhada anois é ó “Ná déan marú” agus na haitheanta eile ón mBíobla a threascair sé idir an dá linn.
Pádraig Standún: I gCongar i gCéin. Cló Iar-Chonnacht 2011.
Leathanach: 014
D’fhéadfaí mórmhian mháthartha a aithint taobh thiar d’íomhá an naíonáin, agus an sceimhle roimh an imní go bhfuil an mhian sin á treascairt nó treascartha cheana féin.
Louis de Paor (eag.): Miorúilt an Pharóiste. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 013
D’fhéadfaí mórmhian mháthartha a aithint taobh thiar d’íomhá an naíonáin, agus an sceimhle roimh an imní go bhfuil an mhian sin á treascairt nó treascartha cheana féin.
Louis de Paor (eag.): Miorúilt an Pharóiste. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 013
Grá síoraí is ea mé nach gclaonfaidh d’éis treascartha, nach bhfeacfaidh, nach n-umhlóidh, nach dtuigeann do chreill an bháis.
Nóstos. Comhar 70 (8), 16-17. Muiris Ó Meara.
Leathanach: 16-17
Dáta: 2010-08-01
Bhí sé chun tosaigh i mbunú La Grande Armée, a threascair airm gach mórchumhachta agus a choinnigh formhór na hEopra Thiar agus Láir faoi chois ar feadh tréimhse nach beag.
Wellington, Bonaparte & Ról na nGael ag Waterloo. Feasta 68 (8), 12-14. Oilibhéar Ó Braonáin.
Leathanach: 12-14
Dáta: 2015-08-01
Bhuaigh Fionn an troid san, ach níor stad sé go raibh gach éinne a bhí ag comhrac ina choinne treascartha.
An leor Scéalaíocht na nDaoine? Feasta 61 (9), 11-12. Tomás Ó Ceallacháin.
Leathanach: 11-12
Dáta: 2008-09-01
Cuireadh abhaile orainn gur thug Constance cuid de na tréithe céanna léi agus gurb iad, ar a seal, a chosain agus a threascair í.
Macallaí de scéal Harvey Weinstein i gclár faisnéise slachtmhar ar TG4: LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Bhí scéal suimiúil agus tráthúil le hinsint ag Constance Smith – Tragóid Hollywood – Breandán M Mac Gearailt
Dáta: 2018-06-01
Bagairt inmheánach a bhí i gconspóid dhán an Phiarsaigh 'A Mhic Bhig na gCleas' toisc gur threascair léamha critice an phíosa rialacha dochta na gluaiseachta.
Nóta an "eile" ar 'a mhic bhig na gcleas' agus athbheochan litríochta na Gaeilge. Comhar 71 (8), 6-8. Seán Mac Risteaird.
Leathanach: 6-8
Dáta: 2011-08-01
Bhí an eagraíocht ag iarraidh cabhrú ag an am leis na daoine bochta, na Máigigh, a bhí fágtha cloíte, treascartha i ndiaidh an chogaidh sin.
Gan teideal: Ábhar mór bróid dom go bhfuil mé i mo bhall de chumann náisiúnta na n-iriseoirí agus go bhfuil gairm agus traidisiún uasal na hiriseoireachta á leanúint agam – Gan údar
Dáta: 2018-10-23
“Cruthaíonn sé aighneas agus binb agus níl le déanamh ach breathnú ar thráchtaireacht sna meáin chun seo a fheiceáil – agus, dár ndóigh, tá ról tábhachtach ag na meáin agus iad ag tuairisciú go hionraic ar cheisteanna na teanga seachas aighneas a chruthú ar nós an Nuallánaigh.” Dúirt Uachtarán an Chonartha gurb é “scar agus treascair” cur chuige lucht an choilíneachais agus an choncais ach go raibh an baol ann anois go ndéanfaimis féin na “botúin chéanna” arís agus arís eile.
Gan teideal: Ag labhairt dó ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i Muineachán anocht, dúirt Niall Comer go bhfuil ‘teorainneacha i saol na Gaeilge’ ar gá iad a ‘bhriseadh’ – Gan údar
Dáta: 2019-02-22
Béiceann ‘seo libh a phaca bastard!’ ar an namhaid agus seasann an fód go dtiteann amach thar an mballa, treascartha ag an saighead fhealltach a sádh ina chroí cróga.
Lorcán S. Ó Treasaigh: Céard é English?. Cois Life 2002.
Leathanach: 133
Beidh cléir na gceacht gan púicín Ag úrmhaíomh an Éin-Mhic chóir, Is éigse cheart ag tabhairt síos Gach fonn-laoi go néata i gcló; An tréad do threascair dubhach sinn Gan lionntaí, gan féasta ar bord, Is Gaeil go seascair súch síoch ’Na ndúthaíbh go séanmhar sóil.
Alan Titley: Scríbhneoirí faoi Chaibidil. Cois Life 2010.
Leathanach: 038
D’ainneoin chomh maith is a chruthaigh SF in aghaidh an SDLP le cúig bliana déag anuas, níor éirigh leo ceannaire a chur dá chois, murab ionann agus an DUP a threascair David Trimble, ceannaire an UUP.
McGuinness – réalta Shinn Féin ag dul abhaile go Doire
Dáta: 2016-01-26
Ní hamháin go bhfuil ceird chrua le foghlaim ag scríbhneoirí seo na Gaeilge ach tá traidisiún treascartha le tógáil acu agus go mion minic teanga le foghlaim toisc gan í a bheith acu ó phréamh.
Regina Uí Chollatáin: Iriseoirí pinn na Gaeilge. Cois Life 2008.
Leathanach: 316
De thoradh na treascartha fuiltí a fulaingíodh anseo faoi na Túdaraigh agus na Stíobhardaigh (1534 — 1610), faoi phlandáil Chromail (1654) agus Chogadh an Dá Rí (1689-91) agus na péindlíthe ina dhiaidh sin, bhí deireadh in ann do ré na Gaeilge mar theanga riaracháin agus dlí, agus le córas ársa saoithiúlachta na nGael.
An Ghaeilge, Comharthaíocht agus Logainmneacha: le Conor Ó Catháin, Stiúrthóir An Clar as Gaeilge- Togra páirtnéireachta is ea An Clár as Gaeilge Teo. atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, agus a oibríonn leis an bpobal agus le hearnálacha príobháideacha agus stáit chun an Ghaeilge a chur chun cinn.. Feasta 57 (9), 21-24. Conor Ó Catháin.
Leathanach: 21-24
Dáta: 2004-09-01
Sa chéad véarsa seo a deir sí: “Is iad na prátaí dubha a dhein ár gcomharsana do scaipeadh orainn/do chuir in san poorhouse iad ’s anonn thar na farraigí/I Reilig an tSléibhe atá na céadta acu treascartha/Is uaisle na bhflaitheas go ngabhair a bpáirt.” Ní haon ionadh a léamh sa leabhar eile a d’fhoilsigh Cló Ollscoile Chorcaí an mhí seo, I mBéal an Bháis: The Great Famine and the Language Shift in Nineteenth-Century Ireland leis an Ollamh Emeritus Gearóid Ó Tuathaigh, gur lean titim ar líon na gcainteoirí Gaeilge sna blianta i ndiaidh an Ghorta.
Scéal na reilige – Catherine Foley
Dáta: 2015-11-18
Agus is mar sin a fíoraíodh tairngreacht Íseáia 13:19 – ‘An Bhablóin, péarla na ríochtaí, seod agus práinn na gCaildéach, beidh sí ar nós Shodam agus Ghomóra nuair a threascair Dia iad.’ Dúnmharaíodh Béilseazar, an rí Caildéach, agus ghlac Dáire, an Méideach seilbh ar an ríocht.
Geineasas Gheineasas: An Iaráic agus an Sean-Tiomna. Feasta 65 (1), 24-28. Niall Ó Murchadha.
Leathanach: 24-28
Dáta: 2012-01-01
1836: Tháinig deireadh, tar éis dhá lá dhéag, le Léigear an Alamo, Texas, nuair a threascair fórsaí an Ghinearáil Mheicsicigh Santa Anna an garastún beag 194 fear a raibh an misean beag Proinsiasach á chosaint acu.
Ar an lá seo: Eanáir. An tUltach 84 (3), 23. Aodhán Ó Raghailligh.
Leathanach: 23
Dáta: 2008-03-01
Sa 5ú haois leathnaigh treibheanna Gearmánacha ar fud na hEorpa, threascair Impireacht na Róimhe agus lonnaigh ar a seantailte: Oir-Ghotaigh san Iodáil, Frainc sa Ghaill, Iar-Ghotaigh sa Spáinn agus mar sin.
Bede agus Sionad Whitby: Cuid I. An tUltach 86 (3), 10-13. Brighid Mhic Sheáin.
Leathanach: 10-13
Dáta: 2009-03-01
Athchruthaíonn ‘Brón ar an bhFarraige’ an stoirm thubaisteach a threascair Armáid na Spáinne nuair a bhí an criú ‘smiotaithe ar chreaga/ slogtha ag an ndoimhneas’ agus is maith a thuigeann aon phobal cois cósta an baol a bhaineann le ‘conach na dtonnta’ agus ‘coimheascar na ndúl’.
Léirmheas. Comhar 78 (1), 30. Gan ainm.
Leathanach: 30
Dáta: 2018-01-01
Maidir le teachtaireacht na filíochta: An tairngreacht chéanna a rinneadh arís agus arís eile sa litríocht pholaitiúil a cumadh i rith chogadh Mheiriceá: is é an rud a thuar na filí – agus, dá réir sin, an rud ar mhaith lena lucht éisteachta a chloisint – go raibh an Bhreatain ar tí a treascartha agus gur ghearr go bhfaigheadh an náisiún Caitliceach na cearta ar ais a baineadh de i 1691.
Léirmheas. Feasta 58 (11), 13. Liam Mac Peaircín.
Leathanach: 13
Dáta: 2005-11-01
Tá ‘Caithréim’ tiomanta do chara ar tháinig trí thaom croí air, nár threascair é: Níor chaill riamh a gháire Is níor chaillis riamh do shuim i ndaoine ná dea-chapaill.
Léirmheas. An tUltach 91 (3), 22. Anton Mac Cába.
Leathanach: 22
Dáta: 2014-03-01
Laochra liteartha eile a bhí tagtha ina áit: Má thionscain an Direánach réabhlóid fhileata sna naoi déag daicheadaí, thionscain oidhrí na réabhlóide sin éirí amach eile sna naoi déag ochtóidí, réablóid a threascair na seandéithe gan trua gan taise.
Coigil Aithinne d'Aislinge:: Máirtí Ó Direáin, Rí-Éigeas Éireann. Comhar 70 (12), 9-16. Mícheál Mac Craith.
Leathanach: 9-16
Dáta: 2010-12-01
Maíonn Caoimhín Mac Giolla Léith gur "dathadóireacht le focail a bhíonn ar siúl ag de Paor scaití" agus tá an cumas péintéireachta sin le feiceáil go háirithe sa dán Grá Riabhach: Tá rún dorcha fuilteach taobh thiar de dhath an locha áfach agus tá an leide tughta duinn gur ginmhilleadh b'fhéidir a bhí ar siúl ag an "bhean chabhartha" sa líne "sara mbraithfí a rún treascartha".
Milseacht dhubh. Comhar 70 (5), 25-26. Caitríona Ní Chléirchín.
Leathanach: 25-26
Dáta: 2010-05-01
Is dána mar a threascraíonn sí coinbhinsiúin na haimsire agus gan aon drogall uirthi drúis chollaíochta na mná a chur in iúl, Beagbheann ar amhras daoine beagbheann ar chros na sagart, ar gach ní ach bheith sínte idir tú is an falla.
Déanaimis ceiliúradh ar Mháire Mhac an tSaoi ar Lá Idirnáisiúnta na mBan
Dáta: 2016-03-08
Tá an t-amhrán truamhéalach as na Déise, ‘Na Prátaí Dubha’ ann mar sin féin: Is iad na prátaí dubha a dhein ár gcomharsana a scaipeadh orainn, Do chuir sa phoorhouse iad is anonn thar farraige, I Reilig an tSléibhe tá na céadta acu treascartha, Is uaisle na bhflaitheas go ngabhaid a bpáirt.
Gan teideal: Ba é an fata a choinnigh beo na Gaeil ar feadh na gcéadta bliain ach tá fataí Nollag na bliana seo níos daoire ná mar bhí riamh – Seosamh Ó Cuaig
Dáta: 2018-12-25
Lógó gaois.ie
gaois.ie