Gaois

Ócáidí

Ceardlann Logainmneacha 2024

Reáchtálfaidh Gaois ceardlann den teideal 'Cad a dhéanfaidh muid feasta gan adhmad?' ar an 10 Bealtaine 2024.

Tuilleadh eolais anseo.

Ceardlann Logainmneacha 2022

Reáchtáil Gaois ceardlann den teideal 'Logainmneacha i gcríocha dátheangacha' ar an 12-13 Bealtaine 2022. Foilsíodh tuairisc ar an gceardlann sa bhlagmhír seo.

Sheol Jack Chambers T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, leagan nua den suíomh logainm.ie mar chuid den cheardlann Déardaoin, an 12 Bealtaine. Tuilleadh eolais ar fáil sa phreasráiteas seo.

Siompóisiam Téarmeolaíochta 2022

Reáchtáil Gaois siompóisiam lae den teideal 'An Ghaeilge agus an Téarmeolaíocht' ar an 6 Aibreán 2022. Thug an siompóisiam seo le chéile daoine a bhíonn ag plé leis an téarmeolaíocht mar ghairm bheatha agus iad siúd a úsáideann téarmaíocht theicniúil na Gaeilge i sainréimsí gairmiúla. Cuirfear na cainteanna le cainéal YouTube Gaois agus foilseofar blagmhír go luath.

Cruinniú Mullaigh Chumann Eorpach na Téarmeolaíochta 2021

Reáchtáil Gaois Cruinniú Mullaigh Chumann Téarmeolaíochta na hEorpa (EAFT) ar an 25-26 Samhain 2021 (curtha siar bliain de bharr COVID-19). ‘An Téarmeolaíocht faoi Dhúshlán’ a bhí mar théama ar an gcruinniú a eagraíodh ar líne. Tá achoimrí na gcainteanna uile anseo agus achoimrí na bpóstaeir anseo.

Is féidir breathnú ar na cainteanna uile anseo agus tá tuairisc ar an gcruinniú mullaigh féin ar fáil sa bhlagmhír seo.

Ceardlann Mionlogainmneacha 2018

Reáchtáil Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, ceardlann chun cúrsaí mionlogainmneacha (logainmneacha nach ainmneacha riaracháin ná ionaid daonra iad) a phlé ar an 17-18 Bealtaine 2018. Idir thaighdeoirí agus bhailitheoirí aonair a thug cainteanna le linn na ceardlainne agus fuarthas léargas ar an obair éagsúil atá idir lámha sa ghort seo anseo in Éirinn agus thar lear.

Eagraíodh seisiún praiticiúil faoi úsáid Mheitheal Logainm.ie agus turas treoraithe thart ar cheantar Dhroim Conrach le Séamas Ó Maitiú chomh maith.

Seimineár poiblí ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge 2017

Reáchtáladh lá lán de chainteanna ó dhaoine i saol na Gaeilge a bhaineann úsáid nuálaíoch as an ríomhaireacht ina gcuid oibre. Seoladh an leabhar An Ríomhaire Ilteangach le Michal Boleslav Měchura, arna fhoilsiú ag Cois Life, mar chuid den ócáid.

Ceardlann Réamhchomhdhála SNSBI 2016

Is é Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, a rinne óstáil ar cheardlann réamhchomhdhála SNSBI ‘Uirlisí chun mionlogainmneacha a chomhroinnt’ ar an 14 Aibreán 2016. Tá tuilleadh eolais maidir leis an gcomhdháil ar fáil ó shuíomh SNSBI anseo.

Seoladh uirlis nua sluafhoinsithe forbartha ag Fiontar, Meitheal Logainm.ie, mar chuid den cheardlann.

Comhdháil BISA (British and Irish Sound Archives) 2014

Is é Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a rinne óstáil ar chomhdháil BISA idir 16–17 Bealtaine 2014.

Seoladh leagan breisithe de Bhunachar Logainmneacha na hÉireann agus seirbhís nua léarscáilíochta Gaeilge mar chuid den chomhdháil.

Ceardlann Logainmneacha 2012

Téama na ceardlainne: Bainistiú agus foilsiú sonraí logainmníochta ar líne.

Is é Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a reáchtáil an cheardlann seo idir 24–25 Lúnasa 2012.

Comhdháil TKE (An Téarmeolaíocht agus Innealtóireacht Eolais) 2010

Ba é 'Acmhainní téarmeolaíochta agus innealtóireachta eolais a chur i láthair ar líne: samhaltáin agus dúshláin' téama na comhdhála.