Gaois

Maidir le Gaois

Is grúpa taighde é Gaois in Fiontar & Scoil na Gaeilge i nDámh na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta, DCU, a bhfuil léachtóirí, taighdeoirí agus mic léinn iarchéime páirteach ann. Tá sé de mhisean againn acmhainní iontaofa nuálaíocha a fhorbairt chun teanga agus saíocht na Gaeilge a chothú agus a chlaochlú.

Thosaigh obair an ghrúpa i 2004 le tionscadal Focal (téarma.ie anois) agus é de sprioc aige sin bunachar comhtháite de nuathéarmaíocht na Gaeilge a chur ar fáil do chách. Lean an speisialtóireacht sa téarmeolaíocht le tionscadal LEX chun tacaíocht téarmeolaíochta a sholáthar d’institiúidí an AE ó 2008 i leith. Thosaigh an obair ar Logainm, áis chuimsitheach chun sonraí logainmneacha a riar is a roinnt, i 2007. Rinneadh digitiú ar chnuasach beathaisnéisí Ainm agus foilsíodh an suíomh sin i 2011. Ó 2012 i leith, tá muid ag plé le Tionscadal Digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann, Dúchas. Cruthaíodh an suíomh seo, gaois.ie, i 2014 chun acmhainní eile a bhí forbartha ag an bhfoireann a fhoilsiú, acmhainní corpais agus téarmeolaíochta go háirithe.

Is snáithe trí na tionscadail sin uile, agus tionscadail eile nach iad, go mbaintear úsáid as teicneolaíocht nua-aimseartha chun tuiscint a leathnú ar an teanga féin agus ar shaíocht na Gaeilge trí chéile. Aithnítear Gaois as taighde ardchaighdeáin a chur i láthair an phobail ar bhealach oscailte inrochtana.

Is áisitheoir é Gaois a thagann i dtír ar spéiseanna acadúla na foirne, agus ar chumais eile atá le fáil in DCU, chun acmhainní a gcomhpháirtithe a fhorbairt trí rochtain, léirmhíniú agus idirnascadh. Is iad maoinitheoirí Gaois an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta); Foras na Gaeilge agus Fondúireacht Bhéaloideas Éireann. I measc a phríomhpháirtithe, tá an Coiste Téarmaíochta, an Brainse Logainmneacha, Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus Cló Iar-Chonnacht.

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.