Rúin na hAthbhliana 2021
1 Feabhra 2021
Spléachadh ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2021.
1 Feabhra 2021
Spléachadh ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2021.
27 Eanáir 2020
Spléachadh ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2020.
1 Eanáir 2019
Tá pleananna móra againn do 2019!
17 Nollaig 2018
Cuireadh go leor i gcrích in oifigí Gaois i rith 2018.
28 Samhain 2018
D’fhreastail cuid d’fhoireann Fiontar & Scoil na Gaeilge ar chruinniú mhullaigh Chumann Téarmeolaíochta na hEorpa (European Association for Terminology, EAFT) i San Sebastian i dTír na mBascach an 22-23 Samhain. Tugadh cainteanna faoi staid na téarmeolaíochta i dTír na mBascach, sa Chatalóin, sa Bhreatain Bheag, sa tSlóivéin, san Ungáir agus i neart tíortha nach iad. Labhair Donncha Ó Cróinín mar gheall ar obair an Choiste Téarmaíochta i gcás na hÉireann.
17 Meitheamh 2018
Eagraíodh ceardlann dhátheangach in Fiontar & Scoil na Gaeilge, an 17 & 18 Bealtaine 2018, chun cúrsaí mionlogainmneacha a phlé agus chun spléachadh a thabhairt ar an obair agus ar an taighde atá ar siúl sa réimse. Bhí idir bhaill de chumainn áitiúla oidhreachta agus staire, léachtóirí, mic léinn, múinteoirí, staraithe, taighdeoirí agus tíreolaithe i láthair ag an ócáid agus déantar achoimre sa bhlagmhír seo ar imeachtaí na ceardlainne.
3 Eanáir 2018
Guíonn muid athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar ár léitheoirí go léir. Seo thíos spléachadh beag ar a mbeidh ar na bacáin ag foireann na dtionscadal i mbliana.
18 Nollaig 2017
Ní áibhéil a rá go raibh 2017 gnóthach anseo in oifigí na dtionscadal.
4 Nollaig 2017
Reáchtáladh Gradaim eir Spiders maille le searmanas bronnta na ngradam ar an 30 Samhain i mbliana agus bhí an t-ádh leis an tionscadal dúchas.ie an duais don Suíomh Gaeilge is Fearr a bhuachan ar an oíche. Is iad na gradaim teicneolaíochta digití is seanbhunaithe in Éirinn agus i dTuaisceart Éirinn iad seo agus tugtar aitheantas do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí pobail a léiríonn cruthaitheacht agus nuálaíocht ar líne.
27 Meán Fómhair 2017
Sheol Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., suíomh athdheartha dúchas.ie agus leagan digitithe de Bhailiúchán Grianghraf Chnuasach Bhéaloideas Éireann ag ócáid i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann aréir, an 26 Meán Fómhair.
24 Lúnasa 2017
Cé go mbíonn cúrsaí níos ciúine san ollscoil i gcaitheamh an tsamhraidh, bíonn an fhoireann taighde anseo in Fiontar & Scoil na Gaeilge (FSG) ag obair leo go dícheallach i gcónaí. D’éirigh le baill den fhoireann freastal ar roinnt comhdhálacha le linn an tsamhraidh chun gnéithe éagsúla den obair agus den taighde a bhíonn idir lámha againn ó lá go lá a chur i láthair. Tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid den ábhar a pléadh in áiteanna difriúla le déanaí.
23 Bealtaine 2017
D’óstáil Fiontar & Scoil na Gaeilge seimineár ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge ar an 8 Bealtaine agus reáchtáladh lá lán de chainteanna ó dhaoine éagsúla mar chuid den seimineár. Seoladh an leabhar, An Ríomhaire Ilteangach, le Michal Boleslav Měchura, mar chuid d’imeachtaí an lae chomh maith.
12 Bealtaine 2017
Reáchtáladh comhdháil bhliantúil an earraigh de chuid SNSBI (Society for Name Studies in Britain and Ireland) in Oxfordshire, Sasana idir an 24-26 Márta 2017. Cuireadh réimse leathan ábhar i láthair a bhain le cúrsaí ainmeolaíochta in Éirinn agus sa Bhreatain – ainmneacha pearsanta, sloinnte agus logainmneacha san áireamh. Leagadh béim ar leith ar ainmneacha Oxfordshire agus ar an obair a rinne an t-ainmeolaí clúiteach Margaret Gelling ina dtaobh.
22 Aibreán 2016
Seoladh Meitheal Logainm.ie ag ceardlann réamhchomhdhála dar teideal Uirlisí chun mionlogainmneacha a chomhroinnt mar chuid de chomhdháil SNSBI ar an 14 Aibreán 2016. Uirlis sluafhoinsithe bunaithe ar logainm.ie atá ann agus is féidir mionainmneacha a thaifeadadh i mbunachar sonraí poiblí agus iad a roinnt ar líne.
18 Márta 2016
Beidh an 26ú comhdháil bhliantúil de chuid SNSBI (Society for Name Studies in Britain and Ireland) á reáchtáil in Ollscoil Mhá Nuad idir an 15-18 Aibreán. Pléifear gnéithe éagsúla den ainmeolaíocht in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór le linn na comhdhála.
27 Samhain 2015
háinig deireadh le ré fhada bhisiúil nuair a d’imigh Stiúrthóir na dTionscadal in Fiontar, an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín, ar scor ar an 30 Deireadh Fómhair 2015. Ceapadh Caoilfhionn in DCU i dtús báire mar Stiúrthóir ar Fiontar sa bhliain 1999.
19 Deireadh Fómhair 2015
Tá ceardlann leathlae á reáchtáil ag Fiontar, mar chuid de chomhdháil SNSBI, chun comhroinnt mionlogainmneacha a phlé.
23 Iúil 2015
Beidh sé tugtha faoi deara ag lucht úsáide Ainm.ie go bhfuil leagan amach an tsuímh athraithe le laethanta beaga anuas.
23 Aibreán 2015
Sheol Joe McHugh TD, Aire Stáit, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Meitheal Dúchas.ie agus ábhar béaloidis as dhá chontae nua go hoifigiúil ag ócáid a tionóladh in DCU inné.
22 Aibreán 2015
Cúis áthais d’fhoireann eagarthóireachta Fiontar cuairt Austin Ó Duibh, aistritheoir leis an gCoimisiún Eorpach, Dé Máirt an 14 Aibreán.
Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.
Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.