Bailiúchán nua téarmaí COVID-19 seolta
16 Samhain 2020
Tá bailiúchán de théarmaí Gaeilge COVID-19 seolta ag grúpa taighde Gaois agus é de sprioc aige eolas cruinn, cothrom le dáta i dtaobh fhoclóir na paindéime a sholáthar do phobal na Gaeilge.
16 Samhain 2020
Tá bailiúchán de théarmaí Gaeilge COVID-19 seolta ag grúpa taighde Gaois agus é de sprioc aige eolas cruinn, cothrom le dáta i dtaobh fhoclóir na paindéime a sholáthar do phobal na Gaeilge.
20 Iúil 2020
Ceann de fhothorthaí phaindéim COVID-19 is ea go bhfuil muid mar phobal tar éis eolas a chur ar an-chuid téarmaí teicniúla nach raibh de dhíth orainn roimhe seo. Sa bhlagmhír seo gheobhaimid spléachadh ar thionscadal in DCU a thugann aghaidh ar cheisteanna atá gaolmhar leis seo.
15 Meitheamh 2020
Seoladh bunachar teangeolaíoch sloinnte Gaeilge le déanaí. Sa bhlagmhír seo gheobhaimid spléachadh air.
29 Bealtaine 2020
Seoladh leagan úr de shuíomh gréasáin Gaois le gairid. Sa bhlagmhír seo, cuirfimid eolas ar na gnéithe den suíomh ar tháinig athrú orthu agus ar chuid de na háiseanna nua a cuireadh ar fáil.
10 Meitheamh 2019
Cuireadh ábhar nua le Corpas na Gaeilge Comhaimseartha ar gaois.ie le déanaí. Is í príomhaidhm an tionscadail seo ná samplaí comhthéacs d’úsáid reatha na Gaeilge scríofa a chur ar fáil mar acmhainn teanga do thaighdeoirí, scríbhneoirí, teangeolaithe agus daoine eile a bhfuil spéis acu sa teanga. Tá 24.7 milliún focal sa chorpas anois i ndiaidh an nuashonraithe is déanaí.
17 Eanáir 2018
Cuireadh mórbhailiúchán úr de reachtaíocht phríomha na hÉireann leis an gCorpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge ar gaois.ie le déanaí. Bailiúchán cuimsitheach atá ann de bhreis agus 3,000 Acht ón tréimhse 1922–2003, a chuir Rannóg an Aistriúcháin, Tithe an Oireachtais, ar fáil do Fiontar & Scoil na Gaeilge.
13 Deireadh Fómhair 2017
Chaith Mairéad Willis dhá mhí ag obair in Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i gcaitheamh an tsamhraidh agus déanann sí cur síos sa bhlagmhír seo ar an obair a bhí idir lámha aici.
23 Márta 2017
Foilsíodh suirbhé bliantúil ar Gaois.ie i dtús na bliana chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Is léir ó na torthaí go bhfuiltear sásta den chuid is mó leis an suíomh agus le feidhmeanna an tsuímh, ach in amanna ní thuigtear go bhfuil neart acmhainní éagsúla ar fáil ann. Déanfar iarracht eolas a scaipeadh i measc an phobail faoi na hacmhainní ar Gaois.ie le linn 2017!
24 Eanáir 2017
Rinneadh cur síos sa bhlagmhír seo ar Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha nuair a seoladh é i mí Aibreáin anuraidh. Ní raibh ach 5.3 milliún focal sa chorpas an tráth úd ach táimid ag cur le hábhar an chorpais ó shin i leith – idir ábhar úr a bhailiú agus a thiomsú agus ábhar atá sa chorpas cheana a nuashonrú.
23 Samhain 2016
Cíortar cuid na héagsúlachtaí idir an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla de Bhunreacht na hÉireann sa bhlagmhír seo.
22 Meán Fómhair 2016
Sheol an tAire Stáit Seán Kyne dhá shuíomh gréasáin de chuid Fiontar ag An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta Dé Céadaoin an 21 Meán Fómhair – Meitheal Logainm.ie agus Bailiúchán na Scol ina iomláine.
29 Lúnasa 2016
Chaith Jack McGinn dhá mhí ag obair in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcaitheamh an tsamhraidh agus déanann sé cur síos sa bhlagmhír seo ar an obair a bhí idir lámha aige.
13 Iúil 2016
Tá Fiontar ag forbairt acmhainní teanga, téarmeolaíochta, logainmníochta agus béaloidis mar aon le tionscadail eile i réimse na teicneolaíochta teanga agus na ndaonnachtaí digiteacha le deich mbliana anuas. Is ardán é gaois.ie chun acmhainní teanga agus téarmaíochta áirithe atá forbartha ag Fiontar a chur ar fáil don phobal.
8 Aibreán 2016
Tiomsaíodh corpas nua, Corpas na Gaeilge Comhaimseartha, in Fiontar le déanaí agus is féidir teacht air ar an suíomh gaois.ie anois. Bailiúchán aonteangach téacsanna Gaeilge i bhformáid dhigiteach is ea Corpas na Gaeilge Comhaimseartha. Áirítear ann téacsanna Gaeilge a bhfuil eagarthóireacht déanta orthu agus a foilsíodh ó thús an 21ú haois i leith.
23 Samhain 2015
Is é atá sa chorpas comhthreomhar ná bailiúchán téacsanna reachtaíochta i bhformáid dhigiteach. Téacsanna ailínithe is ea iad inar féidir cuardach a dhéanamh ar théama nó ar fhrása i nGaeilge nó i mBéarla. Gintear liosta torthaí bunaithe ar an gcuardach corpais agus is féidir torthaí an chuardaigh a fheiceáil le hais a chéile ar an scáileán.
10 Meán Fómhair 2015
Cuireadh leaganacha ailínithe de cheithre Acht nua leis an gcorpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge de théacsanna reachtúla ar Gaois.ie le gairid.
Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.
Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.