Naomh Pádraig
16 Márta 2016
Is iomaí cineál ceiliúrtha a rinneadh ar Lá Fhéile Pádraig le míle bliain nó níos mó agus is léir ó na scéalta i mBailiúchán na Scol gur fhág Naomh Pádraig rian ar an tír agus ar an bpobal i gcoitinne. Tá fianaise den rian seo le feiceáil sna scéalta atá ar fáil le tras-scríobh ar Dúchas.ie.