Gaois

Inrochtaineacht

Rinneadh gach iarracht chun an suíomh seo a dhearadh agus a thógáil le go mbeadh gach duine in ann leas iomlán a bhaint as, beag beann ar chumas. Tógadh an suíomh de réir chaighdeáin WCAG 2.0 AAA, caighdeáin idirnáisiúnta inrochtaineachta a d'eisigh an World Wide Web Consortium (W3C). Más dóigh leat nach bhfuil cuid áirithe den suíomh iomlán inrochtana, nó go bhféadfaí gné éigin d'eispéireas úsáideoirí a fheabhsú, bheimis buíoch díot ach é seo a chur ar ár súile dúinn trí ríomhphost a sheoladh chuig gaois@dcu.ie.

Moltar duit brabhsálaí nua-aimseartha a úsáid leis an eispéireas is fearr agus is féidir a bhaint amach ar an suíomh seo. Féach an tábla maidir le comhoiriúnacht brabhsálaithe thíos. Is féidir suíomh gréasáin Gaois a úsáid agus Javascript díchumasaithe sa bhrabhsálaí.

Comhoiriúnacht brabhsálaithe

Deimhnítear tacaíocht do na brabhsálaithe agus na córais oibriúcháin thíos.

Brabhsálaí Leagan Díoltóir Córas Oibriúcháin Eisithe
Chrome 52 Google Linux/Mac OS/Windows 2016
Edge 80 Microsoft Linux/Mac OS/Windows 2020
Firefox 45 Mozilla Linux/Mac OS/Windows 2016
Opera 40 Opera Linux/Mac OS/Windows 2016
Safari 8 Apple Mac OS/Windows 2015
Na príomhbhrabhsálaithe móibíleacha - - >= Apple iOS 7 2016
Na príomhbhrabhsálaithe móibíleacha - - >= Google Android 7 ‘Nougat’ 2016