Tuairisc ar obair 2022
12 Nollaig 2022
Caitear súil siar ar obair na bliana seo. Bliain ghnóthach, thaitneamhach a bhí ann agus imeachtaí ar siúl ar an bhfód againn arís, i dteannta go leor forbairtí nua éagsúla ar na tionscadail ar fad.
12 Nollaig 2022
Caitear súil siar ar obair na bliana seo. Bliain ghnóthach, thaitneamhach a bhí ann agus imeachtaí ar siúl ar an bhfód againn arís, i dteannta go leor forbairtí nua éagsúla ar na tionscadail ar fad.
28 Iúil 2022
Ar na bailitheoirí lán-aimseartha is gníomhaí a d’obair do Choimisiún Bealoideas Éireann, tá Seán Ó Flannagáin (1908–1996) a bhailigh ábhar béaloidis don gCoimisiún idir 1936–40 agus a sholáthraigh tuairim is 9,000 leathanach dóibh.
30 Bealtaine 2022
Seo cur síos ar dhá chaint faoi chúrsaí corpais a raibh baint ag foireann taighde Gaois leo a cuireadh i láthair ag an gcomhdháil Corpus Linguistics 2021 a reáchtáil Ollscoil Luimnigh agus Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Tá an dá chaint ar fáil ar ár gcainéal YouTube nua.
11 Eanáir 2022
I samhradh na bliana 2021 bronnadh maoiniú ar Gaois faoi scéim an AHRC-IRC chun tionscadal a thosnú ar an bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní ó chartlann Choimisiún Bhéaloideasa Éireann, UCD. Is é Decoding Hidden Heritages ainm an tionscadail sin agus is í an obair digitithe atá ar bun mar chuid den tionscadal seo ar lámhscríbhinní an Phríomhbhailiúcháin a bheidh faoi chaibidil sa bhlagmhír seo.
20 Nollaig 2021
Bliain aisteach eile a bhí i 2021 anseo in oifigí fíorúla Gaois. Is beag lá a caitheadh ar an gcampas, agus is ar Zoom agus tríd an ríomhphost a rinneadh formhór mór na hoibre atá luaite thíos. Ainneoin sin, bhí neart ar siúl...
29 Márta 2021
Tá idir chur síos agus spaisteoireacht i gCorpas na Gaeilge Comhaimseartha (CGC) i gceist sa bhlagmhír seo ina dtugtar spléachadh ar inneachar an chorpais agus ar na bealaí gur féidir é a chuardach.
20 Iúil 2020
Ceann de fhothorthaí phaindéim COVID-19 is ea go bhfuil muid mar phobal tar éis eolas a chur ar an-chuid téarmaí teicniúla nach raibh de dhíth orainn roimhe seo. Sa bhlagmhír seo gheobhaimid spléachadh ar thionscadal in DCU a thugann aghaidh ar cheisteanna atá gaolmhar leis seo.
6 Aibreán 2020
Déanann Shane Wagy, mac léinn ó Ollscoil Notre Dame, cur síos sa bhlagmhír seo ar an tréimhse a chaith sé ag obair le grúpa taighde Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU.
10 Meitheamh 2019
Cuireadh ábhar nua le Corpas na Gaeilge Comhaimseartha ar gaois.ie le déanaí. Is í príomhaidhm an tionscadail seo ná samplaí comhthéacs d’úsáid reatha na Gaeilge scríofa a chur ar fáil mar acmhainn teanga do thaighdeoirí, scríbhneoirí, teangeolaithe agus daoine eile a bhfuil spéis acu sa teanga. Tá 24.7 milliún focal sa chorpas anois i ndiaidh an nuashonraithe is déanaí.
8 Deireadh Fómhair 2018
Tá breis agus 45 mhilliún focal, 23 mhilliún sa Ghaeilge agus 22 mhilliún sa Bhéarla, curtha leis an gcorpas comhthreomhar go n-uige seo. Is éard atá i gceist leis an gcorpas comhthreomhar ná bailiúchán téacsanna reachtaíochta i bhformáid dhigiteach. Tá na téacsanna seo go léir ailínithe le gur féidir cuardach a dhéanamh ar théarma nó ar fhrása sa Ghaeilge nó sa Bhéarla. Déantar liosta torthaí a ghiniúint bunaithe ar an gcuardach corpais agus taispeántar na torthaí cuardaigh i dteannta a chéile ar an scáileán.
18 Aibreán 2018
Rinneadh nuashonrú ar an gCorpas Comhthreomhar ar gaois.ie le déanaí agus cuireadh bailiúchán nua le hinneachar an chorpais. Is corpas comhthreomhar é seo de mhíreanna ailínithe Béarla-Gaeilge ó théacsanna reachtúla na hÉireann agus ó reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.Tá thart ar 45 milliún focal sa chorpas anois, 23 milliún focal i nGaeilge agus 22 milliún focal i mBéarla.
17 Eanáir 2018
Cuireadh mórbhailiúchán úr de reachtaíocht phríomha na hÉireann leis an gCorpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge ar gaois.ie le déanaí. Bailiúchán cuimsitheach atá ann de bhreis agus 3,000 Acht ón tréimhse 1922–2003, a chuir Rannóg an Aistriúcháin, Tithe an Oireachtais, ar fáil do Fiontar & Scoil na Gaeilge.
23 Márta 2017
Foilsíodh suirbhé bliantúil ar Gaois.ie i dtús na bliana chun aiseolas a lorg ó úsáideoirí an tsuímh. Is léir ó na torthaí go bhfuiltear sásta den chuid is mó leis an suíomh agus le feidhmeanna an tsuímh, ach in amanna ní thuigtear go bhfuil neart acmhainní éagsúla ar fáil ann. Déanfar iarracht eolas a scaipeadh i measc an phobail faoi na hacmhainní ar Gaois.ie le linn 2017!
24 Eanáir 2017
Rinneadh cur síos sa bhlagmhír seo ar Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha nuair a seoladh é i mí Aibreáin anuraidh. Ní raibh ach 5.3 milliún focal sa chorpas an tráth úd ach táimid ag cur le hábhar an chorpais ó shin i leith – idir ábhar úr a bhailiú agus a thiomsú agus ábhar atá sa chorpas cheana a nuashonrú.
29 Lúnasa 2016
Chaith Jack McGinn dhá mhí ag obair in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcaitheamh an tsamhraidh agus déanann sé cur síos sa bhlagmhír seo ar an obair a bhí idir lámha aige.
13 Iúil 2016
Tá Fiontar ag forbairt acmhainní teanga, téarmeolaíochta, logainmníochta agus béaloidis mar aon le tionscadail eile i réimse na teicneolaíochta teanga agus na ndaonnachtaí digiteacha le deich mbliana anuas. Is ardán é gaois.ie chun acmhainní teanga agus téarmaíochta áirithe atá forbartha ag Fiontar a chur ar fáil don phobal.
8 Aibreán 2016
Tiomsaíodh corpas nua, Corpas na Gaeilge Comhaimseartha, in Fiontar le déanaí agus is féidir teacht air ar an suíomh gaois.ie anois. Bailiúchán aonteangach téacsanna Gaeilge i bhformáid dhigiteach is ea Corpas na Gaeilge Comhaimseartha. Áirítear ann téacsanna Gaeilge a bhfuil eagarthóireacht déanta orthu agus a foilsíodh ó thús an 21ú haois i leith.
10 Meán Fómhair 2015
Cuireadh leaganacha ailínithe de cheithre Acht nua leis an gcorpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge de théacsanna reachtúla ar Gaois.ie le gairid.
Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.
Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.