Gaois

Díchódú Oidhreachtaí Folaithe i Scéalaíocht Thraidisiúnta Ghaelach le Mianadóireacht Téacs agus Fíligéinitic

Mhaoinigh an UKRI-AHRC agus an Chomhairle um Thaighde in Éirinn an tionscadal seo faoin ‘UK-Ireland Collaboration in the Digital Humanities Research Grants Call’ (uimhreacha deontas AH/W001934/1 agus IRC/W001934/1).

Lúnasa 2021–Iúil 2024

Achoimre

Comhtháthóidh an tionscadal seo anailís dhomhain cháilíochtúil le modheolaíochtaí ríomhaireachtúla ceannródaíocha chun díchódú, léamh agus léiriú a dhéanamh ar scéalaíocht thraidisiúnta Ghaelach. Tríd seo a dhéanamh, cuirfidh sé an cuntas is mionsonraithe go dtí seo ar fáil ar choinbhéirseacht agus dibhéirseacht i dtraidisiúin scéalaíochta na hAlban agus na hÉireann agus, dá réir sin, tuiscint úr ar a gcomhstair chultúrtha. Trí ghiaráil a dhéanamh ar an dul chun cinn le déanaí i bPróiseáil Teanga Nádúrtha, déanfaidh an cuibhreannas digitiú agus tiontú ar chorpas ollmhór de lámhscríbhinní béaloidis i nGaeilge agus i nGaeilge na hAlban agus cuideoidh sé lena chraobhscaoileadh.

Déanfaidh foireann an tionscadail corpas téacs ollmhór de sheanscéalta ón Tale Archive sa School of Scottish Studies Archives agus ó Phríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní Chnuasach Béaloideas Éireann a chruthú, a anailísiú agus a chraobhscaoileadh. Chun an corpas seo a chruthú, scanfar *c.*80k leathanach lámhscríofa (agus beidh leathanaigh a ndearnadh scanadh orthu faoi thionscadal digitithe Dúchas san áireamh freisin), aithneofar téacs lámhscríofa ar na leathanaigh seo (chomh maith le roinnt ábhair fuaime in Albain), déanfar normalú ar théacs neamhchaighdeánach, agus meaisínaistreofar Gaeilge na hAlban go Gaeilge. Ansin déanfar an corpas a anótáil le meiteashonraí ag leibhéal an doiciméid agus na móitífe.

Déanfar anailís ar an gcorpas ag úsáid teicnící mianadóireachta sonraí agus fíligéinitice. Cuimseoidh sruthanna oibre na mianadóireachta sonraí agus na fíligéinitice an corpas iomlán, ach díreoidh sruth oibre na fíligéinitice ar thrí chineál seanscéal mar chás-staidéir, is é sin Aarne–Thompson–Uther (ATU) 400 ‘The Search for the Lost Wife’, ATU 425 ‘The Search for the Lost Husband’, agus ATU 503 ‘The Gifts of the Little People’. Foilseofar torthaí na n-anailísí seo i sraith alt agus i leabhar dar dteideal Digital Folkloristics. Déanfar an corpas a chraobhscaoileadh trí Dúchas agus Tobar an Dualchais, agus trí shuíomh gréasáin nua comhbhailithe (á thógáil) a chuimseoidh léirshamhlú ar shonraí an chorpais agus ar thorthaí ár n-anailíse le léarscáileanna agus graif.

Foireann an tionscadail

An Ríocht Aontaithe

  • Príomhthaighdeoir: Prof. William Lamb, The University of Edinburgh (School of Literatures, Languages and Cultures).
  • Comhthaighdeoir: Prof. Jamshid Tehrani, Durham University (Department of Anthropology).
  • Comhthaighdeoir: Dr Beatrice Alex, The University of Edinburgh (School of Literatures, Languages and Cultures).
  • Comhthaighdeoir: Dr Barbara Hillers, Indiana University (Folklore and Ethnomusicology).

Ollscoil Dhún Éideann

  • Taighdeoir Iardhochtúireachta: Julie-Anne Meaney
  • Stiúrthóir Teicniúil: Gavin Willshaw.
  • Cartlannaí na mBailiúchán Albanach agus Ollscoile: Kirsty Stewart.
  • Teicneoir Teanga: Michael Bauer.
  • Teicneoir Digitithe agus Iontrála Sonraí: Cristina Horvath; Catherine Banks.
  • Riarthóir Cóipchirt: Louise Scollay.

Éire

  • Comh-Phríomhthaighdeoir: Dr Brian Ó Raghallaigh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (Fiontar & Scoil na Gaeilge).
  • Comhthaighdeoir: Dr Críostóir Mac Cárthaigh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (Cnuasach Bhéaloideas Éireann).
  • Comhthaighdeoir: Dr Tiber Falzett, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis).

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

  • Taighdeoir Iardhochtúireachta: Dr Andrea Palandri.
  • Cúntóir Taighde: Kate Ní Ghallchóir.
  • Cúntóir taighde: Tiernan Gaffney.
  • Cúntóir taighde: Monica Marion.

Comhoibrithe eile

  • Comhalta Taighde Iarchéime: Monica Marion.
  • Comhairleoirí Acadúla: Úna Bhreathnach, Kevin Scannell.
  • Baill eile de Ghrúpa Stiúrtha an tionscadail: Melissa Terras (Chairperson), Rachel Hosker, Floraidh Forrest (Tobar an Dualchais).

Teagmháil

Naisc

Foilseacháin (ord aibítre)

  • Junfan Huang, Beatrice Alex, Michael Bauer, David Salvador-Jasin, Yuchao Liang, Robert Thomas, William Lamb. 2023. ‘A transformer-based standardisation system for Scottish Gaelic’. In Proceedings of SIGUL 2023, Special Session on Celtic Languages. [pdf]
  • Will Lamb, Natasha Sumner, Gordon Wells. 2024. ‘Digital Developments in Scottish Studies’, Scottish Studies, 40, 65–82. DOI: 10.2218/ss.v40.9290.
  • Brian Ó Raghallaigh, Andrea Palandri, Críostóir Mac Cárthaigh. 2022. Handwritten Text Recognition (HTR) for Irish-Language Folklore. In Proceedings of the CLTW 4 @ LREC2022, 121–126. [pdf]
  • Mark Sinclair, William Lamb, Beatrice Alex. 2022. Handwriting Recognition for Scottish Gaelic. In Proceedings of the CLTW 4 @ LREC2022, 60–70. [pdf]

Páipéir comhdhála (ord croineolaíoch)

  • William Lamb & Brian Ó Raghallaigh, ‘Decoding Hidden Heritages in Gaelic Traditional Narrative with Text-Mining and Phylogenetics’, Scottish-Irish Cultural Diplomacy and Cultural Relations: Arts and Humanities in Focus, Dún Éideann, 11 Deireadh Fómhair 2022.
  • Brian Ó Raghallaigh, Tiber Falzett et al., ‘Providing full-text access to Scottish and Irish folklore archives: Decoding Hidden Heritages’, ICA-SUV, Baile Átha Cliath, 29–31 Bealtaine 2023.
  • Tiber Falzett, Monica Marion et al., ‘Enhancing access to Scottish and Irish traditional narrative: Decoding Hidden Heritages’, SIEF2023, Brno, 7–10 Meitheamh 2023.
  • Barbara Hillers, Monica Marion et al., ‘Mining the Celtic Folklore Archives: Decoding Hidden Heritages in Gaelic Traditional Narrative’, ICCS, Utrecht, 24–28 Iúil 2023.
  • Beatrice Alex, ‘AI-driven language technologies and digital collections: the need for interdisciplinary communication, co-design and training’, Keynote, The 27th International Conference on Theory and Practice of Digital Libraries, Zadar, Croatia, 28 Meán Fómhair 2023.
  • Barbara Hillers, Monica Marion et al., ‘Decoding Hidden Heritages in Gaelic Traditional Narrative’, American Folklore Society Annual Meeting 2023, Portland, Oregon, 1–4 Samhain 2023.
  • Beatrice Alex, ‘How to run a successful (Digital Humanities) research project: Mining Celtic Folklore Archives’, Invited Lecture to the MSc course on Research Methods and Problems in English Literature, University of Edinburgh, Dún Éideann. 29 Eanáir 2024.