Gaois

Blag Gaois (eochairfhocal: Sluafhoinsiú)

Sluafhoinsiú

18 blagmhír

  1. Meitheal Logainm.ie agus bailiúcháin nua

    29 Aibreán 2019

    Is maith an scéalaí an aimsir, mar a deir an seanfhocal, ach is maith an scéalaí na mionainmneacha go deimhin freisin! Bíonn neart eolais le fáil iontu, mar shampla eolas faoin tírdhreach, eolas faoi stair na lonnaíochta, na talmhaíochta agus na tionsclaíochta, agus eolas faoi na daoine a bhí ina gcónaí san áit. Is uirlis sluafhoinsithe í Meitheal Logainm.ie chun mionainmneacha agus na sonraí a bhaineann leo a stóráil, a chaomhnú agus a roinnt.

  2. Comórtas Mheitheal Logainm.ie

    7 Márta 2018

    Tá foireann Mheitheal Logainm.ie ag tabhairt cuireadh do dhaltaí iar-bhunscoileanna sonraí maidir le mionainmneacha i gceantar na scoile (nó in aice le háit chónaithe na ndaltaí) a ionchur ar Mheitheal Logainm.ie. Cuirfear na bailiúcháin is fearr ar phríomhleathanach an tsuímh agus déanfar iad a phoibliú ar na meáin shóisialta. Cuirfear duaiseanna de luach €300 agus €150 ar fáil don dá bhailiúchán is fearr. Beidh na duaiseanna le dáileadh ag an múinteoir/scoil.

  3. Comhdháil SNSBI – Society for Name Studies in Britain and Ireland

    12 Bealtaine 2017

    Reáchtáladh comhdháil bhliantúil an earraigh de chuid SNSBI (Society for Name Studies in Britain and Ireland) in Oxfordshire, Sasana idir an 24-26 Márta 2017. Cuireadh réimse leathan ábhar i láthair a bhain le cúrsaí ainmeolaíochta in Éirinn agus sa Bhreatain – ainmneacha pearsanta, sloinnte agus logainmneacha san áireamh. Leagadh béim ar leith ar ainmneacha Oxfordshire agus ar an obair a rinne an t-ainmeolaí clúiteach Margaret Gelling ina dtaobh.