Gaois

An Líonra Saineolaithe Náisiúnta

Tá Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge ag cur seirbhísí téarmaíochta ar fáil do na haonaid aistriúcháin Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh ó rinneadh teanga oifigiúil den Ghaeilge in 2007. Tá an obair sin á maoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus á reáchtáil i gcomhar leis an gCoiste Téarmaíochta in Foras na Gaeilge. In 2020 bhunaigh Gaois, le tacaíocht na Roinne, líonra saineolaithe náisiúnta ar mhaithe le comhairle a sholáthar d’aistritheoirí Gaeilge an Aontais Eorpaigh. Is minic a bhíonn na haisitritheoirí ag plé le coincheapa teicniúla agus cuideoidh sé leo a bheith in ann ceist a chur ar shaineolaí ar an ábhar sin agus freagra a fháil ina dteanga dhúchais féin. Is chuige sin an tionscadal seo. Tuilleadh eolais: lionra@gaois.ie.