Gaois

Blag Gaois (eochairfhocal: Amlíne)

Amlíne

4 bhlagmhír

  1. Léargas ar roinnt beathaí nua ar ainm.ie

    22 Feabhra 2018

    Cuireadh ocht mbeatha nuascríofa leis an an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie, roimh an Nollaig. Tá an tionscadal beathaisnéisí Gaeilge seo á fhorbairt ó 2009 i leith ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú (údair na naoi n-imleabhar a d’fhoilsigh An Clóchomhar idir 1986 agus 2007 faoin teideal Beathaisnéis) agus le painéal comheagarthóirí a bunaíodh in 2013.

  2. Beathaí nua curtha le Ainm.ie

    18 Samhain 2016

    Cuireadh sé bheatha nuascríofa leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (www.ainm.ie) le déanaí. Mórshaothar luachmhar léinn é an cnuasach beathaisnéisí seo a chuimsíonn breis is 1,700 beathaisnéis ó 1560 go dtí an lá inniu. Tá an tionscadal beathaisnéisí Gaeilge seo á fhorbairt ó 2009 i leith ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar a d’fhoilsigh An Clóchomhar idir 1986 agus 2007 faoin teideal Beathaisnéis.